|
(30)
|
cuirtear an méid seo a leanas in ionad Roinn B:
“
ROINN B
CEANGLAIS AR AN ÚDARÁS
145.B.005 Raon feidhme
Sa roinn seo, bunaítear na coinníollacha faoina ndéanfar na cúraimí deimhniúcháin, formhaoirseachta agus forfheidhmithe mar aon leis na ceanglais riaracháin agus na ceanglais córais bainistíochta atá le leanúint ag an údarás inniúil atá freagrach as Roinn A a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú.
145.B.115 Doiciméadacht formhaoirseachta
Soláthróidh an t-údarás inniúil na gníomhartha reachtacha, na caighdeáin, na rialacha, na foilseacháin theicniúla agus na doiciméid ghaolmhara uile don phearsanra ábhartha chun go mbeidh siad in ann a gcúraimí a dhéanamh agus a bhfreagrachtaí a chomhlíonadh.
145.B.120 Modhanna comhlíontachta
|
(a)
|
Forbróidh an Ghníomhaireacht modhanna inghlactha comhlíonta (‘AMC’) a fhéadfar a úsáid chun comhlíontacht le Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme a shuí.
|
|
(b)
|
Féadfar modhanna malartacha comhlíontachta a úsáid chun comhlíontacht leis an Rialacháin seo a shuí.
|
|
(c)
|
Cuirfidh údaráis inniúla an Ghníomhaireacht ar an eolas faoi aon mhodh malartach comhlíonta a úsáideann eagraíochtaí atá faoina bhformhaoirseacht nó a úsáideann siad féin chun comhlíontacht leis an Rialacháin seo a shuí.
|
145.B.125 Faisnéis don Ghníomhaireacht
|
(a)
|
Tabharfaidh údarás inniúil an Bhallstáit fógra don Ghníomhaireacht i gcás ina mbeidh fadhbanna suntasacha ann maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme laistigh de 30 lá ón tráth a chuirtear an t-údarás inniúil ar an eolas faoi na fadhbanna.
|
|
(b)
|
Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ná dá ghníomhartha tarmligthe ná dá ghníomhartha cur chun feidhme, soláthróidh an t-údarás inniúil an méid a leanas don Ghníomhaireacht a luaithe is féidir: aon fhaisnéis atá suntasach ó thaobh na sábháilteachta de agus a eascraíonn as na tuarascálacha tarluithe atá stóráilte sa bhunachar sonraí náisiúnta de bhun Airteagal 6(6) de Rialachán (AE) Uimh. 376/2014.
|
145.B.135 Freagairt láithreach ar fhadhb sábháilteachta
|
(a)
|
Gan dochar do Rialachán (AE) Uimh. 376/2014 ná dá ghníomhartha tarmligthe ná dá ghníomhartha cur chun feidhme, déanfaidh an t-údarás inniúil córas a chur chun feidhme chun faisnéis sábháilteachta a bhailiú, a anailísiú agus a scaipeadh ar bhealach iomchuí.
|
|
(b)
|
Déanfaidh an Ghníomhaireacht córas a chur chun feidhme chun anailís iomchuí a dhéanamh ar aon fhaisnéis ábhartha sábháilteachta a fhaightear agus, gan moill mhíchuí, soláthróidh sí d’údarás ábhartha na mBallstát agus don Choimisiún aon fhaisnéis is gá, lena n-áirítear moltaí nó gníomhaíochtaí ceartaitheacha a bheidh le déanamh, ionas go mbeidh siad in ann gníomhú ar bhealach tráthúil mar fhreagairt ar fhadhb sábháilteachta a bhaineann le táirgí, le páirteanna, le fearais, daoine nó eagraíochtaí atá faoi réir Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme.
|
|
(c)
|
Tar éis don údarás inniúil an fhaisnéis dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) a fháil, déanfaidh sé bearta leordhóthanacha chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb sábháilteachta.
|
|
(d)
|
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra láithreach faoi na bearta arna ndéanamh faoi phointe (c) do gach duine nó do gach eagraíocht nach mór dóibh iad a chomhlíonadh faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoina ghníomhartha tarmligthe agus faoina ghníomhartha cur chun feidhme. Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra freisin don Ghníomhaireacht faoi na bearta sin agus, nuair a bheidh gá le comhghníomhaíocht, tabharfaidh sé fógra fúthu do na Ballstáit eile lena mbaineann.
