8.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 438/38


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2168 ÓN gCOIMISIÚN

an 21 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 94(3), 97(2), 118(1) agus (2) agus 122(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Go háirithe, i gCuid IV den Rialachán sin, leagtar síos rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus maidir le gorlanna, mar aon le rialacha maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir laistigh den Aontas. Le Rialachán (AE) 2016/429 tugtar de chumhacht don Choimisiún freisin rialacha a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán sin a fhorlíonadh trí bhíthin gníomhartha tarmligthe.

(2)

Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (2), forlíontar Rialachán (AE) 2016/429 a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir. Go háirithe, i gCuid II den Rialachán Tarmligthe sin leagtar síos rialacha maidir le clárú agus formheas bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún, lena n-áirítear na bunaíochtaí sin ina ndéantar oibríochtaí tionóil agus na bunaíochtaí sin óna n-aistrítear coinsineachtaí uibheacha goir nó éanlaithe clóis chuig Ballstát eile. Ina theannta sin, i gCuid III den Rialachán Tarmligthe sin leagtar síos rialacha maidir le hinrianaitheacht ainmhithe talún atá ar coimeád agus uibheacha goir, agus go háirithe leagtar síos ann rialacha maidir le hinrianaitheacht bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus ainmhithe de chineál gabhair atá ar coimeád agus maidir le huibheacha goir a mharcáil.

(3)

Tá nasc substainteach idir na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo agus tá feidhm acu maidir le hoibreoirí a iompraíonn nó a choimeádann ainmhithe talún nó uibheacha goir. Dá bhrí sin, ar mhaithe le comhleanúnachas, soiléireacht agus chun iad a chur a bhfeidhm go héifeachtach, agus chun dúbláil rialacha a sheachaint, ba cheart iad a leagan síos in aon ghníomh amháin seachas iad a bheith scaipthe i roinnt gníomhartha ar leithligh ina bhfuil go leor crostagairtí. Tá an cur chuige seo comhsheasmhach freisin le ceann de phríomhchuspóirí Rialachán (AE) 2016/429, is é sin rialacha an Aontais maidir le sláinte ainmhithe a chuíchóiriú agus dá bhrí sin go ndéanfaí níos trédhearcaí iad agus go mbeadh sé níos fusa iad a chur i bhfeidhm.

(4)

Oibreoirí gorlann óna n-aistrítear coinsíneachtaí uibheacha goir nó éanlaithe clóis chuig Ballstát eile agus oibreoirí bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis óna n-aistrítear coinsíneachtaí éanlaithe clóis a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críoch eile seachas iad a mharú nó óna n-aistrítear uibheacha goir chuig Ballstát eile, foráiltear le Rialachán (AE) 2016/429 go mbeidh ar na hoibreoirí sin iarratas ar fhormheas a mbunaíochtaí a chur chuig an údarás inniúil. Le hAirteagal 94(3), pointe (a) den Rialachán sin tugtar de chumhacht don Choimisiún foráil a dhéanamh maidir le maoluithe ar an gceanglas atá ar oibreoirí iarratas ar fhormheas a chur chuig an údarás inniúil le haghaidh cineálacha áirithe bunaíochtaí lena mbaineann riosca neamhshuntasach.

(5)

Tá baol beag maidir le leathadh galar ag baint le gluaiseacht cainníochtaí beaga éanlaithe clóis cé is moite de raitítigh agus uibheacha goir ó na hainmhithe sin chuig Ballstát eile. Thairis sin, ar chúiseanna praiticiúla, na hoibreoirí bunaíochtaí óna n-aistrítear cainníochtaí beaga ainmhithe den sórt sin agus uibheacha goir chuig Ballstát eile, ní féidir leo na ceanglais fhormheasa uile a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a chomhlíonadh. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le maolú ón oibleagáid atá ar oibreoirí gorlann agus bunaíochtaí iarratas ar fhormheas a chur chuig an údarás inniúil, ar oibreoirí bunaíochtaí iad ina gcoimeádtar éanlaith chlóis óna n-aistrítear líon is ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh agus is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh chuig Ballstát eile.

