20.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 372/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1833 ÓN gCOIMISIÚN

an 14 Iúil 2021

lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí shonrú a dhéanamh ar na critéir lena gcinntear cathain a mheasfar gníomhaíocht a bheith coimhdeach leis an bpríomhghnó ar leibhéal an ghrúpa

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (1), agus go háirithe Airteagal 2(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An measúnú ar cibé an bhfuil daoine ag déileáil ar a gcuntas féin nó ag soláthar seirbhísí infheistíochta i ndíorthaigh tráchtearraí, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh díobh sin san Aontas mar ghníomhaíocht atá coimhdeach lena bpríomhghnó, ba cheart an measúnú sin a dhéanamh ar leibhéal grúpa. I gcomhréir leis an sainmhíniú in Airteagal 2(11) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), meastar go gcuimsítear le “grúpa” an máthairghnóthas agus a fhoghnóthais uile. Chun críoch an rialacháin seo, áirítear leis eintitis atá suite san Aontas agus i dtríú tíortha gan beann ar cibé an bhfuil ceanncheathrú an ghrúpa suite laistigh nó lasmuigh den Aontas.

(2)

Ba cheart an measúnú a dhéanamh i bhfoirm trí thástáil mhalartacha (“tástálacha gníomhaíochta coimhdí”), atá bunaithe ar ghníomhaíocht trádála na ndaoine laistigh den ghrúpa. Ba cheart go gcinnfí leis na tástálacha cibé an dtrádálann nó nach dtrádálann na daoine laistigh den ghrúpa ar a gcuntas féin. Má sholáthraíonn na daoine sin seirbhísí infheistíochta i ndíorthaigh tráchtearraí, i lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh san Aontas an oiread sin i gcoibhneas le príomhghnó an ghrúpa nach féidir na gníomhaíochtaí sin a mheas mar ghníomhaíochtaí coimhdeacha ar leibhéal grúpa, ba cheart a éileamh ar na daoine sin údarú a fháil mar ghnólacht infheistíochta. D’fhonn fíorchás eacnamaíoch na ngrúpaí ilchineálacha nach mór dóibh measúnú a dhéanamh ar cibé an trádáil choimhdeach nó nach trádáil choimhdeach í a dtrádáil lena bpríomhghníomhaíochtaí gnó a chur san áireamh, ba cheart deis a thabhairt do na daoine sin a chinneadh cé acu de na trí thástáil mhalartacha a dhéanfar d’fhonn a chinneadh cibé an bhfuil nó nach bhfuil a ngníomhaíocht trádála coimhdeach le príomhghnó grúpa áirithe. Má tá gníomhaíocht trádála duine coimhdeach faoi aon cheann de na tástálacha sin, ba cheart é a mheas mar ghníomhaíocht ar gníomhaíocht choimhdeach í leis an bpríomhghnó chun críoch Airteagal 2(1)(j) de Threoir 2014/65/AE.

(3)

De bhun na chéad tástála malartaí ba cheart do ghníomhaíocht duine a bheith coimhdeach leis an bpríomhghnó má tá a neamhchosaint bharúlach ghlan gan íoc i ndíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh le haghaidh socraíocht airgid thirim a thrádáiltear san Aontas, cé is moite de dhíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh a thrádáiltear ar ionad trádála, faoi bhun tairseach bhliantúil de EUR 3 billiún (Tástáil Tairsí De Minimis).

(4)

Sa dara tástáil mhalartach déantar comparáid idir méid gníomhaíochta trádála duine in aghaidh ghníomhaíocht trádála fhoriomlán an ghrúpa san Aontas (an “Tástáil Trádála”). Ba cheart méid gníomhaíochta trádála duine a chinneadh trí shuim mhéid na n-idirbheart chun críoch leachtachta inghrúpa nó chun críoch bainistíochta riosca, laghdú atá intomhaiste go hoibiachtúil a dhéanamh ar rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó le gníomhaíocht um maoiniú cisteáin nó oibleagáidí a chomhlíonadh chun leachtacht a sholáthar ar ionad trádála (“idirbhearta faoi phribhléid”) a asbhaint as méid na gníomhaíochta trádála foriomláine arna déanamh ag an duine. Maidir le conarthaí i gcás ina bhfuil duine laistigh den ghrúpa ar páirtí é i leith aon cheann de na conarthaí sin údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3), ba cheart iad a asbhaint ó ghníomhaíocht trádála duine. Áirítear le gníomhaíocht trádála fhoriomlán an ghrúpa san Aontas idirbhearta faoi phribhléid agus conarthaí i gcás ina bhfuil an duine laistigh den ghrúpa ar páirtí é i leith aon cheann de na conarthaí sin údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó Treoir 2013/36/AE.

(5)

Ba cheart méid na gníomhaíochta trádála a chinneadh trí bhíthin oll-luach barúlach na gconarthaí i ndíorthaigh tráchtearraí, i lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh díobh san Aontas ar bhonn meán rollach de na trí thréimhse bhliantúla roimhe sin.