|
145.B.200 Córas bainistíochta
|
(a)
|
Déa;nfaidh an t-údarás inniúil córas bainistíochta a bhunú agus a choinneáil ar bun, lena n-áirítear na nithe seo a leanas ar a laghad:
|
(1)
|
beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe chun tuairisc a thabhairt ar leagan amach an chórais bainistíochta, ar na bealaí agus ar na modhanna chun comhlíontacht le Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme a shuí. Coinneofar na nósanna imeachta cothrom le dáta agus úsáidfear iad mar na bundoiciméid oibre laistigh den údarás inniúil sin le haghaidh a chúraimí gaolmhara uile;
|
|
(2)
|
líon leordhóthanach pearsanra chun a chúraimí a dhéanamh agus a fhreagrachtaí a chomhlíonadh. Beidh córas i bhfeidhm chun infhaighteacht an phearsanra a phleanáil chun a áirithiú go gcuirfear na cúraimí uile i gcrích i gceart;
|
|
(3)
|
pearsanra atá cáilithe chun na cúraimí atá sannta dóibh a dhéanamh agus a bhfuil an t-eolas agus an taithí is gá acu agus a fhaigheann oiliúint tosaigh arís agus arís eile chun inniúlacht leanúnach a áirithiú;
|
|
(4)
|
saoráidí agus cóiríocht oifige atá leordhóthanach chun go ndéanfaidh an pearsanra na cúraimí a sannadh dóibh;
|
|
(5)
|
feidhm chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíontacht an chórais bainistíochta leis na ceanglais ábhartha, agus ar leordhóthanacht na nósanna imeachta, lena n-áirítear próiseas iniúchóireachta inmheánaí agus próiseas um bainistiú riosca sábháilteachta a bhunú. Áireofar san fhaireachán ar chomhlíonadh córas lena seolfar torthaí iniúchóireachta chuig bainistíocht shinsearach an údaráis inniúil chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme gníomhaíochtaí ceartaitheacha de réir mar is gá;
|
|
(6)
|
duine nó grúpa daoine a bheidh freagrach i leith bhainistíocht shinsearach an údaráis inniúil maidir leis an bhfeidhm faireacháin ar chomhlíonadh.
|
|
|
(b)
|
I gcás gach réimse gníomhaíochta, lena n-áirítear an córas bainistíochta, déanfaidh an t-údarás inniúil duine amháin nó níos mó a cheapadh a mbeidh an fhreagracht fhoriomlán orthu as an gcúram/na cúraimí ábhartha a bhainistiú.
|
|
(c)
|
Bunóidh an t-údarás inniúil nósanna imeachta le haghaidh na rannpháirtíochta i malartú frithpháirteach na faisnéise agus an chúnaimh uile is gá, ar rannpháirtíocht í le haon údarás inniúil eile lena mbaineann, cibé acu ón mBallstát céanna nó ó Bhallstáit eile, lena n-áirítear maidir le:
|
(1)
|
na torthaí uile a ardaíodh agus aon bheart leantach a rinneadh de thoradh na formhaoirseacht ar dhaoine agus ar eagraíochtaí a dhéanann gníomhaíochtaí ar chríoch Ballstáit, ach ar daoine nó eagraíochtaí iad arna ndeimhniú ag údarás inniúil Ballstáit eile nó ag an nGníomhaireacht;
|
|
(2)
|
faisnéis a eascraíonn as tuairisciú éigeantach agus deonach tarluithe mar a cheanglaítear le 145.A.60.
|
|
|
(d)
|
Déanfar cóip de na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcóras bainistíochta agus cuirfear na leasuithe orthu ar fáil don Ghníomhaireacht chun críoch caighdeánaithe.
