|
26.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 421/28 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2069 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Samhain 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 maidir le prátaí margaidh a thabhairt isteach san Aontas ón mBoisnia agus ón Heirseagaivéin, ó Mhontainéagró agus ón tSeirbia agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 40(2) de
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le hiontráil 17 d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún (2) cuirtear toirmeasc le tiúbair de speicis Solanum L. agus a hibridí, seachas iad siúd a shonraítear in iontráil 15 agus iontráil 16 de, a thabhairt isteach san Aontas, tiúbair Solanum tuberosum L. (an “planda sonraithe”) de thionscnamh tríú tíortha áirithe san áireamh. |
|
(2) |
Níl feidhm ag an toirmeasc sin maidir le tríú tíortha Eorpacha agus limistéir shonracha a liostaítear faoi iontráil 17, an ceathrú colún, pointe (b), d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, má aithnítear go bhfuil siad saor ó Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al. (“an lotnaid shonraithe”), arb é is cúis leis an ngalar lobhadh fáinneach prátaí, nó má aithnítear go bhfuil a gcuid reachtaíochta coibhéiseach le rialacha an Aontais maidir le cosaint in aghaidh na lotnaide sin. |
|
(3) |
Dealraíonn sé ón bhfaisnéis a chuir Montainéagró ar fáil agus a bhain leis na feachtais suirbhé bhliantúla idir 2010 agus 2020, agus ón bhfaisnéis a bailíodh le linn iniúchadh a rinneadh le haghaidh an Choimisiúin ar earnáil na bprátaí sa tír sin i Samhain 2019, nach raibh an lotnaid shonraithe i láthair i Montainéagró. D’fhorbair an tír sin plean gníomhaíochta leantach sásúil mar fhreagairt ar na moltaí i dtuarascáil deiridh an iniúchta a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar rialuithe sláinte plandaí in earnáil na bprátaí. Is iomchuí, dá bhrí sin, Montainéagró a aithint mar thír atá saor ó Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al., agus cead a thabhairt prátaí margaidh a thabhairt isteach san Aontas ó Mhontainéagró toisc go meastar go bhfuil sé saor ón lotnaid shonraithe. |
|
(4) |
Le Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE ón gCoimisiún (3) agus Cinneadh Cur Chun feidhme (AE) 2015/1199 ón gCoimisiún (4), aithníodh an tSeirbia agus an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, faoi seach, a bheith saor ón lotnaid shonraithe. |
|
(5) |
Toisc nach bhfuil aon athrú, de réir thorthaí an tsuirbhé agus na n-iniúchtaí faoi seach, tagtha ar an staid sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin agus sa tSeirbia ón am a glacadh na Cinntí Cur Chun Feidhme sin, meastar go bhfuil na tríú tíortha sin saor go fóill ón lotnaid shonraithe, agus ba cheart cead a thabhairt prátaí margaidh a tháirgtear ina gcríocha a thabhairt isteach san Aontas. |
|
(6) |
Chun a áirithiú go bhfanfaidh an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an tSeirbia, agus an Ríocht Aontaithe saor ón lotnaid shonraithe, ba cheart a cheangal ar na tríú tíortha sin, faoin 30 Aibreán gach bliain, torthaí an tsuirbhé ón mbliain roimhe sin lena ndeimhnítear nach bhfuil an lotnaid shonraithe i láthair ar a gcríocha a chur faoi bhráid an Choimisiúin, toisc go n-áiritheofaí leis sin an tréimhse ama ba chuí chun na torthaí sin a bhailiú agus a thíolacadh mar is cuí. |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, leasú a dhéanamh ar iontráil 17, an ceathrú colún, pointe (b) agus pointe (c), d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 dá réir sin, chun an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an tSeirbia agus an Ríocht Aontaithe a chumhdach freisin. |
|
(8) |
Ar mhaithe le soiléireacht dhlíthiúil, ba cheart Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199 a aisghairm. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE agus Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072 ón gCoimisiún an 28 Samhain 2019 lena mbunaítear coinníollacha aonfhoirmeacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 690/2008 ón gCoimisiún agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/2019 ón gCoimisiún (IO L 319, 10.12.2019, lch. 1).
(3) Cinneadh Cur Chun Feidhme 2012/219/AE ón gCoimisiún an 24 Aibreán 2012, lena n-aithnítear an tSeirbia a bheith saor ó Clavibacter michiganensis ssp. sepedonicus (Spieckerman agus Kotthoff) Davis et al. (IO L 114, 26.4.2012, lch. 28).
(4) Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1199 ón gCoimisiún an 17 Iúil 2015, lena n-aithnítear an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin a bheith saor ó Clavibacter michiganensis ssp. sepedonicus (Spieckerman agus Kotthoff) Davis et al. (IO L 194, 22.7.2015, lch. 42).
IARSCRÍBHINN
In iontráil 17, an ceathrú colún, d’Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2072, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an téacs:
“Tríú tíortha nó réigiúin seachas iad seo a leanas:
|
(a) |
an Ailgéir, an Éigipt, an Iosrael, an Libia, Maracó, an tSiria, an Eilvéis, an Túinéis agus an Tuirc; nó |
|
(b) |
iad siúd a chomhlíonann an méid seo a leanas:
nó |
|
(c) |
an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, Montainéagró, an tSeirbia agus an Ríocht Aontaithe (*1), a fhad is a chomhlíontar an coinníoll seo a leanas: cuireann na tríú tíortha sin, faoin 30 Aibreán gach bliain, torthaí an tsuirbhé ón mbliain roimhe sin lena ndeimhnítear nach bhfuil Clavibacter sepedonicus (Spieckermann agus Kotthoff) Nouioui et al. i láthair ar a gcríocha, faoi bhráid an Choimisiúin. |
(*1) I gcomhréir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 5(4) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann i gcomhréir le hIarscríbhinn 2 a ghabhann leis an bPrótacal sin, chun críocha na hIarscríbhinne seo, ní bhaineann tagairtí don Ríocht Aontaithe le Tuaisceart Éireann.”.”