14.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 365/41


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1809 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Deireadh Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 maidir le bearta chun tabhairt isteach agus leathadh an víris rocaigh dhonn torthaí trátaí (ToBRFV) san Aontas a chosc

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Deireadh Fómhair 2016 maidir le bearta cosantacha i gcoinne lotnaidí plandaí, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 228/2013, (AE) Uimh. 652/2014 agus (AE) Uimh. 1143/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 69/464/CEE, 74/647/CEE, 93/85/CEE, 98/57/CE, 2000/29/CE, 2006/91/CE agus 2007/33/CE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 30 de,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (2), agus go háirithe Airteagal 22(3) agus Airteagal 52 de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 ón gCoimisiún (3) leagtar amach bearta maidir le tabhairt isteach san Aontas, agus gluaiseacht laistigh den Aontas, do phlandaí le haghaidh plandú de Solanum lycopersicum L. agus Capsicum spp. Mar a léiríodh ón taithí a fuarthas le cur chun feidhme an Rialacháin sin, ba cheart na hibridí de Solanum lycopersicum L. a chur san áireamh faoi raon feidhme na mbeart sin, mar go bhfuil na hibridí sin soghabhálach i leith an víris rocaigh dhonn torthaí trátaí (ToBRFV) (“an lotnaid shonraithe”).

(2)

Chun an riosca do shláinte plandaí a bhainistiú ar bhealach iomchuí agus na bearta is gá a chur i bhfeidhm maidir leis an ábhar planda is mó riosca, is iomchuí an sainmhíniú “plandaí sonraithe” a chur in ionad “plandaí sonraithe le haghaidh plandú” mar shainmhíniú, mar go gcumhdófar le “plandaí sonraithe” gach planda de Solanum lycopersicum L. agus na hibridí a bhaineann leis, agus gach planda de Capsicum spp, agus na plandaí siúd nach bhfuil ceaptha lena n-athphlandú, mura sonraítear a mhalairt. Níor cheart síolta sonraithe agus torthaí sonraithe a áireamh sa sainmhíniú sin, arb ann do shainmhínithe sonracha lena n-aghaidh. Mar sin féin, ba cheart na sainmhínithe sin a leasú dá réir sin, chun na hibridí de Solanum lycopersicum L. a chur san áireamh.

(3)

Ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191, léirigh sraith iniúchtaí a rinne an Coimisiún in 2020 agus 2021 nár cuireadh na bearta díothaithe i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach. Dá bhrí sin, ní mór rialacha sonracha a thabhairt isteach chun limistéir chríochaithe a bhunú agus na bearta a bheidh le glacadh iontu sin a leagan síos. Ba cheart go ndéanfaí idirdhealú sna rialacha sin idir láithreáin táirgthe a bhfuil cosaint fhisiceach acu agus láithreáin táirgthe eile, mar gheall ar an riosca fíteashláintíochta a bhaineann leo.

(4)

Ba cheart a shonrú gur cheart scrúdú na máthairphlandaí a dhéanamh ag an tréimhse is giorra is féidir sula ndéantar na torthaí a bhailiú, mar léiríodh ón taithí a fuarthas ó glacadh Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 nach mór é sin a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na torthaí, as a mbaintear síolta, saor ó na lotnaidí sonraithe.

(5)

Le linn na seiceálacha sláinte plandaí a dhéantar ar bhonn Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191, d’aimsigh na Ballstáit líon ard coinsíneachtaí ionfhabhtaithe de thionscnamh na Síne agus Iosrael. Ar an ábhar sin, bunaithe ar ráta éagsúil idircheaptha a taifeadadh sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES) (4) ó bhí 2020 ann, ba cheart minicíocht na dtástálacha ar na coinsíneachtaí sin tráth a n-allmhairithe a mhéadú go 50 % i gcás síolta nó plandaí le haghaidh plandú de thionscnamh Iosrael agus go 100 % i gcás síolta de thionscnamh na Síne.

(6)

Chun go mbeidh am ann fíorú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na mbeart nua agus chun cosaint leanúnach chríoch an Aontais a áirithiú ar thabhairt isteach agus leathadh na lotnaide sonraithe, ba cheart síneadh a chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 go dtí an 31 Bealtaine 2023.

(7)

Tar éis “plandaí sonraithe” a chur isteach mar shainmhíniú in ionad “plandaí sonraithe le haghaidh plandú”, ní mór roinnt athruithe iarmhartacha a dhéanamh ar an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 a leasú dá réir.

