10.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 396/47


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1938 ÓN gCOIMISIÚN

an 9 Samhain 2021

lena mbunaítear an múnla de dhoiciméad sainaitheantais maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2007/25/CE

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le gluaiseacht neamhthráchtála peataí agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 998/2003 (1), agus go háirithe Airteagail 30 agus 36 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír, lena n-áirítear éin dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin (peataí éin), leagtar síos na ceanglais sláinte ainmhithe is infheidhme maidir leis na gluaiseachtaí sin, lena n-áirítear na rialacha maidir le seiceálacha doiciméadúcháin agus sainaitheantais ina leith.

(2)

Le hAirteagal 14 de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 foráiltear go mbeidh doiciméad sainaitheantais ag gabháil le peataí éan a ghluaistear isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír. Ina theannta sin, in Airteagal 30 den Rialachán sin freisin déantar foráil maidir leis an gCoimisiún múnla de dhoiciméad sainaitheantais a ghlacadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme, agus foráiltear go mbeidh dearbhú scríofa ón úinéir nó ó dhuine údaraithe sa doiciméad sainaitheantais sin, dearbhú lena ndeimhneofar gur gluaiseacht neamhthráchtála í gluaiseacht an pheata éin isteach san Aontas (dearbhú scríofa). Dá réir sin, ba cheart an múnla sin de dhoiciméad sainaitheantais a bhunú leis an Rialachán seo, agus is éard ba cheart a bheith sa doiciméad sin deimhniú tréidliachta (deimhniú tréidliachta) maille leis an dearbhú scríofa.

(3)

Na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír, leagtar síos iad i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 ón gCoimisiún (2), doiciméad a mbeidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022. Dá bhrí sin, na rialacha a leagtar síos sa Rialachán Tarmligthe sin, ba cheart iad a chur san áireamh sa mhúnla de dhoiciméad aitheantais.

(4)

Na rialacha deimhniúcháin reatha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír, leagtar síos iad i Rialachán 2007/25/CE ón gCoimisiún (3). Ós rud é go bhfuil na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 agus sa Rialachán seo le cur in áit na rialacha a leagtar síos sa Chinneadh sin, ba cheart Cinneadh 2007/25/CE a aisghairm agus aon tagairt don Chinneadh sin a fhorléiriú mar thagairt don Rialachán seo agus do Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933.

(5)

Ionas nach ndéanfar aon chur isteach agus peataí éan á dtabhairt isteach san Aontas, ba cheart úsáid deimhnithe tréidliachta maille le dearbhú a chomhlíonann na rialacha a leagtar síos i gCinneadh 2007/25/CE, ba cheart úsáid an deimhnithe sin a údarú le linn idirthréimhse 3 mhí tar éis an dáta a chuirfear an Rialachán seo i bhfeidhm, faoi réir coinníollacha áirithe.

(6)

Ós rud é go bhfuil na rialacha a leagtar síos sa Rialachán seo le cur i bhfeidhm in éineacht leis na rialacha a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933, is ón 1 Eanáir 2022 ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo freisin.

(7)

Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, is bearta iad atá i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ábhar agus raon feidhme

Bunaítear leis an Rialachán seo múnla den doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, doiciméad atá le húsáid maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí den speiceas éanúil dá dtagraítear i gCuid B d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin (peataí éan), gluaiseachtaí neamhthráchtála na bpeataí sin isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír.

Airteagal 2

Doiciméad aitheantais samplach

1.   An múnla den doiciméid sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 1, leagtar amach san Iarscríbhinn é, agus is éard atá ann an dá ní seo a leanas:

(a)

an deimhniú tréidliachta a leagtar amach i gCuid 1 den Iarscríbhinn;

(b)

an dearbhú scríofa atá le síniú ag an úinéir nó ag duine údaraithe, dearbhú a leagtar amach i gCuid 2 den Iarscríbhinn.

2.   An deimhniú tréidliachta dá dtagraítear i mír 1, pointe (a), comhlíonfaidh sé an dá choinníoll seo a leanas:

(a)

ní mór é a líonadh isteach i gcomhréir leis na nótaí i gCuid II den deimhniú tréidliachta;

(b)

ní mór an duine a eiseoidh é a bheith ina thréidlia oifigiúil de chuid na críche nó an tríú tír thionscnaimh, sin nó ina thréidlia údaraithe, agus ní mór údarás inniúil na críche sin nó an tríú tír sin é a fhormhuiniú ina dhiaidh sin i gcomhréir leis na ceanglais maidir le heisiúint an deimhnithe tréidliachta a leagtar amach i gCuid 3 den Iarscríbhinn.

3.   Na ceanglais maidir le heisiúint an dearbhaithe scríofa a leagtar amach i gCuid 4 den Iarscríbhinn, is i gcomhréir leis na ceanglais sin a dhéanfaidh an t-úinéir nó an duine údaraithe an dearbhú scríofa dá dtagraítear i mír 1, pointe (b) a líonadh isteach.