(6)

Tógtar méid na gníomhaíochta trádála a úsáidtear mar an paraiméadar faoin tástáil Trádála mar athróg ionadach don ghníomhaíocht tráchtála a mbíonn an duine nó an grúpa ag gabháil de mar phríomhghnó. Ba cheart don athróg ionadach sin a bheith éasca agus costéifeachtach do dhaoine le cur i bhfeidhm mar cuireann sé le sonraí a éilítear a mbailiú cheana féin chun críche comhlíontachta, amhail idirbhearta a thuairisciú, agus lena ndéantar tástáil fhiúntach a bhunú an tráth céanna.

(7)

Tá an athróg ionadach sin iomchuí toisc go meastar go ndéanfaidh eintiteas réasúnach a mbíonn col riosca aige, amhail táirgeoir, próiseálaí nó tomhaltóir tráchtearraí nó lamháltas astaíochtaí, méid gníomhaíochta tráchtála a phríomhghnó a fhálú le méid coibhéiseach de dhíorthaigh tráchtearraí, lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh. Dá bhrí sin, is athróg ionadach iomchuí é méid a chuid gníomhaíochta trádála uile i ndíorthaigh tráchtearraí, i lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh arna dtomhas san oll-luach barúlach den tsócmhainn fholuiteach le haghaidh mhéid phríomhghnó an ghrúpa. Ó tharla nach n-úsáidfeadh grúpaí, nach bhfuil a bpríomhghníomhaíochtaí gnó bainteach le lamháltais tráchtearraí ná le lamháltais astaíochtaí, díorthaigh de lamháltais tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí mar uirlis laghdaithe riosca, níor cheart dá gcuid trádála i ndíorthaigh tráchtearraí, i lamháltais astaíochtaí nó i ndíorthaigh díobh cáiliú mar fhálú.

(8)

Ní féidir úsáid díorthach tráchtearraí mar uirlis laghdaithe riosca a mheas áfach mar athróg ionadach fhoirfe le haghaidh na gníomhaíochta tráchtála uile a dhéanann an duine nó an grúpa mar a phríomhghnó toisc go bhféadfadh sé nach gcuirfeadh sé san áireamh infheistíochtaí eile i sócmhainní seasta nach mbaineann leis na margaí díorthach.

(9)

D’fhéadfadh sé nach ndéanfadh an dara tástáil tomhas leordhóthanach ar phríomhghníomhaíocht daoine a bhfuil infheistíochtaí caipitil suntasacha acu, i gcoibhneas lena méid, mar shampla chun bonneagar, saoráidí iompair agus saoráidí táirgeachta a chruthú. Ní aithníonn sí ach an oiread infheistíochtaí nach féidir a fhálú i margaí airgeadais. Is gá dá bhrí sin foráil a dhéanamh maidir le tríú modh ina n-úsáidtear méadrach bunaithe ar an gcaipiteal arna úsáid chun a thomhas an bhfuil an ghníomhaíocht trádála coimhdeach le príomhghnó an ghrúpa.

(10)

Soláthraítear an tríú tástáil mhalartach, an Tástáil ar Chaipiteal arna Úsáid, d’fhonn fíorchás eacnamaíoch na ngrúpaí ilchineálacha nach mór dóibh measúnú a dhéanamh ar cibé an trádáil choimhdeach í a dtrádáil lena bpríomhghnó, a chur san áireamh, lena n-áirítear grúpaí a dhéanann infheistíochtaí caipitil suntasacha, i gcoibhneas lena méid, mar shampla chun bonneagar, saoráidí iompair agus saoráidí táirgeachta a chruthú, chomh maith le hinfheistíochtaí nach féidir a fhálú go héasca i margaí airgeadais. Toisc go bhfreastalaíonn na trí thástáil mhalartacha ar fhíorchásanna eacnamaíocha forluiteacha difriúla na ngrúpaí éagsúla, ba cheart go gcuimseofaí modhanna oiriúnacha, malartacha agus neamhspleácha mar an gcéanna leis na tástálacha uile chun a chinneadh an bhfuil an ghníomhaíocht trádála coimhdeach le príomhghnó grúpa ar leith. Má fhaightear go bhfuil gníomhaíocht trádála duine coimhdeach faoi aon cheann de na tástálacha sin, ba cheart dó a bheith coimhdeach leis an bpríomhghnó chun críoch Airteagal 2(1)(j) de Threoir 2014/65/AE.

(11)

Sa tríú tástáil úsáidtear an caipiteal measta a d’éileofaí ar ghrúpa neamhairgeadais a shealbhú in aghaidh an riosca margaidh ar gné iad ina shuíomhanna ag éirí as trádáil i ndíorthaigh tráchtearraí, lamháltais astaíochtaí agus i ndíorthaigh díobh san Aontas, seachas iad sin ó idirbhearta faoi phribhléid, mar athróg ionadach do mhéid na ngníomhaíochtaí coimhdeacha arna ndéanamh ag na daoine i ngrúpa. Úsáidtear an creat a forbraíodh faoi shainchúram Choiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht agus a cuireadh chun feidhme san Aontas trí Threoir 2013/36/AE chun ualú caipitil barúlach comhréireach a chur i bhfeidhm maidir le suíomhanna. Laistigh den chreat sin, ba cheart an glansuíomh i ndíorthach tráchtearraí, i lamháltas astaíochtaí nó i ndíorthach de san Aontas a chinneadh trí ghlanluacháil ar shuíomhanna gearra agus ar shuíomhanna fada i gcineál áirithe conartha díorthaigh tráchtearra, lamháltais astaíochtaí nó i gconradh díorthaigh de, amhail conradh todhchaíochtaí, céadrogha, réamhcheaptha nó barántais. Nuair atá an glansuíomh á chinneadh, ba cheart do ghlanluacháil tarlú gan beann ar an áit a dtrádáiltear an conradh, ar chontrapháirtí an chonartha nó ar a aibíocht. Ba cheart an suíomh comhlán i ndíorthach tráchtearraí ábhartha, i gconradh lamháltais astaíochtaí nó i gconradh díorthaigh de, ar an lámh eile, a ríomh trí ghlansuíomhanna na gcineálacha conarthaí a bhaineann le tráchtearra ar leith nó lamháltas astaíochtaí nó díorthach de a chur leis. Sa chomhthéacs sin, níor cheart glansuíomhanna i gcineál áirithe conartha díorthaigh tráchtearraí, conartha lamháltais astaíochtaí nó conartha díorthaigh de a ghlanluacháil in aghaidh a chéile.

