10.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 443/68


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2179 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Nollaig 2021

maidir le feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh i dtaca le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir (AE) 2020/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Iúil 2020 lena leagtar síos rialacha sonracha i dtaca le Treoir 96/71/CE agus Treoir 2014/67/AE maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar agus lena leasaítear Treoir 2006/22/CE maidir le ceanglais forfheidhmithe agus Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 1(14) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 1(11) de Threoir (AE) 2020/1057, d’fhéadfadh sé go gceanglófaí ar oibreoirí iompair de bhóthar dearbhú maidir le postú nó doiciméid eile a chur faoi bhráid údaráis inniúla an Bhallstáit ina bhfuil nó ina raibh tiománaí ar postú, agus úsáid á baint as foirm chaighdeánach ilteangach den chomhéadan poiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”), arna bhunú le hAirteagal 2 de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(2)

Ba cheart an comhéadan poiblí atá nasctha le IMI a rochtain trí chuntas slán a chruthú lena ligtear d’úsáideoirí údaraithe na dearbhuithe maidir le postú agus na hiarrataí ar dhoiciméid a dhéanann údaráis inniúla Ballstáit a bhainistiú. Ba cheart úsáideoirí údaraithe a bheith in ann na mionsonraí maidir leis an oibreoir, an bainisteoir iompair agus na tiománaithe ar postú a thaifeadadh. Is éard is úsáideoir údaraithe ann duine atá ag gníomhú thar ceann an oibreora chun dearbhuithe maidir le postú a bhainistiú agus chun freagra a thabhairt ar iarrataí ar dhoiciméid ón mBallstát is óstach.

(3)

Ba cheart dearbhuithe maidir le postú a chur isteach ar an gcomhéadan poiblí ar feadh tréimhse 6 mhí ar a mhéad.

(4)

Chun Airteagal 1(12) de Threoir (AE) 2020/1057 a chomhlíonadh agus na dearbhuithe maidir le postú a choimeád cothrom le dáta, ba cheart go bhféadfaí an fhaisnéis sa dearbhú maidir le postú a leasú.

(5)

Ba cheart go mbeadh sé éasca an dearbhú a athnuachan chomh maith, ionas nach mbeidh ualach riaracháin róthrom ar na hoibreoirí.

(6)

Ionas go bhféadfaidh oibreoirí an oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 1(11)(b)(i) de Threoir (AE) 2020/1057 a chomhlíonadh, ba cheart don chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI an dearbhú a chur ar fáil i bhfoirm páipéir agus i bhfoirm leictreonach.

(7)

Má tharlaíonn nach ndéanann an t-oibreoir doiciméid a sholáthar de bhun Airteagal 1(11), pointe (c), ba cheart go bhfeicfeadh an t-oibreoir ar an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI cathain a sholáthair an Ballstát bunaíochta na doiciméid sin tar éis iarraidh ar chúnamh ón mBallstát is óstach ar IMI.

(8)

Leis an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI, ba cheart údarás náisiúnta amháin nó níos mó a bheith in ann dearbhuithe maidir le postú agus na doiciméid a fháil in IMI, doiciméid a sheolann oibreoirí arna iarraidh sin don údarás náisiúnta.

(9)

Chun a áirithiú go ndéantar na rialacha sonracha i dtaca le tiománaithe a phostú a fhorfheidhmiú go héifeachtúil agus chun nach mbeidh ualach riaracháin róthrom ann, is tábhachtach go ndéanfadh na húdaráis náisiúnta inniúla sa Bhallstát is óstach comhordú lena chéile chun nach bhfaighidh oibreoirí iarrataí a chumhdaíonn an tréimhse chéanna ar postú nach bhfuil gá leo ón mBallstát sin sa chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI.

(10)

Chun gur féidir leis na húdaráis náisiúnta comhlíonadh na rialacha maidir le postú a sheiceáil, is ríthábhachtach rochtain a bheith ag na húdaráis náisiúnta inniúla ar bhileoga taifid tacagraif an tiománaí ar a léirítear cóid tíre na mBallstát a thrasnaigh an tiománaí.

(11)

Ós rud é nach gceanglaítear ar oibreoirí bileoga taifid, asphriontaí agus sonraí tacagraif a íoslódáiltear i bhfoirm inléite a choimeád ach ar feadh bliain amháin ar a laghad tar éis a n-úsáide, ba cheart don chomhéadan poiblí atá nasctha le IMI ligean don oibreoir freagra a thabhairt ar iarrataí ar dhoiciméid ó údaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an postú le haghaidh tréimhse 12 mhí roimh dháta na hiarrata, i gcomhréir le hAirteagal 10(5) de Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(12)

Chun gur féidir le hoibreoirí na doiciméid uile is gá a bhailiú laistigh de 8 seachtaine, ba cheart ligean d’oibreoirí na doiciméid a iarradh a sholáthar de chéim amháin nó níos mó.

