11.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 359/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1783 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Iúil 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála ina bhfuil dréachtdoiciméad maidir le socruithe comhair le tríú tíortha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (1), agus go háirithe an ceathrú fomhír d’Airteagal 26(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le hAirteagal 26(1) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ceanglaítear ar údaráis inniúla na mBallstát i gcás inar gá na socruithe comhair le húdaráis mhaoirseachta tríú tíortha a thabhairt i gcrích lena mbaineann an malartú faisnéise agus forfheidhmiú na n-oibleagáidí a eascraíonn as an Rialachán sin i dtríú tíortha. Ní féidir na socruithe comhair maidir le faisnéis a mhalartú a thabhairt i gcrích ach amháin i gcás ina bhfuil an fhaisnéis le nochtadh fúthu faoi réir ráthaíochtaí rúndachta gairmiúla atá coibhéiseach ar a laghad leis na ráthaíochtaí sin a leagtar amach in Airteagal 27 den Rialachán sin, agus ní mór malartuithe den sórt sin a bheith beartaithe chun cúraimí na n-údarás inniúil i gceist a chur i gcrích.

(2)

Sa tríú fomhír d’Airteagal 25(8) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, ceanglaítear ar na húdaráis inniúla, i gcás inar féidir, na socruithe comhair a thabhairt i gcrích leis na húdaráis rialála tríú tíre atá freagrach as spotmhargaí gaolmhara i gcomhréir le hAirteagal 26 den Rialachán sin.

(3)

Agus socruithe comhair nua le húdaráis tríú tíre á gcur i gcrích agus socruithe comhair le húdaráis tríú tíre atá ann cheana á nuashonrú, tá na húdaráis inniúla, i gcás inar féidir, an dréachtdoiciméad a ghlactar de bhun Airteagal 26 de Rialachán (AE) Uimh. 2014/596 a úsáid.

(4)

Chun ardleibhéal cosanta sonraí pearsanta a áirithiú faoi mar a bhunaítear le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ba cheart aon aistriú sonraí pearsanta chuig tríú tíortha a dhéanamh go hiomlán i gcomhréir leis an rialachán sin. Ceann de na bealaí inar féidir sonraí pearsanta a mhalartú idir údaráis inniúla agus údaráis mhaoirseachta tríú tíortha ná trí shocruithe riaracháin lena n-áirithítear coimircí iomchuí de bhun Airteagal 46(3) de Rialachán (AE) 2016/679, lena n-áirítear na cearta in-fhorfheidhmithe agus éifeachtacha atá ag daoine nádúrtha i dtaobh a sonraí pearsanta. Chun sonraí pearsanta a aistriú idir údaráis mhaoirseachta airgeadais de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (“LEE”) agus údaráis mhaoirseachta airgeadais nach údaráis de chuid LEE iad, tá socrú riaracháin den sórt sin dréachtaithe ag an Eagraíocht Idirnáisiúnta um Choimisiúin Urrús (IOSCO) agus ag an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) (3), agus fuarthas tuairim dhearfach ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) (4). Shínigh na húdaráis mhaoirseachta airgeadais uile de chuid LEE agus líon údarás maoirseachta airgeadais nach údaráis de chuid LEE iad socrú riaracháin ÚEUM-IOSCO. I bhfianaise an chomhdhearcaidh leathain institiúidigh maidir le coimircí sonraí pearsanta dá bhforáiltear i socrú riaracháin ÚEUM-IOSCO, déantar foráil ann maidir le samhail le haghaidh socruithe comhchosúla a bheidh ann amach anseo lena ndéantar aistriú sonraí pearsanta idir údaráis inniúla agus údaráis mhaoirseachta tríú tíortha nach bhfuil ina bpáirtithe do Shocrú Riaracháin ÚEUM-IOSCO. Mar sin féin, bheadh ar údaráis na mBallstát a úsáideann samhail Shocrú Riaracháin ÚEUM-IOSCO údarú a fháil go fóill ón údarás cosanta sonraí de bhun Airteagal 46(3) de Rialachán (AE) 2016/679.

(5)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag ÚEUM.

(6)

Ní dhearna ÚEUM comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, ná ní dhearna sé anailís ar na costais agus sochair ghaolmhara a d’fhéadfadh a bheith leo i ndáil le caighdeáin den sórt sin a thabhairt isteach, mar go mbeadh sé sin thar a bheith díréireach i dtaca le raon feidhme agus tionchar na gcaighdeán sin, ag cur san áireamh go mbeadh údaráis inniúla na mBallstát ina seolaithe ar na caighdeáin agus nach mbeadh siad ina rannpháirtithe sa mhargadh.