(12)

Faoin tríú tástáil, ba cheart an méid de chaipiteal measta grúpa a chur i gcomparáid leis an méid iarbhír de chaipiteal an ghrúpa sin a úsáideadh agus ar cheart dó léiriú a thabhairt ar mhéid a phríomhghníomhaíochta. Ba cheart an caipiteal a úsáideadh a ríomh ar bhonn shuim sócmhainní uile an ghrúpa lúide a fhiachas reatha. Ba cheart go gcuimseofaí leis an bhfiachas reatha sin fiachas atá dlite le glanadh laistigh de 12 mhí.

(13)

Is é an réasúnaíocht a bhaineann leis na tástálacha gníomhaíochta coimhdí ná a sheiceáil ar cheart do dhaoine laistigh de ghrúpa nach bhfuil údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE iarratas a dhéanamh ar údarú i ngeall ar mhéid coibhneasta nó méid absalóideach a ngníomhaíochta i ndíorthaigh tráchtearraí, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh díobh san Aontas. Cinntear leis na tástálacha gníomhaíochta coimhdí méid na ngníomhaíochtaí i ndíorthaigh tráchtearraí, lamháltais astaíochtaí agus díorthaigh díobh san Aontas is féidir le daoine laistigh de ghrúpa a dhéanamh gan údarú i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE de bharr go bhfuil na gníomhaíochtaí sin coimhdeach le príomhghnó an ghrúpa. Tá sé iomchuí dá bhrí sin méid gníomhaíochta coimhdí an ghrúpa a ríomh trí chritéir a úsáid lena n-eisiatar do na trí thástáil an ghníomhaíocht a dhéanann comhaltaí grúpa atá údaraithe i gcomhréir leis an Treoir sin d’fhonn measúnú a dhéanamh ar mhéid na fíorghníomhaíochta coimhdí a dhéanann comhaltaí grúpa neamhúdaraithe.

(14)

Chun a cheadú do rannpháirtithe margaidh a ngnó a phleanáil agus a oibriú ar bhealach réasúnach agus chun pátrúin ghníomhaíochta shéasúracha a chur san áireamh, ba cheart ríomh na dtástálacha malartacha lena gcinntear an uair a mheastar gníomhaíocht a bheith coimhdeach leis an bpríomhghnó a bhunú ar thréimhse trí bliana. Dá bhrí sin, ba cheart go bhfeidhmeodh eintitis an measúnú ar cibé an sáraíonn nó nach sáraíonn siad ceann de thrí thairseach na dtrí thástáil mhalartacha ar bhonn bliantúil trí mheán na dtrí bliana a ríomh ar bhonn rollach. Ba cheart go mbeadh an oibleagáid sin gan dochar do cheart an údaráis inniúil a iarraidh tráth ar bith ar dhuine tuairisciú a dhéanamh ar an mbonn faoina ndearna an duine sin measúnú ar a ghníomhaíocht, chun críocha Airteagal 2(1)(j), pointí (i) agus (ii), de Threoir 2014/65/AE, le bheith coimhdeach lena phríomhghnó.

(15)

Ba cheart idirbhearta is féidir a thomhas go hoibiachtúil amhail rioscaí a laghdú a bhaineann le gníomhaíocht tráchtála nó gníomhaíocht um maoiniú cisteáin agus idirbhearta inghrúpa a bhreithniú i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4). Mar sin féin, i ndáil le hidirbhearta i ndíorthaigh is féidir a thomhas go hoibiachtúil mar idirbhearta lena laghdaítear an riosca a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht tráchtála nó leis an ngníomhaíocht um maoiniú cisteáin; ní thagraíonn Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 ón gCoimisiún (5) ach do dhíorthaigh nach dtrádáiltear ar mhargaí rialaithe cé go gcumhdaíonn Airteagal 2(4) de Threoir 2014/65/AE díorthaigh a thrádáiltear ar ionaid trádála. Dá bhrí sin, nuair a chumhdaíonn na tástálacha gníomhaíochta coimhdí go cothrom díorthaigh a thrádáiltear ar mhargaí rialaithe agus díorthaigh nach dtrádáiltear ar mhargaí rialaithe, is iomchuí díorthaigh a thrádáiltear ar mhargaí rialaithe a chur san áireamh i ndáil le hidirbhearta a mheastar a bheith intomhaiste go hoibiachtúil amhail rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó gníomhaíocht um maoiniú cisteáin a laghdú.

