|
17.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 407/10 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/2005 ÓN gCOIMISIÚN
an 16 Samhain 2021
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 maidir leis na táblaí mapála ina sonraítear an comhfhreagras idir measúnuithe riosca creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa agus na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 (1), agus go háirithe Airteagal 136(1), an chéad fhomhír de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn III de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 ón gCoimisiún (2), sonraítear an comhfhreagras idir na measúnuithe creidmheasa ábhartha arna n-eisiúint ag institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa (“ISMC”) agus na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i gCuid a Trí, Teideal II, Caibidil 2, Roinn 2, de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 (“mapáil”). |
|
(2) |
Ó rinneadh na leasuithe is déanaí, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2028 ón gCoimisiún (3), ar Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799, tá athrú tagtha ar na fachtóirí cainníochtúla agus cáilíochtúla atá mar bhonn taca leis na measúnuithe creidmheasa a rinneadh ar roinnt mapálacha in Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799. Sa bhreis air sin, rinne roinnt ISMCanna a gcuid measúnuithe creidmheasa a leathnú chuig deighleoga nua den mhargadh, agus rinneadh scálaí nua rátála agus cineálacha nua rátála creidmheasa mar iarmhairt air sin. Is gá, dá bhrí sin, mapálacha na ISMCanna lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta. |
|
(3) |
Ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2028, cláraíodh dhá ghníomhaireacht rátála creidmheasa breise i gcomhréir le hAirteagail 14 go 18 de Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), agus díchláraíodh dhá ISMC eile ar leagadh amach mapáil lena n-aghaidh i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799. Ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 136(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 go sonrófar mapálacha i gcás gach ISMC, ba cheart an Rialachán sin a leasú chun mapáil a leagadh amach le haghaidh na ISMCanna nuachláraithe, agus chun an mhapáil a bhaint i gcás na ISMCanna díchláraithe. |
|
(4) |
Ina theannta sin, maidir le ISMC amháin atá cláraithe i gcomhréir le hAirteagail 14 go 18 de Rialachán (AE) Uimh. 1060/2009, agus ar soláthraíodh mapáil dó i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799, leasaigh sé na siombailí a úsáidtear chun catagóirí rátála a scálaí rátála a chur in iúl. Dá bhrí sin, is gá an mhapáil le haghaidh an ISMC sin a leasú chun na siombailí a úsáideann an ISMC sin faoi láthair a léiriú. |
|
(5) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (na “hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha”) faoi bhráid an Choimisiúin. |
|
(6) |
Reáchtáil na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), an chomhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6); an chomhairle ón nGrúpa Geallsealbhóirí Árachais agus Athárachais arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7); |
|
(7) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 a leasú dá réir sin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (AE) 2016/1799
Cuirtear an téacs a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799.
Airteagal 2
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 16 Samhain 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 27.6.2013, lch. 1.
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 ón gCoimisiún an 7 Deireadh Fómhair 2016 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le mapáil measúnuithe creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa i gcomhair riosca creidmheasa i gcomhréir le hAirteagal 136(1) agus 136(3) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 275, 12.10.2016, lch. 3).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2028 ón gCoimisiún an 29 Samhain 2019 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1799 maidir leis na táblaí mapála ina sonraítear an comhfhreagras idir measúnuithe riosca creidmheasa na n-institiúidí seachtracha um measúnú creidmheasa agus na céimeanna cáilíochta creidmheasa a leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 313, 4.12.2019, lch. 34).
(4) Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa (IO L 302, 17.11.2009, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
(6) Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).
(7) Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde) lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 48).
