|
26.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 421/14 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/2065 ÓN gCOIMISIÚN
an 25 Lúnasa 2021
lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha haghaidh iascach turbard sa Mhuir Dhubh
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (1) agus go háirithe Airteagal 15(6) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Is é is aidhm do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 deireadh a chur de réir a chéile le hábhar muirí aischurtha in iascach uile an Aontais trí oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a thabhairt isteach. |
|
(2) |
Maidir leis an Muir Dhubh, bunaítear le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír i gcás gach gabhála de speicis atá faoi réir teorainneacha gabhála. Faoi Airteagal 15(1), pointe (d) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013, beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le speicis lena sainítear an t-iascach ón 1 Eanáir 2017 ar a dhéanaí. Ceann de na speicis sin is ea turbard. |
|
(3) |
An 20 Deireadh Fómhair 2016, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/87 (2) lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh iascach turbard sa Mhuir Dhubh, lena bhforáiltear maidir le díolúine inmharthanachta i dtaca le turbard a ghabhtar le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe. Bhí feidhm aige ón 1 Eanáir 2017 go dtí an 31 Nollaig 2019. |
|
(4) |
Tá leas díreach bainistíochta iascaigh ag an mBulgáir agus ag an Rómáin i saothrú turbard sa Mhuir Dhubh. An 12 Feabhra 2021, chuir na Ballstáit sin moladh comhpháirteach faoi bhráid an Choimisiúin ina n-iarrtar athnuachan a dhéanamh ar an bplean maidir le hábhar muirí aischurtha agus ar an díolúine inmharthanachta le haghaidh turbard arna ngabháil le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe sa Mhuir Dhubh. An 15 Iúil 2021, thíolaic na Ballstáit sin moladh comhpháirteach nuashonraithe. Fuarthas rannchuidiú eolaíoch ó chomhlachtaí eolaíochta ábhartha maidir le rátaí arda marthanais an speicis seo. |
|
(5) |
Rinne an Coiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (3) (“STECF”) measúnú ar an moladh comhpháirteach nuashonraithe a tíolacadh agus thug sé dá aire go bhfuil gá le feabhsuithe ar an bhfaisnéis a tugadh. Aithníonn an Coimisiún go bhfuil staidéir (4) eolaíocha ann a léiríonn ard-inmharthanacht turbard a ghabhann soithí ó thíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus a úsáideann eangacha geolbhaigh sa Mhuir Dhubh. Ós rud é go mbaineann na staidéir leis an imchuach farraige, na speicis agus na gléasanna céanna a áirítear sa díolúine a d’iarr an Bhulgáir agus an Rómáin, measann an Coimisiún gur cheart an staidéar sin a chur san áireamh chun críche na díolúine. |
|
(6) |
Ba cheart an díolúine inmharthanachta a cheadaítear faoi Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 a áireamh sa Rialachán seo ar feadh bliana, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch agus ar mheasúnú CETEI. |
|
(7) |
Faoin 1 Bealtaine 2022 ba cheart do na Ballstáit lena mbaineann sonraí breise a thíolacadh maidir le meastacháin mharthanais a bhaineann le hiascach na heangaí geolbhaigh i gcás turbard. |
|
(8) |
Ós rud é go mbíonn tionchar díreach ag na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhaineann le séasúr iascaireachta shoithí an Aontais agus ar phleanáil na séasúr sin, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm díreach tar éis a fhoilsithe. I gcomhréir leis an moladh comhpháirteach agus an t-amchlár a leagtar amach in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 á chur san áireamh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme
Beidh feidhm ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 sa Mhuir Dhubh maidir le hiascach turbard (Psetta maxima) a ghabhtar le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe (cód giaranna (5) GNS), i gcomhréir leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Sainmhíniú
Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn “an Mhuir Dhubh” uiscí muirí sa Choimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (“GFCM”) Folimistéar Geografach 29 mar a shainmhínítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6).
Airteagal 3
Díolúine maidir le hinmharthanacht
1. Maidir leis an díolúine ón oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír de bhun Airteagal 15(4), pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 maidir le speicis a léiríonn fianaise eolaíoch rátaí arda marthanais a bheith acu, beidh feidhm aici in 2022 maidir le turbaird (Psetta maxima) arna ngabháil le heangacha geolbhaigh grinneallsocraithe (GNS) sa Mhuir Dhubh.
2. Déanfar turbard (Psetta maxima) a ghabhtar sna cúinsí dá dtagraítear i mír 1 a scaoileadh láithreach sa limistéar inar gabhadh é.
3. Faoin 1 Bealtaine 2022, na Ballstáit a bhfuil leas díreach bainistíochta acu in iascach turbard sa Mhuir Dhubh, déanfaidh siad sonraí breise maidir le meastacháin mharthanais a bhaineann le hiascach na heangaí geolbhaigh le haghaidh turbaird agus aon fhaisnéis eolaíoch ábhartha eile a thacaíonn leis an díolúine a leagtar síos i mír 1 a chur faoi bhráid an Choimisiúin. Déanfaidh STECF measúnú ar na sonraí sin faoin 31 Iúil 2022 ar a dhéanaí.
Airteagal 4
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir go dtí an 31 Nollaig 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 25 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/87 ón gCoimisiún an Déardaoin 20 Deireadh Fómhair 2016 lena mbunaítear plean maidir le hábhar muirí aischurtha le haghaidh iascach turbard sa Mhuir Dhubh (IO L 14, 18.1.2017, lch. 9).
(3) Tuarascálacha ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) – Meastóireacht ar na moltaí comhpháirteacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír (STECF-21-05) 2021. Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg. Ar fáil anseo: https://stecf.jrc.ec.europa.eu/documents/43805/2537709/STECF+PLEN+19-02.pdf
(4) Basaran, F. and N. Samsun, 2004, Survival rates of Black Sea Turbot (Psetta maxima maeotica, L. 1758) broodstock captured by gill nets from different depths and their adaptation culture conditions, Aquaculture International 12: 321–331, 2004; Giragosov, V. agus A. Nikolayevna Khanaychenko, 2012, The State-of-Art of the Black Sea Turbot Spawning Population off Crimea (1998-2010), Journal of Turkish Fisheries and Aquatic Sciences, Meán Fómhair 2012, DOI: 10.4194/1303-2712-v12_2_25; Samsun, N. and F. Kalayci, 2005, Survival Rates of Black Sea Turbot (Scophthalmus maeoticus Pallas, 1811), Captured by Bottom Turbot Gillnets in Different Depths and Fishing, Seasons Between 1999 and 2004, Turkish Journal of Fisheries and Aquatic Sciences 5: 57-62 (2005).
(5) Tagraíonn cóid ghiaranna a úsáidtear sa Rialachán seo do na cóid sin in Iarscríbhinn XI a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 404/2011 ón gCoimisiún lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an Chomhbheartais Iascaigh a áirithiú (IO L 112, 30.4.2011, lch. 1). Maidir leis na soithí a bhfuil a bhfad iomlán níos lú ná 10 méadar, tagraíonn na cóid a úsáidtear sa tábla seo do na cóid ó aicmiú trealaimh FAO.
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú GFCM (an Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lch. 44).