18.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 410/153


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2012 ÓN gCOIMISIÚN

an 17 Samhain 2021

lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach a forchuireadh ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (“an bun-Rialachán”), agus go háirithe Airteagal 9(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

1.   NÓS IMEACHTA

1.1.   Tionscnamh

(1)

An 30 Meán Fómhair 2020, thionscain an Coimisiún Eorpach (“an Coimisiún”) imscrúdú frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta (“SSCRanna” nó “an táirge faoi imscrúdú”) de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (“na tíortha lena mbaineann”) ar bhonn Airteagal 5 den bhun-Rialachán. D’fhoilsigh sé Fógra Tionscnaimh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (2) (“an Fógra Tionscnaimh”).

(2)

Thionscain an Coimisiún an t-imscrúdú tar éis gearán a thaisc an Comhlachas Eorpach Cruach (“Eurofer” nó “an gearánach”) an 17 Lúnasa 2020 thar ceann táirgeoirí a bhfuil níos mó ná 25 % de tháirgeacht iomlán an Aontais acu de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta.

(3)

An 17 Feabhra 2021, thionscain an Coimisiún imscrúdú frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí den táirge céanna ar de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise é (“an t-imscrúdú frith-fhóirdheontais”) (3).

1.2.   Clárú

(4)

Tar éis iarraidh arna déanamh ag an ngearánach agus an fhianaise riachtanach de thaca léi, chuir an Coimisiún allmhairí den táirge lena mbaineann faoi réir clárú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 ón gCoimisiún (4) (“an Rialachán clárúcháin”) faoi Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

1.3.   Bearta sealadacha

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 19a den bhun-Rialachán, an 30 Aibreán 2021, chuir an Coimisiún achoimre ar na dleachtanna sealadacha beartaithe ar fáil do pháirtithe agus mionsonraí maidir le ríomh na gcorrlach dumpála agus na gcorrlach atá leormhaith chun an díobháil do thionscal an Aontais a bhaint. Mar a mhínítear in aithris (210) den Rialachán sealadach, chuir an Coimisiún san áireamh barúlacha a breithníodh a bheith de chineál cléireachais agus, i gcás inar gá, cheartaigh sé na corrlaigh dá réir.

(6)

An 28 Bealtaine 2021, d’fhorchuir an Coimisiún dleacht frithdhumpála shealadach le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/854 ón gCoimisiún (5) (“an Rialachán sealadach”).

1.4.   An nós imeachta ina dhiaidh sin

(7)

Tar éis nochtadh na bhfíoras agus na mbreithnithe riachtanacha ar an mbonn a forchuireadh an dleacht shealadach frithdhumpála (“nochtadh sealadach”), rinne an gearánach, is é sin cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí (“Euranimi” (6)), allmhaireoir neamhghaolmhar amháin, úsáideoir amháin, na táirgeoirí onnmhairiúcháin a sampláladh, agus Rialtas na hIndia (“GOI”) agus Rialtas na hIndinéise (“GOIS”) aighneachtaí i scríbhinn inar chuir siad a dtuairimí in iúl maidir leis na torthaí sealadacha.

(8)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht. Reáchtáladh éisteachtaí leis an ngearánach, leis an gcuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí, le hallmhaireoir neamhghaolmhar amháin, le húsáideoir amháin agus le dhá tháirgeoir onnmhairiúcháin shampláilte.

(9)

Lean an Coimisiún air ag lorg agus ag fíorú na faisnéise uile a mheas sé a bheith riachtanach dá thorthaí deiridh. Nuair a bhí na torthaí cinntitheacha á gcnuasach ag an gCoimisiún, sin é an uair a mheas sé na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus sin é an uair a rinne sé athbhreithniú ar a chuid conclúidí sealadacha i gcás inarbh iomchuí.

(10)

Chuir an Coimisiún na páirtithe leasmhara go léir ar an eolas maidir leis na fíorais agus na breithnithe riachtanacha ar an mbonn a raibh sé beartaithe aige dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta ar de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise iad (“nochtadh deiridh”). Ceadaíodh tréimhse do gach páirtí leasmhar ina raibh siad in ann a mbarúlacha a thabhairt maidir leis an nochtadh deiridh. Fuarthas barúlacha maidir leis an nochtadh deiridh ó Eurofer, táirgeoir an Aontais agus úsáideoir Arinox, cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí Euranimi, allmhaireoir neamhghaolmhar LSI, agus na táirgeoirí onnmhairiúcháin comhoibríocha. Ina theannta sin, sholáthair IRNC (táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch) barúlacha maidir leis na barúlacha a rinne Eurofer maidir le cur chuige an Choimisiúin i dtaca lena cheannacháin (féach aithrisí (71) go (74)).

(11)

Tugadh deis chainte do na páirtithe a d’iarr éisteacht chomh maith. Reáchtáladh éisteachtaí leis an ngearánach, Euranimi, le hallmhaireoir neamhghaolmhar amháin, le húsáideoir amháin ar táirgeoir de chuid an Aontais a bhí ann freisin, agus le ceann de na táirgeoirí onnmhairiúcháin. I bhfianaise a bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, rinneadh nochtadh deiridh breise a bhí teoranta do na coigeartuithe a rinneadh ar roinnt dá bpraghsanna díolacháin onnmhairiúcháin leis an táirgeoir onnmhairiúcháin IRNC. Thug an Coimisiún deis do IRNC barúlacha a sholáthar maidir leis an nochtadh deiridh breise sin, ach níor fhreagair IRNC.

(12)

Breithníodh na barúlacha a chuir na páirtithe leasmhara isteach, agus cuireadh san áireamh iad sa Rialachán seo, i gcás inarb iomchuí.

1.5.   Sampláil

(13)

In éagmais barúlacha maidir le sampláil, deimhníodh aithrisí (6) go (14) den Rialachán sealadach.

1.6.   Tréimhse imscrúdaithe agus an tréimhse a measadh

(14)

Tar éis an nochta dheiridh, mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí, agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin gur gá imscrúdú críochnaitheach a dhéanamh ar éifeachtaí phaindéim COVID-19 mar gheall gur áiríodh tréimhse phaindéime urghnách sa tréimhse imscrúdaithe.

(15)

Chuir an Coimisiún san áireamh go raibh roinnt míonna sa tréimhse imscrúdaithe ina raibh paindéim COVID-19 ag tarlú. Shainaithin agus d’anailísigh an Coimisiún go mion éifeachtaí phaindéim COVID-19 agus tháinig sé ar an gconclúid go bhfuil dumpáil dhíobhálach ar mhargadh an Aontais nach bhfuil mar gheall ar éifeachtaí na paindéime.

(16)

In éagmais aon bharúil eile maidir le tréimhse an imscrúdaithe agus an tréimhse a breithníodh, deimhníodh aithris (21) den Rialachán sealadach.

2.   AN TÁIRGE LENA mBAINEANN AGUS TÁIRGE COMHCHOSÚIL

2.1.   Maímh maidir leis an raon feidhme táirge

(17)

Ag an gcéim shealadach, d’iarr úsáideoir amháin de chuid an Aontais, Arinox, go n-eisiafaí táirgí cruach dosmálta fuar-rollta de ghrád cruach 200 agus 201 ó raon feidhme an táirge. Dhiúltaigh an Coimisiún go sealadach an iarraidh faoi mar a mhínítear in aithrisí (25) go (27) den Rialachán sealadach.

(18)

Tar éis nochtadh sealadach, rinne an páirtí a iarraidh ar eisiamh a chúngú chuig táirgí de ghrád cruach 200 atá comhionann le Jindal J4 nó le JSLU DD (grád nicile 1 %) le tiús 0,90 + 0/-0,060 mm lena n-úsáid i dtáirgeadh stiallacha beachtais cruach dosmálta. Luaitear go bhfuil an táirge éasca a aithint, sa chaoi nach bhfuil aon riosca teacht timpeall, níl aon idirmhalartacht le cineálacha eile táirgí, agus ní tháirgeann tionscal an Aontais an táirge. Thairis sin, de réir na cuideachta, tá sé éasca an úsáid deiridh a fhíorú.

(19)

Cheistigh an gearánach an iarraidh cothrom le dáta ar eisiamh raon feidhme an táirge. Mhaígh Eurofer go mbaineann na gráid a léirigh an t-úsáideoir de chuid an Aontais le hainmníocht tráchtála agus nach bhfuil siad sainmhínithe ag aon chaighdeán idirnáisiúnta. Dá bhrí sin, ní bheidh na húdaráis chustaim in ann aon tagairt a leagan síos ná aon rialú ar chomhdhéanamh ceimiceach an táirge ar eisiamh a fhorfheidhmiú. Ina theannta sin, chuirfeadh rialú na húsáide deiridh ualach míréasúnta ar na húdaráis chustaim. Thairis sin, le díolúine na dtáirgí seo nach dtáirgeann ach Jindal iad, chruthófaí riosca go mbeadh tionchar ag traschúiteamh ar éifeacht cheartaitheach na mbeart.

(20)

Bunaíodh san imscrúdú go bhfuil táirgí den sórt sin inmhalartaithe a mhéid a bhaineann siad le tréithe. Chomh maith leis sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid, dá gceadófaí an iarraidh ar eisiamh sin, go gcuirfí ualach míréasúnta ar údaráis chustaim, a mbeadh orthu tástáil saotharlainne a dhéanamh agus an úsáid deiridh a sheiceáil do gach lastas. Thairis sin, toisc go mbaineann an táirge le táirgeoir onnmhairiúcháin sonrach amháin, ní féidir an riosca traschúitimh a chur as an áireamh.

(21)

Tar éis an nochta deiridh, d’athdhearbhaigh Arinox a iarraidh thosaigh ar eisiamh táirge, mar atá táirgí atá ar bheagán cruach nicile de ghrád 200 agus táirgí cruach de ghrád 201 a eisiamh ó raon feidhme an táirge. Mhaígh Arinox go bhfuil táirgí atá ar bheagán cruach nicile de ghrád 200 agus táirgí cruach de ghrád 201 ar fáil go hinbhuanaithe ar mhargadh an Aontais agus go bhfuil easpa spéise ó tháirgeoirí an Aontais chun na táirgí seo a mhonarú. Mhínigh Arinox, tar éis an nochta shealadaigh, gur éirigh ceannach táirgí cruach de ghrád 201 ó thionscal an Aontais neamh-inmharthana go heacnamaíoch agus nach bhféadfadh ach táirgeoir amháin san Aontas stiallacha beachtais atá ar bheagán cruach dhosmálta nicile de ghrád 200 a tháirgeadh. Mhaígh sé freisin gur fhulaing sé díobháil eacnamaíoch cheana féin mar thoradh ar na táirgí seo a bheith áirithe san imscrúdú reatha mar, mar gheall ar íogaireacht praghais an táirge, nach bhféadfadh sé an dleacht frithdhumpála a chur ar aghaidh chuig a chustaiméirí, agus i gcás le déanaí gur dheonaigh an Coimisiún eisiamh do tháirge i gcás comhchosúil.

(22)

Thairis sin, d’athdhearbhaigh an chuideachta go bhfuil difríochtaí suntasacha i dtéarmaí saintréithe fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla idir táirgí de ghrád cruach 200 agus 201 agus cineálacha eile cruach a thiteann laistigh den táirge faoi imscrúdú, go háirithe táirgí de ghrád cruach 300 agus gur féidir le húdaráis chustaim comhdhéanamh ceimiceach táirge ghrád cruach 200 agus 201 a fhíorú go simplí le hionstraimí atá ar fáil go forleathan agus na deimhnithe ó thástálacha muilte. Mhaígh an chuideachta freisin go bhfuil an iarraidh ar eisiamh ceangailte le húsáideoir deiridh amháin agus gur dóchúil gurb é an chuideachta a bheadh san úsáideoir deiridh amháin den iarraidh ar eisiamh.

(23)

D’áitigh an chuideachta go bhfuil an riosca traschúitimh teoranta, mar go gceannaíonn sí go príomha gráid chruach 200 agus 201 ó na tíortha lena mbaineann agus go bhfoinsíonn sí a soláthar ó na táirgeoirí éagsúla sna tíortha sin.

(24)

Níor sholáthair Arinox tuilleadh fianaise ar neamhfhéidearthacht táirgí de ghrád cruach 200 agus 201 a idirmhalartú le cineálacha eile cruach, seachas a bheith ag maíomh na neamhréasúnachta eacnamaíoch a bhaineann leis sin a dhéanamh. Mar a leagadh amach cheana in aithris (20) thuas, éilítear tástáil saotharlainne leis an gcomhdhéanamh ceimiceach a dhéanann údaráis chustaim a fhíorú, rud a chuirfeadh ualach trom ar údaráis chustaim, go háirithe toisc go mbeadh gá leis seo le haghaidh gach lastais den táirge eisiata arna iarraidh. Measúnú oibiachtúil is ea an riosca traschúitimh, agus léiríodh sna sonraí a chuir an chuideachta sin ar fáil maidir lena ceannacháin táirgí de ghrád cruach 200 agus 201 agus táirgí eile ó na tíortha lena mbaineann gur cheannaigh sí táirgí eile a thagann laistigh de raon feidhme táirge an imscrúdaithe reatha ó na tíortha sin, a bhfuil an riosca traschúitimh ag baint leis go nádúrtha. Thairis sin, cé go maíonn an chuideachta nach bhfuil ach úsáid deiridh amháin ag na gráid chruach sin, ní féidir a eisiamh go bhféadfadh úsáidí eile a bheith ag na gráid chruach seo.

(25)

Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nach mbeadh sé iomchuí an iarraidh ar eisiamh táirge sin a cheadú agus diúltaíodh di, dá bhrí sin.

2.2.   Conclúid

(26)

In éagmais aon bharúlacha eile maidir le raon feidhme na dtáirgí, dheimhnigh an Coimisiún na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (22) go (27) den Rialachán sealadach.

3.   DUMPÁIL

3.1.   An India

3.1.1.   Comhar agus Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm go páirteach

(27)

In aithrisí (29) go (57) den Rialachán sealadach, tagraítear do na heintitis Jindal de chuid na hIndia a raibh baint acu le táirgeadh agus díolacháin an táirge faoi imscrúdú mar “an Jindal Group”. Sa Rialachán seo, tagrófar do na heintitis sin mar “Jindal India” ach tagraíonn “an Jindal Group” do Jindal India, Jindal Indonesia agus eintitis ábhartha Jindal i dtríú tíortha.

(28)

Mar a mhínítear in aithrisí (32) go (35) den Rialachán sealadach, bheartaigh an Coimisiún Airteagal 18 den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm ag an gcéim shealadach agus úsáid a bhaint as fíorais a bhí ar fáil maidir leis an bhfaisnéis nár nochtadh a bhaineann le ról cuideachta gaolmhaire de chuid Jindal Group.

