16.11.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 405/1 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1985 ÓN gCOMHAIRLE
an 15 Samhain 2021
lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a bhaineann le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,
Ag féachaint do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle an 15 Deireadh Fómhair 2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (1),
Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
Le Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle (2) tugtar éifeacht do Chinneadh 2012/642/CBES ón gComhairle agus déantar foráil leis go sonrach do chistí agus acmhainní eacnamaíocha daoine, eintiteas agus comhlachtaí a chalcadh, ar daoine, entitis nó comhachtaí iad atá freagrach as sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó as an tsochaí shibhialta agus an freasúra daonlathach a chur faoi chois, nó a ndéanann a ngníomhaíochtaí dochar tromchúiseach ar bhealach eile don daonlathas nó don smacht reachta sa Bhealarúis nó a thairbhíonn de réimeas Lukashenka nó a thacaíonn leis, agus toirmisctear leis cistí nó acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do na daoine, na heintitis agus na comhlachtaí sin. |
(2) |
An 15 Samhain 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1990 (3) lena dtugtar isteach critéar breise ainmniúcháin le go bhféadfar bearta sriantacha spriocdhírithe a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a eagraíonn nó a rannchuidíonn le gníomhaíochtaí de chuid réimeas Lukashenka lena n-éascaítear trasnú theorainneacha seachtracha an Aontais go neamhdhleathach nó aistriú earraí toirmiscthe agus aistriú earraí srianta go neamhdhleathach, lena n-áirítear earraí guaiseacha, isteach i gcríoch an Aontais. |
(3) |
Is gá an leasú sin a léiriú i Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 chun go bhféadfar an toirmeasc a chur chun feidhme i gceart agus go haonfhoirmeach ar fud an Aontais. |
(4) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 a leasú dá réir sin |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
In Airteagal 2 de Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“6. Beidh Iarscríbhinn I comhdhéanta den liosta seo a leanas freisin:
(a) |
na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a shainaithníonn an Chomhairle ina leith, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (c), de Chinneadh 2012/642/CBES, go n-eagraíonn siad nó go rannchuidíonn siad le gníomhaíochtaí de chuid réimeas Lukashenka a éascaíonn an méid seo a leanas:
|
(b) |
na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí arna sainaithint ag an gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 4(1), pointe (d), de Chinneadh 2012/642/CBES, mar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintiteas nó chomhlachtaí atá ar úinéireacht nó faoi rialú ag daoine, eintitis nó comhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (a).”. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 15 Samhain 2021.
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
J. BORRELL FONTELLES
(1) IO L 285, 17.10.2012, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 765/2006 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2006 maidir le bearta sriantacha i ndáil leis an mBealarúis (IO L 134, 20.5.2006, lch. 1).
(3) Cinneadh (CBES) 2021/1990 ón gComhairle an 15 Samhain 2021 lena leasaítear Cinneadh 2012/642/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa Bhealarúis (Féach leathanach 10 den Iris Oifigiúil seo).