8.11.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 393/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1924 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Samhain 2021

lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 a mhéid a bhaineann le hasbhaintí ó chuótaí iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn le haghaidh 2023

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe de chuid an Aontais chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (1), agus go háirithe Airteagal 105(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In 2013, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 (2) lena bhforáiltear maidir le hasbhaintí ón gcuóta ronnach arna leithdháileadh ar an Spáinn in 2013 agus sna blianta ina dhiaidh sin i roinn 8c ICES, i bhfolimistéir 9 agus 10 ICES agus in uiscí an Aontais in 34.1.1 CECAF agus ón gcuóta ainseabhaithe i bhfolimistéar 8 ICES de dheasca ró-iascaireacht ar an gcuóta ronnach in 2009.

(2)

Leasaíodh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1244 (3) ón gCoimisiún a mhéid a bhaineann le hasbhaintí ó chuótaí iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn in 2020 agus 2023. D’iarr an Spáinn cead na 3 341 tona nach ndearnadh a iascach in 2019 a úsáid i gcomhair asbhaintí le haghaidh 2019 agus na hasbhaintí dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 le haghaidh na mblianta 2020 agus 2023 a laghdú. Ba cheart don asbhaint ón gcuóta ábhartha ronnach le haghaidh na bliana 2019 a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1244 a bheith méadaithe leis na 3 341 tona sin nach ndearnadh a iascach. Ós rud é gur fágadh ar lár trí thimpiste an méid breise sin, ba cheart na cainníochtaí i gcomhair asbhaintí le haghaidh 2019 a cheartú. Ní dhearna an Spáinn 114 thona den chuóta ábhartha ronnach a iascach in 2020, rud a fhágann gur lú an brú iascaireachta ar an stoc sin i gcomparáid leis an uasmhéid a ceadaíodh de réir na ndeiseanna iascaireachta arna leithdháileadh le haghaidh na bliana sin. D’iarr an Spáinn cead na cainníochtaí sin nach ndearnadh a iascach a úsáid i gcomhair asbhaintí le haghaidh 2020 agus na hasbhaintí dá bhforáiltear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 le haghaidh na bliana 2023 a laghdú dá réir. Ba cheart na cainníochtaí i gcomhair asbhaintí le haghaidh 2020 agus 2023 atá bunaithe i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 a oiriúnú.

(3)

Leis na méideanna a bhainfear as na cuótaí ronnach le haghaidh 2023 i ndiaidh na n-athruithe, d’áiritheofaí fós nach sárófaí na deiseanna iascaireachta i gcás na speiceas sin, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh.

(4)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 a cheartú agus a leasú dá réir.

(5)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir le tuairim an Choiste um Iascach agus Dobharshaothrú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cuirtear an téacs san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad na hIarscríbhinne a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 3ú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Samhain 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 343, 22.12.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 ón gCoimisiún an 5 Márta 2013 lena bhforáiltear maidir le hasbhaintí ó chuótaí áirithe iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn in 2013 agus sna blianta ina dhiaidh sin de dheasca ró-iascaireacht ar chuóta áirithe ronnach in 2009 (IO L 62, 6.3.2013, lch. 1).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1244 ón gCoimisiún an 1 Meán Fómhair 2020 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 185/2013 maidir le hasbhaintí ó chuótaí iascaireachta arna leithdháileadh ar an Spáinn le haghaidh 2020 agus 2023 (IO L 286, 2.9.2020, lch. 9).


IARSCRÍBHINN

“IARSCRÍBHINN

Stoc

Cuóta tosaigh 2009

Cuóta oiriúnaithe 2009

Gabhálacha bunaithe 2009

An difríocht idir an cuóta agus na gabhálacha (ró-iascaireacht)

Asbhaint 2013

Asbhaint 2014

Asbhaint 2015

Asbhaint 2016

Asbhaint 2017

Asbhaint 2018

Asbhaint 2019

Asbhaint 2020

Asbhaint 2021

Asbhaint 2022

Asbhaint 2023

MAC8C 3411

29 529

25 525

90 954

- 65 429

100

100

100

5 544

6 283

4 805

7 762

3 328

5 544

5 544

267

ANE08 (1)

 

 

 

 

 

 

 

3 696

4 539

2 853

3 696

3 696

3 696

3 696

180


(1)  Le haghaidh ainseabhaithe, ba cheart an bhliain a thuiscint mar an séasúr iascaireachta a gcuirtear tús leis an bhliain sin.