IARSCRÍBHINN
‘ IARSCRÍBHINN III
Táblaí mapála chun críocha Airteagal 16
|
Céim cáilíochta creidmheasa |
1 |
2 |
3 |
4 |
5 |
6 |
|
A.M. Best (EU) Rating Services B.V. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisitheora |
aaa, aa+, aa, aa- |
a+, a, a- |
bbb+, bbb, bbb- |
bb+, bb, bb- |
b+, b, b- |
ccc+, ccc, ccc-, cc, c, d, e, f, s |
|
Scála rátála fadtéarmach eisiúna |
aaa, aa+, aa, aa- |
a+, a, a- |
bbb+, bbb, bbb- |
bb+, bb, bb- |
b+, b, b- |
ccc+, ccc, ccc-, cc, c, d, s |
|
Scála rátála láidreachta airgeadais |
A++, A+ |
A, A- |
B++, B+ |
B, B- |
C++, C+ |
C, C-, D, E, F, S |
|
Scála rátála gearrthéarmach eisitheora |
AMB-1+ |
AMB-1- |
AMB-2, AMB-3 |
AMB- 4, d, e, f, s |
|
|
|
Scála rátála gearrthéarmach eisiúna |
AMB-1+ |
AMB-1- |
AMB-2, AMB-3 |
AMB- 4, d, s |
|
|
|
ARC Ratings S.A. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála meántéarmach agus fadtéarmach eisitheora |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála rátála meántéarmach agus fadtéarmach eisiúna |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála rátála inniúlachta maidir le héilimh a íoc |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, R |
|
Scála rátála gearrthéarmach eisitheora |
A-1+ |
A-1 |
A-2, A-3 |
B, C, D |
|
|
|
Scála rátála gearrthéarmach eisiúna |
A-1+ |
A-1 |
A-2, A-3 |
B, C, D |
|
|
|
ASSEKURATA Assekuranz Rating-Agentur GmbH |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála creidmheasa fadtéarmach |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC/C, D |
|
Scála rátála corparáideach gearrthéarmach |
A++ |
A |
|
B, C, D |
|
|
|
Axesor Risk Management S.L. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D, E |
|
Scála rátála gearrthéarmach domhanda |
AS1+ |
AS1 |
AS2 |
AS3, AS4, AS5 |
|
|
|
Banque de France |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála creidmheasa fadtéarmach domhanda eisitheora |
3++ |
3+, 3 |
4+ |
4, 5+ |
5, 6 |
7, 8, 9, P |
|
Scála rátála creidmheasa NEC fadtéarmach domhanda eisitheora |
1+ |
1, 1- |
2+, 2, 2- |
3+, 3, 3-, 4+, 4, 4-, 5+ |
5, 5-, 6+, 6, 6- |
7, 8, P |
|
BCRA — Credit Rating Agency AD |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála rátála gearrthéarmach domhanda |
A-1+ |
A-1 |
A-2, A-3 |
B, C, D |
|
|
|
Scála fadtéarmach cuideachta árachais pinsin |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála gearrthéarmach cuideachta árachais-pinsin |
A-1+ |
A-1 |
A-2, A-3 |
B, C, D |
|
|
|
Scála fadtéarmach ciste pinsin |
AAA pf, AA pf |
A pf |
BBB pf |
BB pf |
B pf |
C pf |
|
Scála fadtéarmach ciste ráthaíochta |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
C, D |
|
Scála gearrthéarmach ciste ráthaíochta |
A-1+ |
A-1 |
A-2, A-3 |
B, C, D |
|
|
|
Capital Intelligence Ratings Ltd |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta eisitheora |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
C, RS, SD, D |
|
Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta eisiúna |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta láidreachta airgeadais árachóra |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
C, RS, SD, D |
|
Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta eisitheora |
A1+ |
A1 |
A2, A3 |
B, C, RS, SD, D |
|
|
|
Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta eisiúna |
A1+ |
A1 |
A2, A3 |
B, C, D |
|
|
|
Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta láidreachta airgeadais árachóra |
A1+ |
A1 |
A2, A3 |
B, C, RS, SD, D |
|
|
|
Cerved Rating Agency S.p.A. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach corparáideach |
A1.1, A1.2, A1.3 |
A2.1, A2.2, A3.1 |
B1.1, B1.2 |
B2.1, B2.2 |
C1.1 |
C1.2, C2.1 |
|
Scála rátála gearrthéarmach corparáideach |
S-1 |
S-2 |
S-3 |
V-1, R-1 |
|
|
|
Creditreform Rating AG |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach eisitheora |
AAA, AA |
A |
|
BBB |
BB, B |
C, SD, D |
|
Scála rátála fadtéarmach eisiúna |
AAA, AA |
A |
|
BBB |
BB, B |
C, D |
|
Scála rátála gearrthéarmach |
L1 |
L2 |
|
L3, NEL, D |
|
|
|
CRIF Ratings S.r.l. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach eisitheora |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D1S, D |
|
Scála rátála fadtéarmach eisiúna |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, DS |
|
Scála rátála FBM |
SME1, SME2 |
|
SME3 |
SME4 |
SME5, SME6 |
SME7, SME8 |
|
Scála rátála gearrthéarmach eisitheora |
IG-1 |
|
IG-2 |
SIG-1, SIG-2, SIG-3, SIG-4 |
|
|
|
Scála rátála gearrthéarmach eisiúna |
IG-1 |
|
IG-2 |
SIG-1, SIG-2, SIG-3, SIG-4 |
|
|
|
DBRS Ratings GmbH |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach oibleagáidí |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála rátála gearrthéarmach páipéir tráchtála agus fiachais |
R-1 H, R-1 M |
R-1 L |
R-2, R-3 |
R-4, R-5, D |
|
|
|
Scála rátála láidreachta airgeadais |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, R |
|
