|
1.12.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 429/79 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2105 ÓN gCOIMISIÚN
an 28 Meán Fómhair 2021
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta trí mhodheolaíocht a shainiú chun caiteachas sóisialta a thuairisciú
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (1), go háirithe Airteagail 29(4), pointe (b) agus 33 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is aidhm don tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (“an tSaoráid”) tacaíocht airgeadais éifeachtach shuntasach a sholáthar chun dlús a chur le cur chun feidhme athchóirithe inbhuanaithe agus infheistíochtaí poiblí gaolmhara sna Ballstáit. Is ionstraim thiomnaithe í an tSaoráid atá ceaptha dul i ngleic le héifeachtaí agus iarmhairtí díobhálacha sóisialta agus eacnamaíocha ghéarchéim COVID-19 san Aontas. |
|
(2) |
Leis an tSaoráid, tacaítear le téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta agus rannchuidítear léi, i measc nithe eile, leis an mbochtaineacht agus an neamhionannas a chomhrac, le dul i ngleic leis an dífhostaíocht, le poist ardcháilíochta agus sheasmhacha a chruthú, agus le feabhas a chur ar bheartais don chéad ghlúin eile, lena n-áirítear beartais i dtaca le hoideachas agus oiliúint. |
|
(3) |
Leis an tSaoráid, tacófar, go háirithe, leis na Ballstáit na bearta a chur chun feidhme i gcomhréir le tionscnaimh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Aontais sa réimse fostaíochta, oideachais, sláinte agus sóisialta, go háirithe Plean Gníomhaíochta Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (2) agus an Moladh maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (EASE) (3), an Teachtaireacht ar Thacaíocht Fostaíochta don Aos Óg (4) agus an Moladh maidir le Nasc chuig Poist – An Ráthaíocht don Aos Óg a Neartú (5), an Moladh maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint (VET) ar mhaithe leis an iomaíochas inbhuanaithe, an chothroime shóisialta, agus an athléimneacht (6), an Moladh maidir leis an Ráthaíocht Eorpach don Leanbh a bhunú (7), an Straitéis um Chearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030 (8), an Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht (9), an Limistéar Eorpach Oideachais (10) agus an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach (11), Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Frithchiníochas 2020-2025 (12), creat straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach (13), an Straitéis um Chomhionannas Inscne 2020-2025 (14), an Straitéis um Chomhionannas LGBTIQ 2020-2025 (15), an teachtaireacht maidir le hAontas Sláinte de chuid na hEorpa a chur ar bun (16), an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip (17), agus Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac (18). |
|
(4) |
Sa chomhthéacs sin, tá sé tábhachtach go mbeifí in ann tuairisciú a dhéanamh ar na hathchóirithe agus ar na hinfheistíochtaí, arna maoiniú ag an tSaoráid, a bhfuil gné shóisialta ag baint leo. De bhun Airteagal 29(4), pointe (b) de Rialachán (AE) 2021/241, sainmhíneoidh an Coimisiún modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar chaiteachas sóisialta, lena n-áirítear caiteachas i dtaca le leanaí agus an t-aos óg, faoin tSaoráid. |
|
(5) |
De bhun Airteagal 31(3), pointe (c) de Rialachán (AE) 2021/241, ba cheart go n-áireofaí sa tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faisnéis ar chaiteachas arna maoiniú ag an tSaoráid faoi na sé colúin dá dtagraítear in Airteagal 3 di, lena gcuimsítear caiteachas sóisialta, lena n-áirítear caiteachas i dtaca le leanaí agus an t-aos óg. |
|
(6) |
Ba cheart dhá chéim a bheith sa mhodheolaíocht: ar an gcéad dul síos, maidir le gach athchóiriú agus infheistíocht, a bhfuil príomhghné shóisialta ag baint leis agus a áirítear i bplean téarnaimh agus athléimneachta Ballstáit, ba cheart don Choimisiún é a cheangal, i gcomhairle leis an mBallstát sin i gcás inar gá, le ceann amháin de na naoi gcinn de réimsí beartais shóisialta a chuimsítear faoi cheithre chatagóir shóisialta níos leithne a leagtar amach san Iarscríbhinn; ar an dara dul síos, ba cheart clibeáil a dhéanamh ar gach beart de chineál sóisialta lena ndírítear ar leanaí agus an t-aos óg, agus ar an gcomhionannas inscne freisin, de bhrí go leagtar béim ar chomhionannas inscne i Rialachán (AE) 2021/241, rud a éascóidh tuairisciú sonrach ar chaiteachas atá dírithe ar leanaí agus an t-aos óg agus ar an gcomhionannas inscne chomh maith. |
|
(7) |
De bhrí gur cheart don mhodheolaíocht chaiteachais phoiblí a bheith ag feidhmiú faoi 31 Nollaig 2021 agus ionas go bhféadfar na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm go pras, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Sainmhíniú ar an Modheolaíocht
1. Maidir le caiteachas sóisialta faoin tSaoráid, lena n-áirítear caiteachas i dtaca le leanaí agus an t-aos óg, agus i dtaca le comhionannas inscne, bunófar an mhodheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar an gcaiteachas sin ar an gcaiteachas measta arna sholáthar sna pleananna formheasta téarnaimh agus athléimneachta agus ar na céimeanna a leagtar amach i míreanna 2, 3 agus 4.
2. Ceanglófar athchóirithe agus infheistíochtaí lena mbaineann príomhghné shóisialta le ceann amháin de na naoi gcinn de réimsí beartais shóisialta a leagtar amach san Iarscríbhinn. Nascfar gach réimse beartais shóisialta le catagóir shóisialta níos leithne. Ní fhéadfar athchóiriú nó infheistíocht a cheangal ach le réimse beartais shóisialta amháin, agus dá bhrí sin ní fhéadfar é a cheangal ach le catagóir shóisialta amháin.