(29)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir an Jindal Group in aghaidh chur i bhfeidhm Airteagal 18. Mheas sé nár dhiúltaigh sé rochtain ar an bhfaisnéis ábhartha agus nár theip air an fhaisnéis ábhartha a sholáthar agus go ndearna sé a dhícheall. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún an fhaisnéis a chuir an chuideachta ar fáil a úsáid. Rinne an Coimisiún measúnú mar is iomchuí ar na barúlacha sin. Mar a luaitear in aithris (33) den Rialachán sealadach, tugadh éisteacht do Jindal Group os comhair an Oifigigh Éisteachta cheana féin an 16 Aibreán 2021. I gcomhréir le moltaí an Oifigigh Éisteachta tar éis na héisteachta, rinne an Coimisiún measúnú iomlán ar an bhfaisnéis a fuarthas ó Jindal Group, an 29 Márta 2021, mar fhreagra ar litir Airteagal 18 freisin.

(30)

Mar thoradh air sin, d’úsáid an Coimisiún an fhaisnéis a sholáthair an táirgeoir sin is onnmhaireoir agus ghlac sé go páirteach leis an maíomh. Thairis sin, i bhfianaise na hanailíse breise a soláthraíodh an 29 Márta 2021, measadh gurbh iomchuí coigeartú breise a dhéanamh. Toisc gur lipéadaíodh barúlacha An Jindal Group mar íogair, níor nochtadh measúnú mionsonraithe an mhaímh ach don pháirtí lena mbaineann.

3.1.2.   Gnáthluach

(31)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (36) go (47) den Rialachán sealadach.

(32)

Tar éis nochtadh sealadach, rinne Jindal India agus Jindal Indonesia athdhearbhú ar a gcuid maíomh le tagairt d’Airteagal 2(5), fomhír 3 agus fomhír 4, agus Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán, gur cheart don Choimisiún an gnáthluach ar chostais a bhaineann le dianghlasáil Covid-19 a cuireadh i bhfeidhm san India agus san Indinéis le linn cuid den tréimhse imscrúdaithe a choigeartú.

(33)

B’éigean na maímh sin a dhiúltú.

(34)

Maidir leis na maímh faoi Airteagal 2(5), fomhír 3, tugann an Coimisiún dá aire, sa chéad dul síos, go bpléann fomhír 3 leithdháileadh ceart na gcostas agus úsáid stairiúil leithdháilte den sórt sin, ag cur in iúl gurbh fhearr leithdháileadh costais bunaithe ar láimhdeachas. Deirtear ann freisin “ach amháin má léirítear é cheana féin i leithdháileadh na gcostas faoin bhfomhír seo, déanfar coigeartú oiriúnach ar na costais i dtaca leis na míreanna costais neamh-athfhillteacha a bheidh chun leasa táirgeachta amach anseo agus/nó i láthair na huaire.” Sa chás atá i gceist, áfach, ní hionann na “costais Covid-19” a mhaítear agus mír chostais eile ar féidir í a choigeartú maidir leis an tréimhse imscrúdaithe. Is ionann na costais a mhaítear agus na gnáthchostais sheasta a bhíonn ag tabhú agus ag athfhilleadh do Jindal go tráthrialta. Ach, tá feidhm acu maidir le cainníocht táirgthe níos ísle mar gheall ar Covid-19. Ach ní chumhdaítear an cás sin leis an abairt dheireanach luaite i bhfomhír 3. Dá réir sin, ní féidir aon choigeartú a cheadú faoi Airteagal 2(5), fomhír 3.

(35)

Ar an dara dul síos, maidir leis na maímh a rinneadh faoi Airteagal 2(5), fomhír 4, tugann an Coimisiún dá aire, mar a fhoráiltear faoi Airteagal 2(5), fomhír 4, nach féidir maolú ó na costais aonaid arna dtabhú ag cuideachta de ghnáth a cheadú ach i gcás ina n-éilíonn úsáid saoráidí táirgthe nua infheistíocht bhreise shubstaintiúil agus i gcás ina n-eascraíonn rátaí ísle úsáid na hacmhainneachta táirgeachta as oibríochtaí nua-thionscanta a tharlaíonn le linn na tréimhse imscrúdaithe nó cuid di. Sa chás atá i gceist, eascraíonn rátaí úsáid ísealacmhainne, más ann dóibh, as dúnadh síos sealadach na táirgeachta mar gheall ar Covid-19. Dá bhrí sin, níl feidhm ag Airteagal 2(5), fomhír 4.

(36)

Ar an tríú dul síos, maidir leis na maímh a rinneadh faoi Airteagal 2(10)(k), tugann an Coimisiún dá aire, i gcomhréir le hAirteagal 2(10), go bhféadfar coigeartú a dhéanamh “do dhifríochtaí idir fachtóirí má léirítear go ndéanann siad difríocht d’inchomparáideacht praghsanna mar a cheanglaítear faoin mhír seo, go háirithe má íocann custaiméirí praghsanna éagsúla ar an margadh intíre i ngeall ar an difríocht idir na fachtóirí sin.” D’áitigh Jindal India agus Jindal Indonesia gur cheart go ndearnadh coigeartú mar gheall ar thionchar dhianghlasáil Covid-19 ar an gcostas táirgthe ach theip orthu aon tionchar ar inchomparáideacht praghsanna a léiriú. Dá bhrí sin, ní féidir glacadh leis an maíomh maidir le hAirteagal 2(10)(k).

(37)

Tar éis nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh Jindal Group na héilimh ar choigeartú le haghaidh costas a bhaineann le Covid-19. I ndáil le coigeartú féideartha faoi Airteagal 2(5), fomhíreanna 3 agus 4, luaigh an Jindal Group costais “níos airde ná mar is gnách” (7) nár cheart a chur i leith táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú i rith na tréimhse imscrúdaithe ina n–iomláine, ach, seachas sin, gur cheart don Choimisiún costas táirgthe ionadaíoch a ríomh i rith na tréimhse imscrúdaithe.

(38)

B’éigean an maíomh a dhiúltú. Tabhaítear na costais atá i gceist i rith na tréimhse imscrúdaithe agus baineann siad le táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú. I bhfianaise thuarascáil phainéil Salmon luaigh an Jindal Group, agus i gcomhréir leis an tríú abairt d’Airteagal 2(5), fomhír 3 den bhun-Rialachán, go ndéanfar coigeartú iomchuí ar na costais i dtaca leis na míreanna costais neamh-athfhillteacha a bheidh chun leasa táirgeachta amach anseo agus/nó atá ann faoi láthair. D’aithin an Coimisiún gur de chineál neamh-athfhillteach iad na costais a éilíodh maidir le dianghlasáil Covid-19. Mar sin féin, is costais sheasta amháin iad na costais shonracha a tabhaíodh i rith dhianghlasáil Covid-19 agus is toradh iad ar thearcúsáid na hacmhainneachta atá ar fáil agus a úsáidtear ar shlite eile. De réir sainmhíniú, ní féidir leo dul chun tairbhe don táirgeadh amach anseo, mar a d’fhéadfadh costais infheistíochta a dhéanamh mar shampla. Ná ní féidir leo dul chun tairbhe don táirgeadh atá ann faoi láthair toisc go bhfuil siad ann mar thoradh ar imeacht aonuaire force majeure, dianghlasáil Covid-19.

(39)

I ndáil leis an maíomh faoi Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán, rinne an Jindal Group tagairt do ráiteas an Choimisiúin faoi aithris (36) agus dúirt siad freisin gur léir ó réamhrá Airteagal 2(10) go gcumhdaíonn an tagairt d’inchomparáideacht praghais incomparáideacht idir an gnáthluach (d’ainneoin an chaoi a gcinntear é) agus an praghas onnmhairiúcháin.

(40)

D’aithin an Coimisiún go dtagraítear sa réamhrá le hAirteagal 2(10) d’inchomparáideacht praghsanna. Tá sé fíor freisin gur féidir roinnt de na coigeartuithe a liostaítear ó Airteagal 2(10)(a) go (k) a chur i bhfeidhm go cothrom le gnáthluach bunaithe ar phraghsanna intíre, agus le gnáthluach tógtha. Tá coinníoll sainráite in Airteagal 2(10)(k) áfach ag tagairt do dhifríochtaí i bpraghsanna a íoctar ar an margadh intíre, difríochtaí nach mór a shásamh sula ndéantar coigeartú. Ní raibh an Jindal Group in ann bunús a thabhairt le difríochtaí den sórt sin ach nach bhféadfadh sé ach an éifeacht ar chostais a léiriú. Bheadh tionchar cothrom ag aon mhéadú i gcostas in aon chás ar phraghsanna intíre agus onnmhairiúcháin go cothrom. Dá bhrí sin, b’éigean an maíomh nua faoi Airteagal 2(10)(k) a dhiúltú.

(41)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir Chromeni in aghaidh choigeartuithe an Choimisiúin ar an gcostas amhábhair. Sa chinneadh sealadach, rinne an Coimisiún amach sa chlár ceannachán idirbheart ar idirbheart maidir le cornaí teorollta de chruach dhosmálta (“SSHR”) go raibh praghsanna ceannaigh SSHR ó pháirtithe gaolmhara go mór faoi phraghsanna an amhábhair chéanna ó pháirtithe neamhghaolmhara. Dá bhrí sin, ní fhéadfaí a mheas go raibh siad ar neamhthuilleamaí agus rinne an Coimisiún coigeartú ar na praghsanna sin. Sna barúlacha a thug sé don nochtadh sealadach, mhaígh Chromeni nach raibh cáilíocht na gcornaí a úsáidtear chun comparáid a dhéanamh i gcónaí mar an gcéanna agus gur cheart é sin a chur san áireamh agus an chomparáid á déanamh. Cruthaíodh an maíomh le conarthaí ceannacháin, le comhshocrú lascaine cáilíochta, le nótaí creidmheasa, le tuairisc chigireachta ar cháilíocht, chomh maith le hiontrálacha cuntasaíochta don mhaíomh cáilíochta. Rinne an Coimisiún measúnú mar is iomchuí ar an maíomh agus mheas sé go raibh údar iomchuí leis. Dá dheasca sin, chuir an Coimisiún an meánphraghas ualaithe ceannacháin ó sholáthróirí neamhghaolmhara, iolraithe faoi na cainníochtaí a úsáidtear, in ionad mheánphraghas ceannacháin SSHR ó pháirtithe gaolmhara i dtaifid na cuideachta.

(42)

Ag an gcéim shealadach, rinne an Coimisiún na costais dímheasa i ngnáthluach Chromeni a athríomh toisc gur bunaíodh nár tuairiscíodh dímheas trealaimh táirgthe áirithe agus é in úsáid cheana féin do tháirgeadh tráchtála. Tar éis nochtadh sealadach, chuir Chromeni in aghaidh an choigeartaithe sin ar na costais dímheasa a tuairiscíodh, agus d’áitigh sé gur cuireadh na costais sin in áirithe i gcomhréir iomlán le Cleachtais Chuntasaíochta na hIndia a bhfuil Glacadh leo go Ginearálta agus gur cheart glacadh leo, dá bhrí sin. D’áitigh an Coimisiún gurbh iomchuí agus réasúnach tús na tréimhse dímheasa don innealra a thabhairt ar ais sa chaoi go dtarlódh sí ag an am a thosódh táirgeadh agus díolacháin iarbhír an táirge faoi imscrúdú. Maidir leis sin, níor léirigh taifid Chromeni go réasúnta na costais a bhaineann le táirgeadh agus díolachán an táirge faoi imscrúdú agus ba ghá coigeartú a dhéanamh orthu, dá bhrí sin.

(43)

Ar deireadh, tar éis nochtadh sealadach, chuir Chromeni in aghaidh an bhealaigh ar láimhseáil an Coimisiún coigeartuithe ar na costais thionscanta a mhaítear, a bhí ag baint le costais dímheasa agus costais díola, ghinearálta agus riaracháin. Chuir an Coimisiún teorainn 3 mhí leis an tréimhse ar féidir coigeartú le haghaidh costas dímheasa a dhéanamh agus dhiúltaigh sé an coigeartú tionscanta na gcostas SGA. D’áitigh Chromeni go bhfuil céim thionscnaimh na líne táirgeachta cruach i bhfad níos faide ná 3 mhí agus é ag díriú leis sin ar dháta eisiúna an deimhnithe deiridh um ghlacadh. Shuigh an Coimisiún, áfach, gur thosaigh táirgeadh tráchtála i bhfad roimh an dáta sin cheana féin. Thairis sin, i gcomhréir le hAirteagal 2(5) den bhun-Rialachán ina sonraítear inter alia nach rachaidh fad na céime tionscnaimh thar chion tosaigh iomchuí den tréimhse d’aisghnóthú costas, is é cleachtas cáis chomhsheasmhaigh an Choimisiúin teorainn 3 mhí a chur le fad na céime tionscnaimh. Ag féachaint do chúinsí an cháis seo, chinn an Coimisiún, dá bhrí sin, gur thréimhse ama iomchuí é 3 mhí. Maidir leis na costais díola, ghinearálta agus riaracháin, níor chuir Chromeni aon fhianaise ar fáil go mbaineann na costais sin le táirgeadh agus, dá bhrí sin, níl siad thíos le húsáid saoráidí táirgthe nua a éilíonn infheistíocht bhreise shubstaintiúil agus le rátaí ísle úsáid na hacmhainneachta táirgthe, a eascraíonn as oibríochtaí nua-thionscanta, de réir mar a cheanglaítear le hAirteagal 2(5) an ceathrú mír den bhun-Rialachán.

(44)

Tar éis nochtadh deiridh, d’athdhearbhaigh Chromeni na héilimh agus an argóinteacht chéanna, gan aon fhianaise ná argóintí nua a sholáthar. I bhfianaise a bhfuil thuas, diúltaíodh do mhaímh Chromeni maidir leis an gcoigeartú dímheasa agus an costas tionscanta.

(45)

In aithris (175) den Rialachán sealadach, dheimhnigh an Coimisiún an saobhadh amhábhair san India agus san Indinéis a líomhnaítear sa ghearán. Tar éis an nochta shealadaigh, mhaígh Eurofer, toisc gurb ann do shaobhadh a thagann chun cinn ón rialtas ar mhargaí na n-amhábhar san India agus san Indinéis, gur cheart costais na gcuideachtaí a choigeartú faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. Mhaígh Eurofer, i bhfianaise an tsaofa, nach léiríonn na costais i dtaifid na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin go réasúnta na costais a bhaineann le táirgeadh agus díolacháin an táirge faoi imscrúdú, agus, thairis sin, gur tharla cás neamhghnách mar gheall ar an saobhadh amhábhair.

