|
6.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 433/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2141 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Nollaig 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2129 maidir le rátaí minicíochta na seiceálacha fisiceacha ar tháirgí ilchodacha áirithe a thagann isteach san Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 54(3), an chéad fhomhír, pointe (a) agus pointe (c) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hAirteagal 54(3) de Rialachán (AE) 2017/625 tugtar de chumhacht don Choimisiún rialacha a bhunú maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an ráta minicíochta iomchuí le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí na gcatagóirí ainmhithe agus earraí dá dtagraítear in Airteagal 47(1), pointí (a) agus (b), den Rialachán sin. |
|
(2) |
Le hIarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2129 ón gCoimisiún (2) bunaítear bunchritéir chun na rátaí minicíochta a chinneadh le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha a dhéantar ar ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch, táirgí geirmeacha, seachtháirgí ainmhithe, táirgí díorthaithe, féar tirim agus tuí, agus táirgí ilchodacha a thagann isteach san Aontas, agus aird á tabhairt ar na measúnuithe eolaíochta agus ar aon fhaisnéis eile atá ar fáil maidir leis na rioscaí a bhaineann le catagóirí ainmhithe nó earraí. |
|
(3) |
Tá feidhm ag Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún (3) ón 21 Aibreán 2021 agus leagtar síos leis ceanglais nua maidir le coinsíneachtaí táirgí ilchodacha a thagann isteach san Aontas. Le hAirteagal 12(2) den Rialachán Tarmligthe sin déantar idirdhealú idir catagóirí éagsúla táirgí ilchodacha. Tá na catagóirí sin bunaithe ar airíonna fisiciceimiceacha na dtáirgí próiseáilte de bhunadh ainmhíoch atá i ngach catagóir de tháirgí ilchodacha agus ar na rioscaí a bhaineann leis na táirgí próiseáilte sin. |
|
(4) |
Na táirgí ilchodacha a thagann faoi Airteagal 12(2), pointe (c), de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625, is iad sin is lú riosca i measc na gcatagóirí éagsúla de tháirgí ilchodacha a thagann faoi Airteagal 12(2), pointí (a) go (c), den Rialachán Tarmligthe sin. Ina theannta sin, rinneadh líon íseal cásanna neamhchomhlíonta a bhreathnú agus a thaifeadadh sa Chóras Bainistíochta Faisnéise le haghaidh Rialuithe Oifigiúla le linn rialuithe teorann maidir leis an gcatagóir sin de tháirgí ilchodacha ó dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin Tharmligthe (AE) 2019/625. Chun a áirithiú go bhfuil an t-ualach riaracháin ar na Ballstáit i gcomhréir leis an riosca a bhaineann leis na hearraí a thagann isteach san Aontas, is iomchuí bunmhinicíocht na seiceálacha fisiceacha le haghaidh na catagóire sin de tháirgí ilchodacha a laghdú go 5 %. |
|
(5) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2129 a leasú dá réir. |
|
(6) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2129.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Nollaig 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2129 ón gCoimisiún an 25 Samhain 2019 lena mbunaítear rialacha maidir le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí áirithe ainmhithe agus earraí a thagann isteach san Aontas (IO L 321, 12.12.2019, lch. 122).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/625 ón gCoimisiún an 4 Márta 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le ceanglais i ndáil le coinsíneachtaí ainmhithe agus earraí áirithe lena gcaitheamh ag an duine, a thabhairt isteach san Aontas (IO L 131, 17.5.2019, lch. 18).
IARSCRÍBHINN
“IARSCRÍBHINN I
Bunchritéir chun bunrátaí minicíochta a chinneadh le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí ainmhithe, táirgí de bhunadh ainmhíoch, táirgí geirmeacha, seachtháirgí ainmhithe, táirgí díorthaithe, féar tirim agus tuí agus táirgí ilchodacha
|
Bunchritéir chun bunrátaí minicíochta a chinneadh le haghaidh seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha |
Bunrátaí minicíochta a bhfuil feidhm acu maidir le |
||||||||||||||||||||||||||
|
Catagóir riosca |
Catagóir ainmhithe nó earraí (*1) |
Seiceálacha céannachta |
Seiceálacha fisiceacha |
||||||||||||||||||||||||
|
I |
Ainmhithe |
100 % |
100 % |
||||||||||||||||||||||||
|
II |
|
100 % |
30 % |
||||||||||||||||||||||||
|
III |
|
100 % |
15 % |
||||||||||||||||||||||||
|
IV |
|
100 % |
5 % |
||||||||||||||||||||||||
|
V |
|
100 % |
1 % |
||||||||||||||||||||||||
(*1) Is i gcomhréir leis an sainmhíniú ar chatagóirí na n-earraí a chuirtear ar fáil san Iarscríbhinn seo a bheidh na rátaí minicíochta le haghaidh seiceálacha fisiceacha ar choinsíneachtaí de shamplaí trádála.