(6)

Foráiltear le hAirteagal 38(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go n-áiritheoidh oibreoirí a choimeádann bó-ainmhithe go ndéanfar na hainmhithe sin a shainaithint trí mhodhanna sonraithe sainaitheantais, agus le hAirteagal 38(2) den Rialachán sin ceadaítear d’oibreoirí cinn mhalartacha a chur in ionad na modhanna sonraithe sainaitheantais sin. Mar an gcéanna, le hAirteagal 45(1) agus (2) den Rialachán Tarmligthe sin leagtar síos oibleagáidí ar oibreoirí go ndéanfar a n-ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair atá ar coimeád a shainaithint trí mhodhanna sonraithe sainaitheantais, agus le hAirteagal 45(4) ceadaítear d’oibreoirí cinn mhalartacha a chur in ionad na modhanna sonraithe sainaitheantais sin.

(7)

Ar an taobh eile, le hAirteagal 269 de Rialachán (AE) 2016/429 foráiltear go bhféadfaidh na Ballstáit bearta náisiúnta a ghlacadh i réimsí áirithe, ar bearta iad is féidir leo a chur i bhfeidhm laistigh dá gcríocha agus atá de bhreis ar na cinn a leagtar síos sa Rialachán sin, nó atá níos déine ná na bearta a leagtar síos sa Rialachán sin. Tá na ceanglais inrianaitheachta maidir le coinsíneachtaí ainmhithe talún atá ar coimeád agus maidir le táirgí geirmeacha ar cheann de na réimsí sin. Ní léirítear an fhéidearthacht sin i gceart i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Dá bhrí sin, ba cheart Airteagail 38(2), 45(4) agus 48 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun soiléiriú a dhéanamh maidir leis an rogha a thugtar d’oibreoirí a choimeádann bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach nó de chineál gabhair, na hainmhithe sin a shainaithint trí mhodhanna malartacha sainaitheantais, gur cheart go mbeadh an rogha sin faoi réir údarú ón mBallstát. Leis sin tugtar soiléiriú ar ról agus ar fhreagracht na mBallstát a chuireann bearta náisiúnta i bhfeidhm chun cur chun feidhme cuí ceanglais inrianaitheachta bhreise nó níos déine a áirithiú i dtaca le bó-ainmhithe, ainmhithe de chineál caorach agus gabhair atá ar coimeád, dá bhforáiltear in Airteagal 269 de Rialachán (AE) 2016/429.

(8)

Foráiltear le hAirteagal 76 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go n-áiritheoidh oibreoirí a choimeádann pearóidí go bhfuil cód aitheantais an ainmhí ar taispeáint ar na modhanna sainaitheantais le haghaidh pearóidí. Mar sin féin, is mó an sainmhíniú ar chód aitheantais a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin ná an méid is gá chun pearóidí a shainaithint, agus cuireann sé ualach suntasach riaracháin ar na Ballstáit. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir le cód alfa-uimhriúil a thaispeáint ar na modhanna sainaitheantais le haghaidh pearóidí, cód lenar féidir iad a shainaithint agus lena gcuirfear leibhéal leordhóthanach inrianaitheachta ar fáil nuair a aistrítear iad idir na Ballstáit.

(9)

Foráiltear le hAirteagal 80 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 go ndéanfar na huibheacha goir go léir a mharcáil le huimhir fhormheasta uathúil na bunaíochta tionscnaimh. Mar sin féin, ní cheanglaítear le Rialachán (AE) 2016/429 ach formheas a dhéanamh ar bhunaíochtaí a chuireann uibheacha goir chuig Ballstát eile agus orthu sin amháin. Ina theannta sin, foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún (3) nuair a aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 ubh ghoir d’éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh chuig Ballstát eile, go gceanglaítear gur de thionscnamh bunaíochtaí cláraithe iad na huibheacha sin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun oibreoirí bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis agus oibreoirí gorlann óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh chuig Ballstát eile, na hoibreoirí sin a eisiamh ón oibleagáid atá orthu a áirithiú go marcáiltear gach ubh ghoir le huimhir fhormheasta uathúil na bunaíochta tionscnaimh. Tá an leasú sin comhsheasmhach freisin leis na leasuithe atá le déanamh ar Airteagal 4 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 leis an Rialachán seo.