|
145.B.205 Cúraimí a shannadh d’eintitis cháilithe
|
(a)
|
Maidir le cúraimí a bhaineann leis an deimhniú tosaigh nó le formhaoirseacht leanúnach ar eagraíochtaí a shannadh d’eintitis cháilithe, féadfaidh an t-údarás inniúil iad a shannadh faoi réir Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha cur chun feidhme. Agus cúraimí á sannadh aige, áiritheoidh an t-údarás inniúil:
|
(1)
|
go bhfuil córas curtha i bhfeidhm aige chun measúnú tosaigh agus leanúnach a dhéanamh chun a mheas an gcomhlíonann an t-eintiteas cáilithe Iarscríbhinn VI a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/1139. Déanfar an córas sin agus torthaí na measúnuithe a dhoiciméadú;
|
|
(2)
|
go bhfuil comhaontú i scríbhinn leagtha síos aige leis an eintiteas cáilithe, arna bhformheas ag an dá pháirtí ar an leibhéal iomchuí bainistíochta, ina leagtar síos na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
na cúraimí atá le déanamh;
|
|
(ii)
|
na dearbhuithe, na tuarascálacha agus na taifid atá le soláthar;
|
|
(iii)
|
na coinníollacha teicniúla atá le comhlíonadh agus na cúraimí sin á ndéanamh;
|
|
(iv)
|
an cumhdach i leith dliteanas lena mbaineann;
|
|
(v)
|
an chosaint a thugtar don fhaisnéis a fhaightear agus na cúraimí sin á ndéanamh.
|
|
|
|
(b)
|
Áiritheoidh an t-údarás inniúil go gcumhdófar leis an bpróiseas iniúchóireachta inmheánaí agus leis an bpróiseas um bainistiú riosca sábháilteachta a bhunaítear de bhun phointe 145.B.200(a)(5) na cúraimí deimhniúcháin agus formhaoirseachta leanúnaí uile a dhéanann an t-eintiteas cáilithe thar a cheann.
|
145.B.210 Athruithe sa chóras bainistíochta
|
(a)
|
Beidh córas i bhfeidhm ag an údarás inniúil chun na hathruithe a shainaithint, athruithe a dhéanann difear dá chumas a chúraimí a dhéanamh agus a fhreagrachtaí a chomhlíonadh mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) 2018/1139 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus ina ghníomhartha cur chun feidhme. Cuirfidh an córas sin ar a chumas don údarás inniúil an ghníomhaíocht is gá a dhéanamh chun a áirithiú go leanfaidh a chóras bainistíochta de bheith leormhaith agus éifeachtach.
|
|
(b)
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil a chóras bainistíochta a nuashonrú ar bhealach tráthúil chun aon athrú ar Rialachán (AE) 2018/1139 agus ar a ghníomhartha tarmligthe agus ar a ghníomhartha cur chun feidhme a léiriú d’fhonn a áirithiú go gcuirfear chun feidhme é go héifeachtach.
|
|
(c)
|
Tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra don Ghníomhaireacht faoi aon athrú a dhéanann difear dá chumas a chúraimí a dhéanamh agus a fhreagrachtaí a chomhlíonadh mar a fhoráiltear i Rialachán (AE) 2018/1139 agus ina ghníomhartha tarmligthe agus ina ghníomhartha cur chun feidhme.
|
145.B.220 Taifid a choimeád
|
(a)
|
Bunóidh an t-údarás inniúil córas coimeádta taifead lenar féidir stóráil leordhóthanach, inrochtaineacht agus inrianaitheacht iontaofa a dhéanamh ar na nithe seo a leanas:
|
(1)
|
beartais agus nósanna imeachta doiciméadaithe an chórais bainistíochta;
|
|
(2)
|
oiliúint, cáilíochtaí agus údaruithe a phearsanra;
|
|
(3)
|
cúraimí a shannadh, lena gcumhdófar na heilimintí a cheanglaítear le pointe 145.B.205, mar aon le mionsonraí na gcúraimí a shanntar;
|
|
(4)
|
próisis deimhniúcháin agus formhaoirseacht leanúnach ar eagraíochtaí deimhnithe, lena n-áirítear:
|
(i)
|
an t-iarratas ar dheimhniú eagraíochta;
|
|
(ii)
|
clár formhaoirseachta leanúnaí an údaráis inniúil, lena n-áirítear na taifid mheasúnaithe, iniúchta agus chigireachta go léir;
|
|
(iii)
|
an deimhniú eagraíochta, lena n-áirítear aon athrú air;
|
|
(iv)
|
cóip den chlár formhaoirseachta, ina liostaítear na dátaí atá na hiniúchtaí le déanamh agus na dátaí a rinneadh iad;
|
|
(v)
|
cóipeanna den chomhfhreagras foirmiúil ar fad;
|
|
(vi)
|
moltaí maidir le heisiúint nó le hathnuachan deimhnithe, mionsonraí na dtorthaí agus na ngníomhaíochtaí a rinne na heagraíochtaí chun clabhsúr a chur ar na torthaí sin, lena n-áirítear dáta an chlabhsúir, na gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin agus na barúlacha;
|
|
(vii)
|
aon mheasúnú, iniúchadh agus tuarascáil chigireachta a d’eisigh údarás inniúil eile de bhun phointe 145.B.300(d);
|
|
(viii)
|
cóipeanna de LECanna nó lámhleabhair uile na n-eagraíochtaí agus d’aon leasú orthu;
|
|
(ix)
|
cóipeanna d’aon doiciméad eile a d’fhormheas an t-údarás inniúil;
|
|
|
(5)
|
doiciméid a thacaíonn le húsáid modhanna malartacha comhlíonta;
|
|
(6)
|
faisnéis sábháilteachta arna soláthar i gcomhréir le pointe 145.B.125 agus bearta leantacha;
|
|
(7)
|
úsáid forálacha cosanta agus solúbthachta i gcomhréir le hAirteagal 70, le hAirteagal 71(1) agus le hAirteagal 76(4) de Rialachán (AE) 2018/1139.
