11.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 398/25


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1953 ÓN gCOIMISIÚN

an 10 Samhain 2021

lena leasaítear Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na tairseacha do chonarthaí soláthair, seirbhísí agus oibreacha, agus do chomórtais deartha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar arna dhéanamh ag eintitis a fheidhmíonn in earnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist, agus lena leasaítear Treoir 2004/17/CE (1), agus go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 17(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Cinneadh 2014/115/AE (2), d’fhormheas an Chomhairle an Prótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais (3) a tugadh i gcrích faoi chuimsiú na hEagraíochta Domhanda Trádála. Is ionstraim ilpháirtithe é an Comhaontú leasaithe maidir le Soláthar Rialtais (“an Comhaontú”) agus is é is cuspóir leis margaí soláthair rialtais a oscailt go frithpháirteach i measc a chuid pháirtithe. Baineann an Comhaontú le haon chonradh soláthair lena mbaineann luach a shroicheann na méideanna a leagtar amach ann (“tairsí”) nó a sháraíonn na méideanna sin, méideanna a shloinntear mar chearta tarraingthe speisialta.

(2)

Ceann de chuspóirí Threoir 2014/25/AE is ea cead a thabhairt do na heintitis chonarthacha a chuireann an Treoir sin i bhfeidhm na hoibleagáidí a leagtar síos sa Chomhaontú a chomhlíonadh ag an am céanna. I gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/25/AE, na tairseacha do chonarthaí soláthair, seirbhíse agus oibreacha, agus do chomórtais deartha a leagtar amach in Airteagal 15, pointe (a) agus pointe (b), den Treoir sin, tá an Coimisiún le fíorú, gach 2 bhliain, go gcomhfhreagraíonn na tairseacha sin do na tairseacha a bhunaítear sa Chomhaontú. Ós rud é go bhfuil luach na dtairseach a ríomhtar i gcomhréir le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/25/AE éagsúil le luach na dtairseach a leagtar amach in Airteagal 15, pointe (a) agus pointe (b), den Treoir sin, is gá athbhreithniú a dhéanamh ar na tairseacha sin.

(3)

Ceanglaítear le hAirteagal 17(1) de Threoir 2014/25/AE go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar na tairseacha gach 2 bhliain le héifeacht ón 1 Eanáir. Dá bhrí sin, ba cheart feidhm a bheith ag na tairseacha do na blianta 2022-2023 ón 1 Eanáir 2022 ar aghaidh.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Treoir 2014/25/AE a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 15 de Threoir 2014/25/AE mar a leanas:

(1)

i bpointe (a), cuirtear “EUR 431 000” in ionad “EUR 428 000”;

(2)

i bpointe (b), cuirtear “EUR 5 382 000” in ionad “EUR 5 350 000”;

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 94, 28.3.2014, lch. 243.

(2)  Cinneadh 2014/115/AE ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 maidir leis an bPrótacal lena leasaítear an Comhaontú maidir le Soláthar Rialtais a thabhairt i gcrích (IO L 68, 7.3.2014, lch. 1).

(3)  IO L 68, 7.3.2014, lch. 2.