(46)

Dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh sin mar gur chinn sé nár sholáthair Eurofer fianaise leordhóthanach chun an coigeartú a chur i bhfeidhm ina iomláine faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán sa chás seo. Tar éis nochtadh deiridh, d’easaontaigh Eurofer, ag maíomh gur sholáthair sé sa ghearán agus i roinnt aighneachtaí roimh agus tar éis nochtadh deiridh fianaise leordhóthanach le tacú leis an éileamh sa ghearán. Níor mheas an Coimisiún go raibh sé iomchuí chun scrúdú breise a dhéanamh ar an gcoigeartú féideartha faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán. D’ainneoin cibé an raibh nó nach raibh an fhianaise a seoladh isteach i rith an imeachta seo ina fianaise tacaíochta leordhóthanach chun anailís a dhéanamh ar shubstaint an éilimh, thug an Coimisiún faoi deara go raibh éileamh den chineál céanna ar thionchar shaobhadh amhábhar i soláthar earraí á scrúdú i gcomhthéacs imscrúdú frith-fhóirdheontais.

3.1.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(47)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (48) go (50) den Rialachán sealadach.

(48)

Tar éis nochtadh sealadach agus tar éis nochtadh deiridh freisin, chuir Jindal India agus Jindal Indonesia in aghaidh an chur chuige a chuir an Coimisiún i bhfeidhm chun praghas onnmhairiúcháin roinnt dá dhíolachán a shuí trí Iberjindal S.L. (“IBJ”), trádálaí gaolmhar atá lonnaithe sa Spáinn. Diúltaíodh an maíomh den chuid is mó. Toisc gur lipéadaíodh na barúlacha sin mar eolas íogair, níor nochtadh na cúiseanna le cinntí an Choimisiúin maidir leis an maíomh ach don pháirtí lena mbaineann.

(49)

Tar éis an nochta deiridh, sheol an Jindal Group isteach, i ríomh an phraghais onnmhairiúcháin, go raibh earráid fhoirmle maidir leis na costais lastais a raibh tionchar acu ar phraghsanna díolacháin áirithe an Aontais. D’fhíoraigh an Coimisiún an tsaincheist agus, go deimhin, suíodh go raibh earráid chléireachais san fhoirmle, earráid a cheartaigh sé.

(50)

Ní bhfuarthas aon mhaíomh breise maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, tá aithrisí (48) go (50) den Rialachán sealadach deimhnithe.

3.1.4.   Comparáid

(51)

Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (51) go (54) den Rialachán sealadach.

(52)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh Jindal India agus Jindal Indonesia nár cheart go ndéanfadh an Coimisiún costais agus brabús SGA (“coimisiún barúlach”) a asbhaint as praghas onnmhairiúcháin dhíolacháin an Aontais a sheoltar trína thrádálaí gaolmhar i dtríú tír, mar a mhínítear in aithrisí (52) agus (81) den Rialachán sealadach. Diúltaíodh an maíomh sin. Toisc gur lipéadaíodh na barúlacha sin mar íogair, níor nochtadh na cúiseanna lenar diúltaíodh an maíomh ach don pháirtí lena mbaineann.

(53)

Tar éis nochtadh deiridh, chuir an Jindal Group isteach éilimh bhreise ar an measúnú ar phraghas onnmhairiúcháin maidir leis an trádálaí gaolmhar sin. Arís lipéadaíodh na barúlacha seo amhail íogair agus dá bhrí sin cuireadh seasamh an Choimisiúin in iúl do Jindal maidir leis na héilimh sin ar bhonn aonair.

(54)

Tar éis nochtadh deiridh, d’éiligh an Jindal Group nár cheart gur mhó an coigeartú ar an bpraghas onnmhairiúcháin maidir le díolacháin an Aontais a sheoltar trí JSL Global Commodities Pte. Ltd. (“JGC”) ná a chostais díola, ghinearálta agus riaracháin, mar de réir chleachtas roimhe seo na n-institiúidí agus mar a cheadaigh an Chúirt Chéadchéime, bheadh sé réasúnach gan ach costais díola, ghinearálta agus riaracháin a asbhaint. (8) Má áitíonn an Coimisiún ar bhrabús a áireamh (rud nár cheart dó a dhéanamh), ba cheart an brabús sin a bhunú ar shonraí JGC. De réir an Jindal Group, bheadh sé seo i gcomhréir le cleachtas an Choimisiúin le déanaí agus breithniú na Cúirte Céadchéime go bhfuil sé “réasúnach”“fíorshonraí” a úsáid. (9)

(55)

Dá bhrí sin, b’éigean na maímh a dhiúltú. I dtosach, i gcás nach ndéanfaí ach amháin costais díola, ghinearálta agus riaracháin a asbhaint, ní thabharfaí san áireamh luach iomlán na marcála suas ina bhfuil costais díola, ghinearálta agus riaracháin móide brabús de ghnáth. Maidir leis an measúnú ar an mbrabús sin, áitíonn an Coimisiún gur gá brabús den sórt sin a réadú faoi choinníollacha ar neamhthuilleamaí agus dá bhrí sin ní féidir leis a bheith ag brath ar bhrabús a eascraíonn as luach saothair arna chomhaontú ag na páirtithe gaolmhara. Maidir le breithiúnas na Cúirte Céadchéime, formheasadh leis an rialú sin asbhaint costas díola, ginearálta agus riaracháin ach ba léir níor cuireadh in aghaidh asbhaint chomhuaineach brabús, nach raibh i gceist sa chás sin. Thairis sin, i gcomhréir leis an gcás sin, san imscrúdú reatha, asbhaineadh na costais díola, ghinearálta agus riaracháin bunaithe ar shonraí iarbhír an trádálaí gaolmhar, mar nach ndearna an caidreamh idir an dá eintiteas difear do na costais díola, ghinearálta agus riaracháin. Maidir le cleachtas an Choimisiúin, nuair is léir go ndéanann an caidreamh idir an trádálaí agus an táirgeoir onnmhairiúcháin difear don chorrlach brabúis, is é an cleachtas atá ann corrlach brabúis ainmniúil a asbhaint, bunaithe ar na sonraí arna soláthar ag allmhaireoirí neamhghaolmhara atá ag comhoibriú leis an imscrúdú céanna, mar athróg réasúnta. Sa chás le déanaí ar thagair an Jindal Group de, measadh go raibh an corrlach brabúis iarbhír réasúnach, áfach, i bhfianaise fhíorais an cháis sin agus na feidhmeanna a rinne an trádálaí gaolmhar. Dá bhrí sin asbhaineadh an corrlach brabúis iarbhír.

(56)

Tar éis nochtadh sealadach, rinne Jindal India a mhaíomh a athrá gur cheart an gnáthluach a choigeartú le haghaidh aisíocaíochtaí dleachta. Go háirithe, mhaígh sé go sonraítear le hAirteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán gur cheart gach difríocht a mbíonn tionchar acu ar inchomparáideacht praghsanna a chur san áireamh agus gur cheart an maíomh a dheonú, dá bhrí sin.

(57)

Diúltaíodh an maíomh sin. Theip ar Jindal India a léiriú go raibh tionchar ag an aisíocaíocht dleachta líomhnaithe ar inchomparáideacht praghsanna. Go háirithe, ní raibh Jindal India in ann a léiriú gur tháinig ardú comhsheasmhach ar phraghsanna intíre mar gheall ar an aisíocaíocht dleachta.

(58)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh Jindal India gur cheart don Choimisiún a áirithiú nach ndéantar comhaireamh dúbailte ar aisíocaíocht dleachtanna agus go sáraítear dlí na hEagraíochta Domhanda Trádála má fhritháirítear an fóirdheontas céanna faoi dhó trí dhleachtanna frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais a fhorchur i gcomhthráth (go háirithe i gcás fóirdheontais onnmhairiúcháin). (10) Toisc go bhfuil imscrúdú á dhéanamh ar roinn eintiteas sa Jindal Group san imscrúdú frith-fhóirdheontais mar fhóirdheontais in-fhrithchúitithe féideartha, ba cheart go n-áiritheodh an Coimisiún go gcoigeartaítear na haisíocaíochtaí dleachta seo sa chás reatha nó nach bhfrithchúitítear iad sa chás frith-fhóirdheontais.

(59)

Maidir leis an éileamh seo, shoiléirigh an Coimisiún ar na cúiseanna a luadh in aithris (53) den Rialachán sealadach agus in aithris (57) den Rialachán reatha, nach sásaíonn an scéim a úsáideann Jindal India maidir lena dhíolacháin onnmhairiúcháin leis an Aontas na coinníollacha a bhaineann le haon choigeartú faoi Airteagal 2(10)(b) nó (k) den bhun-Rialachán. Go háirithe, níor léirigh Jindal India gur íoc custaiméirí ar an margadh intíre praghsanna éagsúla go comhsheasmhach i bhfianaise na bunscéime. Mheas an Coimisiún dá bhrí sin go raibh na héilimh maidir le coigeartú gan bhunús agus ina dhiaidh sin dhiúltaigh sé iad.

(60)

Ní bhfuarthas aon mhaímh bhreise maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin. Dá bhrí sin, tá aithrisí (51) go (54) den Rialachán sealadach deimhnithe.

3.1.5.   Corrlaigh dhumpála

(61)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh an Jindal Group nuair a bhí dumpáil á ríomh, gur úsáid an Coimisiún luachanna CIF míchearta maidir le roinnt dá dhíolacháin san Aontas. Ach, chinn an Coimisiún go ndearna an Jindal Group féin an earráid chléireachais líomhnaithe ina fhreagra ceistneora, agus nár cuireadh an Coimisiún ar an eolas faoi roimh na gCros-Seiceálacha Cianda nó lena linn. Chomh maith leis sin, níor ardaigh an Jindal Group an tsaincheist sna barúlacha leis an réamhnochtadh agus sna barúlacha leis an nochtadh sealadach. Mheas an Coimisiún dá bhrí sin, tráth ar tugadh isteach an t-éileamh, nach bhféadfaí é a chros-seiceáil go cianda níos mó agus gur diúltaíodh an t-éileamh maidir leis an earráid líomhnaithe dá bhrí sin.

(62)

Faoi mar a shonraítear in aithrisí (27) go (60) thuas, chuir an Coimisiún san áireamh barúlacha páirtithe leasmhara a cuireadh isteach tar éis nochtadh sealadach agus deiridh. Tugadh ríomh Jindal India cothrom le dáta freisin d’fhonn earráid chléireachais a bhaineann leis an bpraghas onnmhairiúcháin a cheartú (féach aithris (49)).

(63)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Jindal India

13,9  %

Chromeni

45,1  %

Gach cuideachta eile

45,1  %

3.2.   An Indinéis

3.2.1.   Réamhbharúil

(64)

In aithrisí (58) go (86) den Rialachán sealadach, tagraítear do na heintitis Jindal de chuid na hIndinéise a raibh baint acu le táirgeadh agus díolacháin an táirge faoi imscrúdú mar “an Jindal Indonesia Group” nó “an Jindal Group”. Sa Rialachán seo, tagrófar do na heintitis sin mar “Jindal Indonesia” ach tagraíonn “an Jindal Group” do Jindal India, Jindal Indonesia agus eintitis ábhartha Jindal i dtríú tíortha.

3.2.2.   Gnáthluach

(65)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an ghnáthluacha in aithrisí (65) go (76) den Rialachán sealadach.

(66)

Ina aighneacht an 11 Meitheamh 2021, mheabhraigh GOIS go raibh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte de chuid na hIndinéise ag comhoibriú go hiomlán agus nach mór don Choimisiún a shonraí fíora a úsáid agus an gnáthluach á ríomh.

(67)

Tar éis nochtadh sealadach, rinne Jindal Indonesia a mhaíomh a athrá, i dteannta Jindal India, gur cheart don Choimisiún an gnáthluach ar chostais a bhaineann le dianghlasáil Covid-19 a choigeartú. Diúltaíodh an maíomh sin. Tugtar aghaidh air in aithrisí (32) go (36) thuas.

(68)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir IRNC in aghaidh chur chuige an Choimisiúin chun praghas margaidh ríofa a chur in ionad phraghas ceannaigh chornaí bána SSHR dá gceannófaí an táirge idirmheánach tábhachtach sin ó sholáthróirí gaolmhara. I bhfreagra ceistneora na cuideachta agus le linn na gcros-seiceálacha cianda rinne an Coimisiún amach go bhfuarthas na táirgí seo ó sholáthróirí gaolmhara ar phraghas aistrithe faoina chostas táirgthe. Sa ríomh sealadach, chuir an Coimisiún praghas margaidh ríofa ina bhfuil costas monaraíochta, costais SGA agus brabús na dtáirgí in ionad na bpraghsanna sin, dá bhrí sin. Mhaígh an chuideachta gur phraghsanna ar neamhthuilleamaí iad na praghsanna aistrithe, agus cháin sí an easpa anailíse maidir leis sin.

(69)

Rinne an Coimisiún anailís ar na mínithe agus ar na doiciméid tacaíochta a soláthraíodh agus tháinig sé ar an gconclúid gur ghá an cur chuige tosaigh maidir le cornaí bána SSHR a cheannach ó sholáthróirí gaolmhara a choigeartú. Go deimhin, bhí praghsanna díolacháin na soláthróirí cornaí bána SSHR gaolmhar le IRNC inchomparáide lena bpraghsanna díolacháin SSHR le custaiméirí neamhghaolmhara. Dá bhrí sin, mheas sé gurbh iomchuí glacadh le praghas ceannaigh IRNC do na táirgí sin nuair a bheadh an praghas sin comhionann lena chostas táirgthe nó níos mó ná sin agus a gcostas táirgthe a chur ina ionad nuair a fhaightear gurb ísle an praghas ceannaigh aistrithe.

(70)

Ina bharúlacha maidir leis an nochtadh deiridh, chuir Eurofer in aghaidh cur chuige athbhreithnithe an Choimisiúin maidir le costais chornaí bána SSHR IRNC, mar a mhínítear in aithris (69). Mhaígh Eurofer ar an gcéad dul síos nár cheart don Choimisiún úsáid a bhaint as praghsanna ceannacháin SSHR IRNC ó pháirtithe gaolmhara mar nach praghsanna ar neamhthuilleamaí a bheadh sna praghsanna seo. Ar an dara dul síos, chinn Eurofer go raibh cur chuige an Choimisiúin ar neamhréir leis na torthaí in imscrúdú a cuireadh i gcrích le déanaí ina raibh an grúpa cuideachtaí céanna páirteach (11). San imscrúdú sin, dhiúltaigh an Coimisiún costas táirgthe phríomh-chomhpháirt maidir le monaraíocht an táirge lena mbaineann. Ar an tríú dul síos, mhaígh sé i gcás go leanfadh an Coimisiún dá chur chuige, gur cheart dó brabús réasúnach a chur le praghas ceannacháin SSHR agus luach an idirbhirt idir na páirtithe gaolmhara á choigeartú, de bhun Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán, nó brabús IRNC ar SSCR a mhéadú, brabús arna úsáid agus an gnáthluach á ríomh chun idirbhearta ag costas nó ag brabús an-íseal a chúiteamh, i gcomhréir le hAirteagal 2(6) den bhun-Rialachán.

