25.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 377/32


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1865 ÓN gCOIMISIÚN

an 22 Deireadh Fómhair 2021

lena gceartaítear an leagan Fraincise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/66 maidir le rialacha um shocruithe praiticiúla aonfhoirmeacha i ndáil le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar phlandaí, ar tháirgí plandaí agus ar réada eile lena fhíorú gur comhlíonadh rialacha an Aontais um bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí is infheidhme maidir leis na hearraí sin

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus Rialachán (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 22(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Sa leagan Fraincise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/66 ón gCoimisiún (2), tá earráid in Airteagal 1(1) a mhéid a bhaineann leis na rialuithe oifigiúla atá le déanamh ag na húdaráis inniúla ar an áitreabh agus ar láithreacha eile atá in úsáid ag oibreoirí gairmiúla; agus sa chéad abairt d’Airteagal 1(4) a mhéid a bhaineann leis na seiceálacha fisiceacha atá le déanamh ag na húdaráis inniúla.

(2)

Dá bhrí sin, ba cheart an leagan Fraincise de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/66 a cheartú dá réir. Ní dhéanann sé seo difear do na leaganacha teanga eile.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge)

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 22 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/66 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2019 maidir le rialacha um shocruithe praiticiúla aonfhoirmeacha i ndáil le rialuithe oifigiúla a dhéanamh ar phlandaí, ar tháirgí plandaí agus ar réada eile lena fhíorú gur comhlíonadh rialacha an Aontais um bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí is infheidhme maidir leis na hearraí sin (IO L 15, 17.1.2019, lch. 1).