25.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 420/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2049 ÓN gCOIMISIÚN
an 24 Samhain 2021
lena ndéantar formheas na substainte gníomhaí cipirmeitrin mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú a athnuachan i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 20(1) i gcomhar le hAirteagal 24(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Treoir 2005/53/CE ón gCoimisiún (2), áiríodh cipirmeitrin mar shubstaint ghníomhach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (3). |
(2) |
Maidir leis na substaintí gníomhacha a áirítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 91/414/CEE, meastar iad a bheith formheasta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 agus liostaítear iad i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (4). |
(3) |
Formheas na substainte gníomhaí cipirmeitrin, mar a leagtar amach i gCuid A den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, rachaidh sé in éag an 31 Deireadh Fómhair 2022. |
(4) |
Cuireadh isteach iarratas ar an bhformheas ar chipirmeitrin a athnuachan i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún (5) laistigh den tréimhse ama dá bhforáiltear san Airteagal sin. |
(5) |
Chuir na hiarratasóirí isteach na sainchomhaid fhorlíontacha a cheanglaítear i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012. Chinn an Ballstát is rapóirtéir an t-iarratas a bheith comhlánaithe ina iomláine. |
(6) |
D’ullmhaigh an Ballstát is rapóirtéir dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan i gcomhairle leis an mBallstát is comhrapóirtéir agus chuir sé faoi bhráid an Údaráis Eorpaigh um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) í agus faoi bhráid an Choimisiúin í an 8 Bealtaine 2017. |
(7) |
Chuir an tÚdarás an sainchomhad achomair forlíontach ar fáil don phobal. Scaip an tÚdarás an dréacht-tuarascáil maidir le measúnú ar athnuachan ar na hiarratasóirí agus ar na Ballstáit chomh maith chun barúlacha a fháil uathu agus sheol sé comhairliúchán poiblí ina leith. Chuir an tÚdarás na barúlacha a fuarthas ar aghaidh chuig an gCoimisiún. |
(8) |
An 8 Lúnasa 2018 chuir an tÚdarás a chonclúid (6) in iúl don Choimisiún i dtaobh an bhféadfaí coinne a bheith aige go gcomhlíonfaidh cipirmeitrin na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Tar éis plé a dhéanamh leis na Ballstáit, thug an Coimisiún sainordú don Údarás scrúdú a dhéanamh ar bhearta breise maolaithe riosca nár áiríodh i gconclúid an Údaráis. Sa ráiteas a rinne sé ar bhearta breise maolaithe riosca maidir le cipirmeitrin agus a foilsíodh an 4 Deireadh Fómhair 2019 (7), chuir an tÚdarás i láthair leibhéil an laghdaithe síobtha is gá agus na bearta a mbeadh gá leo chun a léiriú gurbh íseal an riosca do na horgánaigh nach spriocorgánaigh iad, go háirithe orgánaigh uisceacha agus artrapóid nach spriocatrapóid iad, lena n-áirítear beacha. Chuir an Coimisiún dréacht-tuarascáil athnuachana maidir le cipirmeitrin faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 24-25 Eanáir 2019. |
(9) |
A mhéid a bhaineann leis na critéir chun airíonna réabtha iontálaigh a aithint, critéir a tugadh isteach le Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún (8), ar bhonn na faisnéise eolaíche atá ar fáil a ndearnadh achoimre uirthi i gconclúid an Údaráis, cinneann an Coimisiún nach ceart a mheas go bhfuil airíonna réabtha iontálaigh ag cipirmeitrin. |
(10) |
D’iarr an Coimisiún ar na hiarratasóirí barúlacha a chur isteach maidir le conclúid an Údaráis agus, i gcomhréir le hAirteagal 14(1), an tríú fomhír, de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012, barúlacha maidir leis an tuarascáil athnuachana. Chuir na hiarratasóirí barúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
(11) |
Is iad leataí sprae faoin aer iad na húsáidí ionadaíocha, ar úsáidí iad a bhfuil na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ina leith comhlíonta ar choinníoll go nglactar bearta maolaithe iomchuí chun an leibhéal cosanta is gá a áirithiú le haghaidh orgánaigh uisceacha agus artrapóid nach spriocatrapóid iad, lena n-áirítear beacha. Dá bhrí sin, maidir le húsáid ionadaíoch amháin nó níos mó a bhaintear as táirge cosanta plandaí amháin ar a laghad ina bhfuil cipirmeitrin, suíodh gur comhlíonadh na critéir formheasa dá bhforáiltear in Airteagal 4 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcás ina leagtar amach coinníollacha agus srianta iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(12) |