(10)

Le hAirteagal 5 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 leagtar síos na ceanglais maidir le formheas bunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí tionóil ar chrúbaigh, agus foráiltear ann go n-áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcomhlíonfaidh bunaíochtaí den sórt sin ceanglais áirithe a leagtar amach i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin. Foráiltear le Cuid 1, pointe 1(b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 nach ndeonófar formheas do bhunaíocht le haghaidh oibríochtaí tionóil ar chrúbaigh, ach amháin i gcás ina gcoinnítear crúbaigh den chatagóir chéanna agus den speiceas céanna sa bhunaíocht ag aon am amháin agus i gcás ina bhfuil an stádas sláinte céanna ag na crúbaigh sin. Mar sin féin, d’fhéadfadh limistéar cóiríochta ainmhithe eipidéimeolaíochta ar leithligh amháin nó níos mó a bheith sna hionaid tionóil atá ann cheana. Ní mór na limistéir ar leithligh sin a oibriú ar bhealach lena n-áiritheofaí nach mbeadh teagmháil dhíreach nó indíreach idir na hainmhithe a choinnítear sna limistéir sin. Ar an gcaoi sin is féidir crúbaigh de speicis éagsúla, de chatagóirí éagsúla nó a bhfuil stádas sláinte difriúil acu a choinneáil i mbunaíocht fad is a choinnítear iad i limistéir chóiríochta ainmhithe eipidéimeolaíochta ar leithligh. Dá bhrí sin, ba cheart, Cuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht sin.

(11)

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagail 15 go 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 go bhféadfaí ainmhithe de chineál caorach agus de chineál gabhair a áireamh sa choinsíneacht chéanna ós rud é go bhfuil an dá speiceas faoi réir na gceanglas sláinte céanna a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin. An fhéidearthacht maidir le coinsíneacht ainmhithe de chineál caorach agus gabhair araon a bhailiú le chéile, ba cheart an fhéidearthacht sin a cheadú freisin faoi Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 a leasú chun maolú ar an bpríomhriail a leagtar síos i gCuid 1 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin a chur san áireamh ina luaitear nach féidir ach crúbaigh den speiceas céanna a bhailiú le chéile.

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 mar a leanas:

1.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Maolú ar an gceanglas atá ar oibreoirí iarratas ar fhormheas le haghaidh cineálacha áirithe bunaíochtaí a chur faoi bhráid an údaráis inniúil

De mhaolú ar Airteagal 94(1)(a), (c) agus (d) de Rialachán (AE) 2016/429, ní cheanglaítear ar oibreoirí na gcineálacha bunaíochtaí seo a leanas iarratas ar fhormheas a mbunaíochtaí a chur chuig an údarás inniúil i gcomhréir le hAirteagal 96(1) den Rialachán sin:

(a)

bunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí tionóil ar each-ainmhithe i gcás ina mbailítear na hainmhithe sin chun críoch comórtas, rásaí, taispeántas, gníomhaíochtaí comhchoiteanna fóillíochta nó oibre nó i gcomhthéacs gníomhaíochtaí pórúcháin;

(b)

gorlanna éan i mbraighdeanas;

(c)

gorlanna óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis nó coinsíneachtaí is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis chuig Ballstát eile;

(d)

bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis a bhfuil sé beartaithe iad a úsáid chun críoch eile seachas iad a mharú nó óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú na 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis chuig Ballstát eile.”;

2.

in Airteagal 38(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

aitheantóir leictreonach a chur in ionad ceann de na gnáthchlibeanna cluaise dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, aitheantóir arna fhormheas ag údarás inniúil an Bhallstáit ina gcoimeádtar na bó-ainmhithe, i gcás ina ndéanann an Ballstát sin an t-ionadú sin a fhormheas i gcomhréir le hAirteagal 41(1);”;

3.

in Airteagal 45(4), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a):

“(a)

ceann de na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo, i gcomhréir leis na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 46, i gcás ina n-údaraíonn an Ballstát ina gcoimeádtar na hainmhithe de chineál caorach agus gabhair na maoluithe sin, i gcomhréir le hAirteagal 48(5);”;

4.