(9)

Is i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha atá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191

Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointí (b), (c) agus (d):

“(b)

ciallaíonn ‘plandaí sonraithe’ plandaí, nach síolta sonraithe agus torthaí sonraithe iad, de Solanum lycopersicum L. agus a hibridí agus de Capsicum spp.;

(c)

ciallaíonn ‘síolta sonraithe’ síolta de Solanum lycopersicum L. agus a hibridí agus de Capsicum spp.;

(d)

ciallaíonn ‘torthaí sonraithe’ torthaí de Solanum lycopersicum L. agus a hibridí agus de Capsicum spp.”;

(2)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:

“Airteagal 4

Bearta maidir leis an lotnaid shonraithe a dheimhnítear a bheith ann

1.   I gcás ina ndeimhnítear go hoifigiúil an lotnaid shonraithe a bheith ann i gcríoch Bhallstáit, nó ina meastar í a bheith ann i gcríoch Bhallstáit, áiritheoidh údarás inniúil an Bhallstáit lena mbaineann go nglacfar bearta iomchuí chun an lotnaid shonraithe a dhíothú i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) 2016/2031.

Ina theannta sin, glacfaidh an t-údarás inniúil sin na bearta arna leagan síos i mír 2 agus mír 3 den Airteagal seo, mura gcomhlíontar coinníollacha Airteagal 18(4) de Rialachán (AE) 2016/2031 maidir leis an lotnaid shonraithe.

2.   Déanfaidh an t-údarás inniúil limistéar críochaithe a bhunú gan mhoill mar a leanas:

(a)

i gcás arb ann don lotnaid shonraithe i láithreáin táirgthe a bhfuil cosaint fhisiceach acu, cuimseoidh an limistéar críochnaithe ar a laghad an láithreán táirgthe inar thángthas ar an lotnaid shonraithe;

(b)

i gcás arb ann don lotnaid shonraithe i láithreáin táirgthe seachas na láithreáin dá dtagraítear i bpointe (a), cuimseoidh an limistéar críochnaithe na nithe seo a leanas:

(i)

crios inmhíolaithe lena n-áirítear ar a laghad an láithreán táirgthe inar thángthas ar an lotnaid shonraithe;

(ii)

crios maolánach de 30 m, ar a laghad, thart timpeall ar an gcrios inmhíolaithe.

3.   Sa limistéar críochnaithe, déanfaidh an t-údarás inniúil, nó an t-oibreoir gairmiúil faoi mhaoirseacht oifigiúil an údaráis inniúil, na nithe seo a leanas:

(a)

maidir leis na láithreáin táirgthe atá ceaptha chun plandaí sonraithe le haghaidh plandú a tháirgeadh nó chun síolta sonraithe a tháirgeadh:

(i)

baisceanna na bplandaí sonraithe le haghaidh plandú atá ionfhabhtaithe, iad sin uile a bhaint agus a scriosadh láithreach, agus i gcás inarb infheidhme, na síolta sonraithe de thionscnamh na mbaisceanna sin a bhaint agus a scriosadh chomh maith. Déanfar iad a bhaint agus a scriosadh ar bhealach nach mbeidh aon bhaol ann go scaipfear an lotnaid shonraithe;

(ii)

bearta sonracha sláinteachais a chur i bhfeidhm maidir le pearsanra, struchtúir láithreán táirgthe, uirlisí agus innealra, ábhair agus modhanna iompair, chun cosc a chur ar scaipeadh na lotnaide sonraithe go dtí na baisceanna eile atá i láthair sa láithreán táirgthe agus go dtí barra leantacha na bplandaí sonraithe nó go dtí láithreáin táirgthe eile;

(iii)

an damhna fáis a scriosadh nó a chóireáil ag deireadh na tréimhse curaíochta ar a laghad ionas nach mbeidh aon bhaol in-sainaitheanta ann go scaipfear an lotnaid shonraithe;

(b)

maidir leis na láithreáin táirgthe atá ceaptha chun torthaí sonraithe a tháirgeadh:

(i)

na plandaí sonraithe uile a bhaint den láithreán táirgthe agus iad a scriosadh, ar a laghad ag deireadh na tréimhse curaíochta. Déanfar iad a bhaint ar bhealach nach mbeidh aon bhaol in-sainaitheanta ann go scaipfear an lotnaid shonraithe;

(ii)

bearta sonracha sláinteachais a chur i bhfeidhm maidir le pearsanra, struchtúir láithreán táirgthe, uirlisí agus innealra, ábhair agus modhanna pacála agus iompair na dtorthaí, chun cosc a chur ar scaipeadh na lotnaide sonraithe go dtí barra leantacha na bplandaí sonraithe nó go dtí láithreáin táirgthe eile;

(iii)

an damhna fáis a scriosadh nó a chóireáil ar a laghad ag deireadh na tréimhse curaíochta ionas nach mbeidh aon bhaol in-sainaitheanta ann go scaipfear an lotnaid shonraithe;

4.   Féadfaidh na húdaráis inniúla deireadh a chur le limistéar críochnaithe agus na bearta díothaithe ábhartha a ghabhann leis a fhoirceannadh, i gcás nár aimsíodh, tar éis sampláil agus tástáil a dhéanamh ar phlandaí sonraithe bairr leantaigh, an lotnaid shonraithe sa láithreán ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad tar éis na plandaí sin a phlandáil.”;

(3)

in Airteagal 7(1), an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

tá sampláil agus tástáil déanta ag an údarás inniúil orthu nó ar a máthairphlandaí chun a bhrath an ann don lotnaid shonraithe, nó rinne oibreoirí gairmiúla sampláil agus tástáil orthu faoi mhaoirseacht an údaráis inniúil, agus braitheadh nach ann don lotnaid shonraithe de réir na dtástálacha sin. Nuair a thástálfar máthairphlandaí, déanfar an tsampláil laistigh den tréimhse is giorra is féidir sula ndéanfar na torthaí a bhailiú den chéad uair.

