3.12.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 432/7


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2127 ÓN gCOIMISIÚN

an 29 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 978/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena gcuirtear i bhfeidhm scéim um fhabhair tharaife ghinearálaithe agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 732/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 17(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, tír a shainaithníonn na Náisiúin Aontaithe (“NA”) mar cheann de na tíortha is lú forbairt, ba cheart di tairbhiú de na fabhair tharaife a sholáthraítear faoin socrú speisialta Gach Ní Seachas Airm (“EBA”) le haghaidh na dtíortha is lú forbairt. Leagtar síos liosta na dtíortha is tairbhithe de EBA in Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012.

(2)

Thug NA ardú céime amach as catagóir na dtíortha is lú forbairt do Vanuatú an 4 Nollaig 2020. Dá bhrí sin, níl Vanuatú cáilithe a thuilleadh le haghaidh stádas an tairbhí de EBA faoi Airteagal 17(1) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, agus ba cheart é a bhaint d’Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán sin. I gcomhréir le hAirteagal 17(2) de Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, baint Vanatú de liosta na dtíortha is tairbhithe de EBA, ba cheart feidhm a bheith aici tar éis idirthréimhse 3 bliana ón dáta a thiocfaidh an Rialachán sin i bhfeidhm ar aghaidh. Dá bhrí sin, ba cheart Vanuatú a bhaint d’Iarscríbhinn IV agus feidhm a bheith ag an méid sin ón 1 Eanáir 2025,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán (AE) Uimh. 978/2012

Sa tábla d’Iarscríbhinn IV a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 978/2012, scriostar an cód aibítre agus an tír chomhfhreagrach seo a leanas ó cholúin A agus B faoi seach:

“VU

Vanuatú”

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 1 Eanáir 2022.

Beidh feidhm ag Airteagal 1 ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 29 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 303, 31.10.2012, lch. 1.