|
25.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 420/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/2048 ÓN gCOMHAIRLE
an 23 Samhain 2021
lena ndéantar dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialaitheacha ar allmhairí táirgí tionsclaíocha áirithe isteach sna hOileáin Chanáracha a chur ar fionraí go sealadach
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 349 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis di an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa (1),
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (2),
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
I gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1386/2011 ón gComhairle (3), tá an fionraí dleachta le haghaidh earraí caipitiúla áirithe le haghaidh úsáid tráchtála nó thionsclaíoch, arna n-allmhairiú isteach sna hOileáin Chanáracha, le dul in éag an 31 Nollaig 2021. |
|
(2) |
In Aibreán 2021, d’iarr Rialtas na Spáinne go gcuirfí síneadh leis an bhfionraí ar na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialaitheacha i gcás roinnt táirgí i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh. Leis na bearta a bunaíodh le Rialachán (AE) Uimh. 1386/2011, cuireadh le forbairt gheilleagar na nOileán Canárach ar bhealach dearfach, go háirithe san earnáil tionsclaíochta agus san earnáil tógála, agus dá bhrí sin, laghdaíodh an tionchar tromchúiseach a bhíonn ag míbhuntáistí eacnamaíocha agus tráchtála a bhíonn ann i ngeall ar iargúltacht, oileánachas agus beagmhéid na n-oileán sin. |
|
(3) |
Bíonn tionchar diúltach ar gheilleagar na nOileán Canárach fós i ngeall ar bheagmhéid mhargadh na n-oileán, ilroinnt agus iargúltacht na n-oileán ó mhór-roinn na hÉorpa, ráta an-ard dífhostaíochta ar leith agus na costais táirgthe agus na costais dáileacháin a bhíonn níos airde ná na costais oibreoirí eacnamaíocha ar mhór-roinn na hEorpa. Cé gur léiríodh dul chun cinn áirithe i ráta dífhostaíochta na nOileán Canárach suas go dtí 2019, tháinig méadú ar an dífhostaíocht ó 20,5 % in 2019 go dtí 22,6 % in 2020, atá i bhfad os cionn meánráta dífhostaíochta in 2020 de 15,5 % sa Spáinn agus de 7,1 % sna Ballstáit i dteannta a chéile (Eurostat, 2021). |
|
(4) |
Thairis sin, chuir paindéim COVID-19 stop leis an ngníomhaíocht turasóireachta sna hOileáin Chanáracha, rud a d’fhág go raibh laghdú a measadh a bheith thart ar 20 % san OTI in 2020. Ina theannta sin, rinneadh crapadh sa ghníomhaíocht tógála agus thionsclaíoch nuair a tháinig laghdú a measadh a bheith 13 % i gcomparáid le 2019. |
|
(5) |
Dá bhrí sin, is iomchuí síneadh a chur le cur ar fionraí na ndleachtanna Comhtharaife Custaim i gcás earraí áirithe mar a liostaítear in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1386/2011 chun inbhuanaitheacht éifeachtaí dearfacha Rialachán (AE) Uimh. 1386/2011 a áirithiú, rannchuidiú le héagsúlú an gheilleagair, fás leanúnach agus cruthú post san earnáil tionsclaíochta agus san earnáil tógála a áirithiú, an nuálaíocht a fheabhsú, spleáchas an gheilleagair áitiúil ar an earnáil seirbhísí a laghdú, bearta eile a chomhlánú atá tiomanta don timpeallacht eacnamaíoch agus sóisialta sna hOileáin Chanáracha a chobhsú. |
|
(6) |
I dteannta na gcatagóirí táirgí a chumhdaítear le Rialachán (AE) Uimh. 1386/2011, d’iarr Rialtas na Spáinne go gcuirfí na dleachtanna Comhtharaife Custaim ar fionraí i gcás seacht gcinn de chatagóirí táirgí nua a thagann faoi chóid AC 3903 19, 5603 94, 5604 10, 7326 90, 7607 20, 8441 40 agus 8479 90. Ba cheart glacadh leis an iarraidh sin toisc go neartódh na fionraíochtaí sin, lena n-áirítear fionraíochtaí le haghaidh meaisíní chun críoch tionsclaíoch agus amhábhair, geilleagar na nOileán Canárach. |
|
(7) |
