30.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 427/160


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2090 ÓN gCOIMISIÚN

an 25 Samhain 2021

maidir le húdarú dé-ocsaíde tíotáiniam a dhiúltú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis na forais agus na nósanna imeachta atá ann chun an t-údarú sin a dheonú nó a dhiúltú. Le hAirteagal 10 den Rialachán sin foráiltear maidir le hathmheastóireacht a dhéanamh ar bhreiseáin a údaraíodh de bhun Threoir 70/524/CEE ón gComhairle (2).

(2)

Le Treoir 70/524/CEE údaraíodh dé-ocsaíd tíotáiniam, gan teorainn ama, mar bhreiseán dathúcháin (oibreáin dathúcháin atá údaraithe chun earraí bia a dhathú de réir rialacha an Chomhphobail) le haghaidh cat agus madraí. Údaraíodh é freisin, gan teorainn ama, i mbeatha ainmhithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch, seachas cait agus madraí, faoi choinníollacha áirithe. Ina dhiaidh sin cuireadh an táirge sin i gClár na mbreiseán beathaithe mar tháirge a bhí ann cheana, i gcomhréir le hAirteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(3)

I gcomhréir le hAirteagal 10(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 i gcomhar le hAirteagal 7 de, cuireadh isteach iarratas chun athmheastóireacht a dhéanamh ar dhé-ocsaíd tíotáiniam mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch. D’iarr an t-iarratasóir go n-aicmeofaí an breiseán sin i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus san fheidhmghrúpa “dathúcháin: substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair”. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas.

(4)

Thug an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) dá aire, ina thuairim ón 5 Bealtaine 2021 (3), nach bhféadfadh sé teacht ar chonclúid maidir le sábháilteacht dé-ocsaíde tíotáiniam don spriocspeiceas, do thomhaltóirí agus don chomhshaol, mar tá easpa sonraí sonracha ann a bhaineann lena húsáid mar bhreiseán beathaithe agus ós rud é nach féidir géineatocsaineacht na gcáithníní dé-ocsaíde tíotáiniam a chur as an áireamh, tá ábhair imní ann maidir le sábháilteacht an bhreiseáin don spriocspeiceas (go háirithe i gcás ainmhithe fadsaolacha agus ainmhithe atáirgeacha), do thomhaltóirí agus d’úsáideoirí. Cheal staidéar maidir le dé-ocsaíd tíotáiniam, níorbh fhéidir leis an Údarás teacht ar chonclúid i dtaca leis an measúnú ar éifeachtaí an bhreiseáin ar na súile agus ar an gcraiceann. Thug an tÚdarás dá aire freisin go bhféadfadh dé-ocsaíd tíotáiniam a bheith carcanaigineach i leith oibrithe má ionanálaíonn siad é agus, ós rud é nach féidir géineatocsaineacht na gcáithníní dé-ocsaíde tíotáiniam a chur as an áireamh, ba cheart a mheas gur cúis imní fhéideartha bhreise é d’úsáideoirí a láimhseálann an breiseán. Rinne an tÚdarás fíorú freisin ar an tuarascáil faoi mhodh anailíse an bhreiseáin beathaithe agus é i mbeatha arna cur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003.

(5)

Léirítear le tuairim an Údaráis an 5 Bealtaine 2021, mar sin, nár suíodh nach bhfuil éifeacht dhíobhálach ag dé-ocsaíd tíotáiniam ar shláinte ainmhithe, ar shláinte an duine ná ar an gcomhshaol nuair a úsáidtear í mar bhreiseán beatha san fheidhmghrúpa “dathúcháin: substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair”.

(6)

Mar sin léirítear leis an measúnú ar dhé-ocsaíd tíotáiniam nach gcomhlíontar na coinníollacha údaraithe, dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, agus dá réir sin ba cheart údarú dé-ocsaíde tíotáiniam mar bhreiseán beathaithe a bhaineann leis an bhfeidhmghrúpa “dathúcháin: substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair” a dhiúltú.

(7)

Mar sin de, ba cheart an breiseán beathaithe dé-ocsaíd tíotáiniam agus beatha ina bhfuil sí a tharraingt siar ón margadh a luaithe is féidir. Ba cheart tréimhse ama teoranta a cheadú, áfach, le haghaidh stoic reatha na dtáirgí sin a tharraingt siar ón margadh chun gur féidir le hoibreoirí an oibleagáid maidir le tarraingt siar a chomhlíonadh mar is ceart.

(8)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Údarú a dhiúltú

Déantar údarú dé-ocsaíde tíotáiniam (E 171) mar bhreiseán i gcothú ainmhithe, i gcatagóir na mbreiseán “breiseáin chéadfacha” agus san fheidhmghrúpa “dathúcháin: substaintí a chuireann dath ar ábhair bheatha nó a chuireann dath ar ábhair bheatha an athuair” a dhiúltú.

Airteagal 2

Tarraingt siar ón margadh

1.   Tarraingeofar siar ón margadh stoic reatha an bhreiseáin dá dtagraítear in Airteagal 1 agus stoic na réamh-mheascán ina bhfuil sé faoin 20 Márta 2022.

2.   I dtaca le hábhair bheatha agus beatha cumaisc a táirgeadh leis an mbreiseán nó leis na réamh-mheascáin dá dtagraítear i mír 1 roimh 20 Márta 2022, tarraingeofar siar ón margadh iad faoin 20 Meitheamh 2022.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.

(2)  Treoir 70/524/CEE ón gComhairle an 23 Samhain 1970 maidir le breiseáin in ábhair bheatha (IO L 270, 14.12.1970, lch. 1).

(3)  Iris EPSA 2021;19(6):6630.