|
29.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 426/23 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2080 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Samhain 2021
maidir le monaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268 a údarú mar bhreiseán beathaithe le haghaidh gach speicis ainmhíoch seachas iasc eite
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (1), agus go háirithe Airteagal 9(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 foráiltear maidir le húdarú breiseán lena n-úsáid i gcothú ainmhithe agus maidir leis an bhforas agus na nósanna imeachta chun an t-údarú sin a dheonú. |
|
(2) |
I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003, cuireadh isteach iarratas maidir le monaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268 chun an t-údarú a bhaineann lena húsáid mar bhreiseán beathaithe d’iasc eite a leathnú ionas go gcumhdóidh sé gach speiceas ainmhíoch. Bhí na sonraí agus na doiciméid a cheanglaítear faoi Airteagal 7(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ag gabháil leis an iarratas sin. |
|
(3) |
Baineann an t-iarratas le monaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268 chun an t-údarú a bhaineann lena húsáid mar bhreiseán beathaithe d’iasc eite a leathnú ionas go gcumhdóidh sé gach speiceas ainmhíoch, rud atá le haicmiú sa chatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha”, san fheidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus a n-analóga”, agus sa chatagóir breiseán “breiseáin chéadfacha”, san fheidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”. |
|
(4) |
Chinn an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) ina thuairim an 5 Bealtaine 2021 (2) nach bhfuil tionchar díobhálach ag monaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268 ar shláinte ainmhithe, ar shábháilteacht an tomhaltóra ná ar an gcomhshaol, faoi na coinníollacha úsáide atá beartaithe. Maidir leis an mbreiseán lena mbaineann, chinn an tÚdarás freisin nárbh fhéidir teacht ar chonclúid maidir leis an bhféidearthacht atá aige le bheith tocsaineach dá n-ionanálófaí é, a bheith ina ghreannaitheoir súl nó a bheith ina íogróir craicinn. Dá bhrí sin, measann an Coimisiún gur cheart bearta cosanta iomchuí a dhéanamh chun éifeachtaí díobhálacha ar shláinte an duine a chosc, go háirithe maidir le húsáideoirí an bhreiseáin. Chinn an tÚdarás freisin gur foinse éifeachtúil den aimíonaigéad riachtanach histidín é an breiseán agus go bhfuil sé éifeachtúil mar chomhdhúil bhlaistithe. |
|
(5) |
Ní mheasann an tÚdarás go bhfuil gá le ceanglais shonracha maidir le faireachán iarmhargaidh. Chomh maith leis sin, d’fhíoraigh sé freisin na tuarascálacha ar an modh anailíse a úsáidtear chun anailís a dhéanamh ar an mbreiseán beathaithe in ábhar beatha, tuarascálacha arna gcur isteach ag an tSaotharlann Tagartha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. |
|
(6) |
An measúnú ar mhonaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268, léiríonn sin go gcomhlíontar na coinníollacha maidir le húdarú dá bhforáiltear in Airteagal 5 de Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003. Dá réir sin, ba cheart úsáid an bhreiseáin sin a údarú mar a shonraítear san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo. |
|
(7) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. An tsubstaint monaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268 a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin chothaitheacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “aimíonaigéid, a salainn agus a n-analóga”, údaraítear í mar bhreiseán beathaithe i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
2. An tsubstaint monaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268 a shonraítear san Iarscríbhinn, substaint a bhaineann leis an gcatagóir breiseán “breiseáin chéadfacha” agus leis an bhfeidhmghrúpa “comhdhúile blaistithe”, údaraítear í mar bhreiseán beathaithe i gcothú ainmhithe, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Iarscríbhinn sin.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a foilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 268, 18.10.2003, lch. 29.
(2) EFSA Journal [Iris EFSA] 2021; 19(5):6622.
IARSCRÍBHINN
|
Uimhir aitheantais an bhreiseáin |
Ainm shealbhóir an údaraithe |
Breiseán |
Comhdhéanamh, foirmle cheimiceach, tuairisc, modh anailíse |
Speiceas nó catagóir ainmhí |
Uasteorainn aoise |
Íoschion |
Uaschion |
Forálacha eile |
Deireadh na tréimhse údaraithe |
||||||||||
|
mg/kg d’ábhar beatha iomlán ina bhfuil cion taise 12 % |
|||||||||||||||||||
|
Catagóir: breiseáin chothaitheacha Feidhmghrúpa: aimíonaigéid, a salainn agus a n-analóga |
|||||||||||||||||||
|
3c351i |
- |
Monaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Púdar inarb é 98 % an t-íoschion monaihiodráite monaihidreaclóiríde L-histidín 72 % an t-íoschion histidín 100 ppm an t-uaschion histimín |
Gach speiceas ainmhíoch seachas iasc eite |
- |
- |
- |
|
19 Nollaig 2031 |
||||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí Monaihiodráit monaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268 Foirmle cheimiceach: C3H3N2-CH2-CH(NH2)-COΟΗ·ΗCl·Η2O Uimhir CAS: 5934-29-2 Uimhir Einecs 211-438-9 |
|||||||||||||||||||
|
Modh anailíse (1) Maidir le histidín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
Maidir le histidín i réamh-mheascáin, in ábhair bheatha agus i mbeatha cumaisc a chainníochtú:
Maidir le histimín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
|
|||||||||||||||||||
|
Catagóir: Breiseáin chéadfacha Feidhmghrúpa: Comhdhúile blaistithe |
|||||||||||||||||||
|
3c351i |
- |
Monaihiodráit mhonaihidreaclóiríde L-histidín |
Comhdhéanamh an bhreiseáin Púdar inarb é 98 % an t-íoschion monaihiodráite monaihidreaclóiríde L-histidín agus 72 % an t-íoschion histidín agus 100 ppm an t-uaschion histimín |
Gach speiceas ainmhíoch |
- |
- |
- |
|
19 Nollaig 2031 |
||||||||||
|
Tréithriú na substainte gníomhaí Monaihiodráit monaihidreaclóiríde L-histidín arna táirgeadh trí choipeadh le Escherichia coli NITE SD 00268 Foirmle cheimiceach: C3H3N2-CH2-CH(NH2)-COΟΗ·ΗCl·Η2O Uimhir CAS: 5934-29-2 Uimhir Einecs 211-438-9 |
|||||||||||||||||||
|
Modh anailíse (1) Maidir le histidín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
Maidir le cion iomlán an histidín sna réamh-mheascáin a chainníochtú:
Maidir le histimín sa bhreiseán beathaithe a chainníochtú:
|
|||||||||||||||||||
(1) Tá sonraí faoi na modhanna anailíse ar fáil ag an seoladh seo a leanas sa tSaotharlann Tagartha: https://ec.europa.eu/jrc/en/eurl/feed-additives/evaluation-reports