Chun a áirithiú nach mbainfidh ach oibreoirí eacnamaíocha atá lonnaithe ar chríoch na nOileán Canárach tairbhe as na bearta taraife sin, ba cheart na fionraíochtaí a dhéanamh coinníollach ar úsáid deiridh na dtáirgí, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4) agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún (5). |
|
(8) |
I gcás sraonadh trádála agus chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún ionas gur féidir leis an gCoimisiún an fionraí a tharraingt siar. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6). |
|
(9) |
Chun comhleanúnachas a áirithiú tar éis dhul in éag fhorálacha Rialachán (AE) Uimh. 1386/2011, is iomchuí na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2031, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2031, déanfar na dleachtanna Comhtharaife Custaim dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, is infheidhme maidir le hearraí caipitiúla áirithe le haghaidh úsáid tráchtála nó thionsclaíoch, a thagann faoi na cóid AC a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo faoi láthair, a chur ar fionraí go hiomlán.
Úsáidfear na hearraí caipitil sin i gcomhréir le forálacha ábhartha Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ar feadh tréimhse 24 mhí ar a laghad tar éis d’oibreoirí eacnamaíocha atá lonnaithe sna hOileán Chanáracha na hearraí a scaoileadh i saorchúrsaíocht.
Airteagal 2
Ón 1 Eanáir 2022 go dtí an 31 Nollaig 2031, déanfar na dleachtanna Comhtharaife Custaim, dá dtagraítear in Airteagal 56(2), pointe (c), de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, is infheidhme maidir le hamhábhair, páirteanna agus comhpháirteanna, a thagann faoi na cóid AC a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo faoi láthair, agus a úsáidtear le haghaidh claochlú tionsclaíoch nó cothabháil thionsclaíoch sna hOileáin Chanáracha a chur ar fionraí go hiomlán.
Airteagal 3
Beidh fionraíocht na ndleachtanna dá dtagraítear in Airteagal 1 agus Airteagal 2 faoi réir maoirseacht chustaim úsáide deiridh i gcomhréir le hAirteagal 254 de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013.
Airteagal 4
1. I gcás ina bhfuil cúis ag an gCoimisiún a chreidiúint gur sraonadh trádála do tháirge ar leith atá mar thoradh ar aon fhionraí a leagtar síos sa Rialachán, tabharfar de chumhacht dó gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh chun an fionraí a tharraingt siar go sealadach, maidir leis an táirge sin ar feadh tréimhse nach faide ná 12 mhí. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme den sórt sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 5(2).
Urrófar le ráthaíocht na dleachtanna allmhaire le haghaidh táirgí dar tarraingíodh an fionraí siar go sealadach, agus cuirfear de choinníoll ar scaoileadh na dtáirgí faoi thrácht sa tsaorchúrsaíocht sna hOileán Chanáracha go ndéanfar ráthaíocht den sórt sin a sholáthar.
2. I gcás ina gcinneann an Chomhairle, i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa Chonradh, laistigh den tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 1, go bhfuil an fionraí le tarraingt siar go cinnte, baileofar méideanna na ndleachtanna arna n-urrú le ráthaíochtaí go cinnte.
3. I gcás nach mbeidh aon chinneadh glactha ag an gComhairle gur cheart an fionraí a tharraingt siar go cinnte, laistigh den tréimhse 12 mhí dá dtagraítear i mír 2, scaoilfear na ráthaíochtaí.
Airteagal 5
1. Tabharfaidh an Coiste um an gCód Custaim, a bunaíodh le hAirteagal 285(1) de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013, cúnamh don Choimisiún.
2. I gcás ina ndéanfar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an triú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
G. DOVŽAN
(1) Tuairim an 5 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(2) Tuairim an 20 Deireadh Fómhair 2021 (nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil).
