|
23.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 416/80 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2037 ÓN gCOIMISIÚN
an 22 Samhain 2021
lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúintí ó na hoibleagáidí le bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú agus na hoibleagáidí atá ar oibreoirí taifid a choinneáil
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“An Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagal 175(2) agus Airteagal 190 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Le Rialachán (AE) 2016/429 leagtar síos rialacha maidir leis an oibleagáid atá ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe a chlárú, agus na hoibleagáidí coinneála taifead atá ar oibreoirí bunaíochtaí dobharshaothraithe agus ar iompróirí ainmhithe uisceacha. Ina theannta sin, foráiltear sa Rialachán sin go bhféadfaidh an Coimisiún rialacha cur chun feidhme a leagan síos maidir leis na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas maidir le bheith cláraithe, ar an ábhar gur riosca neamhshuntasach atá ag gabháil leo ó thaobh galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a leathadh, chomh maith le rialacha cur chun feidhme maidir leis na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe agus iompróirí ainmhithe uisceacha a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas cineálacha áirithe taifead a choinneáil. Dá réir sin, is iomchuí na rialacha sin a leagan síos sa Rialachán seo. Thairis sin, de bharr gur glacadh Rialachán Tarmligthe an Choimisiúin (AE) 2020/691 (2) faoi chuimsiú Rialachán (AE) 2016/429, agus de bharr go leagtar síos rialacha leis a bhaineann le hainmhithe uisceacha, ba cheart feidhm a bheith ag na sainmhínithe a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin chun críocha an Rialacháin seo. |
|
(2) |
An sainmhíniú ar “bunaíocht” a leagtar amach i bpointe (27) d’Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/429, is leathan an sainmhíniú atá ann, rud is fíor chomh maith faoin sainmhíniú ar “dobharshaothrú” a leagtar amach i bpointe (6) den Airteagal sin. Dá bhrí sin, is iomchuí, an cumhachtú a thugtar don Choimisiún in Airteagal 175(2) den Rialachán sin a úsáid ionas gur féidir leis na Ballstáit cineálacha áirithe bunaíochta nach bhfuil ag gabháil leo ach riosca neamhshuntasach a dhíolmhú ó cheanglas a gcláraithe ag an údarás inniúil. |
|
(3) |
Bunaíochtaí dobharshaothraithe áirithe ar saoráidí dúnta iad, bunaíochtaí nach sceitheann an t-eisilteach díreach isteach in uiscí nádúrtha, is bunaíochtaí iad nach bhfuil iontu ach riosca íseal ó thaobh thruailliú uiscí oscailte de. Nuair a chuirtear tosca breise san áireamh, gluaiseachtaí ainmhithe uisceacha go dtí an bhunaíocht dobharshaothraithe isteach agus uaithi amach mar shampla, sin agus na speicis, na catagóirí, agus cainníocht na n-ainmhithe a bhíonn ar coimeád ann, is inmheasta nach bhfuil ach riosca neamhshuntasach iontu ó thaobh leathadh galar de, agus dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit iad a dhíolmhú ó cheanglas a gcláraithe. |
|
(4) |
Is minic a choinnítear ainmhithe uisceacha ornáideacha mar pheataí in áitribh nach tithe cónaithe iad. Cumhdaítear na háitribh sin faoin sainmhíniú ar “bunaíocht” faoi mar a leagtar amach in Airteagal 4, pointe (27) de Rialachán (AE) 2016/429. Ar an gcaoi chéanna, áitribh ina gcoinnítear ainmhithe uisceacha chun críocha sláinte agus críocha eile dá leithéid, cumhdaítear iad faoin sainmhíniú ar “bunaíocht”. Is minic fós ainmhithe dobharshaothraithe ar taispeáint i mbialanna sula gceannaíonn na daoine iad lena gcaitheamh, agus uaireanta coimeádtar iad i locháin nó in umair sa teaghlach agus é i gceist go mbeidh an duine á gcaitheamh. Más saoráidí dúnta iad na bunaíochtaí dobharshaothraithe sin, nó más amhlaidh nach sceitheann siad eisilteach díreach isteach in uiscí nádúrtha agus mura n-aistríonn siad ainmhithe dobharshaothraithe ó áit go chéile, níl iontu ach riosca neamhshuntasach, agus dá bhrí sin ba cheart a cheadú do na Ballstáit a ndíolmhú ó cheanglas a gcláraithe. |
|
(5) |
I gcásanna áirithe, ag brath ar chineál na saoráide dobharshaothraithe atá i gceist, ba cheart ceanglais bhreise a chomhlíonadh chun rioscaí galair a mhaolú agus ionas go bhféadfaí an díolúine ón gclárú a dhéanamh. Mar shampla, i gcás siopaí miondíola a dhíolann speicis ornáideacha le coimeádaithe peataí, nó le saoráidí áineasa nó teaghlaigh ina gcoinnítear ainmhithe taobh amuigh i locháin nó i dtancanna tar éis a dtabhairt go ceann scríbe, is díreach ó bhunaíocht dobharshaothraithe ba cheart a soláthar, bunaíocht a formheasadh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/429, chun go dtabharfaidh na Ballstáit díolúine dóibh ó cheanglas a gcláraithe. |
|
(6) |
Bunaíochtaí dobharshaothraithe nach bhfuil iontu ach riosca galair neamhshuntasach, nuair is bunaíochtaí caighean eangaigh iad, nó bunaíochtaí le struchtúir eile ina bhfuil ainmhithe uisceacha fiáine á gcoimeád go sealadach in uiscí nádúrtha in aon aonad eipidéimeolaíoch leis an aonad inar gabhadh iad, agus na hainmhithe sin réidh le tabhairt i dtír agus le caitheamh ag an duine, is bunaíochtaí iad a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó cheanglas a gcláraithe. |