I gcás ina mbeidh amhras faoin lotnaid shonraithe a bheith ann, is iad na húdaráis inniúla amháin a dhéanfaidh an tsampláil agus an tástáil i gcomhréir le hAirteagal 87(3), pointe (c) de Rialachán (AE) 2016/2031;”;

(4)

in Airteagal 9(1), pointe (a), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (ii):

“(ii)

rinneadh sampláil oifigiúil agus tástáil oifigiúil ar na síolta sonraithe lena mbaineann nó ar mháthairphlandaí na síolta sonraithe chun a bhrath an ann don lotnaid shonraithe mar a leagtar amach san Iarscríbhinn agus braitheadh nach ann don lotnaid shonraithe de réir na dtástálacha sin.

Nuair a thástálfar máthairphlandaí, déanfar an tsampláil laistigh den tréimhse is giorra is féidir sula ndéanfar na torthaí a bhailiú den chéad uair;”;

(5)

Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:

“Airteagal 10

Seiceálacha oifigiúla ar thabhairt isteach do choinsíneachtaí san Aontas

Déanfaidh an t-údarás inniúil sampláil agus tástáil ar 20 % ar a laghad de choinsíneachtaí síolta sonraithe agus plandaí sonraithe le haghaidh plandú ag poist rialaithe teorann an chéad teacht isteach san Aontas, nó ag lárionad rialaithe dá dtagraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún (*1), mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Maidir le coinsíneachtaí síolta sonraithe agus plandaí sonraithe le haghaidh plandú de thionscnamh Iosrael is 50 % an ráta tástála a bheidh ann agus maidir le coinsíneachtaí síolta sonraithe de thionscnamh na Síne is 100 % an ráta tástála a bheidh ann.

(*1)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2123 ón gCoimisiún an 10 Deireadh Fómhair 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir leis na cásanna ina bhféadfar seiceálacha céannachta agus seiceálacha fisiceacha ar tháirgí áirithe a dhéanamh ag lárionaid rialaithe, agus na cásanna ina bhféadfar seiceálacha doiciméadacha a dhéanamh i gcéin ó phoist rialaithe teorann, agus na coinníollacha faoina bhféadfar na seiceálacha sin a dhéanamh (IO L 321, 12.12.2019, lch. 64).”;"

(6)

In Airteagal 12, cuirtear an dáta “31 Bealtaine 2023” in ionad an dáta “31 Bealtaine 2022”;

(7)

Déantar an Iarscríbhinn a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Deireadh Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 317, 23.11.2016, lch. 4.

(2)  IO L 95, 7.4.2017, lch. 1.

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 ón gCoimisiún an 11 Lúnasa 2020 lena mbunaítear bearta chun tabhairt isteach agus leathadh an Víris rocaigh dhonn torthaí trátaí (ToBRFV) san Aontas a chosc agus lena n-aisghairtear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1615 (IO L 262, 12.8.2020, lch. 6).

(4)  https://ec.europa.eu/food/animals/traces_en


IARSCRÍBHINN

Leasaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1191 mar a leanas:

(1)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 2:

2.

Scéimeanna samplála maidir le plandaí sonraithe, seachas na cinn ar cineálacha iad de Capsicum spp. ar fios go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh na lotnaide sonraithe

Maidir le plandaí sonraithe seachas na cinn ar cineálacha iad de Capsicum spp. ar fios go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh na lotnaide sonraithe, baileofar 200 duilleog in aghaidh an láithreáin táirgthe agus na saothróige, duilleoga óga ag barr na bplandaí más féidir.

Maidir le plandaí a bhfuil siomptóim orthu, déanfar an tsampláil agus an tástáil ar 3 dhuilleog, ar a laghad, a bhfuil siomptóim orthu.”;

(2)

i bpointe 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an cheannteidil agus an fhrása réamhráitigh:

4.

Modhanna tástála chun an lotnaid shonraithe a bhrath agus a shainaithint ar na plandaí sonraithe, seachas na cinn ar cineálacha iad de Capsicum spp. ar fios go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh na lotnaide sonraithe, agus ar na torthaí sonraithe

Déanfar ceann de na modhanna tástála seo a leanas chun an lotnaid shonraithe a bhrath agus a shainaithint ar na plandaí sonraithe, seachas na cinn ar cineálacha iad de Capsicum spp. ar fios go bhfuil siad frithsheasmhach in aghaidh na lotnaide sonraithe, agus ar na torthaí sonraithe: ”.