3. Clibeálfar gach beart de chineál sóisialta lena ndírítear ar leanaí agus an t-aos óg, rud a éascóidh tuairisciú sonrach ina dhiaidh sin ar chaiteachas faoin tSaoráid ar leanaí agus an t-aos óg.
4. Clibeálfar gach beart de chineál sóisialta lena ndírítear ar chomhionannas inscne, rud a éascóidh tuairisciú sonrach ina dhiaidh sin ar chaiteachas faoin tSaoráid ar chomhionannas inscne.
5. Maidir leis na réimsí beartais shóisialta agus na catagóir shóisialta, agus na clibeanna chun sainaithint a dhéanamh ar bhearta de chineál sóisialta lena ndírítear ar leanaí agus an t-aos óg agus ar an gcomhionannas inscne, dá dtagraítear i míreanna 2, 3 agus 4, is iad sin na cinn a leagtar amach san Iarscríbhinn.
6. Bainfidh an Coimisiún úsáid as an modheolaíocht sin sa tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 31(3) de Rialachán (AE) 2021/241 chun faisnéis a sholáthar ar an gcaiteachas sóisialta, lena n-áirítear i dtaca le leanaí agus an t-aos óg, agus i dtaca le comhionannas inscne, arna maoiniú ag an tSaoráid.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 28 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.
(2) (COM/2021/102 final, 4.3.2021)
(3) Commission Recommendation (EU) 2021/402 of 4 March 2021 on an effective active support to employment following the COVID-19 crisis [Moladh ón gCoimisiún (AE) 2021/402 an 4 Márta 2021 maidir le tacaíocht ghníomhach éifeachtach don fhostaíocht tar éis ghéarchéim COVID-19 (IO L 80, 8.3.2021, lch. 1)
(4) Communication from the Commission to the European Parliament, the Council, the European Economic and Social Committee and the Committee of the Regions: [Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún:] Youth Employment Support, a Bridge to Jobs for the Next Generation [Ag Tacú leis an bhFostaíocht do Dhaoine Óga: Nasc leis an bhFostaíocht don Chéad Ghlúin Eile] (COM(2020) 276 final, 1.7.2020)
(5) Council Recommendation of 30 October 2020 on A Bridge to Jobs – Reinforcing the Youth Guarantee and replacing the Council Recommendation of 22 April 2013 on establishing a Youth Guarantee [Moladh ón gComhairle an 30 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Nasc chuig Poist – An Ráthaíocht don Aos Óg a Neartú a ghabhann ionad ar Mholadh ón gComhairle an 22 Aibreán 2013 maidir le Ráthaíocht don Aos Óg a bhunú] (IO C 372, 4.11.2020, lch. 1)
(6) Council Recommendation of 24 November 2020 on vocational education and training (VET) for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [Moladh ón gComhairle an 24 Samhain 2020 maidir leis an ngairmoideachas agus leis an ngairmoiliúint (VET) ar mhaithe leis an iomaíochas inbhuanaithe, an chothroime shóisialta, agus an athléimneacht] (IO C 417, 2.12.2020, p. 1)
(7) Atá le glacadh ag an gComhairle (COM(2021) 137 final, 24.3.2021)
(8) (COM(2021) 101 final, 3.3.2021)
(9) (COM(2020) 274 final, 1.7.2020)
(10) Council Resolution on a strategic framework for European cooperation in education and training towards the European Education Area and beyond [Rún ón gComhairle maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn] (2021-2030) (IO C 66, 26.2.2021, p. 1)
(11) (COM(2020) 624 final, 30.9.2020)
(12) (COM(2020) 565 final, 18.9.2020)
(13) (COM(2020) 620 final, 7.10.2020)
(14) (COM(2020) 152 final, 5.3.2020)
(15) (COM(2020) 698 final, 12.11.2020)
(16) (COM(2020) 724 final, 11.11.2020)
(17) (COM/2020) 761 final, 25.11.2020)
(18) (COM(2021) 44 final, 3.2.2021)
IARSCRÍBHINN
Modheolaíocht chun tuairisciú a dhéanamh ar chaiteachas sóisialta, lena n-áirítear caiteachas i dtaca le leanaí agus an óige, agus i dtaca le comhionannas inscne
1.
Sannfaidh an Coimisiún gach beart lena mbaineann príomhghné shóisialta go heisiach do réimse amháin de na naoi gcinn a leanas a bhaineann le beartas sóisialta:|
Naoi réimse beartais laistigh de na ceithre phríomhchatagóir shóisialta |
||
|
Catagóir Shóisialta: Fostaíocht agus Scileanna |
||
|
||
|
||
|
||
|
Catagóir Shóisialta: Oideachas agus cúram leanaí |
||
|
||
|
||
|
Catagóir Shóisialta: Cúram sláinte agus cúram fadtéarmach |
||
|
||
|
||
|
Catagóir Shóisialta: Beartais Shóisialta |
||
|
||
|
2.
Maidir le gach beart de chineál sóisialta lena ndírítear ar leanaí agus an t-aos óg, sannfaidh an Coimisiún clib le haghaidh tuairisciú sonrach ar chaiteachas faoin tSaoráid ar leanaí agus an t-aos óg.
3.
Maidir le gach beart de chineál sóisialta lena ndírítear ar chomhionannas inscne, sannfaidh an Coimisiún clib le haghaidh tuairisciú sonrach ar chaiteachas faoin tSaoráid ar chomhionannas inscne.