10.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 443/1


RIALACHÁN (AE) 2021/2176 ÓN gCOMHAIRLE

an 9 Nollaig 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2021/2181 ón gComhairle an 9 Nollaig 2021 lena leasaítear Cinneadh 2010/788/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó (1).

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle (2), tugtar éifeacht do Chinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle (3) agus déantar foráil ann maidir le bearta áirithe atá dírithe i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó, lena n-áirítear a gcuid sócmhainní a reo.

(2)

Le Cinneadh (CBES) 2021/2181, leasaítear teideal Chinneadh 2010/788/CBES.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad theideal Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005:

Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 a bhaineann le bearta sriantacha sonracha áirithe i bhfianaise na staide i bPoblacht Dhaonlathach an Chongó”.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Nollaig 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

A. HOJS


(1)  Féach leathanach 75 den Iris Oifigiúil seo.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 1183/2005 ón gComhairle an 18 Iúil 2005 lena bhforchuirtear bearta sriantacha sonracha áirithe a dhírítear i gcoinne daoine atá ag gníomhú de shárú ar an lánchosc arm maidir le Poblacht Dhaonlathach an Chongó (IO L 193, 23.7.2005, lch. 1).

(3)  Cinneadh 2010/788/CBES ón gComhairle an 20 Nollaig 2010 maidir le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht Dhaonlathach an Chongó agus lena n-aisghairtear Comhsheasamh 2008/369/CBES (IO L 336, 21.12.2010, lch. 30).