19.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 369/1


RIALACHÁN (AE) 2021/1819 ÓN gCOMHAIRLE

an 18 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh 2013/798/CBES ón gComhairle an 23 Nollaig 2013 a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 10 Márta 2014, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 (2) chun éifeacht a thabhairt do bhearta áirithe a ndéantar foráil maidir leo i gCinneadh 2013/798/CBES.

(2)

An 29 Iúil 2021, ghlac Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe (CSNA) Rún 2588 (2021). Leis an Rún sin, leathnaítear na díolúintí ón lánchosc arm agus leathnaítear raon feidhme na mbeart sriantach.

(3)

An 18 Deireadh Fómhair 2021, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2021/1823 (3), lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES i gcomhréir le Rún CSNA 2588 (2021).

(4)

Cinn áirithe de na leasuithe sin, tagann siad faoi raon feidhme an Chonartha agus, dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme i dteannta coigeartuithe teicniúla i bhfianaise Rúin CSNA a glacadh cheana, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí eacnamaíocha i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(5)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (e):

‘(e)

maidir le hairm a bhfuil calabra 14,5 mm acu nó níos lú, armlón agus comhpháirteanna atá saindeartha do na hairm sin, agus le feithiclí míleata is feithiclí talún neamharmtha agus feithiclí míleata is feithiclí talún agus airm feistithe orthu, airm a bhfuil calabra 14,5 mm acu nó níos lú, agus a bpáirteanna spártha, agus le gránáidí roicéadtiomána, agus armlón atá saindeartha do na hairm sin, agus le moirtéir ag a bhfuil calabra 60 mm agus moirtéir ag a bhfuil calabra 82 mm agus armlón atá saindeartha do na hairm sin, d’fhórsaí slándála Phoblacht na hAfraice Láir, lena n-áirítear institiúidí stáit um fhorfheidhmiú an dlí shibhialta, i gcás inarb é is rún le hairm, armlón, comhpháirteanna agus feithiclí den chineál sin, iad a úsáid i bpróiseas athchóirithe na hearnála slándála i bPoblacht na hAfraice Láir nó chun tacú leis, agus sin amháin, ar choinníoll go dtugtar fógra don Coiste Smachtbhannaí ar a laghad 20 lá roimh ré maidir leis an gcúnamh nó na seirbhísí sin a sholáthar;’;

(2)

in Airteagal 5(3), cuirtear an pointe seo a leanas isteach:

‘(k)

atá bainteach le gníomhaíochtaí i bPoblacht na hAfraice Láir a phleanáil, a stiúradh, a urrú nó a dhéanamh de shárú ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta, lena n-áirítear ionsaithe ar phearsanra míochaine nó ar phearsanra daonnúil.’.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh i Lucsamburg, 18 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

J. BORRELL FONTELLES


(1)  IO L 352, 24.12.2013, lch. 51.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 224/2014 ón gComhairle an 10 Márta 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide i bPoblacht na hAfraice Láir (IO L 70, 11.3.2014, lch. 1).

(3)  Cinneadh (CBES) 2021/1823 ón gComhairle an 18 Deireadh Fómhair 2021 lena leasaítear Cinneadh 2013/798/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i gcoinne Phoblacht na hAfraice Láir (féach leathanach 11 den Iris Oifigiúil seo).