Tá an measúnú riosca maidir leis an bhformheas ar chipirmeitrin a athnuachan bunaithe ar líon teoranta úsáidí ionadaíocha, úsáidí ionadaíocha nach gcuireann srian ar na húsáidí lena bhféadfaí táirgí cosanta plandaí ina bhfuil cipirmeitrin a údarú. Dá bhrí sin, is iomchuí gan an srian maidir lena húsáid mar fheithidicíd a choinneáil ar bun. |
(13) |
Measann an Coimisiún, áfach, gur substaint atá inbhreithnithe lena hionadú í cipirmeitrin de bhun Airteagal 24 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. Ós rud é go bhfuil meascán d’ocht n-isiméir i gcipirmeitrin, agus go bhfuil cion suntasach isiméirí neamhghníomhacha inti, comhlíonann sí an coinníoll a leagtar amach in Iarscríbhinn II, pointe 4, an ceathrú fleasc, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(14) |
Dá bhrí sin, is iomchuí formheas cipirmeitrine mar shubstaint atá inbhreithnithe lena hionadú a athnuachan. |
(15) |
I gcomhréir le hAirteagal 14(1) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 i gcomhar le hAirteagal 6 de agus i bhfianaise an eolais eolaíoch reatha agus an eolais theicniúil reatha, is gá foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha agus srianta áirithe. Is iomchuí, go háirithe, faisnéis bhreise deimhniúcháin a éileamh. |
(16) |
Chun cur leis an muinín as an gconclúid nach bhfuil airíonna réabtha iontálaigh ag cipirmeitrin, ba cheart do na hiarratasóirí measúnú cothrom le dáta a chur ar fáil, i gcomhréir le hIarscríbhinn II, pointe 2.2(b), a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, de na critéir a leagtar síos in Iarscríbhinn II, pointe 3.6.5 agus pointe 3.8.2, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605 agus i gcomhréir leis an treoraíocht maidir le réabóirí iontálacha a aithint (9). |
(17) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a leasú dá réir sin. |
(18) |
Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1449 ón gCoimisiún (10), cuireadh síneadh le tréimhse formheasa na cipirmeitrine go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2022 chun go bhféadfar an próiseas athnuachana a chur i gcrích sula rachaidh tréimhse formheasa na substainte gníomhaí sin in éag. Mar sin féin, ós rud é go ndearnadh cinneadh maidir leis an athnuachan roimh dhul in éag na tréimhse formheasa sin ar cuireadh síneadh léi, beidh feidhm ag an Rialachán seo a luaithe is féidir. |
(19) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Formheas na substainte gníomhaí a athnuachan
Déantar formheas na substainte gníomhaí cipirmeitrin a athnuachan mar a leagtar amach in Iarscríbhinn I.
Airteagal 2
Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus dáta cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Feabhra 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 24 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Treoir 2005/53/CE ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2005 lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle chun clóratailinil, clóratolúrón, cipirmeitrin, daimínisíd agus tiafanáit-meitil a áireamh mar shubstaintí gníomhacha (IO L 241, 17.9.2005, lch. 51).
(3) Treoir 91/414/CEE ón gComhairle an 15 Iúil 1991 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh (IO L 230, 19.8.1991, lch. 1).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 844/2012 ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2012 lena leagtar amach na forálacha is gá chun an nós imeachta athnuachana um shubstaintí gníomhacha a chur chun feidhme, dá bhforáiltear i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh. (IO L 252, 19.9.2012, lch. 26).
(6) EFSA Journal [Iris EFSA] 2018;16(8):5402. Conclúid maidir leis an athbhreithniú piaraí ar an measúnú riosca lotnaidicídí i gcás na substainte gníomhaí cipirmeitrin. Ar fáil ar líne: www.efsa.europa.eu.
(7) https://www.efsa.europa.eu/en/efsajournal/pub/5822.
(8) Rialachán (AE) 2018/605 ón gCoimisiún an 19 Aibreán 2018 lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 lena leagtar síos critéir eolaíochta chun airíonna réabtha iontálaigh a chinneadh (IO L 101, 20.4.2018, lch. 33).
(9) Guidance for the identification of endocrine disruptors in the context of Regulations (EU) No 528/2012 and (EC) No 1107/2009 [Treoraíocht maidir le réabóirí iontálacha a aithint i gcomhthéacs Rialacháin (AE) Uimh. 528/2012 agus (CE) Uimh. 1107/2009]. https://www.efsa.europa.eu/en/efsajournal/pub/5311.