Airteagal 3

Aisghairm

Aisghairtear Cinneadh 2007/25/CE.

Déanfar tagairtí don Chinneadh aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus do Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933.

Airteagal 4

Bearta idirthréimhseacha

Ar feadh idirthréimhse a mhairfidh go dtí an 31 Márta 2022, peataí éan a bhfuil deimhniú tréidliachta ag gabháil leo, deimhniú a eisíodh tráth nach déanaí ná an 15 Márta 2022 agus atá i gcomhréir leis an múnla de dheimhniú tréidliachta a leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann le Cinneadh 2007/25/CE agus leis an Dearbhú a leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an gCinneadh sin, leanfaidh na Ballstáit de ghluaiseacht neamhthráchtála na bpeataí éan sin isteach san Aontas a údarú.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus infheidhmeacht

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 9 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 178, 28.6.2013, lch. 1.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1933 an 10 Samhain 2021 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír (IO L 396, 10.11.2021, lch. 4).

(3)  Cinneadh 2007/25/CE ón gCoimisiún an 22 Nollaig 2006 maidir le bearta cosanta áirithe i ndáil le fliú éanúil ardphataigineach agus gluaiseachtaí peataí éan isteach sa Chomhphobal in éineacht lena n-úinéir (IO L 8, 13.1.2007, lch. 29).


IARSCRÍBHINN

Múnla den doiciméad sainaitheantais dá dtagraítear in Airteagal 14(2), pointe (c) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, ar doiciméad é le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír

CUID 1

Múnla de dheimhniú tréidliachta le haghaidh gluaiseachtaí neamhthráchtála peataí éan isteach i mBallstát ó chríoch nó ó thríú tír

Image 1

Image 2

Image 3

Image 4

CUID 2

Múnla den dearbhú scríofa dá dtagraítear in Airteagal 30(3) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013

Dearbhú

Déanaimse, a bhfuil mo shíniú thíos,

Ainm: …

Seoladh: …

Uimhir theileafóin: …

(cuir isteach sonraí an úinéara (1) nó an duine údaraithe a bhfuil údarú faighte i scríbhinn aige ón úinéir an ghluaiseacht neamhthráchtála a chur i gcrích thar ceann an úinéara (1) (2))

na nithe seo a leanas a dhearbhú:

1.

Beidh an t-éan nó na héin in éineacht leis an duine a bhfuil a shíniú thíos, agus is “peata” nó “peataí” é nó iad mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (b) de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013, peata nó peataí ar gluaiseacht neamhthráchtala an ghluaiseacht atá beartaithe ina dtaobh, agus nach bhfuil sé beartaithe é nó iad a dhíol le húinéir eile nó a aistriú chuig úinéir eile.

2.

An duine a bhfuil a shíniú thíos, is faoina fhreagracht féin a bheidh an t-éan nó na héin le linn na gluaiseachta neamhthráchtála.

3.

An chigireacht chliniciúil réamhghluaiseachta a dhéanfaidh tréidlia oifigiúil nó tréidlia údaraithe, le linn na tréimhse idir an chigireacht sin agus an t-imeacht féin, beidh an t-éan nó na héin á leithlisiú agus ní bheidh teagmháil aige nó acu le haon éan eile.

4.

 (1) seo

[Aistreofar an t-éan nó na héin chuig teach nó chuig áit chónaithe eile laistigh den Aontas … (cuir isteach seoladh (2)) agus ní chuirfear é nó iad isteach ar sheónna, aontaí, taispeántais ná cruinnithe eile éan le linn na tréimhse 30 lá tar éis an dáta a thabharfar isteach san Aontas é nó iad, agus

 (1) seo

[rinneadh an t-éan nó na héin a leithlisiú san áitreabh tionscnaimh ar feadh tréimhse 30 lá ar a laghad roimh an dáta seolta go dtí an tAontas gan teacht i dteagmháil le haon éan eile.]]

 (1)

[rinne tréidlia an t-éan nó na héin a vacsaíniú in aghaidh fhochineálacha H5 agus H7 de fhliú na n-éan]

 (1)

[rinneadh an t-éan nó na héin a leithlisiú ar feadh na tréimhse leithlisithe réamhghluaiseachta 14 lá, agus rinneadh tástáil air nó orthu chun antaigin nó géanóm fhochineálacha H5 agus H7 de fhliú na n-éan a bhrath, tástáil a raibh toradh diúltach uirthi.]]

 (1)

Tá socruithe déanta agam maidir le coraintín an éin nó na n-éan, tar éis é nó iad a thabhairt isteach ar feadh tréimhse 30 lá, i mbunaíocht choraintín … (2) (3) (4), mar a chuirtear in iúl sa deimhniú tréidliachta comhfhreagrach.]