(71)

Rinne an Coimisiún scrúdú ar na maímh. Maidir leis an gcéad mhaíomh, chinn an Coimisiún go raibh an fhaisnéis a sholáthair soláthróirí gaolmhara SSHR de chuid IRNC iomlán agus leordhóthanach chun measúnú a dhéanamh ar cibé an ndearna nó nach ndearna an caidreamh idir IRNC agus na soláthróirí seo difríocht do phraghsanna ceannacháin SSHR. Chinn an Coimisiún nár dhíol na soláthróirí gaolmhara SSHR lena gcustaiméir IRNC gaolmhar amháin le linn na tréimhse imscrúdaithe ach le roinnt custaiméirí intíre neamhghaolmhara freisin agus go raibh na praghsanna díolacháin le IRNC agus leis na custaiméirí neamhghaolmhara sin ar neamhthuilleamaí. Dá bhrí sin, measadh nach ndearna an caidreamh idir IRNC agus a soláthróir gaolmhar difear do na praghsanna sin de réir Airteagal 2(1) den bhun-Rialachán agus nach bhfuil aon bhunús ann maidir le neamhaird a dhéanamh díobh ar an iomlán. Ar an dara dul síos, in éagmais aon seasamh a thógáil maidir leis na fíorais agus na conclúidí ar thángthas orthu san imscrúdú SSHR dá dtagraíonn Eurofer, mheabhraigh an Coimisiún go ndéantar measúnú agus anailís ar gach cás ar a thuillteanas féin agus má tá na fíorais a bhunaítear in imscrúdú amháin difriúil ó na fíorais a bunaíodh in imscrúdú roimhe sin, agus freisin más imscrúdú le déanaí atá ansin a bhaineann leis an ngrúpa cuideachtaí céanna, is féidir teacht ar chonclúid éagsúil.

(72)

Diúltaíodh an maíomh chun brabús réasúnach a chur le praghas ceannacháin SSHR mar go gceadaíonn Airteagal 2(5) go deimhin do choigeartú den sórt sin mura léirítear na costais a bhaineann le táirgeadh an táirge faoi imscrúdú go réasúnach i dtaifid an pháirtí lena mbaineann. San imscrúdú reatha, áfach, níor shuigh an Coimisiún gur amhlaidh an cás. Maidir leis an dara cuid den tríú maíomh, mheabhraigh an Coimisiún nach dtáirgtear an táirge faoi imscrúdú ach ag úsáid SSHR a fhoinsítear ó na soláthróirí gaolmhara sa chrios tionsclaíoch céanna agus go ndéanann IRNC céim chríochnaithe an táirgthe. Luaitear go soiléir in Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán go mbeidh an brabús “bunaithe ar shonraí iarbhír a bhaineann le táirgeadh agus le díolachán, i ngnathchúrsa trádála, an táirge comhchosúil, ag an onnmhaireoir nó ag an táirgeoir faoi imscrúdú”. Dá bhrí sin, ní chumhdaíonn an fhoráil seo ach cinneadh an chorrlaigh brabúis do dhíolachán an táirge chomhchosúil agus níl feidhm aige maidir le bunú an phraghais ar neamhthuilleamaí i ndíolachán amhábhar.

(73)

I bhfianaise a bhfuil thuas, diúltaíodh maímh Eurofer.

(74)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh Eurofer gur cheart coigeartú ar an ngnáthluach a dhéanamh faoi Airteagal 2(5) den bhun-Rialachán mar gheall ar an saobhadh amhábhair a rinneadh amach gurb ann dó san Indinéis. Tugtar aghaidh ar an gceist seo in aithrisí (45) go (46) thuas.

3.2.3.   An praghas onnmhairiúcháin

(75)

Leagadh amach na mionsonraí maidir le ríomh an phraghais onnmhairiúcháin in aithrisí (77) go (79) den Rialachán sealadach.

(76)

Mar a míníodh in aithris (79) den Rialachán sealadach, i gcás na dtáirgeoirí onnmhairiúcháin a d’onnmhairigh an táirge lena mbaineann chuig an Aontas trí chuideachtaí gaolmhara atá ag gníomhú ina n-allmhaireoirí, leagadh síos an praghas onnmhairiúcháin ar bhonn an phraghais ar ar athdhíoladh an táirge allmhairithe den chéad uair le custaiméirí neamhspleácha san Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 2(9) den bhun-Rialachán. Mar a shonraítear in aithris (64) den Rialachán sealadach, rinne Jindal Indonesia díolacháin áirithe trí IBJ sa Spáinn.

(77)

Tar éis nochtadh sealadach, thug Jindal Indonesia na barúlacha céanna a thug Jindal India maidir leis na díolacháin sin a luaitear in aithris (48) thuas. Diúltaíodh an maíomh sin. Níor nochtadh na cúiseanna lenar diúltaíodh an maíomh ach amháin don pháirtí lena mbaineann ar na cúiseanna a luaitear in aithris (48).

3.2.4.   Comparáid

(78)

Leagadh amach na mionsonraí maidir leis an gcomparáid idir an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin in aithrisí (80) go (83) den Rialachán sealadach.

(79)

Tar éis an nochta shealadaigh, thug Jindal Indonesia na barúlacha céanna a thug Jindal India maidir leis an gcoigeartú le haghaidh an choimisiúin bharúlaigh a luaitear in aithris (52) thuas. Diúltaíodh an maíomh sin. Níor nochtadh na cúiseanna lenar diúltaíodh an maíomh ach amháin don pháirtí lena mbaineann ar na cúiseanna a luaitear in aithris (52).

(80)

Mhaígh Jindal Indonesia gur cheart go mbeadh na rátaí úis gearrthéarmacha atá foilsithe ag Bank of Indonesia [Banc na hIndinéise] úsáidte ag an gCoimisiún d’iasachtaí USD agus IDR chun na costais chreidmheasa a ríomh in ionad rátaí úis idirbhainc gearrthéarmacha atá foilsithe ag CEIC.

(81)

Rinne an Coimisiún anailís ar na mínithe agus ar na doiciméid tacaíochta a soláthraíodh agus mheas sé go raibh bonn cirt leis an bhfoinse sonraí a athrú mar a mhaíonn Jindal Indonesia. Maidir le cur i bhfeidhm rátaí úis difriúla do dhíolacháin intíre agus onnmhairí, áfach, foráiltear le hAirteagal 2(10)(g) den bhun-Rialachán go bhféadfar coigeartú a dhéanamh do na difríochtaí idir na costais ar aon chreidmheas a dheonaítear i leith na ndíolachán i gceist, ar choinníoll gur fachtóir é a chuirfear san áireamh agus praghsanna atá le gearradh á gcinneadh. Rinne an Coimisiún amach le linn na gcros-seiceálacha cianda go bhfuil an chuideachta ag maoiniú a hoibríochtaí intíre agus onnmhairiúcháin araon trí iasachtaí gearrthéarmacha agus trí shaoráidí trádála omnibus in USD go príomha. Níor aimsigh an Coimisiún fianaise i dtaifid na cuideachta chun údar a thabhairt le ráta úis difriúil a úsáid chun iasachtaí a fháil in IDR do na díolacháin intíre. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh chun an ráta úis d’iasachtaí IDR a úsáid chun díolacháin intíre a mhaoiniú.

(82)

Mhaígh IRNC Group arís eile go raibh an Coimisiún neamhréireach tríd an bpraghas onnmhairiúcháin a choigeartú de bhun Airteagal 2(10)(e) den bhun-Rialachán le haghaidh costais iompair áirithe ach diúltaíodh na maímh chun praghsanna na ndíolachán intíre a choigeartú le haghaidh costais iompair áirithe agus costais ghaolmhara eile, go háirithe na costais a tabhaíodh chun an táirge lena mbaineann a iompar ón monarcha go dtí an trádstóras intíre.

(83)

Thug an Coimisiún dá aire go bhfuil Airteagal 2(10)(e) den bhun-Rialachán infheidhme maidir leis na costais iompair a tabhaíodh, tar éis an díolachán a dhéanamh, as na hearraí a aistriú ó áitreabh an onnmhaireora chuig an gcéad cheannaitheoir neamhspleách. Is cuid dá áitreabh é trádstóras intíre IRNC agus tabhaíodh na costais arna dtabhú as na hearraí a aistriú ón monarcha go dtí an trádstóras intíre sula ndearnadh an díolachán.

(84)

Mhaígh IRNC freisin nár mhínigh an Coimisiún cén fáth nár cheart costais a bhain le muirir iompair agus calafoirt chomhchosúla ghaolmhara arna dtabhú maidir leis na hearraí a trasloingsíodh trí chrios faoi bhannaí na Síne a dhiúltú mar an gcéanna. Rinne an Coimisiún anailís ar na barúlacha agus ar an bhfianaise ar an gcomhad, go háirithe an conradh díolacháin idir an táirgeoir agus a thrádálaithe gaolmhara a bhí páirteach sna díolacháin onnmhairí. Thug an Coimisiún dá aire sa chonradh díolacháin, go sainaithnítear go soiléir go bhfuil an calafort díluchtaithe lonnaithe san Aontas agus go gceadaítear trasloingsiú na n-earraí. Thairis sin, le haghaidh díolacháin onnmhairí is é an trádálaí a thabhaíonn na costais iompair go díreach agus, dá bhrí sin, déanann siad difear don inchomparáideacht praghsanna ach maidir le costais trádstórála na ndíolachán intíre is é an táirgeoir a íocann an costas chun na hearraí a aistriú go dtí an trádstóras agus tabhaíodh iad sula ndearnadh an díolachán. Dá bhrí sin, diúltaíodh an maíomh.

(85)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh IRNC freisin gur lean an Coimisiún cur chuige neamhréireach toisc nach ndearna sé coigeartú faoi Airteagal 2(10)(i) ar an ngnáthluach, agus na coigeartuithe céanna a rinne sé de bhun Airteagal 2(10)(i) ar na díolacháin onnmhairí arna ndéanamh trí thrádálaithe gaolmhara á ndéanamh arís aige, dá réir sin.

(86)

Mheabhraigh an Coimisiún go suitear go follasach le dlí-eolaíocht na Cúirte Breithiúnais (12)“ […] i gcás páirtí a bhfuil coigeartuithe á n-éileamh aige faoi Airteagal 2(10) den bhun-Rialachán d’fhonn an gnáthluach agus an praghas onnmhairiúcháin a bheith inchomparáide chun críche an corrlach dumpála a chinneadh, nach mór dó a chruthú go bhfuil údar leis an éileamh sin […]”. Níl sa tíolacadh a rinne IRNC ina leith sin ach ráiteas lena n-iarrtar coigeartú a dhéanamh ar an ngnáthluach ach níl aon réasúnú substainteach nó míniú mionsonraithe ann. Mheabhraigh an Coimisiún freisin nach mbíonn coigeartú ar an ngnáthluach i gcoigeartú ar an bpraghas onnmhairiúcháin go huathoibríoch, agus nach mór don pháirtí a iarrann an coigeartú údar iomchuí a thabhairt do choigeartú den sórt sin ar an ngnáthluach, bunaithe ar fhíorais agus ar fhianaise.

(87)

Dá réir sin, shuigh an Coimisiún gur léir nach gcomhlíonann ráiteas beag lena n-iarrtar coigeartú a dhéanamh, gan aon iarraidh gan bhunús a sholáthar mar thaca leis, an caighdeán dlí arna bhunú ag an gCúirt Bhreithiúnais. Dá réir sin, diúltaíodh an maíomh sin toisc nach raibh aon bhunús leis.

(88)

Mhaígh IRNC freisin go bhfuil an dualgas ar an gCoimisiún a chinneadh chun coigeartú a dhéanamh ar an bpraghas onnmhairiúcháin faoi Airteagal 2(10)(i) a chruthú le fianaise agus gur mhainnigh air cúiseanna leordhóthanacha a lua ina dhoiciméid shealadacha agus ina dhoiciméid nochta deiridh.

(89)

De réir na mbarúlacha a fuarthas ón gcuideachta tar éis nochtadh deiridh, an 16 Meán Fómhair 2021 sholáthair an Coimisiún nochtadh breise a bhain go sonrach leis an gcuideachta lena mínítear níos mionsonraithe na cúiseanna agus an fhianaise atá mar bhonn taca faoi choigeartú den sórt sin ar an bpraghas onnmhairiúcháin. Níor chuir an chuideachta aon bharúil isteach maidir leis an nochtadh sonrach sin.

3.2.5.   Corrlaigh dhumpála

(90)

Faoi mar a shonraítear in aithrisí (65) go (89) thuas, chuir an Coimisiún barúlacha na bpáirtithe leasmhara a cuireadh isteach tar éis nochtadh sealadach san áireamh agus rinne sé na corrlaigh dhumpála a athríomh dá réir.

(91)

Seo a leanas na corrlaigh dhumpála chinntitheacha arna sloinneadh ina gcéatadáin den chostas, árachais agus last-táille (CAL) ag teorainn an Aontais, dleacht gan íoc:

Cuideachta

Corrlach dumpála cinntitheach

Jindal Indonesia

20,2  %

An IRNC Group

10,2  %

Gach cuideachta eile

20,2  %

4.   DÍOBHÁIL

4.1.   Sainmhíniú ar an tionscal an Aontais agus ar tháirgeacht an Aontais

(92)

Tar éis nochtadh deiridh, d’áitigh Arinox, páirtí leasmhar a bhí cáilithe go sealadach mar úsáideoir, gur cheart é a bhreithniú mar tháirgeoir an Aontais. Ba cheart a thabhairt faoi deara gur cuireadh sonraí na cuideachta san áireamh sna táscairí maicreacnamaíocha, arna gcur isteach ag Eurofer agus arna gcros-seiceáil ag an gCoimisiún agus, dá bhrí sin, mheas an Coimisiún gur cuid de thionscal an Aontais ar a dtugtar tuairisc in aithris (87) den Rialachán sealadach í an chuideachta sin. Thug an Coimisiún dá aire, áfach, gur shainaithin Arinox é féin mar úsáideoir deiridh agus mar allmhaireoir ina iarraidh tosaigh ar eisiamh táirge agus go raibh maímh na cuideachta arna ndéanamh ag an gcéim shealadach bainteach leis na gníomhaíochtaí a d’fheidhmigh sé mar úsáideoir ar mhargadh an Aontais.

(93)

D’iarr Arinox, Euranimi, agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin go gcuirfí aitheantas na 13 tháirgeoir an Aontais a chuimsítear i dtionscal an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe in iúl dóibh. Seachas na trí tháirgeoir shampláilte agus na cuideachtaí a thacaíonn leis an ngearán (i.e. Acerinox, Outokumpu Nirosta GmbH, Outokumpu Stainless AB), seo iad Marcegaglia, Acroni, Arinox, Otelinox, agus trí athrollóir atá lonnaithe sa Ghearmáin (i.e. SAP Precision Metal, BWS, agus Waelzholz).