(16)

I gcásanna áirithe, mar shampla i gcás nach bhfuil an leachtacht mhargaidh atá ann cheana leordhóthanach nó nach bhfuil conradh díorthach comhfhreagrach ar fáil, b’fhéidir nach mbeifí in ann riosca tráchtála a fhálú trí úsáid a bhaint as conradh díorthach tráchtearra lena mbaineann go díreach, is é sin le rá conradh lena mbaineann an tsócmhainn fholuiteach chéanna agus an dáta socraíochta céanna leis an riosca arna chumhdach. I gcás den sórt sin, ba cheart a cheadú don duine fálú ionadaithe a úsáid trí ionstraim comhghaolaithe go dlúth chun a risíocht a chumhdach, amhail ionstraim lena mbaineann sócmhainn fhorluiteach éagsúil ach atá an-chosúil. Chomh maith leis sin, ceadaítear do dhaoine a dhéanann conarthaí díorthach tráchtearraí macrafhálú nó fálú punainne a úsáid chun riosca a fhálú i ndáil lena rioscaí foriomlána nó rioscaí foriomlána an ghrúpa. Ba cheart do na conarthaí díorthacha tráchtearraí macrafhálaithe nó fálaithe punainne nó fálaithe athróige ionadaí sin a bheith comhdhéanta d’fhálú chun críche na dtástálacha gníomhaíochta coimhdí. Nuair a úsáideann duine a bhfuil na tástálacha gníomhaíochta coimhdí á bhfeidhmiú acu fálú punainne nó macrafhálú, b’fhéidir nach bhféadfaí nasc ceann ar cheann a bhunú idir idirbheart sonrach i ndíorthach tráchtearraí agus riosca sonrach a bhaineann go díreach le gníomhaíochtaí tráchtála agus gníomhaíochtaí um maoiniú cisteáin a dtugtar fúthu chun é a fhálú. D’fhéadfadh na rioscaí a bhaineann go díreach leis na gníomhaíochtaí tráchtála agus na gníomhaíochtaí um maoiniú cisteáin a bheith casta, mar shampla margaí tíreolaíocha éagsúla, táirgí éagsúla, tréimhsí ionchais nó eintitis. D’fhéadfadh an phunann conarthaí díorthach tráchtearraí a rinneadh chun na rioscaí sin a mhaolú díorthú as córais chasta um bainistíocht riosca. Sna cásanna sin, ba cheart do na córais um bainistíocht riosca bac a chur ar chatagóiriú idirbheart neamhfhálaithe mar fhálú agus foráil a dhéanamh maidir le hamharc dí-chomhiomlánaithe go leordhóthanach ionas go sainaithnítear comhpháirteanna amhantracha agus go gcuirtear san áireamh iad i dtreo na dtairseach. Níor cheart go gcáileodh suíomhanna mar rioscaí a laghdú a bhaineann le gníomhaíocht tráchtála ar na forais amháin go bhfuil siad ina gcuid de phunann a laghdaíonn riosca ar bhonn foriomlán.

(17)

Féadfaidh riosca éabhlóidiú le himeacht ama agus, chun oiriúnú d’éabhlóid an riosca, i gcás díorthaigh tráchtearraí nó díorthaigh lamháltais astaíochtaí a rinneadh i dtosach chun an riosca a bhaineann le gníomhaíocht tráchtála a laghdú, b’fhéidir go gcaithfí iad a fhritháireamh trí úsáid a bhaint as conarthaí díorthach tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí. Mar thoradh air sin, d’fhéadfaí fálú riosca a bhaint amach trí mheascán de chonarthaí díorthach tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí, lena n-áirítear fritháireamh conarthaí díorthach tráchtearraí lena bhfritháirítear na conarthaí díorthach tráchtearraí sin nach mbaineann leis an riosca tráchtála a thuilleadh. Ina theannta sin, maidir le héabhlóid riosca ar díríodh air trí dhul i staid i ndíorthach de lamháltais tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí chun críche an riosca sin a laghdú, níor cheart athmheastóireacht a dhéanamh ar an staid sin ina dhiaidh sin amhail gan a bheith ina idirbheart faoi phribhléid ab initio dá bharr sin.

(18)

Forlíontar Treoir 2014/65/AE le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/592 ón gCoimisiún (6) maidir leis na critéir lena bhunú cén uair a mheasfar go bhfuil gníomhaíocht coimhdeach leis an bpríomhghnó. Leasaíodh an Treoir sin an 16 Feabhra 2021 le Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), agus leagtar amach ann forálacha nua maidir leis an díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha agus na tástálacha gníomhaíochta coimhdí, agus cumhachtaítear an Coimisiún chun gníomh tarmligthe a ghlacadh ina sonraítear na critéir chun a chinneadh cén uair a mheasfar go bhfuil gníomhaíocht coimhdeach leis an bpríomhghnó ar leibhéal grúpa. Go háirithe, baineadh an Tástáil Fhoriomlán ar an Margadh mar gur tháinig athrú chomh mór sin ar thimpeallacht na ndíorthach tráchtearraí san Aontas go bhfágfadh an Tástáil Fhoriomlán ar an Margadh nach mbeadh eintitis incháilithe a thuilleadh le haghaidh na díolúine ó ghníomhaíochtaí coimhdeacha fiú amháin gan aon athrú ar a n-iompar gnó. Ina theannta sin, tugtar an Tástáil Tairsí De Minimis isteach agus athraítear na tairseacha le haghaidh na Tástála Trádála agus na Tástála ar Chaipiteal arna Úsáid. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/952 a aisghairm agus an Rialachán seo a chur ina ionad,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aicmí sócmhainne atá incháilithe don tástáil gníomhaíochta coimhdí