|
|
|
(b)
|
Coinneoidh an t-údarás inniúil liosta ar bun de na deimhnithe eagraíochta uile atá eisithe aige.
|
|
(c)
|
Coinneofar na taifid ar fad dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) ar feadh íostréimhse 5 bliana, faoi réir an dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí.
|
|
(d)
|
Cuirfear na taifid ar fad dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b) ar fáil, arna iarraidh sin, d’údarás inniúil Ballstáit eile nó don Ghníomhaireacht.
|
145.B.300 Prionsabail formhaoirseachta
|
(a)
|
Fíoróidh an t-údarás inniúil:
|
(1)
|
comhlíonadh na gceanglas is infheidhme maidir le heagraíochtaí, sula n-eiseoidh sé deimhniú eagraíochta;
|
|
(2)
|
comhlíontacht leanúnach le ceanglais is infheidhme na n-eagraíochtaí atá deimhnithe aige;
|
|
(3)
|
cur chun feidhme bearta iomchuí sábháilteachta a éilíonn an t-údarás inniúil i gcomhréir le pointí 145.B.135(c) agus (d).
|
|
|
(b)
|
Maidir leis an bhfíorú sin:
|
(1)
|
tacófar leis trí dhoiciméadacht atá beartaithe go sonrach chun treoir a sholáthar do phearsanra atá freagrach as formhaoirseacht maidir lena bhfeidhmeanna a dhéanamh;
|
|
(2)
|
soláthróidh sé torthaí na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta do na heagraíochtaí lena mbaineann;
|
|
(3)
|
beidh sé bunaithe ar mheasúnuithe, ar iniúchtaí agus ar chigireachtaí agus, más gá, ar chigireachtaí gan fhógra;
|
|
(4)
|
soláthróidh sé don údarás inniúil an fhianaise is gá i gcás ina bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta, lena n-áirítear na bearta dá bhforáiltear i bpointe 145.B.350.
|
|
|
(c)
|
Bunóidh an t-údarás inniúil raon feidhme na formhaoirseachta a leagtar amach i bpointí (a) agus (b) agus torthaí na ngníomhaíochtaí formhaoirseachta a rinneadh roimhe sin agus na tosaíochtaí sábháilteachta á gcur san áireamh.
|
|
(d)
|
I gcás ina bhfuil saoráidí eagraíochta lonnaithe i níos mó ná Stát amháin, féadfaidh an t-údarás inniúil a chomhaontú, mar a shainítear i bpointe 145.1, go ndéanfaidh údarás inniúil an Bhallstáit, nó údaráis inniúla na mBallstát. ina bhfuil na saoráidí lonnaithe na cúraimí formhaoirseachta sin, nó go ndéanfaidh an Ghníomhaireacht iad i gcás saoráidí atá lonnaithe lasmuigh de chríoch a bhfuil Ballstáit freagrach aisti faoi Choinbhinsiún Chicago. Cuirfear aon eagraíocht atá faoi réir comhaontú den sórt sin ar an eolas gurb ann dó, agus maidir lena raon feidhme.