(13)

Ba cheart an t-oibreoir a chur ar an eolas tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI i gcás ina n-iarrann an Ballstát is óstach cúnamh an Bhallstáit bunaíochta.

(14)

Chun nach bhfanfaidh iarrataí ar dhoiciméid ar oscailt go ceann tréimhse éiginnte, ba cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit is óstach iad a dhúnadh nuair a chuirtear an measúnú ar chomhlíonadh na rialacha i gcrích maidir le postú ag an oibreoir agus ba cheart don údarás inniúil an t-oibreoir a chur ar an eolas maidir le toradh na hiarrata. I gcás nach ndúnann údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach an iarraidh ar dhoiciméid, ba cheart í a dhúnadh go huathoibríoch i ndiaidh 24 mhí.

(15)

Ós rud é gur sonraí íogaire iad na sonraí pearsanta a chomhroinntear tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI, is gá go gceadófaí na sonraí uile a stóráiltear ar an gcomhéadan sin mar aon leis na sonraí i gcuntais na n-oibreoirí a scriosadh nuair nach bhfuil gá leis na sonraí sin a thuilleadh chun comhlíonadh na rialacha maidir le tiománaithe a phostú in earnáil an iompair de bhóthar a sheiceáil. Ba cheart feidhm a bheith ag oibleagáid maidir le scriosadh uathoibríoch freisin i gcás na ndoiciméad a chuireann an t-oibreoir isteach tríd an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI i ndiaidh iarrataí ar dhoiciméid ó na húdaráis inniúla.

(16)

I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil, chun críocha an Rialacháin seo, is i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta ba cheart é sin a dhéanamh. Aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta atá bunaithe ar an Rialachán seo, is próiseáil í atá faoi réir Rialacháin (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4).

(17)

Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an 7 Iúil 2021.

(18)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste dá dtagraítear in Airteagal 4(1) de Threoir (AE) 2020/1057.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar

Leis an Rialachán seo sonraítear feidhmiúlachtaí an chomhéadain phoiblí atá nasctha le Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (“IMI”) chun críocha Airteagal 1(11) de Threoir (AE) 2020/1057.

Airteagal 2

Feidhmiúlachtaí ginearálta

1.   Soláthróidh an comhéadan poiblí ilteangach atá nasctha le IMI na feidhmiúlachtaí teicniúla seo a leanas, go háirithe, d’oibreoirí,

(1)

cuntas a chruthú chun limistéar forchoimeádta an oibreora a rochtain go slán;

(2)

logáil iomchuí gníomhaíochta úsáideora a áirithiú;

(3)

mionsonraí maidir leis an oibreoir, na húsáideoirí údaraithe, an bainisteoir iompair agus na tiománaithe ar postú a thaifeadadh sa chuntas;

(4)

dearbhuithe maidir le postú a bhainistiú:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1(11), pointe (a), de Threoir (AE) 2020/1057 a thaifeadadh;

(b)

dearbhú maidir le postú a chur isteach ina bhfuil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointe (a) lena gcumhdaítear íostréimhse 1 lá amháin suas le huastréimhse 6 mhí;

(c)

an fhaisnéis sa dearbhú maidir le postú a leasú chun é a choimeád cothrom le dáta;

(d)

cóip de dhearbhú maidir le postú a íoslódáil go leictreonach agus i bhformáid is féidir a phriontáil;

(e)

an dearbhú maidir le postú a athnuachan;

(f)

an dearbhú maidir le postú a tharraingt siar;

(5)

iarrataí ar dhoiciméadacht a fháil agus a fhreagairt de bhun Airteagal 1(11)(c) de Treoir (AE) 2020/1057;

(6)

aon doiciméad a sholáthraíonn údaráis inniúla an Bhallstáit bunaíochta a rochtain agus a fheiceáil;

(7)

cumarsáid a dhéanamh le húdaráis inniúla an Bhallstáit inar tharla an postú;

(8)

a bheith ar an eolas nuair a dhúnann údaráis inniúla an Bhallstáit is óstach an iarraidh.

