6.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 433/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2140 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Nollaig 2021

lena socraítear na truicearmhéideanna le haghaidh na mblianta 2022 agus 2023 lena bhféadfaí tús a chur le cur i bhfeidhm dleachtanna allmhairiúcháin breise ar thorthaí agus ar ghlasraí áirithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 922/72, (CEE) Uimh. 234/79, (CE) Uimh. 1037/2001, agus (CE) Uimh. 1234/2007 ón gComhairle (1), agus, go háirithe Airteagal 183, an chéad mhír, pointe (b), de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 39 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún (2) go bhféadfar dleacht allmhairiúcháin bhreise dá dtagraítear in Airteagal 182(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 a chur i bhfeidhm maidir leis na táirgí a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán Cur Chun Feidhme sin agus le linn na dtréimhsí a liostaítear inti. Maidir le cainníocht aon cheann de na táirgí a chuirtear i saorchúrsaíocht ar feadh aon cheann de na tréimhsí cur i bhfeidhm a leagtar amach san Iarscríbhinn sin, ní mór feidhm a bheith ag an dleacht allmhairiúcháin bhreise sin i gcás inar mó í ná truicearmhéid na n-allmhairí i gcás an táirge sin in aon bhliain amháin. Ní fhorchuirfear dleachtanna breise allmhairiúcháin nuair nach dócha go suaithfidh na hallmhairí margadh an Aontais, nó i gcás ina mbeadh na héifeachtaí díréireach i gcomparáid leis an gcuspóir atá beartaithe.

(2)

I gcomhréir le hAirteagal 182(1), an dara fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 truicearmhéideanna na n-allmhairí lena bhféadfaí tús a chur le cur i bhfeidhm dleachtanna allmhairiúcháin breise ar thorthaí agus ar ghlasraí áirithe, tá siad bunaithe ar na sonraí allmhairiúcháin agus ar na sonraí maidir le tomhaltas intíre le haghaidh na 3 bliana roimhe sin. Ar bhonn na sonraí arna gcur in iúl ag na Ballstáit le haghaidh na mblianta 2018, 2019 agus 2020, ba cheart na truicearmhéideanna i gcás torthaí agus glasraí áirithe a shocrú le haghaidh na mblianta 2022 agus 2023.

(3)

Ós rud é go dtosóidh an tréimhse ina gcuirfear i bhfeidhm dleachtanna allmhairiúcháin breise a d’fhéadfadh a bheith ann mar a leagtar amach í in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 an 1 Eanáir i gcás roinnt táirgí, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Le haghaidh na mblianta 2022 agus 2023, leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo na truicearmhéideanna dá dtagraítear in Airteagal 182(1), an chéad fhomhír, pointe (b), de Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 i gcás na dtáirgí a liostaítear in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Rachaidh sé in éag an 30 Meitheamh 2023.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Nollaig 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 671.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892 ón gCoimisiún an 13 Márta 2017 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 1308/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hearnáil na dtorthaí agus na nglasraí agus earnáil na dtorthaí agus na nglasraí próiseáilte (IO L 138, 25.5.2017, lch. 57).


IARSCRÍBHINN

Na truicearmhéideanna i gcás na dtáirgí agus na dtréimhsí a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/892, ar truicearmhéideanna iad lena bhféadfaí tús a chur le cur i bhfeidhm dleachtanna allmhairiúcháin breise

Gan dochar do na rialacha maidir le léirmhíniú na hAinmníochta Comhcheangailte, meastar nach bhfuil sa tuairisc ar na táirgí ach tuairisc tháscach. Chun críocha na hIarscríbhinne seo, is le raon feidhme na gcód AC mar a bheidh siad tráth a ghlacfar an Rialacháin seo a chinnfear raon feidhme na ndleachtanna allmhairiúcháin breise.

Sraithuimhir

Cód AC

Tuairisc ar tháirgí

Tréimhse iarratais

Truicearmhéid (tonaí)

2022

2023

78.0020

07020000

Trátaí

Ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair

 

165 053

78.0015

Ón 1 Deireadh Fómhair

go dtí an 31 Bealtaine

764 097

78.0065

07070005

Cúcamair

Ón 1 Bealtaine go dtí an 31 Deireadh Fómhair

 

111 323

78.0075

Ón 1 Samhain

go dtí an 30 Aibreán

62 867

78.0085

07099100

Bliosáin

Ón 1 Samhain

go dtí an 30 Meitheamh

10 744

78.0100

07099310

Cúirséid

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig

 

157 892

78.0110

08051022

08051024

08051028

Oráistí

Ón 1 Nollaig

go dtí an 31 Bealtaine

313 919

78.0120

08052200

Cleimintíní

Ón 1 Samhain

go dtí deireadh mhí Feabhra

169 975

78.0130

080521

08052900

Mandairíní (lena n-áirítear táinséiríní agus satsúmaí); builcíní agus hibridí citris comhchosúla

Ón 1 Samhain

go dtí deireadh mhí Feabhra

252 244

78.0160

08055010

Líomóidí

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Bealtaine

 

57 013

78.0155

Ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Nollaig

 

410 794

78.0170

08061010

Fíonchaora boird

Ón 16 Iúil go dtí an 16 Samhain

 

81 062

78.0175

08081080

Úlla

Ón 1 Eanáir go dtí an 31 Lúnasa

 

321 996

78.0180

Ón 1 Meán Fómhair go dtí an 31 Nollaig

 

46 813

78.0220

08083090

Piorraí

Ón 1 Eanáir go dtí an 30 Aibreán

 

117 126

78.0235

Ón 1 Iúil go dtí an 31 Nollaig

 

117 810

78.0250

08091000

Aibreoga

Ón 1 Meitheamh go dtí an 31 Iúil

 

9 631

78.0265

08092900

Silíní seachas silíní searbha

Ón 16 Bealtaine go dtí an 15 Lúnasa:

 

37 031

78.0270

080930

Péitseoga, lena n-áirítear neachtairíní

Ón 16 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair

 

10 709

78.0280

08094005

Plumaí

Ón 16 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair

 

35 195