|
|
(e)
|
I gcás aon ghníomhaíocht formhaoirseachta a dhéantar ag saoráidí atá lonnaithe i mBallstát seachas an Ballstát ina bhfuil príomháit ghnó na heagraíochta, cuirfidh an t-údarás inniúil údarás inniúil an Bhallstáit sin ar an eolas, mar a shainítear i bpointe 145.1, sula ndéanfaidh sé aon iniúchadh nó cigireacht ar an láthair ar na saoráidí.
|
|
(f)
|
Baileoidh agus próiseálfaidh an t-údarás inniúil aon fhaisnéis a mheastar a bheith riachtanach chun gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanamh.
|
145.B.305 Clár formhaoirseachta
|
(a)
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil clár formhaoirseachta a bhunú agus a choinneáil ar bun, clár lena gcumhdófar na gníomhaíochtaí formhaoirseachta a cheanglaítear le pointe 145.B.300.
|
|
(b)
|
Cuirfear san áireamh sa chlár formhaoirseachta cineál sonrach na heagraíochta, castacht a gníomhaíochtaí, torthaí na ngníomhaíochtaí deimhniúcháin nó formhaoirseachta a rinneadh roimhe sin, nó iad araon, agus beidh sé bunaithe ar an measúnú ar na rioscaí gaolmhara. Áireofar leis na nithe seo a leanas, laistigh de gach timthriall pleanála formhaoirseachta:
|
(1)
|
measúnuithe, iniúchtaí agus cigireachtaí, lena n-áirítear na nithe seo a leanas, de réir mar is iomchuí:
|
(i)
|
measúnuithe ar chórais bhainistíochta agus iniúchtaí ar phróisis;
|
|
(ii)
|
iniúchtaí táirge ar shampla ábhartha den chothabháil a rinne an eagraíocht;
|
|
(iii)
|
sampláil de na hathbhreithnithe aeracmhainneachta a rinneadh;
|
|
(iv)
|
cigireachtaí gan fhógra;
|
|
|
(2)
|
cruinnithe a thionóltar idir an bainisteoir cuntasach agus an t-údarás inniúil chun a áirithiú go bhfanann an dá pháirtí ar an eolas maidir le gach saincheist shuntasach.
|
|
|
(c)
|
Ní rachaidh an timthriall pleanála formhaoirseachta thar 24 mhí.
|
|
(d)
|
D’ainneoin phointe (c), féadfar síneadh a chur leis an timthriall pleanála formhaoirseachta go 36 mhí más rud é gur shuigh an t-údarás inniúil gur tharla na nithe seo a leanas i rith na 24 mhí roimhe sin:
|
(1)
|
tá sé léirithe ag an eagraíocht gur féidir léi guaiseacha sábháilteachta eitlíochta a shainaithint go héifeachtach agus na rioscaí gaolmhara a bhainistiú;
|
|
(2)
|
tá comhlíontacht phointe 145.A.85 léirithe ar bhonn leanúnach ag an eagraíocht agus tá smacht iomlán aici ar na hathruithe go léir;
|
|
(3)
|
níor eisíodh aon toradh leibhéal 1;
|
|
(4)
|
cuireadh gach gníomhaíocht cheartaitheach chun feidhme laistigh den tréimhse ama ar ghlac an t-údarás inniúil léi nó ar chuir sé síneadh léi dá bhforáiltear i bpointe 145.B.350.
|
D’ainneoin phointe (c), féadfar síneadh breise a chur leis an timthriall pleanála formhaoirseachta go dtí 48 mhí ar a mhéad más rud é, sa bhreis ar na coinníollacha a sholáthraítear i bpointí (d)(1) go (4), go bhfuil córas éifeachtach leanúnach bunaithe ag an eagraíocht chun tuairisciú don údarás inniúil ar fheidhmíocht sábháilteachta agus ar chomhlíontacht rialála na heagraíochta féin, agus go bhfuil an t-údarás inniúil tar éis é a fhormheas..
|
|
(e)
|
Féadfar an timthriall pleanála formhaoirseachta a ghiorrú má tá fianaise ann go bhfuil laghdú tagtha ar fheidhmíocht sábháilteachta na heagraíochta.
|
|
(f)
|
Áireofar leis an gclár formhaoirseachta na dátaí atá measúnuithe, iniúchtaí, cigireachtaí agus cruinnithe le déanamh, agus na dátaí a rinneadh measúnuithe, iniúchtaí, cigireachtaí agus cruinnithe iarbhír.