Chun a mheas go bhfuil siad coimhdeach le príomhghnó an ghrúpa, beidh gníomhaíochtaí na ndaoine dá dtagraítear in Airteagal 2(1)(j), pointí (i) agus (ii), de Threoir 2014/65/AE bainteach le ceann amháin ar bith nó níos mó de na haicmí sócmhainne seo a leanas:

(a)

díorthaigh tráchtearraí a bhaineann le tráchtearra nó sócmhainn fholuiteach dá dtagraítear i bpointí (5), (6), (7) agus (10) de Roinn C d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2014/65/AE;

(b)

lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn C 11, a ghabhann le Treoir 2014/65/AE nó díorthaigh de lamháltais astaíochtaí dá dtagraítear in Iarscríbhinn I, Roinn C 4 a ghabhann le Treoir 2014/65/AE.

Airteagal 2

Tástálacha gníomhaíochta coimhdí

1.   Measfar go mbeidh gníomhaíochtaí daoine dá dtagraítear in Airteagal 1 coimhdeach leis an bpríomhghnó ar leibhéal grúpa i gcás ina gcomhlíonann siad ceann ar bith de na coinníollacha a leanas:

(a)

maidir leis an neamhchosaint bharúlach ghlan gan íoc i ndíorthaigh tráchtearraí le haghaidh socraíocht airgid thirim nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh le haghaidh socraíocht airgid thirim a thrádáiltear san Aontas arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 3, cé is moite de dhíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nó díorthaigh díobh a thrádáiltear ar ionad trádála, tá sé faoi bhun tairseach bhliantúil EUR 3 bhilliún (Tástáil Tairsí De Minimis);

(b)

50 % nó níos lú de mhéid iomlán ghníomhaíochtaí trádála eile an ghrúpa i gcomhréir le hAirteagal 4(2) atá i méid na ngníomhaíochtaí sin arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 4(1) ionann le;

(c)

méid nach mó ná 50 % den chaipiteal arna úsáid ar leibhéal grúpa chun an príomhghnó a dhéanamh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5(4) is ea an caipiteal measta arna úsáid chun na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh arna ríomh i gcomhréir le hAirteagal 5, míreanna 1 agus 3.

2.   Meastar go gcuimsítear le grúpa an máthairghnóthas agus a fhoghnóthais uile. Áirítear leis eintitis atá suite san Aontas agus i dtríú tíortha gan beann ar cibé an bhfuil ceanncheathrú an ghrúpa suite laistigh nó lasmuigh den Aontas.

Airteagal 3

Tástáil Tairsí De Minimis

1.   Déanfar an neamhchosaint bharúlach ghlan gan íoc dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 1, pointe (a) a ríomh trí mheán a fháil de luachanna barúlacha glana gan íoc deireadh na míosa comhlánaithe don 12 mhí roimhe sin a d’eascair as gach conradh i ndíorthaigh tráchtearraí le haghaidh socraíocht airgid thirim nó lamháltais astaíochta nó díorthaigh díobh le haghaidh socraíocht airgid thirim arna dhéanamh ag an Aontas nó ag duine laistigh de ghrúpa.

Déanfar na luachanna barúlacha glana gan íoc dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ríomh ar bhonn gach conartha i ndíorthaigh tráchtearraí le haghaidh socraíocht airgid thirim nó lamháltais astaíochta nó díorthaigh díobh le haghaidh socraíocht airgid thirim nach dtrádáiltear ar ionad trádála lena bhfuil aon duine suite san Aontas ina pháirtí i rith na tréimhse cuntasaíochta bliantúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

Áireofar sna conarthaí i ndíorthaigh tráchtearraí nó díorthaigh de lamháltais astaíochtaí le haghaidh socraíocht airgid thirim dá dtagraítear sa chéad agus sa dara fomhír gach conradh díorthach a bhaineann le tráchtearraí nó lamháltais astaíochtaí nach mór a shocrú in airgead tirim nó a d’fhéadfaí a shocrú in airgead tirim ag rogha ceann de na páirtithe seachas mar gheall ar mhainneachtain nó imeacht foirceanta eile.

2.   Ní áireofar sa chomhlánú dá dtagraítear sa chéad mhír staideanna ó chonarthaí a eascraíonn as idirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 2(4), an ceathrú fomhír, pointí (a), (b) agus (c), de Threoir 2014/65/AE nó ó chonarthaí i gcás ina bhfuil an duine laistigh den ghrúpa ar páirtí é i leith aon cheann díobh sin údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó Treoir 2013/36/AE.

3.   Cinnfear na luachanna barúlacha glana gan íoc dá dtagraítear i mír 1 de bhun na modheolaíochta glanluachála in Airteagal 5(2).