|
(7) |
Is tábhachtach an rud taifid a choinneáil ar mhaith le hinrianaitheacht na n-ainmhithe dobharshaothraithe. I gcúinsí áirithe áfach, an ceanglas go gcoinneodh oibreoirí na taifid sin, is féidir díolúintí ón gceanglas sin a dheonú i gcás inar riosca íseal atá ag gabháil le cineál faoi leith bunaíochta dobharshaothraithe. Bunaíochtaí atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 173 de Rialachán (AE) 2016/429 nach n-aistríonn ainmhithe dobharshaothraithe chuig bunaíochtaí dobharshaothraithe eile ná nach scaoileann amach ar an bhfiántas iad, is ísle an leibhéal riosca a ghabhann leis na bunaíochtaí sin ná na cinn is gá a fhormheas i gcomhréir le hAirteagail 176 nó 177 den Rialachán sin. Dá bhrí sin, féadfaidh na Ballstáit bunaíochtaí cláraithe den chineál sin a dhíolmhú ón gceanglas atá orthu taifid áirithe a choinneáil. |
|
(8) |
Féadfaidh na Ballstáit iompróirí catagóirí áirithe ainmhithe uisceacha, ainmhithe a iompraítear ar bhealach bithshlán, a dhíolmhú freisin ón gceanglas taifid áirithe a choinneáil. Ba cheart na catagóirí ainmhithe uisceacha agus sonraí na gcoinníollacha faoinar gá iad a iompar, chomh maith leis na taifid óna bhfuil siad díolmhaithe, a leagan síos leis an Rialachán seo. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme
Leis an Rialachán seo, leagtar síos rialacha maidir leis na nithe seo a leanas:
|
(a) |
na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe lena mbaineann riosca neamhshuntasach a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhíolmhú ón gceanglas cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 174 de Rialachán (AE) 2016/429; |
|
(b) |
na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe agus iompróirí lena mbaineann riosca íseal ó thaobh galair liostaithe nó galair atá ag teacht chun cinn a leathadh a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó na ceanglais taifid a choinneáil dá bhforáiltear in Airteagail 186 agus 188 de Rialachán (AE) 2016/429. |
Airteagal 2
Sainmhínithe
Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe a leagtar síos in Airteagal 2 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/691.
Airteagal 3
Cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó cheanglas a gcláraithe
Seo a leanas na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe a d’fhéadfadh na Ballstáit a dhíolmhú ó cheanglas a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 174 de Rialachán (AE) 2016/429;
|
(a) |
bunaíochtaí dobharshaothraithe ar saoráidí dúnta iad, nó bunaíochtaí nach sceitheann eisilteach díreach isteach in uiscí nádúrtha, bunaíochtaí nach n-aistríonn ainmhithe dobharshaothraithe go bunaíochtaí dobharshaothraithe eile, nó nach scaoileann amach ar an bhfiántas iad, bunaíochtaí dobharshaothraithe ar ceann de na cineálacha seo a leanas iad:
|
|
(b) |
bunaíochtaí dobharshaothraithe ina bhfuil caighin eangaigh nó struchtúir eile ina gcoinnítear ainmhithe uisceacha fiáine go sealadach in uiscí nádúrtha in aon aonad eipidéimeolaíoch leis an aonad inar gabhadh iad, agus na hainmhithe sin réidh le tabhairt i dtír agus le caitheamh ag an duine. |
Airteagal 4
Cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe agus iompróirí a fhéadfaidh na Ballstáit a dhíolmhú ó cheanglais áirithe maidir le taifid a choinneáil
1. Na cineálacha bunaíochta dobharshaothraithe a fhéadfaidh na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 186(2) de Rialachán (AE) 2016/429, a dhíolmhú ón gceanglas maidir le taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 186(1), pointí (c), (d) agus (e) den Rialachán sin, is bunaíochtaí dobharshaothraithe nó grúpaí díobh a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas a bheidh iontu:
|
(a) |
chláraigh an t-údarás inniúil iad i gcomhréir le hAirteagal 173 de Rialachán (AE) 2016/429; agus |
|
(b) |
ní aistríonn siad ainmhithe dobharshaothraithe chuig bunaíochtaí dobharshaothraithe eile ná ní scaoileann siad amach ar an bhfiántas iad. |
2. I gcomhréir le hAirteagal 188(2) de Rialachán (AE) 2016/429, na hiompróirí a fhéadfaidh na Ballstáit, a dhíolmhú ón gceanglas taifid a choinneáil ar an bhfaisnéis uile nó ar chuid den fhaisnéis a liostaítear in Airteagal 188(1) den Rialachán sin, is iompróirí de na catagóirí ainmhithe dobharshaothraithe seo a leanas a bheidh iontu, ar choinníoll go n-aistrítear na hainmhithe dobharshaothraithe i gcoimeádáin shéalaithe sceithdhíonacha a choinnítear slán agus gan oscailt ón uair a luchtaítear iad go dtí an uair a dhíluchtaítear iad ag a gceann scríbe deiridh:
|
(a) |
ainmhithe dobharshaothraithe atá ceaptha chun críocha ornáideachais; |
|
(b) |
uibheacha agus gaiméití ainmhithe uisceacha atá ceaptha chun críoch dobharshaothraithe nó le scaoileadh amach san fhiadhúlra. |
Airteagal 5
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/691 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha i dtaca le bunaíochtaí dobharshaothraithe agus iompróirí ainmhithe uisceacha (IO L 174, 3.6.2020, lch. 345)