|
|
(g)
|
Tar éis don údarás inniúil gach timthriall pleanála formhaoirseachta a chur i gcrích, eiseoidh sé tuarascáil mholta maidir le hathnuachan an cheadaithe, ina léireofar torthaí na formhaoirseachta.
|
145.B.310 Nós imeachta deimhniúcháin tosaigh
|
(a)
|
Tar éis don údarás inniúil iarratas a fháil ó eagraíocht ar eisiúint tosaigh deimhnithe, fíoróidh an t-údarás inniúil comhlíontacht na heagraíochta leis na ceanglais is infheidhme.
|
|
(b)
|
Tionólfar cruinniú le bainisteoir cuntasach na heagraíochta uair amháin ar a laghad le linn an imscrúdaithe le haghaidh deimhniú tosaigh chun a áirithiú go dtuigeann an duine sin an ról sin agus an chuntasacht a ghabhann leis.
|
|
(c)
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil taifead de na torthaí ar fad atá eisithe, ar na gníomhaíochtaí clabhsúir mar aon leis na moltaí maidir leis an deimhniú a eisiúint.
|
|
(d)
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil na torthaí ar fad a ardaíodh le linn an fhíoraithe a dhearbhú don eagraíocht i scríbhinn. I gcás deimhniú tosaigh, ní mór na torthaí go léir a cheartú chun sástacht an údaráis inniúil sula bhféadfar an deimhniú a eisiúint.
|
|
(e)
|
Nuair a bheidh sé sásta go gcomhlíonann an eagraíocht na ceanglais is infheidhme, déanfaidh an t-údarás inniúil na nithe seo a leanas:
|
(1)
|
an deimhniú a leagtar síos in Aguisín III “Foirm 3-145 EASA” a eisiúint i gcomhréir leis an gcóras aicmithe agus rátála dá bhforáiltear in Aguisín II;
|
|
(2)
|
an LEC a fhormheas go foirmiúil.
|
|
|
(f)
|
Áireofar le deimhniú Fhoirm 3-145 EASA uimhir thagartha an deimhnithe ar bhealach a shonróidh an Ghníomhaireacht.
|
|
(g)
|
Eiseofar an deimhniú ar feadh tréimhse neamhtheoranta. Na pribhléidí agus raon feidhme na ngníomhaíochtaí a bhfuil an eagraíocht formheasta ina leith, lena n-áirítear aon teorainn de réir mar is infheidhme, déanfar iad a shonrú i dtéarmaí an cheadaithe a ghabhann leis an deimhniú.
|
|
(h)
|
Ionas go mbeidh an eagraíocht in ann athruithe a chur chun feidhme gan cheadú a fháil ón údarás inniúil roimh ré i gcomhréir le pointe 145.A.85(c), formheasfaidh an t-údarás inniúil an nós imeachta ábhartha LEC ina leagtar amach raon feidhme na n-athruithe sin agus ina dtabharfar tuairisc ar an mbealach a dhéanfar na hathruithe sin a bhainistiú agus thabharfar fógra fúthu don údarás inniúil.
|
145.B.330 Athruithe — eagraíochtaí
|
(a)
|
Tar éis don údarás inniúil iarratas a fháil ar athrú a éilíonn ceadú roimh ré, fíoróidh an t-údarás inniúil comhlíontacht na heagraíochta leis ceanglais is infheidhme sula n-eiseoidh sé an ceadú.
|
|
(b)
|
Bunóidh an t-údarás inniúil na coinníollacha faoina bhféadfaidh an eagraíocht oibriú le linn an athraithe ach amháin má chinneann an t-údarás inniúil gur gá deimhniú na heagraíochta a chur ar fionraí.
|
|
(c)
|
Nuair a bheidh sé sásta go gcomhlíonann an eagraíocht na ceanglais is infheidhme, formheasfaidh an t-údarás inniúil an t-athrú.
|
|
(d)
|
Gan dochar d’aon bheart forfheidhmiúcháin breise, má chuireann an eagraíocht athruithe chun feidhme a n-éilítear leo ceadú roimh ré gan an ceadú a bheith faighte aici ón údarás inniúil de bhun phointe (c), déanfaidh an t-údarás inniúil a mheas an gá deimhniú na heagraíochta a chur ar fionraí, a theorannú nó a chúlghairm.