4.   Ainmneofar na luachanna a eascraíonn as an gcomhlánú dá dtagraítear san Airteagal seo in euro.

Airteagal 4

Tástáil Trádála

1.   Déanfar méid na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 1, pointe (b), arna dtabhairt fúthu san Aontas ag duine laistigh de ghrúpa a ríomh trí oll-luach barúlach na gconarthaí ar fad i ndíorthaigh tráchtearraí nó lamháltais astaíochta nó díorthaigh díobh lena bhfuil an duine sin ina pháirtí a chomhlánú.

Ní áireofar sa chomhlánú dá dtagraítear sa chéad fhomhír conarthaí a eascraíonn as idirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 2(4), an ceathrú fomhír, pointí (a), (b) agus (c), de Threoir 2014/65/AE nó conarthaí i gcás ina bhfuil an duine laistigh den ghrúpa ar páirtí é i leith aon cheann díobh sin údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó Treoir 2013/36/AE.

2.   Déanfar méid iomlán ghníomhaíochtaí trádála eile an ghrúpa dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 1, pointe (b), a ríomh trí oll-luach barúlach na gconarthaí ar fad i ndíorthaigh tráchtearraí, lamháltais astaíochta agus díorthaigh díobh lena bhfuil daoine laistigh den ghrúpa sin ina bpáirtí a chomhlánú.

Áireofar sa chomhlánú dá dtagraítear sa chéad fhomhír conarthaí a eascraíonn as idirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 2(4), an ceathrú fomhír, pointí (a), (b) agus (c), de Threoir 2014/65/AE nó conarthaí i gcás ina bhfuil an duine laistigh den ghrúpa ar páirtí é i leith aon cheann díobh sin údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó Treoir 2013/36/AE.

3.   Déanfar na gníomhaíochtaí trádála margaidh foriomlána dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a ríomh trí chomhlánú a dhéanamh ar oll-luach barúlach na gconarthaí ar fad nach dtrádáiltear ar ionad trádála lena bhfuil aon duine suite san Aontas ina pháirtí agus aon chonradh eile a thrádáiltear ar ionad trádála suite san Aontas i rith na tréimhse cuntasaíochta bliantúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

4.   Ainmneofar na luachanna comhlána dá dtagraítear san Airteagal seo in euro.

Airteagal 5

An Tástáil ar Chaipiteal arna Úsáid

1.   Is é suim na nithe a leanas a bheidh sa chaipiteal measta arna úsáid chun na gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 1, pointe (c) a dhéanamh:

(a)

15 % de gach glansuíomh, fada nó gearr, arna iolrú faoin bpraghas don díorthach tráchtearraí, lamháltas astaíochtaí nó díorthaigh díobh;

(b)

3 % den suíomh comhlán, fada móide gearr, arna iolrú faoin bpraghas don díorthach tráchtearra, lamháltas astaíochtaí nó díorthaigh díobh.

Déanfar na suíomhanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ríomh ar bhonn na gconarthaí ar fad nach dtrádáiltear ar ionad trádála lena bhfuil aon duine suite san Aontas ina pháirtí agus aon chonradh eile a thrádáiltear ar ionad trádála suite san Aontas i rith na tréimhse cuntasaíochta bliantúla ábhartha dá dtagraítear in Airteagal 6(2).

2.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), déanfar an glansuíomh i ndíorthach tráchtearraí, i lamháltas astaíochtaí nó i ndíorthach de san Aontas a chinneadh trí ghlanluacháil ar shuíomhanna fada agus ar shuíomhanna gearra:

(a)

i ngach cineál conartha díorthach tráchtearraí ina bhfuil tráchtearra ar leith mar shócmhainn fhorluiteach chun an glansuíomh a ríomh de réir an chineáil conartha leis an tráchtearra sin mar shócmhainn fhorluiteach;

(b)

i gconradh lamháltais astaíochtaí d’fhonn an glansuíomh sa chonradh lamháltais astaíochtaí sin a ríomh; nó

(c)

i ngach cineál conartha díorthach lamháltais astaíochtaí d’fhonn glansuíomh a ríomh de réir an chineáil conartha díorthach lamháltais astaíochtaí.

Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (a), is féidir glansuíomhanna i gcineálacha éagsúla conarthaí ina bhfuil an tráchtearra céanna mar shócmhainn fhorluiteach nó cineálacha éagsúla conarthaí díorthach ina bhfuil an lamháltas astaíochtaí céanna mar shócmhainn fholuiteach a ghlanluacháil in aghaidh a chéile.

3.   Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), déanfar an suíomh comhlán i ndíorthach tráchtearraí, i lamháltas astaíochtaí nó i gconradh díorthach de, a chinneadh trí ríomh a dhéanamh ar shuim luachanna absalóideacha na nglansuíomhanna de réir an chineáil conartha ina bhfuil tráchtearra ar leith mar shócmhainn fholuiteach, in aghaidh an chonartha lamháltais astaíochtaí nó in aghaidh an chineáil conartha ina bhfuil lamháltais astaíochtaí ar leith mar shócmhainn fhorluiteach.

Chun críocha mhír 1, an chéad fhomhír, pointe (b), ní féidir glansuíomhanna i gcineálacha éagsúla conarthaí díorthach ina bhfuil an tráchtearra céanna mar shócmhainn fhorluiteach nó cineálacha éagsúla conarthaí díorthacha leis an lamháltas astaíochtaí céanna mar shócmhainn fhorluiteach a ghlanluacháil in aghaidh a chéile.