(7)

D’iarr ÚEUM tuairim ón nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Socruithe comhair

Leagtar amach an dréachtdoiciméad atá le húsáid ag údaráis inniúla na mBallstát i gcás inar féidir le haghaidh socruithe riaracháin de chun Airteagal 26(1) nó an tríú fomhír d’Airteagal 25(8) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Aistrithe sonraí pearsanta

I gcás ina n-éileoidh údaráis inniúla coimircí iomchuí maidir leis an aistriú sonraí pearsanta chuig údaráis mhaoirseachta tríú tíortha i bhfoirm socrú riaracháin de bhun Airteagal 46(3) de Rialachán (AE) 2016/679, cuirfear an socrú sin leis an socrú riaracháin agus beidh sé ina chuid den socrú sin a dhéantar i gcomhréir le hAirteagal 26 de Rialachán (AE) 596/2014.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den chineál sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 04.5.2016, lch. 1).

(3)  Socrú riaracháin maidir leis an aistriú sonraí pearsanta idir gach ceann de na Údaráis de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (“LEE”) a leagtar amach in Iarscríbhinn A agus gach ceann de na hÚdaráis nach Údaráis de chuid LEE iad a leagtar amach in Iarscríbhinn B, ar fáil ag https://www.esma.europa.eu/sites/default/files/administrative_arrangement_aa_for_the_transfer_of_personal_data_between_eea_and_non-eea_authorities.pdf

(4)  Tuairim 4/2019 ón Dréachtshocrú Riaracháin maidir leis an aistriú sonraí pearsanta idir Údaráis Mhaoirseachta Airgeadais de chuid an Limistéir Eorpaigh Eacnamaí-och (“LEE”) agus Údaráis Mhaoirseachta Airgeadais nach Údaráis de chuid LEE iad, ar fáil ag https://edpb.europa.eu/our-work-tools/our-documents/opinion-board-art-64/opinion-42019-draft-aa-between-eea-and-non-eea_en

(5)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).


IARSCRÍBHINN

Dréachtdoiciméad le haghaidh socruithe comhair maidir le faisnéis a mhalartú idir údaráis inniúla na mBallstát agus údaráis i dtríú tíortha agus le forfheidhmiú na n-oibleagáidí a eascraíonn as Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 i dtríú tíortha

1.   Réamhrá

Tuairisc ar bhunús dlí gach údarás sínitheora maidir le faisnéis a mhalartú chun gur féidir leo a gcuid dualgas a chomhlíonadh a mhéid a bhaineann lena ndlíthe agus lena rialacháin a bhaineann le drochúsáid mhargaidh.

Dearbhú gur féidir leis na húdaráis sínitheora, de bhun na ndlíthe agus na rialachán arb iad an bunús dlí iad maidir le faisnéis a mhalartú agus leis na socruithe comhair, cúnamh frithpháirteach a chur ar fáil dá chéile ar bhonn cómhalartach.

2.   Sainmhínithe

Liosta iomchuí na sainmhínithe a chumhdaíonn na téarmaí a úsáidtear sna socruithe.

3.   Ábhar an chúnaimh atá le soláthar

Tuairisc ar an gcineál cúnaimh atá le soláthar i gcomhréir le hAirteagal 23 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1) amhail:

(a)

Faisnéis a fháil atá i gcomhaid an údaráis sínitheora a fhaigheann an iarraidh

(b)

ráitis nó faisnéis a fháil ó aon duine;

(c)

doiciméid a fháil ó dhaoine nó ó eintitis lena n-áirítear trí chigireachtaí ar an láthair a dhéanamh;

(d)

taifid ar thrácht sonraí a fháil, a mhéid a cheadaítear é faoin dlí náisiúnta agus, i gcás inarb infheidhme, le cúnamh ón údarás breithiúnach iomchuí, ag brath ar chur i bhfeidhm Airteagal 23(2)(h) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 nó cumhacht choibhéiseach faoi dhlíthe na tríú tíre ábhartha;

(e)

reo nó forlámhú sócmhainní a fháil, nó cuidiú lena bhfáil, i gcomhréir le hAirteagal 23(2)(i) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 nó aon chumhacht choibhéiseach faoi dhlíthe na tríú tíre ábhartha;

(f)

scor sealadach a fháil d’aon chleachtas atá contrártha do na dlíthe agus na rialacháin a bhaineann le drochúsáid mhargaidh i gcomhréir le hAirteagal 23(2)(k) de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 nó aon chumhacht choibhéiseach faoi dhlíthe na tríú tíre ábhartha;

4.   Forálacha ginearálta – diúltú cúnaimh

Liostaigh na cásanna ina bhféadfaí iarrataí ar chomhar a dhiúltú amhail:

(a)

ní dhéantar an iarraidh i gcomhréir leis na socruithe;

(b)

dá n-éileofaí leis an iarraidh go ngníomhódh an t-údarás sínitheora a fhaigheann an iarraidh ar bhealach a sháródh an dlí náisiúnta;

(c)

d’fhéadfadh cumarsáid den fhaisnéis ábhartha dochar a dhéanamh do shlándáil na dlínse a ndírítear an iarraidh chuici, go háirithe an comhrac i gcoinne sceimhlitheoireachta nó coireanna tromchúiseacha eile;

(d)

dá gcomhlíonfaí an iarraidh, is dóchúil go ndéanfadh sé dochar d’imscrúdú féin an údaráis is faighteoir, dá ghníomhaíochtaí forghníomhaithe féin nó, i gcás inarb infheidhme, d’imscrúdú coiriúil;

(e)

i gcás ina ndearnadh imeachtaí breithiúnacha a thionscnamh cheana féin i ndáil leis na gníomhaíochtaí céanna agus i gcoinne na ndaoine céanna os comhair údaráis ábhartha na dlínse ar díríodh an iarraidh sin chuici;

(f)

tá breithiúnas críochnaitheach tugtha cheana féin i ndáil leis na daoine céanna as na gníomhaíochtaí céanna sa dlínse a ndírítear an iarraidh chuici.