2.   Chomh maith leis sin, soláthróidh an comhéadan poiblí ilteangach atá nasctha le IMI na feidhmiúlachtaí teicniúla a ligfidh d’údaráis náisiúnta amháin nó níos mó den Bhallstát is óstach, ar údaráis inniúla iad laistigh de bhrí Airteagal 5, pointe (f), de Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, na rudaí seo a leanas a dhéanamh:

(a)

dearbhuithe maidir le postú a fháil;

(b)

doiciméid a iarraidh faoin nós imeachta a shonraítear in Airteagal 1(11)(c) de Threoir (AE) 2020/1057;

(c)

toradh deiridh an mheasúnaithe ar chomhlíonadh na rialacha maidir le postú an oibreora a chur isteach agus an iarraidh a dhúnadh in IMI.

Airteagal 3

Feidhmiúlachtaí a bhaineann le hiarrataí ar dhoiciméid

1.   Leis an gcomhéadan poiblí beidh údarás inniúil an Bhallstáit inar tharla an postú in ann a iarraidh ar an oibreoir doiciméid a leagtar amach in Airteagal 1(11)(c), an chéad fhomhír, de Threoir (AE) 2020/1057 a sheoladh le haghaidh tréimhse lena gcumhdaítear suas leis an 12 mhí roimh dháta na hiarrata. Ligfidh an comhéadan poiblí atá nasctha le IMI don oibreoir na doiciméid a iarrtar a sholáthar de chéim amháin nó níos mó.

2.   I gcás ina n-iarrtar ar an oibreoir doiciméad breise amháin nó níos mó a sholáthar nár áiríodh san iarraidh dá dtagraítear i mír 1, ríomhfaidh an comhéadan poiblí an tréimhse 8 seachtaine inar féidir doiciméid a sholáthar ó dháta na hiarrata ar an doiciméad breise nó ar na doiciméid bhreise.

3.   Fágfaidh an comhéadan poiblí go bhféadfar an t-oibreoir a chur ar an eolas i gcás ina n-iarrann an Ballstát is óstach cúnamh an Bhallstáit bunaíochta.

4.   Aon doiciméad a uaslódálann údarás inniúil an Bhallstáit bunaíochta, tar éis iarraidh ar chúnamh arna déanamh ag údarás inniúil an Bhallstáit is óstach, de bhun Airteagal 1(11), pointe (c), an dara fomhír, de Threoir (AE) 2020/1057, is doiciméad é a bheidh le feiceáil i gcuntas an oibreora.

5.   Fágfaidh an comhéadan poiblí go bhféadfar fógra a thabhairt don oibreoir i dtaca le dúnadh na hiarrata ar dhoiciméid chomh maith le léiriú ar an toradh deiridh ach a mbeidh seiceáil déanta ag na húdaráis náisiúnta ar na doiciméid a iarradh.

Iarrataí ar dhoiciméid nach ndúnann údarás inniúil iarrthach an Bhallstáit is óstach, is iarrataí iad a dhúnfar go huathoibríoch 24 mhí i ndiaidh dháta na hiarrata.

Airteagal 4

Feidhmiúlachtaí a bhaineann le coinneáil sonraí

1.   Leis an gcomhéadan poiblí atá nasctha le IMI féadfar na sonraí uile a stóráiltear sa chomhéadan poiblí sin agus i gcuntas na n-oibreoirí a scriosadh nuair nach mbeidh gá leis na sonraí sin a thuilleadh chun na gcríoch ar bailíodh agus ar próiseáladh iad. Leis an gcomhéadan poiblí féadfar meabhrúchán a sheoladh chuig an oibreoir maidir le sonraí pearsanta an tiománaí a athbhreithniú agus a scriosadh, nuair is gá.

2.   Leis an gcomhéadan poiblí féadfar na dearbhuithe maidir le postú a chuirtear isteach tríd an gcomhéadan poiblí sin a scriosadh go huathoibríoch i ndiaidh na tréimhse 24 mhí dá dtagraítear in Airteagal 1(13) de Threoir (AE) 2020/1057.

3.   I gcás ina gcuireann an t-oibreoir doiciméid isteach mar chuid d’iarraidh ar dhoiciméid, ní bheidh na doiciméid a iarradh ar fáil ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá chun na gcríoch ar bailíodh iad agus ar feadh tréimhse níos faide ná 12 mhí i ndiaidh dhúnadh na hiarrata.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 249, 31.7.2020, lch. 49.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, 14.11.2012, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2006 maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2135/98 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3820/85 ón gComhairle (IO L 102, 11.4.2006, lch. 1).

(4)  Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).