(10) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1449 ón gCoimisiún an 3 Meán Fómhair 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur le tréimhsí formheasa na substaintí gníomhacha 2-feinilfeanól (lena n-áirítear a shalainn amhail salann sóidiam), 8-hiodrocsacuineoilín, aimídeasulfúrón, défheanocs, clóirmeacuat, clóratolúrón, clóifeintisín, clómasón, cipirmeitrin, daimínisíd, deiltemheitrin, díceamba, défheanaconasól, défhluifeineacan, démhéiteaclór, eatafeanprocs, feanocsapróp-P, feanpróipidín, fluidhé-ocsainil, fluifeanaicéat, foistiasáit, iondocsacarb, leanacail, MCPA, MCPB, niceasulfúrón, olaí pairifín, ola phairifín, peanconasól, pioclóram, própacuiseafop, prósulfacarb, cuisileafop-P-eitil, cuisileafop-P-teafuiril, sulfar, teitreaconasól, trí-alláit, trífhlusulfúrón agus tríteasulfúrón (IO L 313, 6.9.2021, lch. 20).
IARSCRÍBHINN I
Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais |
Ainm IUPAC |
Íonacht (1) |
Dáta formheasa |
Dul in éag an fhormheasa |
Forálacha sonracha |
||||||||||||||||||||||||
Cipirmeitrin Uimh. CAS 52315-07-8 Uimh. CIPAC 332 |
(1RS,3RS;1RS,3SR)-3-(2,2-déchlóraivinil)-2,2-démheitilcigleaprópáncarbocsaláit (RS)α-ciana-3-feanocsaibeinsile; nó (RS)-α-ciana-3-feanocsaibeinsil-(1RS)-cis-tras-3-(2,2-déchlóraivinil)-2,2-démheitilcigleaprópáncarbocsaláit |
920 g/kg cis:tras: 40/60 go 60/40 Is ábhar imní ó thaobh na tocsaineolaíochta iad na heisíontais seo a leanas agus níor cheart dóibh dul thar an méid seo a leanas san ábhar teicniúil ann: heacsán: 5 g/kg |
1 Feabhra 2022 |
31 Eanáir 2029 |
Beidh na húdaruithe teoranta d’úsáideoirí gairmiúla. Agus táirgí cosanta plandaí ina bhfuil cipirmeitrin á n-údarú lena leathadh mar sprae faoin aer, chun a áirithiú go gcosnófar na horgánaigh nach spriocorgánaigh iad, go háirithe na horgánaigh uisceacha agus na hartrapóid nach spriocartrapóid iad, lena n-áirítear beacha:
Maidir le cur chun feidhme na bprionsabal aonfhoirmeach dá dtagraítear in Airteagal 29(6) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, cuirfear san áireamh conclúidí na tuarascála athnuachana maidir le cipirmeitrin, agus go háirithe Foscríbhinn I agus Foscríbhinn II a ghabhann léi. Tabharfaidh na Ballstáit aird ar leith ar na nithe seo a leanas:
I gcás ina measfar go mbeidh sé iomchuí, socróidh na Ballstáit ceanglais faireacháin agus údaruithe á ndeonú acu i gcomhréir le hAirteagal 6(i) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, chun an faireachán faoi Threoracha 2000/60/CE (2) agus 2009/128/CE (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlánú. Déanfaidh an t-iarratasóir faisnéis bhreise deimhniúcháin a chur faoi bhráid an Choimisiúin, na mBallstát agus an Údaráis maidir leis an méid seo a leanas:
Cuirfidh an t-iarratasóir an méid seo a leanas isteach:
Maidir le hIarscríbhinn II, pointe 3.6.5 agus pointe 3.8.2, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, arna leasú le Rialachán (AE) 2018/605, cuirfear measúnú cothrom le dáta ar an bhfaisnéis a cuireadh isteach cheana agus, i gcás inarb iomchuí, faisnéis bhreise chun a dheimhniú nach ann do ghníomhaíocht iontálach ar fáil faoin 15 Nollaig 2023 |
(1) Leis an tuarascáil athnuachana soláthraítear mionsonraí breise maidir le haitheantas agus sonraíocht na substainte gníomhaí.
IARSCRÍBHINN II
Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 mar a leanas:
(1) |
i gCuid A, scriostar iontráil 103 maidir le cipirmeitrin; |
(2) |
i gCuid E, cuirtear an iontráil seo a leanas léi:
|