27.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 380/5 |
RIALACHÁN (AE) 2021/1881 ÓN gCOIMISIÚN
an 26 Deireadh Fómhair 2021
lena leasaítear Iarscríbhinní II agus III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le huasleibhéil iarmhar imíodaclóipride i dtáirgí áirithe nó ar tháirgí áirithe
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den sórt sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 14(1)(a) agus Airteagal 49(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
I gcás imíodaclóipride, leagadh síos uasleibhéil iarmhar (MRLanna) in Iarscríbhinn III, Cuid A, a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(2) |
I gcás imíodaclóipride agus i gcomhréir le hAirteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 (2), chuir an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”) tuairim réasúnaithe isteach maidir leis an athbhreithniú ar na MRLanna atá ann cheana. Mhol an tÚdarás an sainmhíniú ar iarmhair a leagan síos mar imíodaclóiprid agus mar sin amháin. D’aithin sé riosca do thomhaltóirí maidir leis na MRLanna le haghaidh searbháin muc. Dá bhrí sin, is iomchuí an MRL sin a laghdú go dtí an teorainn shonrach chinnidh (LOD). Mhol an tÚdarás na MRLanna a laghdú le haghaidh cnónna peacáin, bananaí, trátaí, piobair mhilse/piobair chloigíneacha, ubhthorthaí, cúcamar, gircíní, cúirséad agus táirgí de bhunadh ainmhíoch. Ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
(3) |
Maidir leis na MRLanna le haghaidh torthaí citris, fíonchaor, fraochán, mónóg, ocra, guird a bhfuil craiceann do-ite acu, pónairí (iad a bhfuil faighneoga acu agus iad gan faighneoga), piseanna (iad a bhfuil faighneoga acu agus iad gan faighneoga), pónairí, piseanna talún, pónairí caife agus leannlusanna, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid go raibh roinnt faisnéise ann fúthu nach raibh ar fáil agus gur ghá do bhainisteoirí riosca an cheist a scrúdú a thuilleadh. Ós rud é nach bhfuil aon riosca ann do thomhaltóirí, ba cheart MRLanna na dtáirgí sin a leagan síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. Déanfar athbhreithniú ar na MRLanna sin; cuirfear san áireamh san athbhreithniú sin an fhaisnéis a bheidh ar fáil laistigh de 1 bhliain amháin ó dháta foilsithe an Rialacháin seo. |
(4) |
Na huasteorainneacha iarmhar Codex (CXLanna) atá ann cheana, cuireadh san áireamh iad i dtuairimí réasúnaithe an Údaráis. Maidir leis na CXLanna, tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nach bhfuil siad comhoiriúnach do shainmhíniú an Aontais ar iarmhair agus mhol sé gan na CXLanna atá ann cheana a áireamh in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Dá bhrí sin, is iomchuí na MRLanna sin a leagan síos ag an leibhéal a aithníonn an tÚdarás. |
(5) |
A mhéid a bhaineann le táirgí ar ina leith nach n-údaraítear úsáid an táirge cosanta plandaí agus nach bhfuil aon lamháltas i dtaca le hallmhairiú ná aon CXL ann ina leith, ba cheart MRLanna a leagan síos ag an LOD sonrach nó ag MRL réamhshocraithe, mar a fhoráiltear in Airteagal 18(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. |
(6) |
Chuaigh an Coimisiún i gcomhairle le saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh maidir le hiarmhair lotnaidicídí a mhéid a bhaineann leis an ngá le teorannacha cinnidh áirithe a oiriúnú. Tháinig na saotharlanna sin ar an gconclúid gur ghá LODanna sonracha a leagan síos le haghaidh forbairt theicniúil tráchtearraí áirithe. |
(7) |
Ar bhonn na dtuairimí réasúnaithe ón Údarás agus na tosca a bhaineann leis an ábhar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air á gcur san áireamh, comhlíontar ceanglais Airteagal 14(2) de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 leis na modhnuithe iomchuí atá á mbeartú ar na MRLanna. |
(8) |
Chuathas i gcomhairle le comhpháirtithe trádála an Aontais maidir le MRLanna nua tríd an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, agus cuireadh na tuairimí uathu san áireamh. |
(9) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 a leasú dá réir sin. |
(10) |
Chun go mbeifear in ann margú, próiseáil agus tomhaltas táirgí a dhéanamh ar an ngnáthshlí, ba cheart go bhforálfaí leis an Rialachán seo maidir le socrú idirthréimhseach i gcás táirgí atá táirgthe sula modhnaítear na MRLanna agus ar ina leith a léiríonn an fhaisnéis go gcoinnítear leibhéal ard cosanta don tomhaltóir. |
(11) |
Ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ann sula mbeidh feidhm ag na MRLanna modhnaithe ionas go mbeidh na Ballstáit, tríú tíortha agus oibreoirí gnólachtaí bia in ann iad féin a ullmhú chun na ceanglais nua a thiocfaidh as an modhnú ar na MRLanna a chomhlíonadh. |
(12) |
Chuaigh an formheas na himíodaclóipride in éag an 1 Nollaig 2020 (3). Aon tréimhse cairde a d’fhéadfadh a bheith deonaithe ag na Ballstáit, rachaidh sí in éag an 1 Meitheamh 2022. Tá sé beartaithe go ndéanfar athbhreithniú eile ar na huasleibhéil iarmhar tar éis an dáta sin. |
(13) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
A mhéid a bhaineann leis an tsubstaint ghníomhach imíodaclóiprid, leanfaidh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a bhí sé sular leasaíodh é leis an Rialachán seo agus beidh feidhm aige maidir le táirgí a táirgeadh san Aontas nó a allmhairíodh isteach san Aontas roimh an 16 Bealtaine 2022.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 16 Bealtaine 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 26 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.
(2) An tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia; Reasoned opinion on the review of the existing maximum residue levels for imidacloprid according to Article 12 of Regulation (EC) No 396/2005 [Tuairim réasúnaithe maidir leis an athbhreithniú ar na huasleibhéil iarmhar atá ann cheana i gcás imíodaclóipride de réir Airteagal 12 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005]. EFSA Journal [Iris EFSA] 2019;17(1):5570.
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 mar a leanas:
(1) |
in Iarscríbhinn II, cuirtear an colún seo a leanas le haghaidh imíodaclóipride léi: "Iarmhair lotnaidicídí agus uasleibhéil iarmhar (mg/kg)
|
(2) |
in Iarscríbhinn III, Cuid A, scriostar an colún le haghaidh imíodaclóipride. |
(*1) teorainn cinnidh anailísigh níos ísle
(1) Chun liosta iomlán na dtáirgí de thionscnamh ainmhíoch agus plandaí a bhfuil feidhm ag na MRLanna maidir leo a fheiceáil, ba cheart tagairt a dhéanamh d’Iarscríbhinn I