Ní áireofar sa ríomh ar an gcaipiteal measta suíomhanna a eascraíonn as idirbhearta dá dtagraítear in Airteagal 2(4), an ceathrú fomhír, pointí (a), (b) agus (c), de Threoir 2014/65/AE nó conarthaí i gcás ina bhfuil an duine laistigh den ghrúpa ar páirtí é i leith aon cheann díobh sin údaraithe i gcomhréir le Treoir 2014/65/AE nó Treoir 2013/36/AE.

4.   Is é suim sócmhainní iomlána an ghrúpa lúide a fhiachas gearrthéarmach mar a thaifeadtar é ina ráitis airgeadais chomhdhlúite den ghrúpa ag deireadh na tréimhse ríomha bliantúla ábhartha a bheidh sa chaipiteal arna úsáid chun príomhghnó an ghrúpa a dhéanamh. Chun críocha na míre seo, ciallaíonn fiachas gearrthéarmach fiachas le haibíocht níos lú ná 12 mhí.

5.   Ainmneofar na luachanna a eascraíonn as na ríomhanna dá dtagraítear san Airteagal seo in euro.

Airteagal 6

An nós imeachta um ríomh

1.   Cinnfear ríomh na Tástála Tairsí De Minimis dá dtagraítear in Airteagal 3 trí thagairt do thrí thréimhse ríomha bhliantúla a thagann roimh an dáta ríomha, agus déanfar comparáid idir meán simplí na luachanna bliantúla a leanann agus an tairseach dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 1, pointe (a). Beidh ríomh mhéid na ngníomhaíochtaí trádála agus an chaipitil arna úsáid dá dtagraítear in Airteagail 4 agus 5 bunaithe ar mheán simplí na ngníomhaíochtaí trádála laethúla nó an chaipitil mheasta a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí trádála den sórt sin, i rith trí thréimhse ríomha bhliantúla a thagann roimh an dáta ríomha. Déanfar na ríomhanna go bliantúil sa chéad ráithe den bhliain féilire tar éis na tréimhse ríomha bliantúla, i gcás ina ndéanfar comparáid idir meán simplí na luachanna bliantúla a leanann agus na tairseacha faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 2, mír 1, pointí (b) agus (c).

2.   Chun críoch mhír 1, ciallaíonn tréimhse ríomha bhliantúil tréimhse a thosaíonn ar an 1 Eanáir i mbliain ar leith agus a chríochnaíonn ar an 31 Nollaig den bhliain sin.

3.   Chun críoch mhír 1, cuirfear san áireamh i ríomh mhéid na ngníomhaíochtaí trádála nó an chaipitil mheasta leithdháilte ar ghníomhaíochtaí trádála a tharlaíonn in 2022 na trí thréimhse ríomha bhliantúla roimhe sin, ag tosú an 1 Eanáir 2019, an 1 Eanáir 2020 agus an 1 Eanáir 2021, agus cuirfear san áireamh sa ríomh a tharlaíonn in 2023 na trí thréimhse ríomha bhliantúla roimhe sin, ag tosú ar an 1 Eanáir 2020, an 1 Eanáir 2021 agus an 1 Eanáir 2022.

4.   De mhaolú ar mhír 3, maidir leis an tréimhse tagartha chun na gníomhaíochtaí trádála laethúla nó an caipiteal measta a leithdháiltear ar ghníomhaíochtaí trádála den sórt sin a ríomh, ní chuimseofar sa tréimhse sin ach an tréimhse ríomha bhliantúil is déanaí ina gcomhlíontar an dá choinníoll a leanas:

(a)

tagann meath níos mó ná 10 % ar ghníomhaíochtaí trádála laethúla nó ar an gcaipiteal measta a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí trádála den sórt sin, agus comparáid á déanamh idir an ceann is luaithe de na trí thréimhse ríomha bhliantúla roimhe sin agus an tréimhse ríomha bhliantúil is déanaí; agus

(b)

tá na gníomhaíochtaí trádála laethúla nó an caipiteal measta a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí trádála den sórt sin sa tréimhse is déanaí de na trí thréimhse ríomha bhliantúla níos ísle ná mar atá sa dá thréimhse ríomha bhliantúla roimhe sin.

Airteagal 7

Idirbhearta a cháilíonn mar idirbhearta lena laghdaítear rioscaí

1.   Chun críocha Airteagal 2(4), an ceathrú fomhír, pointe (b), de Threoir 2014/65/AE, measfar idirbheart i ndíorthaigh a bheith intomhaiste go hoibiachtúil mar idirbheart lena laghdaítear rioscaí a bhaineann go díreach leis an ngníomhaíocht tráchtála nó leis an ngníomhaíocht um maoiniú cisteáin, i gcás ina gcomhlíontar ceann amháin nó níos mó de na critéir a leanas:

(a)

laghdaíonn an t-idirbheart na rioscaí a eascraíonn as an athrú féideartha i luach na sócmhainní, na seirbhísí, na n-ionchur, na dtáirgí, na dtráchtearraí nó na ndliteanas a bhfuil úinéireacht ag an duine nó ag an ngrúpa orthu, a tháirgeann, a mhonaraíonn, a phróiseálann, a sholáthraíonn, a cheannaíonn, a mharsantaíonn, a léasaíonn, a dhíolann nó a thabhaíonn sé nó a bhfuil sé ag súil leis go réasúnach úinéireacht a bheith acu orthu, iad a thairgeadh, a mhonarú, a phróiseáil, a sholáthar, a cheannach, a mharsantú, a léasú, a dhíol nó a thabhú i ngnáthchúrsaí a ghnó

