7.10.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 355/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1762 ÓN gCOIMISIÚN

an 30 Meán Fómhair 2021

lena bhformheastar leasú nach mion ar shonraíocht ainm a iontráladh sa chlár um shonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint agus um thásca geografacha faoi chosaint, is é sin “Σητεία Λασιθίου Κρήτης” (Sitia Lasithiou Kritis) (STFC)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí (1) agus go háirithe Airteagal 52(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

I gcomhréir leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 53(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, tá scrúdú déanta ag an gCoimisiún ar iarratas na Gréige ar fhormheas ar leasú ar shonraíocht sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint “Σητεία Λασιθίου Κρήτης” (Sitia Lasithiou Kritis), atá cláraithe faoi Rialachán (CE) Uimh. 134/98 ón gCoimisiún (2).

(2)

Ós rud é gur leasuithe nach mion atá i gceist de réir bhrí Airteagal 53(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, d’fhoilsigh an Coimisiún an t-iarratas ar leasú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (3) faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 50(2)(a) den Rialachán sin.

(3)

Ós rud é nach bhfuair an Coimisiún aon ráiteas agóide faoi Airteagal 51 de Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ba cheart na leasuithe ar an tsonraíocht a fhormheas,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

An leasú ar an tsonraíocht a foilsíodh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh maidir leis an ainm “Σητεία Λασιθίου Κρήτης” (Sitia Lasithiou Kritis) (STFC), is leasú é atá formheasta anois.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 30 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

Janusz WOJCIECHOWSKI

Comhalta den Choimisiún


(1)  IO L 343, 14.12.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 134/98 ón gCoimisiúin an 20 Eanáir 1998 lena bhforlíontar an iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh.1107/96 maidir le clárú na dtásc geografach faoi chosaint agus na sonrúchán tionscnaimh de bhua an nós imeachta a bheartaítear le hAirteagal 17 de Rialachán (CEE) Uimh. 2081/92 (IO L 15, 21.1.1998, lch. 6).

(3)  IO C 226, 14.6.2021, lch. 12.