14.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 446/8 |
RIALACHÁN (AE) 2021/2202 ÓN gCOIMISIÚN
an 9 Nollaig 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní II, III agus IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar aicéacuinicile, tréithchineáil IAB/BS03 Bacillus subtilis, eimimeictine, flutolainile agus iomasamocs i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 5(1) agus Airteagal 14(1)(a) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás flutolainile agus iomasamocs, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (“MRLanna”) in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. I gcás aicéacuinicile agus eimimeictine, leagadh MRLanna síos in Iarscríbhinn III, Cuid A, a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcás tréithchineál IAB/BS03 Bacillus subtilis, níor leagadh síos aon MRLanna sonracha agus níor cuireadh an tsubstaint sin san áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin agus, mar sin, tá feidhm ag an luach réamhshocraithe 0,01 mg/kg a leagadh síos in Airteagal 18(1)(b) de. |
(2) |
I gcomhthéacs nós imeachta chun úsáid táirge cosanta plandaí ina bhfuil an tsubstaint ghníomhach aicéacuinicil ar thorthaí citris a údarú, cuireadh iarratas isteach i gcomhréir le hAirteagal 6(1) de Rialachán (CE) Uimh 396/2005 chun na MRLanna atá ann cheana a mhodhnú. |
(3) |
Cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh cíobhaíonna agus péitseoga a mhéid a bhaineann le heimimeictin. Cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh pónairí (a bhfuil faighneoga acu) agus bliosáin chruinne a mhéid a bhaineann le flutolainil. Cuireadh isteach iarratas den sórt sin le haghaidh piseanna (a bhfuil faighneoga acu), pónairí soighe, grán cuí/arbhar Indiach agus ríse a mhéid a bhaineann le hiomasamocs. |
(4) |
I gcomhréir le hAirteagal 8 de Rialachán (CE) Uimh 396/2005, rinne na Ballstáit lena mbaineann meastóireacht ar na hiarratais sin agus cuireadh na tuarascálacha meastóireachta ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(5) |
Rinne an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) measúnú ar na hiarratais agus ar na tuarascálacha meastóireachta, agus rinne sé scrúdú go háirithe ar na rioscaí atá ann don tomhaltóir agus, i gcás inarb ábhartha, d’ainmhithe agus tugadh tuairimí réasúnaithe maidir leis na MRLanna atá beartaithe (2). Chuir sé na tuairimí sin ar aghaidh chuig na hiarratasóirí, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit agus cuireadh ar fáil don phobal iad. |
(6) |
Chuir an t-iarratasóir faisnéis isteach nach raibh ar fáil roimhe le linn an athbhreithnithe a rinneadh i gcomhréir le hAirteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh 396/2005, a mhéid a bhaineann le flutolainil. Baineann an fhaisnéis sin le trialacha iarmhar, modhanna anailíse, an chobhsaíocht stórála agus an mheitibileacht in athchogantaigh. |
(7) |
Chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis sin isteach faoi thrialacha iarmhar, modhanna anailíse agus meitibileacht plandaí a mhéid a bhaineann le hiomasamocs. |
(8) |
I gcomhthéacs fhormheas na substainte gníomhaí tréithchineál IAB/BS03 Bacillus subtilis, áiríodh iarratas MRL sa sainchomhad achomair i gcomhréir le hAirteagal 8(1)(g) de Rialachán (CE) Uimh 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3). Rinne an Ballstát lena mbaineann meastóireacht ar an iarratas sin i gcomhréir le hAirteagal 11(2) den Rialachán sin. Rinne an tÚdarás measúnú ar an iarratas agus thug sé conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach (4). Sa chonclúid sin, níor éirigh leis an Údarás teacht ar chonclúid maidir leis an measúnú ar an riosca cothaithe do thomhaltóirí mar nach raibh roinnt faisnéise ar fáil agus gur gá tuilleadh machnaimh ó na bainisteoirí riosca. Léiríodh tuilleadh machnaimh den sórt sin sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú (5) inar cinneadh nach bhfuil an t-orgánach pataigineach don duine agus nach meastar go mbeidh aon tocsainí nó meitibilítí tocsaineacha sa bhia tar éis an tsubstaint ghníomhach a úsáid. I bhfianaise na gconclúidí sin, measann an Coimisiún gur cheart tréithchineál IAB/BS03 Bacillus subtilis a chur san áireamh in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh 396/2005. |
(9) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe agus na gconclúidí ón Údarás, agus na fachtóirí atá ábhartha maidir leis an ábhar atá faoi chaibidil á gcur san áireamh, comhlíonann na modhnuithe faoi seach ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh 396/2005. |
(10) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) Tuarascálacha eolaíocha ó EFSA atá ar fáil ar líne: http://www.efsa.europa.eu:
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for acequinocyl in citrus fruits [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh aicéacuinicile i dtorthaí citris a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2019;17(8):5746.
Reasoned opinion on the modification of the existing maximum residue levels for emamectin in kiwi and peaches [Tuairim réasúnaithe maidir leis na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana le haghaidh eimimeictine i gcíobhaíonna agus péitseoga a mhodhnú]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2019;17(5):5710.
Reasoned opinion on the evaluation of confirmatory data following the Article 12 MRL review for flutolanil [Tuairim réasúnaithe maidir leis an meastóireacht ar shonraí deimhniúcháin tar éis athbhreithniú Airteagal 12 ar MRLanna le haghaidh flutolainile]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2018;17(2):5593.
Reasoned opinion on the evaluation of confirmatory data following the Article 12 MRL review for imazamox [Tuairim réasúnaithe maidir leis an meastóireacht ar shonraí deimhniúcháin tar éis athbhreithniú Airteagal 12 ar MRLanna le haghaidh iomasamocs]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2019;17(2):5584.
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(4) Conclusion on the peer review of the pesticide risk assessment of the active substance Bacillus subtilis strain IAB/BS03 [Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí ar an tsubstaint ghníomhach tréithchineál IAB/BS03 Bacillus subtilis]. EFSA Journal [Iris EFSA], 2018;16(6):5261
(5) Review report for the active substance Bacillus subtilis strain IAB/BS03 (SANTE/10318/2019) [Tuarascáil maidir le hathbhreithniú le haghaidh na substainte gníomhaí tréithchineál IAB/BS03 Bacillus subtilis (SANTE/10318/2019)].
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II, Iarscríbhinn III agus Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh flutolainile agus iomasamocs: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, Cuid A, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na gcolún le haghaidh aicéacuinicile agus eimimeictine: “Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(3) |
in Iarscríbhinn IV, cuirtear isteach an iontráil seo a leanas in ord aibítre: “tréithchineál IAB/BS03 Bacillus subtilis”. |
(*1) Léiríonn an teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I
(*2) Léiríonn an teorainn cinnidh anailísigh atá níos ísle
(2) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I