Ní dhiúltófar cúnamh ar an mbonn nach mbeadh an cineál iompair atá faoi imscrúdú ina shárú ar na dlíthe agus ar na rialacháin a bhaineann le drochúsáid mhargaidh an údaráis a fhaigheann an t-iarratas.

5.   Seoladh agus próiseáil iarrataí ar chúnamh

Tuairisc ar an nós imeachta a bhaineann le hiarrataí ar chúnamh a sheoladh agus a phróiseáil.

6.   Úsáidí ceadaithe faisnéise

Tuairisc ar na rialacha maidir le húsáidí na faisnéise i gcomhréir le hAirteagal 26(3) de Rialachán (AE) Uimh, 596/2014 agus eadhon nach mór an fhaisnéis a sholáthraítear a bheith beartaithe le húsáid chun cúraimí na n-údarás sínitheora a chomhlíonadh chun comhlíonadh agus forfheidhmiú na ndlíthe agus na rialachán a bhaineann le drochúsáid mhargaidh a áirithiú. Bainfear úsáid as an bhfaisnéis a mhalartaítear chun críche na gcuspóirí a leagtar amach san iarraidh ar chúnamh.

Má tá sé beartaithe ag an údarás sínitheora atá ag déanamh na hiarrata faisnéis a thugtar faoin socrú a úsáid chun aon chríche seachas chun na críche sin a shonraítear sa roinn seo, ní mór dó toiliú roimh ré a fháil ón údarás sínitheora a fhaigheann an iarraidh.

7.   Srianta rúndachta

Tuairisc ar na rialacha maidir le rúndacht aon fhaisnéise a nochtar, a fhaightear, a mhalartaítear nó a thugtar. Ní mór an méid seo a leanas a bheith san áireamh leis an tuairisc:

(a)

gach faisnéis a mhalartaítear idir na sínitheoirí faoi na socruithe a bhaineann le dálaí gnó nó oibríochtúla nó le gnóthaí eacnamaíocha nó pearsanta eile, ní mór an fhaisnéis sin a mheas mar fhaisnéis rúnda agus ní mór í a bheith faoi réir cheanglais na rúndachta gairmiúla, ach amháin i gcás ina ndéanann an t-údarás a chuireann an fhaisnéis ar fáil a shonrú tráth na cumarsáide gur féidir an fhaisnéis a nochtadh nó go bhfuil gá le nochtadh den sórt sin le haghaidh imeachtaí dlíthiúla;

(b)

beidh feidhm ag oibleagáid na rúndachta gairmiúla maidir leis na daoine ar fad a oibríonn nó a d’oibrigh leis na sínitheoirí nó d’údarás nó do ghnóthas margaidh ar bith a ndearna ceachtar de na sínitheoirí a gcumhachtaí a tharmligean chucu, lena n-áirítear iniúchóirí agus saineolaithe a fhostaíonn an sínitheoir ar chonradh. Ní fhéadfar faisnéis atá cumhdaithe ag rúndacht ghairmiúil a nochtadh le duine nó le húdarás ar bith eile seachas de bhua forálacha atá leagtha síos le dlí an Aontais agus leis an dlí náisiúnta, nó de bhua forálacha a leagtar síos i ndlíthe na tríú tíre ábhartha ar a laghad leis na forálacha sin.

Níor cheart aon fhaisnéis a mhalartaítear a nochtadh d’aon údarás nó d’aon eintiteas eile ach amháin le comhaontú roimh ré ón sínitheoir sin ar chuir ar fáil í ar an gcéad dul síos.

8.   Forálacha ginearálta – sainaithint pointe teagmhála

Chun comhar a éascú faoi na socruithe, ainmniú na bpointí teagmhála arna dhéanamh ag na húdaráis sínitheora.

9.   Forálacha ginearálta – clásal maidir le hathbhreithniú

An t-athbhreithniú tréimhsiúil arna dhéanamh ag na húdaráis sínitheora ar fheidhmiú agus ar éifeachtacht na socruithe comhair d’fhonn raon feidhme nó oibriú na socruithe a leathnú nó a athrú, má mheastar sin a bheith riachtanach.

10.   Forálacha ginearálta – Ilghnéitheach


(1)  Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE ón gCoimisiún, Treoir 2003/125/CE ón gCoimisiún agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO L 173, 12.6.2014, lch. 1.)