Leasaítear Airteagal 48 mar a leanas:

(a)

i mír 4, scriostar pointe (c);

(b)

cuirtear an mhír 5 seo a leanas leis:

“5.   Féadfaidh na Ballstáit oibreoirí a údarú chun ceann de na modhanna sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 45 (2) a ionadú i gcomhréir leis na maoluithe dá bhforáiltear in Airteagal 45(4) le haghaidh ainmhithe de chineál caorach agus gabhair a choimeádtar ina gcríoch.”;

5.

in Airteagal 76 (1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (a), (b) agus (c):

“(a)

fáinne coise, mar a liostaítear i bpointe (h) d’Iarscríbhinn III, fáinne atá ceangailte de chos amháin ar a laghad den ainmhí agus ní mór cód alfa-uimhriúil sofheicthe, soléite agus doscriosta a bheith ar taispeáint ar an bhfáinne sin;

(b)

trasfhreagróir in-insteallta ar a bhfuil cód alfa-uimhriúil soléite agus doscriosta ar taispeáint, mar a liostaítear i bpointe (e) d’Iarscríbhinn III;

(c)

tatú atá déanta ar an ainmhí ar a bhfuil cód alfa-uimhriúil sofheicthe, doscriosta ar taispeáint mar a liostaítear i bpointe (g) d’Iarscríbhinn III.’;

6.

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 80:

“Airteagal 80

Na hoibleagáidí atá ar oibreoirí a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht uibheacha goir

1.   Áiritheoidh oibreoirí bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis agus oibreoirí gorlann éanlaithe clóis go ndéanfar gach ubh ghoir a aistrítear chuig Ballstát eile a mharcáil le huimhir fhormheasta uathúil bhunaíocht tionscnaimh na n-uibheacha goir.

2.   Ní bheidh feidhm ag mír 1 maidir leis na nithe seo a leanas:

(a)

oibreoirí bunaíochtaí ina gcoimeádtar éanlaith chlóis óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh chuig Ballstát eile;

(b)

oibreoirí gorlann óna n-aistrítear coinsíneachtaí is lú ná 20 ubh ghoir ó éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh chuig Ballstát eile.”;

7.

in Iarscríbhinn I, Cuid 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 1:

“1.

Is iad seo a leanas na ceanglais maidir le leithlisiú agus bearta bithshlándála na mbunaíochtaí le haghaidh oibríochtaí tionóil ar chrúbaigh, dá dtagraítear in Airteagal 5:

(a)

ní mór saoráidí leithlisithe iomchuí a bheith ar fáil le haghaidh na gcrúbach;

(b)

ag aon am, ní féidir ach crúbaigh den chatagóir céanna, den speiceas céanna agus a bhfuil an stádas sláinte céanna acu a choinneáil sa bhunaíocht, nó i ngach ceann de na limistéir chóiríochta ainmhithe eipidéimeolaíochta laistigh den bhunaíocht;

(c)

de mhaolú ar an scaradh a éilítear idir na speicis crúbach dá bhforáiltear i bpointe (b), féadfar cóiríocht a chur ar fáil d’ainmhithe de chineál caorach agus gabhair le chéile ag aon am amháin sa bhunaíocht nó sa limistéar cóiríochta ainmhithe eipidéimeolaíochta céanna laistigh den bhunaíocht;

(d)

ní mór córas cuí a bheith i bhfeidhm chun bailiú fuíolluisce a áirithiú;

(e)

ní mór na limistéir ina gcoimeádtar na crúbaigh mar aon le haon phasáistí, agus ábhair agus trealamh a thagann i dteagmháil leo a ghlanadh agus a dhíghalrú tar éis gach baisc crúbach a bhaint, agus i gcás inar gá roimh aon bhaisc nua crúbach a thabhairt isteach, i gcomhréir leis na nósanna imeachta oibríochta bunaithe;

(f)

ní mór sosanna sláintíochta iomchuí a ghlacadh tar éis na n-oibríochtaí glantacháin agus díghalraithe agus sula dtagann aon bhaisc nua de chrúbaigh isteach sna saoráidí ina gcoimeádtar iad.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 21 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).