 (1)

[Dheonaigh an Ballstát is ceann scríbe maolú faoi Airteagal 32 de Rialachán (AE) Uimh. 576/2013 i ndáil le gluaiseacht neamhthráchtála an pheata éin nó na bpeataí éan isteach ina chríoch (4).]

Dáta agus Áit

Ainm agus Síniú

An dáta a shíneoidh tréidlia oifigiúil na críche nó an tríú tír thionscnaimh an deimhniú tréidliachta, is ar feadh tréimhse 10 lá ón dáta sin amach a bheidh an dearbhú scríofa seo bailí. I gcás iompar ar muir, cuirfear tréimhse bhreise leis an tréimhse bailíochta, tréimhse bhreise a chomhfhreagróidh d’fhad an turais farraige

CUID 3

Ceanglais maidir le heisiúint an deimhnithe tréidliachta a leagtar amach i gCuid 1

Beidh feidhm ag an méid seo a leanas maidir le heisiúint an deimhnithe tréidliachta a leagtar amach i gCuid 1 den Iarscríbhinn seo:

(a)

I gcás ina luafar sa deimhniú tréidliachta go gcoimeádfar ráitis áirithe de réir mar is iomchuí, déanfaidh an tréidlia oifigiúil nó an tréidlia údaraithe líne a chur trí aon ráiteas nach bhfuil ábhartha agus a insileacha a chur leo agus a stampáil, sin nó scriosfaidh sé go hiomlán iad ón deimhniú tréidliachta.

(b)

Is bileog singil páipéir a bheidh sa bhunchóip de gach deimhniú tréidliachta, nó, mura leor sin, an deimhniú tréidliachta iomlán ina mbeidh na bileoga páipéir ar fad is gá, ní mór é a bheith comhtháite doroinnte.

(c)

Déanfar an deimhniú tréidliachta a tharraingt suas i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina dtabharfar an t-éan nó na héin isteach san Aontas, sin agus i mBéarla, agus is i mbloclitreacha a líonfar isteach é.

(d)

Má chuirtear bileoga breise páipéir nó doiciméid tacaíochta i gceangal leis an deimhniú tréidliachta, measfar gur cuid den deimhniú tréidliachta bunaidh na bileoga páipéir nó na doiciméid sin freisin, agus chuige sin cuirfidh an tréidlia oifigiúil nó an tréidlia údaraithe a shíniú agus a stampa le gach ceann de na leathanaigh sin.

(e)

An deimhniú tréidliachta maille le haon bhileog bhreise páipéir nó doiciméad tacaíochta dá dtagraítear i bpointe (d), is gcás ina mbeidh níos mó ná leathanach amháin ann, cuirfear uimhir ar bhun gach leathanaigh, mar atá (uimhir an leathanaigh) as (líon iomlán na leathanach), agus ar bharr gach leathanaigh beidh uimhir thagartha an deimhnithe tréidliachta, uimhir a bheidh ainmnithe ag an údarás inniúil.

(f)

An duine a eiseoidh an deimhniú tréidliachta bunaidh, beidh sé ina thréidlia oifigiúil de chuid na críche nó an tríú tír thionscnaimh, sin nó ina thréidlia údaraithe, agus ina dhiaidh sin déanfaidh údarás inniúil na críche nó an tríú tír thionscnaimh an deimhniú tréidliachta bunaidh a fhormhuiniú. Áiritheoidh údarás inniúil na críche nó an tríú tír thionscnaimh go gcomhlíonfar rialacha agus prionsabail deimhniúcháin atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos in Airteagail 86 go 89 de Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1). An dath a bheidh ar an síniú nó na sínithe ar an deimhniú tréidliachta, beidh sé éagsúil leis an dath a bheidh ar an gcló. Is ceanglas é sin a mbeidh feidhm aige freisin maidir le stampaí nach stampaí cabhartha ná stampaí a bhfuil comhartha uisce orthu iad.

(g)

Uimhir thagartha an deimhnithe tréidliachta, uimhir dá dtagraítear i mBoscaí I.2 agus II.a den deimhniú tréidliachta, is é údarás inniúil na críche nó an tríú tír thionscnaimh a eiseoidh í.

CUID 4

Ceanglais maidir le heisiúint an dearbhaithe scríofa a leagtar amach i gCuid 2

Déanfar an dearbhú scríofa a tharraingt suas i gceann amháin ar a laghad de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina dtabharfar an t-éan nó na héin isteach san Aontas, sin agus i mBéarla, agus is i mbloclitreacha a líonfar isteach é.


(1)  Coinnigh de réir mar is iomchuí.

(2)  Cuir isteach an fhaisnéis i mbloclitreacha

(3)  Cuir isteach ainm, uimhir formheasa agus sonraí teagmhála na bunaíochta coraintín.

(4)  Ní mór fianaise a sholáthar do thréidlia oifigiúil na críche nó an tríú tír.

(1)  Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).