26.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 421/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/2061 ÓN gCOMHAIRLE
an 11 Samhain 2021
maidir le leithdháileadh na ndeiseanna iascaireachta faoin bPrótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (2021-2026)
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(3) de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An Comhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (“an Mháratáin”), arna fhormheas le Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle (1), tá sé á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón 8 Lúnasa 2008. Maidir leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú, ar Prótacal é ina leagtar amach na deiseanna iascaireachta agus an ranníocaíocht airgeadais dá bhforáiltear sa Chomhaontú, agus tá an Prótacal sin á chur i bhfeidhm ar bhonn sealadach ón lá céanna leis an gComhaontú, rinneadh an Prótacal sin a ionadú roinnt uaireanta. |
(2) |
Rachaidh an Prótacal atá i bhfeidhm faoi láthair in éag an 15 Samhain 2021. |
(3) |
An 8 Iúil 2019 ghlac an Chomhairle Cinneadh lenar údaraíodh an Coimisiún tosú ar chaibidlíocht leis an Máratáin chun comhaontú comhpháirtíochta nua a thabhairt i gcrích maidir le hiascaireacht inbhuanaithe agus prótacal nua a thabhairt i gcrích lena gcuirfí an comhaontú sin chun feidhme. |
(4) |
Idir Meán Fómhair 2019 agus Iúil 2021, reáchtáladh ocht mbabhta caibidlíochta leis an Máratáin. Tugadh an chaibidlíocht sin chun críche, agus cuireadh inisealacha leis an gComhaontú Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (“an Comhaontú Comhpháirtíochta”) agus an Prótacal Cur Chun Feidhme a ghabhann leis (“an Prótacal”) an 28 Iúil 2021. |
(5) |
I gcomhréir le Cinneadh ST 12392/21 ón gComhairle (2), síníodh an Comhaontú Comhpháirtíochta agus an Prótacal an 15 Samhain 2021 . |
(6) |
Ba cheart na deiseanna iascaireachta dá bhforáiltear sa Phrótacal a leithdháileadh i measc na mBallstát le haghaidh thréimhse iomlán a chur i bhfeidhm. |
(7) |
I bhfianaise na tábhachta eacnamaíche a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta an Aontais i limistéar iascaireachta na Máratáine agus an ghá atá ann tréimhse ama ina gcuirtear isteach ar na gníomhaíochtaí sin a sheachaint nó a laghdú a oiread is féidir, ba cheart go dtiocfadh an Rialachán seo i bhfeidhm a luaithe is féidir. |
(8) |
Is ar bhonn sealadach a bheidh feidhm ag an bPrótacal ó dháta a shínithe chun go bhféadfaidh soithí an Aontais leanúint de ghníomhaíochtaí iascaireachta. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta céanna amach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Na deiseanna iascaireachta arna mbunú faoin bPrótacal, déanfar iad a leithdháileadh ar na Ballstáit mar seo a leanas:
(1) |
Catagóir 1 – Soithí atá ag iascaireacht crústach seachas an gliomach spíonach agus an portán:
Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná 15 soitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin. |
(2) |
Catagóir 2 – Trálaeir (nach bhfuil reoiteoir iontu) agus báid spiléir grinnill lena ndéantar iascaireacht ar an gcolmóir dubh:
Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná ceithre shoitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin. |
(3) |
Catagóir 2a – Trálaeir (a bhfuil reoiteoirí iontu) lena ndéantar iascaireacht ar an gcolmóir dubh: an Spáinn:
Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná sé shoitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin. |
(4) |
Catagóir 3 – Soithí iascaireachta atá ag iascaireacht speiceas grinnill seachas an colmóir dubh le trealamh seachas tráil:
Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná sé shoitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin. |
(5) |
Catagóir 4 – Báid saighne tuinnín (14 000 tona – tonnáiste tagartha):
|
(6) |
Catagóir 5 – Soithí tuinníní cuaille agus dorú agus soithí spiléireachta ar fuaidreamh (7 000 tona – tonnáiste tagartha):
|
(7) |
Catagóir 6 – Reothrálaeir pheiligeacha:
Le linn thréimhse chur i bhfeidhm an Phrótacail, beidh an líon ceadúnas ráithiúil seo a leanas ag na Ballstáit:
Cuirfidh na Ballstáit in iúl don Choimisiún más féidir ceadúnais áirithe a chur ar fáil do Bhallstáit eile. Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná 19 soitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin. |
(8) |
Catagóir 7 - Soithí iascaireachta peiligí nach bhfuil reoiteoir iontu:
Mura n-úsáidfear na deiseanna iascaireachta seo, aistreofar iad chuig catagóir 6 de réir mhodh leithdháilte na catagóire sin. Sa chatagóir seo, ní féidir le níos mó ná dhá shoitheach oibriú in uiscí na Máratáine ag aon am amháin. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 15 Samhain 2021 (dáta a shíneofar an Prótacal).
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 11 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
Z. POČIVALŠEK
(1) Rialachán (CE) Uimh. 1801/2006 ón gComhairle an 30 Samhain 2006 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine (IO L 343, 8.12.2006, lch. 1).
(2) Cinneadh ST 12392/21 ón gComhairle an 11 Samhain 2021 maidir le síniú, thar cheann an Aontais Eorpaigh, agus le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Ioslamach na Máratáine agus an Phrótacail Cur Chun Feidhme a ghabhann leis an gComhaontú sin (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).