(b)

cumhdaíonn an t-idirbheart na rioscaí a eascraíonn as an tionchar féideartha indíreach ar luach na sócmhainní, na seirbhísí, na n-ionchur, na dtáirgí, na dtráchtearraí nó na ndliteanas dá dtagraítear i bpointe (a), atá mar thoradh luaineacht rátaí úis, rátaí boilscithe, rátaí malairte eachtraí nó riosca creidmheasa;

(c)

cáilíonn an t-idirbheart mar chonradh fálaithe de bhun Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais Idirnáisiúnta arna nglacadh i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (8).

2.   Chun críocha mhír 1, is é is idirbheart cáilitheach lena laghdaítear riosca a ghlactar as féin nó i gcomhar le díorthaigh eile idirbheart a ndéanann eintiteas airgeadais an méid seo a leanas ina leith

(a)

tugann sé tuairisc ar na nithe seo a leanas ina bheartais inmheánacha:

(i)

na cineálacha conartha díorthach tráchtearraí, lamháltais astaíochtaí nó díorthach a áirítear sna punanna a úsáidtear chun rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó le gníomhaíocht um maoiniú cisteáin agus a gcritéir incháilitheachta a laghdú;

(ii)

an nasc idir an phunann agus na rioscaí atá á maolú ag an bpunann sin;

(iii)

na bearta a ghlactar lena áirithiú nach bhfuil de chuspóir ag na hidirbhearta a bhaineann leis na conarthaí sin ach chun na rioscaí a bhaineann go díreach le gníomhaíocht tráchtála nó le gníomhaíocht um maoiniú cisteáin an eintitis neamhairgeadais a chumhdach, agus gur féidir aon idirbheart a bhfuil cuspóir éagsúil aige a shainaithint go soiléir;

(b)

is féidir leis tuairim dhí-chomhiomlánaithe leordhóthanach a thabhairt ar na punanna i dtéarmaí aicme an díorthaigh tráchtearraí, lamháltais astaíochta nó díorthach de, tráchtearra forluiteach, tréimhse ionchais agus aon toisc ábhartha eile.

Airteagal 8

Aisghairm

Aisghairtear Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/592.

Déanfar tagairtí do Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/592 a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo agus léifear iad i gcomhréir leis an tábla comhghaoil san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 9

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 173, 12.6.2014, lch. 349.

(2)  Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara maidir le cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 78/660/CEE agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).

(3)  Treoir 2013/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le rochtain ar ghníomhaíochtaí institiúidí creidmheasa agus maoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta, lena leasaítear Treoir 2002/87/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2006/48/CE agus Treoir 2006/49/CE (IO L 176, 27.6.2013, lch. 338).

(4)  Rialachán (AE) 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (IO L 201, 27.7.2012, lch. 1).

(5)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 149/2013 ón gCoimisiún an 19 Nollaig 2012 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i dtaca le caighdeáin theicniúla rialála maidir le socruithe imréitigh indírigh, an oibleagáid imréitigh, leis an gclár poiblí, le rochtain ar ionad trádála, le contrapháirtithe neamhairgeadais, agus le teicnící um maolú riosca le haghaidh conarthaí díorthach thar an gcuntas nach bhfuil imréitithe ag CPL (IO L 52, 23.2.2013, lch. 11).

(6)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/592 ón gCoimisiún an 1 Nollaig 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh na gcritéar chun a chinneadh cén uair a mheasfar go bhfuil gníomhaíocht coimhdeach leis an bpríomhghnó (IO L 87, 31.3.2017, lch. 492).

(7)  Treoir (AE) 2021/338 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2021 lena leasaítear Treoir 2014/65/AE a mhéid a bhaineann le ceanglais faisnéise, rialachas táirgí agus teorainneacha suímh, agus Treoracha 2013/36/AE agus (AE) 2019/878 a mhéid a bhaineann lena gcur i bhfeidhm maidir le gnólachtaí infheistíochta, chun cabhrú leis an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19 (IO L 68, 26.2.2021, lch. 14).

(8)  Rialachán (CE) Uimh. 1606/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Iúil 2002 maidir le caighdeáin chuntasaíochta idirnáisiúnta a chur i bhfeidhm (IO L 243, 11.9.2002, lch. 1).


IARSCRÍBHINN

Tábla comhghaoil

An Rialachán seo

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/592

Airteagal 1

Airteagal 2(1)

Airteagal 2

Airteagal 1

Airteagal 3

Airteagal 2(2), (3) agus (4)

Airteagal 3(3) agus (4)

Airteagal 4

Airteagal 2(2), (3) agus (4)

Airteagal 3(1), pointe (a), Airteagal 3(2), pointí (a) agus (b), Airteagal 3(3) agus (4)

Airteagal 5

Airteagal 3(1), pointe (b), Airteagal 3(5) go (10)

Airteagal 6

Airteagal 4

Airteagal 7

Airteagal 5

Airteagal 8

Airteagal 9

Airteagal 6