(94)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an sainmhíniú ar an tionscal an Aontais agus táirgeacht an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (87) go (89) den Rialachán sealadach.

4.2.   Tomhaltas an Aontais

(95)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil le tomhaltas an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (90) go (92) den Rialachán sealadach.

4.2.1.   Measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(96)

Chuir an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin in aghaidh an mheasúnúcháin charnaigh ar éifeachtaí allmhairí de chuid na hIndia agus na hIndinéise ar staid thionscal an Aontais. D’áitigh na páirtithe leasmhara go bhfuil na méideanna allmhairí ón dá thír íseal, go bhfuil an treocht in allmhairí ón India (atá ag laghdú beagán) agus ón Indinéis (atá ag méadú go tapa) le linn na tréimhse lena mbaineann difriúil agus nach ndearnadh aon mheasúnú ceart ar na gnáthdhálaí iomaíochta idir táirgí allmhairithe agus idir na táirgí allmhairithe agus táirgí comhchosúla an Aontais arna iarraidh ag Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán.

(97)

Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis nochtadh sealadach, chuir an gearánach in aghaidh an mhaímh arna ndéanamh ag an gcuibhreannas agus ag an allmhaireoir neamhghaolmhar lena leagtar amach nach mbaineann treochtaí allmhairiúcháin le cur i bhfeidhm Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán, go ndearnadh measúnú mar is iomchuí ar na gnáthdhálaí iomaíochta, agus go n-áirithíonn measúnú carntha cur i bhfeidhm neamh-idirdhealaitheach dleachtanna.

(98)

Chinn an Coimisiún gur comhlíonadh na ceanglais chun measúnú carnach a dhéanamh ar na hallmhairí. Níor dhiomaibhseach an méid allmhairí ó gach ceann den dá thír lena mbaineann, i.e. os cionn 1 % de sciar den mhargadh an ceann, agus thug na gnáthdhálaí iomaíochta údar le measúnú carnach, toisc go bhfuil na saintréithe bunúsacha fisiceacha, ceimiceacha agus teicniúla céanna ag na táirgí allmhairithe agus atá ag na táirgí arna ndíol ag na táirgeoirí an Aontais agus tá na húsáidí bunúsacha céanna acu. Léirítear é sin le leibhéal ard meaitseála na gcineálacha táirge a allmhairíodh ón India agus ón Indinéis leis na cineálacha táirge arna ndíol ag na táirgeoirí an Aontais.

(99)

Thairis sin, bunaíodh go bhfuil na cineálacha táirgí a allmhairíodh ón India agus ón Indinéis cosúil le chéile den chuid is mó agus go bhfuil leibhéal a bpraghsanna féin inchomparáide.

(100)

Thairis sin, mar a chuir an gearánach in iúl, ní cheanglaítear le hAirteagal 3(4) den bhun-Rialachán go ndéanfaí comparáid idir na treochtaí allmhairiúcháin idir na tíortha lena mbaineann.

(101)

Tar éis nochtadh sealadach, d’iarr an cuibhreannas agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin go nochtfaí na múnlaí teoiriciúla arna n-úsáid chun measúnú a dhéanamh ar dhálaí iomaíochta i margadh an Aontais den táirge faoi imscrúdú agus de na tíortha lena mbaineann, agus d’iarr siad go dtabharfaí deimhniú go ndeachthas i gcomhairle le seirbhísí iomaíochta agus le seirbhísí anailíse eacnamaíche an Choimisiúin maidir leis na dálaí iomaíochta sin.

(102)

D’áitigh siad freisin nach soláthraítear aon anailís staidrimh chun tacú leis na torthaí in aithrisí (99) agus (100) thuas, agus d’áitigh siad go raibh an sciar den mhargadh d’allmhairí ón India agus ón Indinéis íseal i gcomparáid leis an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais. Maidir leis an India, bhí na méideanna allmhairí le linn na tréimhse imscrúdaithe níos ísle ná na méideanna allmhairí in 2017 agus in 2018 agus bhí siad cosúil leis na hallmhairí in 2019. Thairis sin, tá na méideanna allmhairí den táirge lena mbaineann ón India teoranta ag an gcuóta tíre arna leagan amach ag na bearta cosanta ar chruach. Dá bhrí sin, chinn an cuibhreannas agus an t-allmhaireoir neamhghaolmhar nach mbeadh sé iomchuí Airteagal 3(4) den bhun-Rialachán a chur i bhfeidhm.

(103)

Rinne an Coimisiún anailís theoiriciúil inar chuir sé na cineálacha táirgí a dhíolann táirgeoirí onnmhairiúcháin ar mhargadh an Aontais agus an táirge a dhíolann táirgeoirí an Aontais i gcomparáid le chéile, ar bhonn na n-uimhreacha rialaithe táirgí arna dtabhairt ag na cuideachtaí sampláilte. Léirigh an anailís sin leibhéal ard meaitseála. Soláthraítear an leibhéal meaitseála idir gach táirgeoir onnmhairiúcháin agus na díolacháin a rinne tionscal an Aontais do na táirgeoirí onnmhairiúcháin sampláilte ina nochtadh sonrach. Thairis sin, shuigh an Coimisiún freisin go raibh leibhéal suntasach cosúlachta sna cineálacha táirgí a dhíolann na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón Indinéis i gcomparáid leis na cineálacha táirgí a dhíolann na táirgeoirí onnmhairiúcháin ón India. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go raibh sé soiléir go raibh na táirgí allmhairithe ó na tíortha lena mbaineann agus na táirgí an Aontais in iomaíocht le chéile agus gurb iomchuí measúnú carnach a dhéanamh ar éifeachtaí na n-allmhairí. Níor sholáthair an cuibhreannas ná an t-allmhaireoir neamhghaolmhar aon fhianaise chuí-réasúnaithe maidir le cén fáth go mbeadh an anailís a rinne an Coimisiún mícheart ná neamhleor. Toisc go bhfuil cuóta a bhaineann go sonrach leis an tír laistigh de na bearta cosanta ag an India, ní dhéanann sé sin difear don anailís seo i bhfianaise na ndálaí a liostaítear in Airteagal 3(4). Diúltaíodh, dá bhrí sin, an maíomh.

(104)

In éagmais aon bharúil eile maidir leis an measúnú carnach ar éifeachtaí allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, dheimhnigh an Coimisiún gach conclúid eile a leagtar amach in aithrisí (93) go (98) den Rialachán sealadach.

4.2.2.   Méid agus sciar margaidh na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann

(105)

Mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin gur tháinig méadú ar allmhairí ón Indinéis toisc gur onnmhaireoir nua den táirge faoi imscrúdú é an tír seo leis an Aontas agus nár tháinig méadú ar na hallmhairí ón India le linn na tréimhse a breithníodh, dá bhrí sin, ní raibh aon tionchar ag méadú a d’fhéadfadh a bheith sa sciar den mhargadh de na tíortha lena mbaineann ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais, ach chuaigh sé in ionad na n-allmhairí ó thríú tíortha eile.

(106)

Faoi mar a leagtar síos in aithrisí (97) go (105) thuas, rinne an Coimisiún anailís charnach ar na hallmhairí agus léiríodh treocht mhéadaithe leis na hallmhairí ó na tíortha lena mbaineann le linn na tréimhse a breithníodh. Tháinig méadú beag ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh agus níor thosaigh an Indinéis ar a bheith ag onnmhairiú go dtí an tAontas ach ag tús na tréimhse a breithníodh, ach in ainneoin sin rinneadh allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar phraghsanna dumpáilte, rud a bhí ina chúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, b’éigean an maíomh a dhiúltú.

(107)

In éagmais aon bharúil eile maidir le méideanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus a gcuid sciartha den mhargadh, dheimhnigh an Coimisiún gach conclúid eile a leagtar amach in aithrisí (99) go (101) den Rialachán sealadach.

4.2.3.   Praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghais

(108)

In aithris (105) den Rialachán sealadach, mhaígh an Coimisiún gur chinn sé go raibh corrlaigh sladghearrtha 4.8 % agus 13.4 % ann do na táirgeoirí onnmhairiúcháin Indiacha.

(109)

Bhí earráid chléireachais sna corrlaigh sin, áfach, agus ba cheart iad a cheartú ina gcorrlaigh sladghearrtha 5.8 % agus 13.4 %.

(110)

Tar éis an nochta deiridh, d’áitigh Euranimi agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin nach bhféadfaidís an chaoi ar cinneadh praghsanna allmhairiúcháin an táirge lena mbaineann ná an chaoi ar ríomhadh an corrlach sladghearrtha, lena n-áirítear a choigeartuithe, a athchruthú.

(111)

Tá na praghsanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, mar a thugtar i dTábla 3 den Rialachán sealadach, bunaithe ar Eurostat. Tá an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí. Mar a mhínítear in aithris (104) den Rialachán sealadach, bhí an corrlach sladghearrtha bunaithe ar chomparáid idir praghsanna díolachán na dtáirgeoirí sampláilte an Aontais a gearradh ar chustaiméirí neamhghaolmhara ar mhargadh an Aontais agus ar phraghsanna comhfhreagracha na dtáirgeoirí sampláilte an Aontais chuig an gcéad chustaiméir neamhspleách ar mhargadh an Aontais, arna ndifreáil in aghaidh an chineáil táirge agus arna gcoigeartú le bheith ar théarmaí díolachán comhionanna. Ós rud é go bhfuil na praghsanna díolachán mionsonraithe in aghaidh na cuideachta gnó rúnda de réir sainmhínithe, níor soláthraíodh iad ach do na cuideachtaí lena mbaineann ina nochtuithe sonracha féin.

(112)

In éagmais aon bharúil eile maidir leis na praghsanna allmhairí ó na tíortha lena mbaineann agus sladghearradh praghsanna, dheimhnigh an Coimisiún gach conclúid a leagtar amach in aithrisí (102) go (105) den Rialachán sealadach, leis an gceartúchán déanta mar a mhínítear in aithris (71) thuas.

4.3.   Staid eacnamaíoch thionscal an Aontais

4.3.1.   Barúlacha ginearálta

(113)

In éagmais aon bharúlacha, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (106) go (110) den Rialachán sealadach.

4.3.2.   Táscairí maicreacnamaíocha

(114)

Tar éis an nochta shealadaighh, mhaígh Eurofer gur tháinig laghdú seachas méadú ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú mar is léir ón gconclúid in aithris (116) den Rialachán sealadach.

(115)

Ní bheadh an ráiteas seo ceart, áfach, ach amháin dá mbeadh barúil Eurofer maidir le tríú tíortha a líomhnaítear atá boilscithe ceart ó thaobh na bhfíoras de. Mar a mhínítear in aithris (135) thíos, sholáthair an Rialachán sealadach figiúirí cearta maidir leis na méideanna allmhairí. Dá bhrí sin, bhí an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais ceart freisin.

(116)

Tar éis nochtadh sealadach, chuir an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí, agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin in iúl gur léirigh an Rialachán sealadach neamhréireacht thart ar 300 míle tona go 400 míle tona idir figiúirí táirgthe thionscal an Aontais le linn na tréimhse atá á breithniú, ar a dtugtar tuairisc in aithris (111) den Rialachán sealadach, agus na díolacháin, na stoic agus na figiúirí onnmhairiúcháin comhfhreagracha ar a dtugtar tuairisc in aithrisí (114), (126) agus (152) den bhun-Rialachán. Tar éis nochtadh deiridh, chuir siad in aghaidh leibhéal acmhainne thionscal an Aontais agus d’iarr siad go dtabharfaí fianaise den mhéid a leanas dóibh: an acmhainneacht táirgeachta ainmniúil, an fhíoracmhainneacht táirgeachta, an acmhainneacht táirgeachta a úsáideadh go héifeachtach, an fhíorchainníocht arna dtáirgeadh ag gach táirgeoir aonair, sonraí mhéideanna díolachán agus phraghsanna díolachán na dtáirgeoirí aonair Eorpacha, méideanna allmhairí gach táirgeora an Aontais ó na tíortha lena mbaineann.

(117)

Ní féidir na figiúirí thuas a mheaitseáil ina n-iomláine, áfach, toisc go dtagraíonn méideanna táirgthe, díolachán agus onnmhairiúcháin do thionscal iomlán an Aontais ach is táscaire micreacnamaíoch iad figiúirí fardail, a thuairiscítear in aithris (126) den Rialachán sealadach, nach dtagraíonn ach do na táirgeoirí sampláilte an Aontais. Rinne an Coimisiún na figiúirí uile a chros-seiceáil agus fuarthas go raibh siad iontaofa. Ós rud é go bhfuil na figiúirí aonair in aghaidh an táirgeora gnó rúnda, níor sholáthair an Coimisiún ach an fhaisnéis chomhiomlánaithe sa Rialachán sealadach.

(118)

Thairis sin, baineann nach mór leath den neamhréireacht a líomhnaítear le díolacháin faoi chuing an Aontais do na húsáideoirí gaolmhara. Cuireadh na méideanna sin san áireamh le figiúirí táirgthe a thuairiscítear in aithris (111) den Rialachán sealadach ach níor cuireadh san áireamh iad le méideanna díolachán thionscal an Aontais a thuairiscítear in aithris (114) den Rialachán sealadach. B’ionann na díolacháin faoi chuing an Aontais agus thart ar 5 % de dhíolacháin iomlána de chuid thionscal an Aontais agus bhí an cóimheas sin cobhsaí le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú.

(119)

Tar éis nochtadh deiridh, d’áitigh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin gur léirigh an méadú ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais nach bhfuil díobháil ann agus nach raibh tionchar ag an méadú ar an sciar den mhargadh de na tíortha lena mbaineann ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais.

(120)

Mar a mhínítear in aithris (107), fiú má tháinig méadú beag ar an sciar den mhargadh de thionscal an Aontais le linn na tréimhse a breithníodh fós féin léirigh allmhairí ó na tíortha lena mbaineann méadú 86 % agus rinneadh iad ar phraghsanna dumpáilte, rud a bhí ina chúis le díobháil ábhartha do thionscal an Aontais. Dá bhrí sin, b’éigean an maíomh a dhiúltú.

(121)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí faoi mar atá leagtha amach in aithrisí (111) go (121) den Rialachán sealadach.

4.3.3.   Táscairí micreacnamaíocha

(122)

Tar éis nochtadh deiridh, d’áitigh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin nach bhféadfaí nasc a dhéanamh idir treocht dhiúltach brabúsachta de thionscal an Aontais agus allmhairí ó na tíortha lena mbaineann, ós rud é go bhfuil a méideanna íseal agus nach bhféadfadh sé go raibh tionchar acu ar an margadh ar bhealach chomh suntasach sin. Mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí agus an t-allmhaireoir neamhghaolmhar gur tháinig méadú ar bhrabúis thionscal an Aontais ón tréimhse imscrúdaithe.