|
|
(e)
|
I gcás athruithe nach n-éilítear leo ceadú roimh ré, áireoidh an t-údarás inniúil an t-athbhreithniú ar na hathruithe sin lena mhaoirseacht leanúnach i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar amach i bpointe 145.B.300. Má aimsítear aon neamhchomhlíontacht, tabharfaidh an t-údarás inniúil fógra faoi don eagraíocht, iarrfaidh sé tuilleadh athruithe, agus gníomhóidh sé i gcomhréir le pointe 145.B.350.
|
145.B.350 Torthaí agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha; barúlacha
|
(a)
|
Beidh córas i bhfeidhm ag an údarás inniúil chun anailís a dhéanamh ar thorthaí maidir lena dtábhacht ó thaobh sábháilteachta de.
|
|
(b)
|
Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 1 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíontacht shuntasach i ndáil le ceanglais is infheidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme, le nósanna imeachta agus lámhleabhair na heagraíochta, nó le deimhniú na heagraíochta, lena n-áirítear téarmaí an cheadaithe, ar neamhchomhlíontacht í a laghdaíonn an tsábháilteacht nó a chuireann sábháilteacht na heitilte go mór i mbaol.
Áireofar le torthaí leibhéal 1 na nithe seo a leanas freisin:
|
(1)
|
aon mhainneachtain rochtain a thabhairt don údarás inniúil ar shaoráidí na heagraíochta dá dtagraítear i bpointe 145.A.140 le linn gnáthuaireanta oibriúcháin agus tar éis dhá iarraidh i scríbhinn;
|
|
(2)
|
an deimhniú eagraíochta a fháil nó a bhailíocht a choinneáil ar bun trí fhalsú a dhéanamh ar an bhfianaise dhoiciméadach a cuireadh isteach;
|
|
(3)
|
aon fhianaise ar mhíchleachtas nó ar úsáid chalaoiseach an deimhnithe eagraíochta;
|
|
(4)
|
easpa bainisteora chuntasaigh.
|
|
|
(c)
|
Eiseoidh an t-údarás inniúil toradh leibhéal 2 nuair a bhraitear aon neamhchomhlíontacht i ndáil le ceanglais is infheidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme, le nósanna imeachta agus lámhleabhair na heagraíochta, nó le deimhniú na heagraíochta, lena n-áirítear téarmaí an cheadaithe, ar neamhchomhlíontacht í nach n-aicmítear ina thoradh leibhéal 1.
|
|
(d)
|
I gcás ina mbraitear toradh le linn formhaoirseachta nó ar aon mbealach eile, gan dochar d’aon ghníomhaíocht bhreise a cheanglaítear le Rialachán (AE) 2018/1139 agus lena ghníomhartha tarmligthe agus lena ghníomhartha cur chun feidhme, déanfaidh an t-údarás inniúil an toradh a chur in iúl i scríbhinn don eagraíocht agus iarrfaidh sé gníomhaíocht cheartaitheach chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht a sainaithníodh. Má bhaineann toradh leibhéal 1 go díreach le haerárthach, cuirfidh an t-údarás inniúil é sin in iúl don údarás inniúil den Bhallstát ina bhfuil an t-aerárthach cláraithe.
|
(1)
|
Má fhaightear aon toradh leibhéal 1, déanfaidh an t-údarás inniúil beart láithreach iomchuí chun gníomhaíochtaí na heagraíochta lena mbaineann a chosc nó srian a chur leo agus, más iomchuí, déanfaidh sé beart chun an deimhniú a chúlghairm nó é a theorannú nó a chur ar fionraí ina iomláine nó i bpáirt, ag brath ar mhéid an toradh leibhéal 1, go dtí go n-éireoidh le gníomhaíocht cheartaitheach óna eagraíocht.
