7.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 436/7 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2152 ÓN gCOMHAIRLE
an 6 Nollaig 2021
lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 ón gComhairle an 5 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha atá dírithe ar dhaoine, ar eintitis agus ar chomhlachtaí áirithe i bhfianaise na staide san Úcráin (1), agus go háirithe Airteagal 14(1) de,
Ag féachaint don togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 5 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 208/2014. |
(2) |
Ar bhonn athbhreithniú a rinne an Chomhairle, ba cheart an iontráil do dhuine amháin agus an fhaisnéis a bhaineann lena gcearta chun cosanta agus lena gceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil a scriosadh. |
(3) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar dháta a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Nollaig 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. CIGLER KRALJ
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 208/2014 mar a leanas:
(1) |
I roinn A (“Liosta na ndaoine nádúrtha nó dlítheanacha, na n-eintiteas agus na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 2”), scriostar an iontráil don duine seo a leanas:
|
(2) |
I roinn B (“Cearta chun cosanta agus an ceart chun cosaint bhreithiúnach éifeachtach a fháil”), scriostar iontráil 17 a bhaineann le Oleksandr Viktorovych Klymenko freisin. |