(3) Rialachán (AE) Uimh. 1386/2011 ón gComhairle an 19 Nollaig 2011 lena ndéantar na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialaitheacha ar allmhairí táirgí tionsclaíocha áirithe isteach sna hOileáin Chanáracha a chur ar fionraí go sealadach (IO L 345, 29.12.2011, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 2013 lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 269, 10.10.2013, lch. 1).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2447 ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe chun forálacha áirithe a chur chun feidhme de Rialachán (AE) Uimh. 952/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos Cód Custaim an Aontais (IO L 343, 29.12.2015, lch. 558).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).
IARSCRÍBHINN I
Earraí caipitiúla le haghaidh úsáid tráchtála nó thionsclaíoch, a thagann faoi chóid AC faoi láthair (1):
|
4011 20 |
8418 61 00 |
8519 20 |
9006 30 00 |
|
4011 30 00 |
8418 69 00 |
8701 |
9006 53 |
|
4011 70 00 |
8418 91 00 |
8702 |
9006 59 |
|
4011 80 00 |
8418 99 |
8704 21 |
9007 10 00 |
|
4011 90 00 |
8427 |
8704 22 |
9007 20 00 |
|
5608 |
8431 20 00 |
8704 23 |
9008 50 00 |
|
6403 40 00 |
8441 40 00 |
8704 31 |
9010 10 00 |
|
6403 51 05 |
8450 11 90 |
8704 32 |
9011 20 90 |
|
6403 59 05 |
8450 12 00 |
8704 41 |
9030 33 20 |
|
6403 91 05 |
8450 19 00 |
8704 42 |
9106 |
|
6403 99 05 |
8450 20 00 |
8704 43 |
9107 00 00 |
|
8415 |
8450 90 00 |
8704 51 |
9207 |
|
8418 30 80 |
8472 30 00 |
8704 52 |
9506 91 90 |
|
8418 40 80 |
8479 90 |
8704 60 |
9507 10 00 |
|
8418 50 |
8501 |
8704 90 00 |
9507 20 90 |
|
|
|
8705 |
9507 30 00 |
(1) Mar a shainítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 385, 29.10.2021, lch. 1).
IARSCRÍBHINN II
Amhábhair, páirteanna agus comhpháirteanna a n-úsáidtear chun críocha talmhaíochta, sa chlaochlú tionsclaíoch agus sa chothabháil thionsclaíoch a thagann faoi chóid AC faoi láthair (1):
|
3901 |
5208 |
5507 00 00 |
7601 |
|
3902 10 00 |
5209 |
5508 10 10 |
7607 20 |
|
3903 11 00 |
5210 |
5508 20 10 |
8529 90 |
|
3903 19 00 |
5212 |
5509 |
8706 00 |
|
3904 10 00 |
5401 10 12 |
5510 |
8707 |
|
3906 10 00 |
5401 10 14 |
5512 |
8708 |
|
4407 21 |
5401 20 10 |
5513 |
8714 |
|
4407 22 |
5402 |
5514 |
9002 90 00 |
|
4407 23 |
5403 |
5515 |
9006 91 00 |
|
4407 25 |
5404 11 00 |
5516 |
9007 91 00 |
|
4407 26 |
5404 90 |
5603 94 |
9007 92 00 |
|
4407 29 |
5407 |
5604 10 00 |
9008 90 00 |
|
4407 99 40 |
5408 |
6001 |
9010 90 80 |
|
4410 |
5501 |
6002 |
9104 00 00 |
|
4412 |
5502 |
6217 90 |
9108 |
|
5108 |
5503 |
6305 |
9109 |
|
5110 00 00 |
5504 |
6309 00 00 |
9110 |
|
5111 |
5505 |
6406 |
9111 |
|
5112 |
5506 |
7326 90 |
9112 |
|
5205 |
|
|
9114 |
(1) Mar a shainmhínítear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1832 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Iarscríbhinn I de Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO L 385, 29.10.2021, lch. 1).