|
|
(2)
|
Má tá aon toradh leibhéal 2 ann, déanfaidh an t-údarás inniúil na nithe seo a leanas:
|
(i)
|
tréimhse cur chun feidhme maidir le gníomhaíocht cheartaitheach a dheonú don eagraíocht, ar tréimhse í atá iomchuí do chineál an toraidh, agus nach mairfidh ar dtús níos mó ná 3 mhí, i gcás ar bith. Tosóidh an tréimhse ó dháta na cumarsáide i scríbhinn lena gcuirtear an toradh in iúl don eagraíocht a iarrann gníomhaíocht cheartaitheach chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht a sainaithníodh. Ag deireadh na tréimhse sin, agus faoi réir chineál an toraidh, féadfaidh an t-údarás inniúil síneadh a chur leis an tréimhse 3 mhí ar choinníoll gur comhaontaíodh plean gníomhaíochta ceartaithí leis an údarás inniúil;
|
|
(ii)
|
measúnú a dhéanamh ar an bplean gníomhaíochta ceartaithí agus ar an bplean cur chun feidhme atá beartaithe ag an eagraíocht, agus má chinntear leis an measúnú gur leor iad chun aghaidh a thabhairt ar an neamhchomhlíontacht, glacfaidh sé leo.
|
|
|
(3)
|
Má theipeann ar an eagraíocht plean gníomhaíochta ceartaithí inghlactha a chur isteach, nó má theipeann uirthi an ghníomhaíocht cheartaitheach a dhéanamh laistigh den tréimhse ama ar ghlac an t-údarás inniúil léi nó ar chuir an t-údarás inniúil síneadh léi, ardófar an toradh go leibhéal 1 agus déanfar beart mar a leagtar síos i bpointe (d)(1).
|
|
(4)
|
Déanfaidh an t-údarás inniúil taifead de na torthaí ar fad a d’ardaigh sé nó a cuireadh in iúl dó i gcomhréir le pointe (e) agus, i gcás inarb infheidhme, déanfaidh sé taifead de na bearta forfheidhmiúcháin a chuir sé i bhfeidhm, chomh maith leis na gníomhaíochtaí ceartaitheacha uile agus na dátaí a cuireadh clabhsúr ar na torthaí uile.
|
|
|
(e)
|
Gan dochar d’aon bheart forfheidhmiúcháin breise, i gcás ina sainaithníonn údarás a dhéanann na cúraimí formhaoirseachta de bhun phointe 145.B.300(d) aon neamhchomhlíontacht cheanglais infheidhme Rialachán (AE) 2018/1139 agus a ghníomhartha tarmligthe agus a ghníomhartha gcur chun feidhme ag eagraíocht atá deimhnithe ag údarás inniúil Ballstáit eile nó ag an nGníomhaireacht, cuirfidh sé an t-údarás inniúil sin ar an eolas faoi, agus tabharfaidh sé léiriú ar leibhéal an toraidh.
|
|
(f)
|
Féadfaidh an t-údarás inniúil barúlacha a eisiúint maidir le haon cheann de na cásanna seo a leanas nach n-éilíonn leo torthaí leibhéal 1 ná leibhéal 2:
|
(1)
|
i gcás aon mhír ar measadh a feidhmíocht a bheith neamhéifeachtach;
|
|
(2)
|
i gcás ina sainaithnítear go bhfuil sé d’acmhainn ag mír a bheith ina cúis le neamhchomhlíontacht faoi phointí (b) nó (c);
|
|
(3)
|
nuair a bhíonn moltaí nó feabhsuithe ina n-ábhar spéise ar mhaithe le feidhmíocht sábháilteachta fhoriomlán na heagraíochta.
|
|
Cuirfear na barúlacha a eisítear faoin bpointe seo in iúl i scríbhinn don eagraíocht agus déanfaidh an t-údarás inniúil iad a thaifeadadh.
145.B.355 Fionraí, teorannú agus cúlghairm
Déanfaidh an t-údarás inniúil an méid seo a leanas:
|
(a)
|
deimhniú a chur ar fionraí nuair a mheasann sé go bhfuil forais réasúnacha ann go bhfuil gá leis an mbeart sin chun bagairt inchreidte ar shábháilteacht aerárthaí a chosc;
|
|
(b)
|
deimhniú a chur ar fionraí, a chúlghairm nó a theorannú más gá beart den sórt sin de bhun phointe 145.B.350;
|
|
(c)
|
deimhniú a chur ar fionraí nó a theorannú ina iomláine nó i bpáirt, má chuireann cúinsí neamh-intuartha nach bhfuil neart ag an údarás inniúil orthu cosc ar a gcigirí a bhfreagrachtaí formhaoirseachta a chomhlíonadh maidir leis an timthriall pleanála formhaoirseachta.”;
|
|