(123)

Tá na méideanna allmhairí ó na tíortha os cionn de minimis agus ba iad a bpraghsanna ísle, a fuarthas go ndearnadh iad a dhumpáil, ba chúis le brú praghsanna ar mhargadh an Aontais, mar a leagtar síos in aithris (141) den Rialachán sealadach. Dá bhrí sin, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid go bhféadfaí nasc a dhéanamh idir an méadú ar allmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an treocht dhiúltach brabúsachta de thionscal an Aontais. Ní athraíonn méadú faoi dheireadh ar leibhéal brabúsachta na dtáirgeoirí an Aontais tar éis na tréimhse imscrúdaithe an chonclúid sin, ós rud é go bhfuil an t-imscrúdú teoranta don tréimhse imscrúdaithe.

(124)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (122) go (133) den Rialachán sealadach.

4.4.   Conclúid faoi dhíobháil

(125)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí, allmhaireoir neamhghaolmhar amháin, chomh maith le GOIS gur tháinig forbairt dhearfach ar roinnt táscairí díobhála le linn na tréimhse faoi bhreathnú, á chur i dtábhacht an méadú ar an sciar den mhargadh atá ag tionscal an Aontais, an méadú ar fhostaíocht agus an laghdú ar stoic.

(126)

D’fhan leibhéal na stoc seasmhach mar chéatadán de na méideanna díolachán agus níorbh tháscaire díobhála soiléir é, dá bhrí sin. Go deimhin, tháinig forbairt dhearfach ar an dá tháscaire eile i gceist le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Bhí an méadú ar an sciar den mhargadh chun aimhleasa bhrabúsacht na dtáirgeoirí an Aontais, áfach, mar a mhínítear in aithris (134) den Rialachán sealadach. Tháinig méadú beag ar fhostaíocht ach laghdaíodh costais saothair mar sin féin. Níor chuir na torthaí sin na príomhthorthaí maidir le díobháil ó bhail, áfach, i.e. an fhorbairt dhiúltach ar bhrabúsacht agus gach táscaire airgeadais de chuid thionscal an Aontais.

(127)

D’áitigh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí, agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin tuilleadh, i gcomhréir leis na sonraí atá ar fáil maidir leis an gcéad ráithe de 2021, go bhfuil feabhas ag teacht ar staid airgeadais tháirgeoirí an Aontais a sampláladh agus dá bhrí sin ní theastaíonn tuilleadh cosanta ón tionscal.

(128)

Bhí an anailís ar staid eacnamaíoch thionscal an Aontais bunaithe ar an tréimhse faoi bhreathnú, ar tháinig deireadh léi i mí an Mheithimh 2020. Mar a léirítear in aithrisí (128) go (133) den Rialachán sealadach, tháinig meath ar tháscairí airgeadais uile tháirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse faoi bhreathnú. Maidir leis sin, ní féidir an chonclúid a bheith neamhbhailí de bharr feabhsú gearrthéarmach líomhnaithe ar chás tháirgeoirí an Aontais, arna dtacú leo ag tuarascálacha nach ndearnadh iniúchadh orthu a thagraíonn don chéad ráithe de 2021.

(129)

Ar bhonn a bhfuil thuas, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid chinntitheach gur bhain díobháil ábhartha do thionscal an Aontais de réir bhrí Airteagal 3(5) den bhun-Rialachán.

5.   CÚISÍOCHT

5.1.   Éifeachtaí na n-allmhairí dumpáilte

(130)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh GOIS nach bhféadfadh allmhairí ón Indinéis a bheith ina gcúis le díobháil mar gheall ar a sciar íseal den mhargadh agus ós rud é go raibh méadú ag teacht ar a praghsanna le linn na tréimhse faoi bhreathnú.

(131)

Mheabhraigh an Coimisiún sa chéad dul síos go ndearnadh measúnú carnach ar allmhairí de chuid na hIndinéise agus ar a sciar den mhargadh leis na hallmhairí de chuid na hIndia. Thairis sin, thug an Coimisiún dá aire go raibh an sciar de mhargadh na hIndinéise ag dul i méid go tapa in aon chás le linn na tréimhse faoi bhreathnú ó 0,4 % in 2017 go 2,8 % le linn na tréimhse imscrúdaithe. Maidir le praghsanna, cé go raibh siad ag dul i méid le linn na tréimhse faoi bhreathnú, bhí praghsanna na hIndinéise i gcónaí faoi phraghsanna thionscal an Aontais.

(132)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil leis an nasc cúisíoch idir allmhairí dumpáilte ón India agus ón Indinéis agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí, conclúidí a leagtar amach in aithrisí (141) go (143) den Rialachán sealadach.

5.2.   Éifeachtaí fachtóirí eile

(133)

Tar éis nochtadh sealadach, léirigh Eurofer neamhréireacht idir na figiúirí a bhaineann le méideanna allmhairí ó thríú tíortha faoi chuing i dtábla 11 den Rialachán sealadach agus i sonraí Eurostat.

(134)

Níl allmhairí a thuairiscítear in Eurostat faoi na custaim speisialta a ghabhann le próiseáil isteach agus amach sna figiúirí a dtagraíonn Eurofer dóibh, áfach, a cuireadh san áireamh i dtábla 11 den Rialachán sealadach.

(135)

Tar éis nochtadh deiridh, bhí amhras ar Eurofer maidir le cruinneas na méideanna allmhairí a d’úsáid an Coimisiún agus d’áitigh sé go n-imíonn an cur chuige, mar a leagtar amach in aithris (99) thuas, ó ghnáthchleachtas an Choimisiúin agus go bhfuil sé neamhréireach le cuspóir an mheasúnúcháin ar an díobháil agus ar an nasc coibhneasta san imscrúdú. Mhaígh Eurofer nach bhfuil allmhairí faoi na córais chustaim a ghabhann le próiseáil isteach agus amach faoi réir dleachtanna frithdhumpála agus nach bhfuil siad in iomaíocht le hearraí de chuid thionscal an Aontais.

(136)

Maidir le hearraí a allmhairítear faoi na córais phróiseála isteach agus amach, mheas an Coimisiún nach ndéantar iad a iompar tríd an Aontas amháin ach go dtugann siad faoi oibríochtaí próiseála breisluacha freisin, amhail cóimeáil agus claochlú, san Aontas. Dá réir sin, tá sé soiléir go bhfuil na hallmhairí sin in iomaíocht leis na táirgí a mhonaraíonn tionscal an Aontais. Mar shampla, d’fhéadfadh cuideachta atá lonnaithe san Aontas arbh é a ghníomhaíocht go beacht na hoibríochtaí próiseála sin a chur i gcrích, an táirge a cheannach ó thionscal an Aontais nó é a allmhairiú faoin gcóras a bhaineann le próiseáil isteach. Dá bhrí sin, ba cheart allmhairí faoi na córais chustaim speisialta sin a chur san áireamh don mheasúnú ar an díobháil. Go deimhin, tá siad faoi réir bhailiú na ndleachtanna i gcomhréir le hAirteagal 76 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2015/2446 ón gCoimisiún (13) freisin.

(137)

Thairis sin, d’áitigh Eurofer nach raibh na méideanna allmhairí ó thíortha difriúla comhsheasmhach ós rud é nach raibh na córais chustaim a ghabhann le próiseáil isteach agus amach san áireamh sna méideanna allmhairí ó thríú tíortha áirithe.

(138)

Ba iad na méideanna allmhairí na figiúirí oifigiúla ó Eurostat agus maidir leis na tíortha lena mbaineann agus gach tríú tír eile araon, cuireadh an gnáthchóras custaim agus na córais chustaim a ghabhann le próiseáil isteach agus amach san áireamh leo.

(139)

Thairis sin, thagair Eurofer do na méideanna allmhairí san athbhreithniú éaga ar allmhairí den táirge céanna ón tSín agus ón Téaváin leis an tréimhse imscrúdaithe chéanna agus an tréimhse chéanna atá á breithniú, i gcás inar mheas an Coimisiún tomhaltas an Aontais agus an sciar de mhargadh an Aontais gan allmhairí faoi na córais chustaim speisialta a ghabhann le próiseáil isteach agus amach a chur san áireamh. Dá bhrí sin, tá difríochtaí sna figiúirí idir an t-athbhreithniú éaga agus an t-imscrúdú reatha ar allmhairí, ar thomhaltas, agus ar an sciar den mhargadh, rud lena gcruthaítear earráid fhollasach i gceann amháin den dá imscrúdú.

(140)

Go deimhin, tá an tréimhse imscrúdaithe chéanna agus an tréimhse chéanna faoi bhreathnú don anailís díobhála ag an athbhreithniú éaga ar allmhairí SSCR ón tSín agus ón Téaváin. Is de chineál eile an anailís a rinneadh san imscrúdú sin, áfach, i.e. leanúnachas na dumpála agus na díobhála nó dóchúlacht go dtarlóidh an dumpáil agus an díobháil arís, agus níl aon chonclúid ar thángthas uirthi san imscrúdú sin bailí go huathoibríoch san imscrúdú atá i dtrácht. Mar sin, d’ainneoin nár cuireadh na hallmhairí faoi na córais phróiseála isteach agus amach san áireamh leis na figiúirí allmhairiúcháin san athbhreithniú éaga sin, seasann na conclúidí a fuarthas san imscrúdú sin fós. Dá bhrí sin, níor mheas an Coimisiún go raibh earráid fhollasach sna sonraí eisréimneacha sin.

(141)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh an cuibhreannas allmhaireoirí agus dáileoirí, agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin nach raibh táscairí airgeadais thionscal an Aontais ag dul in olcas mar gheall ar allmhairí dumpáilte ach mar gheall ar thionchar phaindéim Covid-19. Sna barúlacha a chuir an gearánach isteach tar éis nochtadh sealadach, chuir an gearánach in aghaidh an mhaímh sin á rá gur léirigh an treocht díobhála le linn na tréimhse faoi bhreathnú a mhalairt.

(142)

Chinn an Coimisiún go raibh an-tionchar ag praghsanna na n-allmhairí ó na tíortha lena mbaineann ar phraghsanna thionscal an Aontais agus ar a tháscairí airgeadais. Mar a leagtar amach in aithris (103) den Rialachán sealadach, bhí na meánphraghsanna allmhairiúcháin ón dá thír lena mbaineann níos ísle go comhsheasmhach ná praghsanna táirgeoirí an Aontais le linn na tréimhse iomláine faoi bhreathnú, roimh phaindéim Covid-19. D’fhéadfaí go raibh tionchar ag an bpaindéim ar an tomhaltas ar mhargadh an Aontais ach ní fhéadfaí gur tháinig tionchar den sórt sin chun solais ach sa ráithe dheireanach den tréimhse imscrúdaithe (mí Aibreáin-mí an Mheithimh 2020), agus tugadh laghdú substaintiúil ar thomhaltas faoi deara cheana féin in 2019.

(143)

Thairis sin, rinne an Coimisiún anailís ar an laghdú ar thomhaltas (cibé acu an mbaineann nó nach mbaineann sé go páirteach le Covid-19) mar fhachtóir eile a d’fhéadfaí go ndearna sé díobháil in aithrisí (150) go (151) den Rialachán sealadach agus chinn sé go sealadach nach ndearna sé an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte ó na tíortha lena mbaineann agus an díobháil ábhartha a bhain do thionscal an Aontais a mhaolú. Tá an chonclúid seo deimhnithe.

5.3.   An chonclúid ar chúisíocht

(144)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, na tosca a ndearnadh anailís orthu ina n-aonar nó i dteannta a chéile, tháinig an Coimisiún ar an gconclúid nár mhaolaigh aon cheann de na tosca sin an nasc cúisíoch idir na hallmhairí dumpáilte agus an díobháil a bhain do thionscal an Aontais sa tslí nach fíor-nasc substaintiúil a bheadh ann a thuilleadh, rud a dhearbhaíonn an chonclúid in aithrisí (160) go (163) den Rialachán sealadach.

6.   LEIBHÉAL NA mBEART

6.1.   Corrlach gearrdhíola

(145)

Tar éis bearta sealadacha a fhorchur, d’ardaigh an gearánach dhá shaincheist theicniúla maidir le ríomh an chorrlaigh díobhála, a bhaineann le dímheas na n-infheistíochtaí measta a ligtear thar ceal agus le comhlíontacht costas comhshaoil amach anseo do cheann amháin de na táirgeoirí sampláilte an Aontais. Chun na hinfheistíochtaí a ligtear thar ceal a ríomh, mheas an Coimisiún go raibh sé réasúnta é féin a bhunú ar dhímheas na n-infheistíochtaí a ligtear thar ceal laistigh den tréimhse imscrúdaithe de réir mar a chuir na táirgeoirí sampláilte an Aontais ar fáil iad. Níor sholáthair an gearánach aon fhianaise thacaíochta maidir le cén fáth go mbeadh cur chuige den sórt sin míréasúnta. Bunaithe ar shonraí tacaíochta agus ar fhaisnéis a chuir an gearánach isteach, ghlac an Coimisiún leis an maíomh a bhaineann le comhlíontacht costas comhshaoil amach anseo ónar tháinig méadú beag ar na corrlaigh díobhála chinntitheacha.

(146)

Tar éis nochtadh deiridh, mhaígh grúpa táirgeoirí onnmhairiúcháin amháin gur cheart neamhaird a thabhairt ar na costais arb í dianghlasáil COVID-19 is cúis leo arna dtabhú ag tionscal an Aontais agus an praghas neamhdhíobhála á ríomh d’fhonn an corrlach díobhála a chinneadh, toisc gur tháinig méadú mór ar chostas in aghaidh an aonaid de chuid thionscal an Aontais de bharr na gcostas sin agus toisc nach léirítear gnáthchostas táirgthe tháirgeoirí an Aontais leo.

(147)

D’iarr an Coimisiún ar thionscal an Aontais na sonraí uile a iarrtar ina fhreagra ceistneora chuig an dá sheimeastar sa tréimhse imscrúdaithe a roinnt, chun éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag paindéim COVID-19 ar a shonraí díolachán agus costas a fheiceáil. Ach níor léirigh na sonraí cros-seiceáilte aon chostas breise arb í dianghlasáil COVID-19 is cúis leo lena dtabharfaí údar iomchuí leis an gcoigeartú a éilítear. Dá bhrí sin, dhiúltaigh an Coimisiún an maíomh.

(148)

Chuir Euranimi agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin in aghaidh an chorrlaigh díobhála níos airde a cuireadh i bhfeidhm ar tháirgeoirí onnmhairiúcháin ón India, agus praghsanna díolachán níos airde acu ná mar a bhí ag margadh an Aontais.