Scála rátála maidir le caillteanas ionchasach |
AAA(el), AA(el) |
A(el) |
BBB(el) |
BB(el) |
B(el) |
CCC(el), CC(el), C(el) |
|
Egan-Jones Ratings Co. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála creidmheasa fadtéarmach |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach |
A-1+ |
A-1 |
A-2 |
A-3, B, C, D |
|
|
|
EuroRating Sp. z o.o. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Fitch Ratings Ireland Limited |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála mainneachtana fadtéarmach eisitheora |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, RD, D |
|
Oibleagáidí maidir le hairgeadas corparáideach – scála rátála fadtéarmach |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C |
|
Scála rátála fadtéarmach idirnáisiúnta láidreachta airgeadais árachóra |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C |
|
Scála rátála contrapháirtí díorthaigh |
AAA dcr, AA dcr |
A dcr |
BBB dcr |
BB dcr |
B dcr |
CCC dcr, CC dcr, C dcr |
|
Scála rátála gearrthéarmach |
F1+ |
F1 |
F2, F3 |
B, C, RD, D |
|
|
|
Scála rátála gearrthéarmach IFS |
F1+ |
F1 |
F2, F3 |
B, C |
|
|
|
GBB-Rating Gesellschaft für Bonitätsbeurteilung GmbH |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
HR Ratings de México, S.A. de C.V. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda |
HR AAA(G)/HR AA(G) |
HR A(G) |
HR BBB(G) |
HR BB(G) |
HR B(G) |
HR C(G)/HR D(G) |
|
Scála rátála gearrthéarmach domhanda |
HR+1(G)/HR1(G) |
HR2(G) |
HR3(G) |
HR4(G), HR5(G), HR D(G) |
|
|
|
ICAP S.A. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda eisitheora |
|
AAA, AA |
A, BBB |
BB, B |
CCC, CC |
C, D |
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda eisiúna |
|
AAA, AA |
A, BBB |
BB, B |
CCC, CC |
C, D |
|
INBONIS S.A. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach |
AAA/AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Japan Credit Rating Agency Ltd |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach eisitheora |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, LD, D |
|
Scála rátála fadtéarmach eisiúna |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála rátála gearrthéarmach eisitheora |
J-1+ |
J-1 |
J-2 |
J-3, NJ, LD, D |
|
|
|
Scála rátálacha creidmheasa gearrthéarmach eisiúna |
J-1+ |
J-1 |
J-2 |
J-3, NJ, D |
|
|
|
Kroll Bond Rating Agency Europe Limited |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála creidmheasa fadtéarmach |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach |
K1+ |
K1 |
K2, K3 |
B, C, D |
|
|
|
modeFinance S.r.l. |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda |
A1, A2 |
A3 |
B1 |
B2 |
B3 |
C1, C2, C3, D |
|
Moody’s Investors Service |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda |
Aaa, Aa |
A |
Baa |
Ba |
B |
Caa, Ca, C |
|
Scála rátála gearrthéarmach domhanda |
P-1 |
P-2 |
P-3 |
NP |
|
|
|
Nordic Credit RatingAS |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach |
AAA/AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D, SD |
|
Scála rátála gearrthéarmach |
|
|
N-1+ |
N-1, N-2, N-3, N-4 |
|
|
|
QIVALIO SAS (formerly Spread Research) |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála rátála gearrthéarmach domhanda |
SR0 |
|
SR1, SR2 |
SR3, SR4, SR5, SRD |
|
|
|
Rating-Agentur Expert RA GmbH |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála creidmheasa fadtéarmach idirnáisiúnta |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D, E |
|
Scála rátála iontaofachta idirnáisiúnta |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D, E |
|
Scála rátála gearrthéarmach idirnáisiúnta |
RA1+ |
RA1 |
RA2, RA3 |
RA4, RA5, C, D |
|
|
|
Scope Ratings GmbH |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC,C, D |
|
Scála rátála gearrthéarmach |
S-1+ |
S-1 |
S-2 |
S-3, S-4 |
|
|
|
Scope Hamburg GmbH |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála fadtéarmach domhanda |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, SD, D |
|
S&P Global Ratings Europe Limited |
|
|
|
|
|
|
|
Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisitheora |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, R, SD/D |
|
Scála rátála creidmheasa fadtéarmach eisiúna |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, C, D |
|
Scála rátála láidreachta airgeadais árachóra |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, SD/D, R |
|
Rátálacha fadtéarmacha Contrapháirtí maidir le Réiteach Institiúide Airgeadais |
AAA, AA |
A |
BBB |
BB |
B |
CCC, CC, SD, D |
|
Scála rátála meastóireachta meánmhargaidh |
|
MM1 |
MM2 |
MM3, MM4 |
MM5, MM6 |
MM7, MM8, MMD |
|
Scála rátála creidmheasa gearrthéarmach eisitheora |
A-1+ |
A-1 |
A-2, A-3 |
B, C, R, SD/D |
|
|
|
Scála rátálacha creidmheasa gearrthéarmach eisiúna |
A-1+ |
A-1 |
A-2, A-3 |
B, C, D |
|
|
|
Rátálacha gearrthéarmacha Contrapháirtí maidir le Réiteach Institiúide Airgeadais |
A-1+ |
A-1 |
A-2, A-3 |
B, C, SD/D |
|
|