(149)

Ríomhtar an corrlach díobhála ar bhonn na gcineálacha táirgí a dhíolann na táirgeoirí onnmhairiúcháin. Ós rud é go bhféadfadh praghsanna difriúla a bheith ar na cineálacha táirgí ó tháirgeoir go táirgeoir, níor ghá go mbeadh comhghaol idir leibhéal ginearálta na bpraghsanna allmhairí agus leibhéal an chorrlaigh díobhála arna ríomh go sonrach le haghaidh gach táirgeoir onnmhairiúcháin.

(150)

Taispeántar toradh na ríomhanna athbhreithnithe sa tábla thíos:

Tír

Cuideachta

Corrlach dumpála

Corrlach gearrdhíola

An India

Jindal Stainless Limited agus Jindal Stainless Hisar Limited

13,9  %

25,2  %

 

Chromeni Steels Private Limited

45,1  %

35,3  %

 

Gach cuideachta eile

45,1  %

35,3  %

An Indinéis

 

IRNC

10,2  %

32,4  %

 

Jindal Stainless Indonesia

20,2  %

33,1  %

 

Gach cuideachta eile

20,2  %

33,1  %

(151)

In éagmais aon bharúlacha eile i ndáil le leibhéal na mbeart, dheimhnigh an Coimisiún a chuid torthaí agus conclúidí, torthaí agus conclúidí a leagtar amach in aithrisí (165) go (173) den Rialachán sealadach agus a mhodhnaítear sa tábla thuas.

6.2.   Scrúdú ar an gcorrlach leordhóthanach chun an díobháil a bhain do thionscal an Aontais a bhaint

(152)

Tar éis an nochta shealadaigh, d’áitigh Eurofer gur tháinig an Coimisiún ar an gconclúid trí bhotún nár úsáid Chromeni amhábhair faoi réir a saofa. D’áitigh sé go raibh sé “thar a bheith soiléir” go mbíonn Chromeni ag brath ar ionchuir idirmheánacha a mbíonn tionchar ag an saobhadh amhábhair san India nó san Indinéis orthu agus gur cheart iad a chur san áireamh, dá bhrí sin. Mhaígh sé gur cheart don Choimisiún an comhoibriú san imscrúdú seo ar sholáthróir líomhnaithe de chruach dhosmálta theorollta san Indinéis nó torthaí a fuarthas le déanaí ar amhábhair maidir leis an amhábhar sin, a úsáid chun na críche seo (14).

(153)

D’áitigh Eurofer tuilleadh go gcuireann léirmhíniú an Choimisiúin maidir le hAirteagal 7(2a) an-teorainn leis an bhféidearthacht chun dul i ngleic le tionchar an tsaofa amhábhair ar earnálacha iartheachtacha spáis agus go gcoiscfeadh sé an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar an tsaofa amhábhair laistigh de ghrúpa corparáideach (amhail An Jindal Group). Ar an gcaoi chéanna, léirigh sé an riosca teacht timpeall tríd an gcuideachta leis an dleacht níos ísle (sa chás seo, lonnaithe san India nó san Indinéis) agus, dá bhrí sin, mhaígh sé gur cheart don Choimisiún an leibhéal is airde dleachta is infheidhme a fhorchur ar chuideachtaí uile an ghrúpa, gan beann ar thír táirgthe an táirge lena mbaineann.

(154)

Mar a mhínítear in aithris (176) den Rialachán sealadach, níor bhain Chromeni úsáid as na hamhábhair a fuarthas san India atá faoi réir an tsaofa, i.e. mian chróimiam agus seanchruach dhosmálta. Thairis sin, i gcomhthéacs dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchur, ní féidir dul i ngleic le teacht timpeall a d’fhéadfaí tarlú amach anseo tríd an bhfrithdhumpáil a fuarthas maidir le táirgeoir gaolmhar amháin a fhorchur ar tháirgeoirí gaolmhara i dtír eile. Maidir leis sin, tagraíonn an Coimisiún d’aithrisí (175) go (177) thíos freisin.

(155)

Dá bhrí sin, b’éigean maímh Eurofer a dhiúltú.

(156)

In éagmais aon bharúil eile i ndáil leis an roinn seo, dheimhnigh an Coimisiún a chuid conclúidí faoi mar atá leagtha amach in aithrisí (174) go (178) den Rialachán sealadach.

6.3.   Conclúid

(157)

Tar éis an mheasúnaithe thuas, chinn an Coimisiún gurb iomchuí méid na ndleachtanna cinntitheacha a chinneadh i gcomhréir le riail na dleachta is lú in Airteagal 7(2) agus in Airteagal 9(4), an dara fomhír, den bhun-Rialachán. Dá bharr sin, ba cheart dleachtanna frithdhumpála cinntitheacha a leagan amach mar atá thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

An India

Jindal Stainless Limited agus Jindal Stainless Hisar Limited

13,9  %

 

Chromeni Steels Private Limited

35,3  %

 

Gach cuideachta eile

35,3  %

An Indinéis

 

IRNC

10,2  %

 

Jindal Stainless Indonesia

20,2  %

 

Gach cuideachta eile

20,2  %

7.   LEAS AN AONTAIS

7.1.   Leas an tionscail an Aontais

(158)

Níor chuir aon pháirtí ina choinne gur chun leas an Aontais a bheadh na bearta. Na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (181) go (183) den Rialachán sealadach, rinneadh iad a dhearbhú dá bhrí sin.

7.2.   Leas allmhaireoirí neamhghaolmhara agus úsáideoirí neamhghaolmhara

(159)

Tar éis nochtadh sealadach, mhaígh Euranimi agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin go gcruthódh forchur beart an Aontais ar an India agus ar an Indinéis ganntanas táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta (SSCR) ar mhargadh an Aontais toisc nach mbeadh táirgeacht an Aontais leordhóthanach chun an margadh a sholáthar ina iomláine agus toisc go bhfuil foinsí eile soláthair teoranta, mar gheall ar na bearta frithdhumpála ar allmhairí ón tSín agus ón Téaváin go príomha. De réir na bpáirtithe is féidir na ganntanais agus na moilleanna sin i soláthairtí a fheiceáil ar mhargadh an Aontais cheana féin.

(160)

Líomhain na páirtithe go bhfuil roinnt foinsí allmhairí ionchais eile, is iad sin an Bhrasaíl, an Mhalaeisia agus an Afraic Theas, faoi smacht na dtáirgeoirí an Aontais a bhfuil na cuideachtaí a dhéanann SSCR a mhonarú sna tíortha sin faoina n-úinéireacht. De réir na bpáirtithe, bhain táirgeoirí an Aontais drochúsáid as cosaint mar gheall air sin agus beidh praghsanna arda ar mhargadh an Aontais dá thoradh sin.

(161)

Thairis sin, mhaígh na páirtithe nach féidir leo praghsanna a thabhairt ar aghaidh dá gcustaiméirí agus dá bhrí sin go ndéanfaí dochar dá mbrabúsacht.

(162)

Rinne Euranimi agus an t-allmhaireoir neamhghaolmhar na maímh sin a athrá tar éis an nochta deiridh.

(163)

Chuir Eurofer in aghaidh na ráiteas sin, agus d’áitigh sé gurb iad athruithe in éileamh agus i suaitheadh na slabhraí soláthair domhanda mar gheall ar phaindéim COVID-19 is cúis le haga tionscanta méadaithe, rud nach mbaineann go sonrach le slabhra soláthair SSCR. Mhaígh Eurofer go mbíonn acmhainn leordhóthanach ag tionscal an Aontais, faoi ghnáthchoinníollacha, chun freastal ar nach mór 150 % de thomhaltas an Aontais le linn na tréimhse imscrúdaithe. Thairis sin, d’áitigh Eurofer gur léiriú é an méadú praghsanna ar amhábhair a tharla tar éis na tréimhse imscrúdaithe ar mhéadú mór domhanda ar na costais amhábhair, a mbíonn tionchar aige ní amháin ar phraghsanna san Aontas. Thairis sin, mhaígh Eurofer go bhféadfaí SSCR a fháil ó thríú tíortha a bhfuil inniúlachtaí suntasacha SSCR acu nach bhfuil teoranta ag na bearta cosanta ar chruach.

(164)

Mar a léirítear sa Rialachán sealadach, go deimhin, is ann d’fhoinsí soláthair SSCR ó thríú tíortha eile, agus is iad an Téaváin agus an Chóiré na cinn is mó acu. Leanann allmhairí ón Téaváin de bheith ag teacht isteach san Aontas, agus dleachtanna frithdhumpála réasúnta íseal acu. D’éirigh leis an gCóiré a cuid onnmhairí chuig an Aontas a mhéadú le linn na tréimhse faoi bhreathnú i ndearbhthéarmaí agus i dtéarmaí coibhneasta araon. Tá an Afraic Theas fós ar mhargadh an Aontais freisin d’ainneoin smacht líomhnaithe na gcuideachtaí Eorpacha ar a táirgeacht SSCR. Thairis sin, ní hé is aidhm do bhearta frithdhumpála a forchuireadh ar an India agus ar an Indinéis margadh an Aontais a dhúnadh do na tíortha lena mbaineann, ach is é is aidhm dóibh praghsanna a ardú go leibhéal cóir.

(165)

Is iondúil gurb é an méadú ar an gcostas amhábhar is cúis le méaduithe ar phraghsanna agus chonacthas i dtríú margaí iad freisin. Dá bhrí sin, níl aon ghné de dhrochúsáid chosaint an mhargaidh arna ndéanamh ag na táirgeoirí an Aontais. Thairis sin, le 13 tháirgeoir an Aontais den táirge faoi imscrúdú, tá iomaíocht láidir idirmheánach ar mhargadh an Aontais.

(166)

Thairis sin, ní féidir leis an gCoimisiún measúnú iomchuí a dhéanamh ar mhaímh na bpáirtithe leasmhara maidir leis an easpa féidearthachta chun praghsanna a thabhairt ar aghaidh dá gcustaiméirí agus an easpa féidearthachta chun táirgí allmhairithe a athrú i bhfianaise easpa comhoibrithe iomchuí na bpáirtithe i gceist san imscrúdú seo. Murab ionann agus an dá allmhaireoir neamhghaolmhar dá dtagraítear in aithrisí (184) go (193) den Rialachán sealadach, tháinig na páirtithe i gceist lena gcuid maíomh tar éis an nochta, gan freagra ceistneora á chur isteach. Chuir sé sin cosc ar an gCoimisiún measúnú níos críochnúla a dhéanamh trína mbealaí ceannaigh agus díolachán, na cineálacha táirgí a thrádáiltear, costais agus staid airgeadais a fhíorú.

(167)

Ar an mbonn sin, dheimhnigh an Coimisiún an chonclúid nach mó na héifeachtaí a bheadh ag dleachtanna a d’fhéadfaí a fhorchur ar allmhaireoirí nó úsáideoirí ná éifeachtaí dearfacha na mbeart ar thionscal an Aontais.

(168)

In éagmais aon bharúlacha eile maidir le leas allmhaireoirí agus úsáideoirí neamhghaolmhara, deimhníodh na conclúidí a leagtar amach in aithrisí (184) go (195) den Rialachán sealadach.

7.3.   An chonclúid ar leas an Aontais

(169)

Ar bhonn a bhfuil thuas agus in éagmais aon bharúlacha eile, rinneadh na conclúidí a leagtar amach in aithris (196) den Rialachán sealadach a dheimhniú.

8.   BEARTA FRITHDHUMPÁLA CINNTITHEACHA

8.1.   Bearta cinntitheacha

(170)

I bhfianaise na gconclúidí ar tháinig an Coimisiún orthu maidir leis an dumpáil, leis an díobháil, leis an gcúisíocht agus le leas an Aontais, agus i gcomhréir le hAirteagal 9(4) den bhun-Rialachán, ba cheart bearta frithdhumpála cinntitheacha a fhorchur ionas nach ndéanfar tuilleadh díobhála don tionscal an Aontais le hallmhairí dumpáilte den táirge lena mbaineann. Ar na cúiseanna a leagtar amach i roinn 6, agus go háirithe i bhforoinn 6.2, den Rialachán seo, ba cheart dleachtanna frithdhumpála a shocrú i gcomhréir le riail na dleachta níos lú.

(171)

Ar bhonn lena bhfuil thuas, leagtar amach na rátaí a ndéanfar na dleachtanna a fhorchur mar a leanas:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

An India

Jindal Stainless Limited agus Jindal Stainless Hisar Limited

13,9  %

Chromeni Steels Private Limited

35,3  %

Gach cuideachta eile

35,3  %

An Indinéis

IRNC

10,2  %

Jindal Stainless Indonesia

20,2  %

Gach cuideachta eile

20,2  %

(172)

Na rátaí dleachta frithdhumpála le haghaidh cuideachtaí aonair a shonraítear sa Rialachán seo, bunaíodh iad ar bhonn thorthaí an imscrúdaithe seo. Dá bhrí sin, is léiriú iad ar an staid mar a suíodh le linn an imscrúdaithe seo maidir leis na cuideachtaí sin. Tá na rátaí dleachta sin infheidhme go heisiach maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann ar de thionscnamh na tíre lena mbaineann é agus arna tháirgeadh ag na heintitis dhlítheanacha ainmnithe. Maidir le hallmhairí an táirge lena mbaineann arna dtáirgeadh ag aon chuideachta eile nach luaitear go sonrach i gcuid oibríochtúil an Rialacháin seo, lena n-áirítear eintitis a bhaineann leo sin a luaitear go sonrach, ba cheart iad a bheith faoi réir an ráta dleachta is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”. Níor cheart iad a bheith faoi réir aon cheann de na rátaí aonair maidir le dleacht frithdhumpála.

(173)

Féadfaidh cuideachta a iarraidh go gcuirfear na rátaí aonair sin maidir le dleacht frithdhumpála i bhfeidhm má athraíonn sí ainm a heintitis ina dhiaidh sin. Ní mór an iarraidh a chur faoi bhráid an Choimisiúin (15). Ní mór an fhaisnéis ábhartha uile a bheith san iarraidh ionas gur féidir a léiriú nach ndéantar difear leis an athrú do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidme maidir léi. Más amhlaidh nach ndéantar difear leis an athrú ar ainm na cuideachta do cheart na cuideachta tairbhiú den ráta dleachta is infheidhme maidir léi, foilseofar rialachán maidir leis an athrú ainm in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

(174)

Chun na rioscaí imchéimniúcháin de bharr na difríochta i rátaí dleachta a íoslaghdú, teastaíonn bearta speisialta chun cur i bhfeidhm na ndleachtanna aonair frithdhumpála a áirithiú. Ní mór do na cuideachtaí a bhfuil dleachtanna frithdhumpála aonair acu sonrasc tráchtála bailí a thíolacadh d’údaráis chustaim na mBallstát. Ní mór don sonrasc a bheith i gcomhréir leis na riachtanais a leagtar amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo. Ba cheart d’allmhairí nach mbíonn sonrasc ag gabháil leo a bheith faoi réir na dleachta frithdhumpála is infheidhme maidir le “gach cuideachta eile”.

(175)

Cé go bhfuil sé riachtanach an sonrasc seo a chur i láthair údaráis chustaim na mBallstát chun na rátaí aonair dleachta frithdhumpála a chur i bhfeidhm ar allmhairí, ní hé an t-aon ghné é a chuirfidh na húdaráis chustaim san áireamh. Go deimhin, fiú má thugtar sonrasc dóibh a chomhlíonann na ceanglais uile atá leagtha amach in Airteagal 1(3) den Rialachán seo, ní mór d’údaráis chustaim na mBallstát a ngnáthsheiceálacha a dhéanamh agus féadfaidh siad, mar atá i ngach cás eile, doiciméid bhreise a éileamh (doiciméid loingseoireachta, etc.) chun cruinneas na sonraí atá sa dearbhú a fhíorú agus chun a áirithiú go mbeidh údar le cur i bhfeidhm an ráta níos ísle dleachta ina dhiaidh sin, i gcomhréir leis an dlí custaim.

(176)

Má thagann méadú suntasach ar mhéid na n-onnmhairí ag ceann de na cuideachtaí a thairbhíonn de na rátaí dleachta aonair níos ísle tar éis fhorchur na mbeart lena mbaineann, d’fhéadfaí a mheas gur athrú ann féin é méadú den sórt sin ar an bpatrún trádála de bharr fhorchur beart de réir bhrí Airteagal 13(1) den Bhun-rialachán. Sna himthosca sin agus ar choinníoll go gcomhlíontar na coinníollacha, féadfar imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh. Féadfar leis an imscrúdú sin, inter alia, scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá leis an ráta nó na rátaí dleachta aonair a bhaint agus ar an ngá le dleacht ar fud na tíre a fhorchur dá bharr sin.

(177)

Chun a áirithiú go ndéanfar na dleachtanna frithdhumpála a fhorfheidhmiú mar is ceart, ba cheart feidhm a bheith le dleacht frithdhumpála “gach cuideachta eile” ní hamháin maidir leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin neamh-chomhoibríocha san imscrúdú seo, ach maidir leis na táirgeoirí nach ndearna táirgí a onnmhairiú chuig an Aontas le linn na tréimhse imscrúdaithe.

8.2.   Bailiúchán cinntitheach na ndleachtanna sealadacha

(178)

I bhfianaise na gcorrlach dumpála a aimsíodh agus i bhfianaise leibhéal na díobhála a rinneadh do thionscal an Aontais, ba cheart na méideanna arna n-urrú leis an dleacht shealadach frithdhumpála arna forchur leis an Rialachán sealadach a bhailiú go cinntitheach.

(179)

Ós rud é go bhfuil roinnt rátaí dleachta cinntitheacha níos ísle ná na rátaí dleachta sealadacha, ba cheart na méideanna a urraítear de bhreis ar na rátaí dleachta cinntitheacha frithdhumpála a scaoileadh.

8.3.   Cúlghabhálacht

(180)

Mar a luaitear i roinn 1.2, tar éis don ghearánach iarraidh a fháil, rinne an Coimisiún allmhairí den táirge faoi imscrúdú, táirge atá faoi réir a chláraithe de bhun Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán.

(181)

Le linn chéim chinntitheach an imscrúdaithe, rinneadh na sonraí a bailíodh i gcomhthéacs an chláraithe a mheasúnú. Rinne an Coimisiún anailís ar cibé acu ar comhlíonadh nó nár comhlíonadh na critéir faoi Airteagal 10(4) den bhun-Rialachán maidir le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha.

(182)

Léiríodh in anailís an Choimisiúin nach raibh aon mhéadú suntasach ar allmhairí sa bhreis ar leibhéal na n-allmhairí ba chúis le díobháil le linn na tréimhse imscrúdaithe, mar a leagtar síos in Airteagal 10(4d) den bhun-Rialachán. I gcás na hanailíse sin, rinne an Coimisiún comparáid idir meánmhéideanna allmhairiúcháin míosúla an táirge lena mbaineann le linn na tréimhse imscrúdaithe agus na meánmhéideanna míosúla allmhairiúcháin le linn na tréimhse ó thionscnamh an imscrúdaithe go dtí forchur na mbeart sealadach, agus ní fhéadfaí aon mhéadú substaintiúil breise a fheiceáil.

 

Tréimhse imscrúdaithe (tonaí/mí)

Tréimhse tar éis IP, i.e. an 1 Deireadh Fómhair 2020 go dtí an 28 Bealtaine 2021 (tonaí/mí)

Méadú ar allmhairí (%)

Allmhairí SSCR ón India

8 956

6 036

-33  %

Allmhairí SSCR ón Indinéis

7 353

8 439

15  %

Allmhairí iomlána SSCR ó na tíortha lena mbaineann

16 308

14 475

-11  %

Foinse: Surveillance 2 (AE 27)

(183)

Dá bhrí sin, chinn an Coimisiún nach raibh aon údar sa chás seo le bailiú cúlghabhálach na ndleachtanna cinntitheacha don tréimhse inar cláraíodh na hallmhairí.

9.   FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

(184)

I bhfianaise Airteagal 109 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (16), nuair atá méid le haisíoc tar éis breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, ba cheart don ús atá le híoc a bheith ag an ráta arna chur i bhfeidhm ag an mBanc Ceannais Eorpach chuig a phríomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, mar a fhoilsítear i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh ar an gcéad lá féilire de gach mí.

(185)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún (17), d’fhorchuir an Coimisiún beart cosanta i leith táirgí áirithe cruach go ceann tréimhse 3 bliana. Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún (18), cuireadh síneadh leis an mbeart cosanta go dtí an 30 Meitheamh 2024. Is é an táirge faoi athbhreithniú ceann de na catagóirí táirgí a chumhdaítear leis an mbeart cosanta. Dá dheasca sin, ón uair a shárófaí na cuótaí taraife a leagtar amach faoin mbeart cosanta, bheadh an dleacht taraife os cionn an chuóta agus an dleacht frithdhumpála araon iníoctha ar na hallmhairí céanna. Toisc go bhféadfadh carnadh den sórt sin de bhearta frithdhumpála le bearta cosanta a bheith ina chúis le héifeacht ar thrádáil ar mó é ná mar atá inmhianaithe, chinn an Coimisiún cur i bhfeidhm comhthráthach na dleachta frithdhumpála leis an dleacht taraife os cionn an chuóta thuas don táirge faoi athbhreithniú a chosc ar feadh fhad fhorchur na dleachta cosanta.

(186)

Ciallaíonn sé sin, i gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú agus inar mó í ná leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála de bhun an Rialacháin seo, ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159. Le linn thréimhse chur i bhfeidhm comhthráthach na ndleachtanna cosanta agus frithdhumpála, cuirfear bailiú na ndleachtanna a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo ar fionraí. I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir leis an táirge faoi athbhreithniú agus ina mbeidh sí socraithe ag leibhéal níos ísle ná leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála sa Rialachán seo, baileofar an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 sa bhreis ar an difríocht idir an dleacht sin agus an leibhéal is airde de leibhéal na ndleachtanna frithdhumpála a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo. Cuirfear an chuid de mhéid na ndleachtanna frithdhumpála nár bailíodh í ar fionraí.

(187)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste a bunaíodh le hAirteagal 15(1) den bhun-Rialachán,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

1.   Forchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh (fuarlaghdú), a thagann i láthair na huaire faoi chóid AC 7219 31 00, 7219 32 10, 7219 32 90, 7219 33 10, 7219 33 90, 7219 34 10, 7219 34 90, 7219 35 10, 7219 35 90, 7219 90 20, 7219 90 80, 7220 20 21, 7220 20 29, 7220 20 41, 7220 20 49, 7220 20 81, 7220 20 89, 7220 90 20 agus 7220 90 80 agus de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise.

2.   Is mar a leanas a bheidh na rátaí cinntitheacha maidir le dleacht frithdhumpála is infheidhme maidir leis an bpraghas glan, saor ag teorainn an Aontais, roimh dhleacht, a bhí ag an táirge a bhfuil tuairisc air i mír 1 agus arna tháirgeadh ag na cuideachtaí a liostaítear thíos:

Tír

Cuideachta

Dleacht frithdhumpála chinntitheach

Cód breise TARIC

An India

Jindal Stainless Limited

13,9  %

C654

Jindal Stainless Hisar Limited

13,9  %

C655

Chromeni Steels Private Limited

35,3  %

C656

Gach cuideachta Indiach eile

35,3  %

C999

An Indinéis

IRNC

10,2  %

C657

Jindal Stainless Indonesia

20,2  %

C658

Gach cuideachta Indinéiseach eile

20,2  %

C999

3.   Beidh cur i bhfeidhm na rátaí dleachta aonair a sonraíodh le haghaidh na gcuideachtaí a luaitear i mír 2 coinníollach ar shonrasc tráchtála bailí a chur faoi bhráid údaráis chustaim na mBallstát, ar a mbeidh dearbhú arna dhátú agus arna shíniú ag oifigeach de chuid an eintitis ag a mbeidh an sonrasc sin á eisiúint, a shainaithneofar lena ainm agus lena fheidhm, arna dhréachtú mar a leanas: ‘Deimhnímse, a bhfuil mo shíniú thíos, go ndearna (ainm agus seoladh na cuideachta) (cód breise TARIC) méid (méid) den (táirge lena mbaineann), a díoladh lena onnmhairiú chuig an Aontas Eorpach, rud a chumhdaítear leis an sonrasc seo, a mhonarú sa tír seo: [an tír lena mbaineann]. Dearbhaím go bhfuil an fhaisnéis sa sonrasc seo iomlán agus ceart’. Mura gcuirtear an sonraisc sin isteach, beidh feidhm ag an dleacht is infheidhme maidir le gach cuideachta eile.

4.   Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm leis na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.

Airteagal 2

1.   I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir le táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus inar mó í ná leibhéal comhionann ad valorem na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2), ní bhaileofar ach an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159.

2.   Le linn thréimhse chur i bhfeidhm mhír 1, cuirfear bailiú na ndleachtanna a forchuireadh de bhun an Rialacháin seo ar fionraí.

3.   I gcás ina mbeidh an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 infheidhme maidir le táirgí cruach dosmálta cothromrollta, nach ndearnadh oibriú breise orthu seachas fuar-rolladh, dá dtagraítear in Airteagal 1(1), agus ina mbeidh sí socraithe ag leibhéal níos ísle ná leibhéal comhionann ad valorem na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2), baileofar an dleacht taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159 sa bhreis ar an difríocht idir an dleacht sin agus an leibhéal is airde de leibhéal comhionann ad valorem na dleachta frithdhumpála a leagtar amach in Airteagal 1(2).

4.   Cuirfear an chuid de mhéid na dleachta frithdhumpála nár bailíodh í de bhun mhír 3 ar fionraí.

5.   Beidh na fionraíochtaí dá dtagraítear i mír 2 agus mír 4 teoranta ó thaobh ama do thréimhse chur i bhfeidhm na dleachta taraife os cionn an chuóta dá dtagraítear in Airteagal 1(6) de Rialachán (AE) 2019/159.

Airteagal 3

Déanfar na méideanna a fhaightear ón dleacht frithdhumpála shealadach faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/854 a bhailiú go cinntitheach. Scaoilfear na méideanna a urrófar atá níos mó ná rátaí cinntitheacha an dleachta frithdhumpála.

Airteagal 4

Ní ghearrfar dleacht frithdhumpála chinntitheach go cúlghabhálach i gcás allmhairí cláraithe. Ní choimeádfar sonraí a bhailítear i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 a thuilleadh. Déantar, leis seo, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 ón gComhairle a aisghairm.

Airteagal 5

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 17 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.

(2)  Fógra Tionscnaimh maidir le himeachtaí frithdhumpála i ndáil le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise, (IO C 322, 30.9.2020, lch. 17).

(3)  Fógra Tionscnaimh maidir le himeachtaí frith-fhóirdheontais i ndáil le hallmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise, (IO C 57, 17.2.2021, lch. 16).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/370 ón gCoimisiún an 1 Márta 2021 lena gcuirtear allmhairí táirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise faoi réir clárú (IO L 71, 2.3.2021, lch. 18).

(5)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/854 ón gCoimisiún an 27 Bealtaine 2021 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí de tháirgí cruach dosmálta cothroma fuar-rollta de thionscnamh na hIndia agus na hIndinéise (IO L 188, 28.5.2021, lch. 61).

(6)  Comhlachas na nAllmhaireoirí agus na nDáileoirí Miotail Neamhchomhtháite.

(7)  Tuarascáil Phainéil, EC – Salmon (An Iorua), WT/DS337/R, mír 7.256, mír 7.257 agus mír 7.273.

(8)  Breithiúnas an 18 Márta 2009, Shanghai Excell M&E Enterprise, T-299/05, AE:T:2009:72, mír 288.

(9)  Féach, e.g., aithris 283 a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/582 ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2021, lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála shealadach ar allmhairí táirgí cothromrollta alúmanaim de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, IO L 124, 12.4.2021, lch. 40 (ag úsáid brabús “an trádálaí” atá i gceist); breithiúnas an 18 Márta 2009, Shanghai Excell M&E Enterprise, T-299/05, AE:T:2009:72, mír 287.

(10)  Tuarascáil ó Appellate Body, US – Dleachtanna Frithdhumpála agus Frithchúitimh Trádála (An tSín), WT/DS379/AB/R, mír 567, mír 568 agus mír 583.

(11)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’allmhairí leathán nó cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta ar de thionscnamh, inter alia, na hIndinéise iad (IO L 325, 7.10.2020, lch. 26).

(12)  Breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Feabhra 2012, Comhairle an Aontais Eorpaigh, An Coimisiún Eorpach v Interpipe Nikopolsky Seamless Tubes Plant Niko Tube ZAT (Interpipe Niko Tube ZAT), C-191/09 P agus C-200/09 P, mír 58.

(13)   IO L 343, 29.12.2015, lch. 1.

(14)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1408 ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí d’allmhairí leathán nó cornaí teorollta áirithe de chruach dhosmálta ar de thionscnamh na hIndinéise, Dhaon-Phoblacht na Síne agus na Téaváine iad (IO L 325, 7.10.2020, lch. 26).

(15)  An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht na Trádála, Stiúrthóireacht G, Wetstraat 170 Rue de la Loi, 1040 an Bhruiséil, an Bheilg.

(16)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

(17)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2019 lena bhforchuirtear bearta coimirce chinntitheacha ar allmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 31, 1.2.2019, lch. 27).

(18)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1029 ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/159 ón gCoimisiún chun fad a chur leis an mbeart coimirce maidir le hallmhairí táirgí áirithe cruach (IO L 225I, 25.6.2021, lch. 1).