|
4.10.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 349/5 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1751 ÓN gCOIMISIÚN
an 1 Deireadh Fómhair 2021
lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur i bhfeidhm maidir le formáidí agus teimpléid aonfhoirmeacha le haghaidh fógraí faoi chinneadh na dofheidhmitheachta a bhainfeadh le haitheantas conarthach na gcumhachtaí díluachála agus comhshó a áireamh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat do théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 55(8), an tríú fomhír, de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Airteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE foráiltear go bhfuil na Ballstáit le ceangal ar institiúidí agus eintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), pointe (c) agus pointe (d), den Treoir sin faoi choinníollacha áirithe téarma conarthach a áireamh lena n-aithneodh an contrapháirtí sa chomhaontú nó san ionstraim a chruthaíonn an dliteanas go bhféadfadh an dliteanas sin a bheith faoi réir na gcumhachtaí díluachála agus comhshó. |
|
(2) |
Le hAirteagal 55(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú, i gcás ina dtagann institiúid nó eintiteas ar chinneadh go bhfuil sé dofheidhmitheach go dlíthiúil nó dofheidhmitheach ar bhealach eile téarma den sórt sin a áireamh (“cinneadh dofheidhmitheachta aitheantais chonarthaigh”), go bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas sin le fógra a thabhairt faoina chinneadh don údarás réitigh. |
|
(3) |
Tá an Coimisiún le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh chun formáidí agus teimpléid aonfhoirmeacha a shonrú le haghaidh an fhógra sin do na húdaráis réitigh. |
|
(4) |
Ba cheart formáidí agus teimpléid aonfhoirmeacha le haghaidh an fhógra faoi chinneadh dofheidhmitheachta aitheantais chonarthaigh a dhearadh ar bhealach a n-áiritheofaí leo measúnú a mbeadh brí leis agus a bheadh aonfhoirmeach ar an gcinneadh sin ag údaráis réitigh ar fud an Aontais. |
|
(5) |
Chun cáilíocht sonraí a fheabhsú agus chun inchomparáideacht a áirithiú, ba cheart do na míreanna sonraí a leagtar amach sna teimpléid fógartha an tsamhail pointe sonraí aonair a chomhlíonadh. Cleachtas forleathan i dtuairisciú maoirseachta is ea úsáid na samhla pointe sonraí aonair. Is éard is ceart a bheith sa tsamhail pointe sonraí aonair léiriú struchtúrtha na míreanna sonraí, agus ba cheart a shainaithint inti na coincheapa gnó uile le haghaidh fógra aonfhoirmeach faoi chinneadh dofheidhmitheachta aitheantais chonarthaigh. |
|
(6) |
Chun cáilíocht, comhsheasmhacht agus cruinneas na míreanna sonraí a thuairiscítear a áirithiú, ba cheart na míreanna sonraí a bheith faoi réir rialacha bailíochtúcháin coiteanna. |
|
(7) |
Mar gheall ar a gcineál, nuashonraítear rialacha bailíochtúcháin agus sainmhínithe pointe sonraí go rialta chun a áirithiú go gcomhlíonann siad, i gcónaí, na ceanglais rialúcháin, anailíse agus teicneolaíochta faisnéise is infheidhme. Ba cheart critéir cháilíochtúla dhiana a leagan síos le haghaidh na samhla pointe sonraí aonair agus na rialacha bailíochtúcháin coitianta mionsonraithe a fhoilseoidh an tÚdarás Baincéireachta Eorpach go leictreonach ar a shuíomh gréasáin. |
|
(8) |
Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna gcur faoi bhráid an Choimisiúin ag an Údarás Baincéireachta Eorpach. |
|
(9) |
Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin cur chun feidhme ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Faisnéis le soláthar i bhfógra faoi chinneadh dofheidhmitheachta
Chun fógra a thabhairt i gcomhréir le hAirteagal 55(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE, cuirfidh an institiúid nó an t-eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), pointe (c) nó pointe (d), den Treoir sin an fhaisnéis a shonraítear sna teimpléid a leagtar amach in Iarscríbhinn I faoi bhráid an údaráis réitigh. Líonfar isteach na teimpléid sin i gcomhréir leis na treoracha a leagtar amach in Iarscríbhinn II.
Airteagal 2
Formáid chun faisnéis a thíolacadh
1. Tíolacfaidh na hinstitiúidí agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), pointe (c) nó pointe (d), de Threoir 2014/59/AE an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán sin sna formáidí malartaithe sonraí agus sna léirithe arna sonrú ag an údarás réitigh ábhartha.
2. Agus an fhaisnéis á tíolacadh dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo, urramóidh na hinstitiúidí agus na heintitis dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointe (b), pointe (c) nó pointe (d), de Threoir 2014/59/AE na sainmhínithe maidir leis an bpointe sonraí a áirítear sa tsamhail pointe sonraí aonair dá dtagraítear in Iarscríbhinn III agus na rialacha bailíochtúcháin dá dtagraítear in Iarscríbhinn IV.
Airteagal 3
Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 1 Deireadh Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 173, 12.6.2014, lch. 190.
(2) Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).
IARSCRÍBHINN I
|
N 00.01 – Aitheantas an fhógra |
|
|
|
|
|
|
|
|
Colúin |
|
|
Aitheantas |
|||
|
0010 |
|||
|
Rónna |
Uimhir aitheantais an fhógra |
0010 |
|
|
An dáta a ndéantar an fógra |
0020 |
|
|
|
An cineál fógra |
0030 |
|
|
|
Dáta tagartha le haghaidh theimpléid N01.01 agus N01.02 |
0040 |
|
|
|
Dáta tagartha le haghaidh theimpléad N02.00 |
0050 |
|
|
|
An t-airgeadra is infheidhme |
0060 |
|
|
|
Ainm na hinstitiúide nó an eintitis |
0070 |
|
|
|
Cód |
0080 |
|
|
|
An cineál cóid |
0090 |
|
|
|
Teagmhálaí |
0100 |
|
|
|
Ríomhphost |
0110 |
|
|
|
Teileafón |
0120 |
|
|
|
|
|
|
|
|
N 01.01 – Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir conartha/ionstraime |
|
|
|
|
An cineál fógra |
|
|
|
|
|
UIMHIR AITHEANTAIS AN DLITEANAIS |
LEASÚ ÁBHARTHA? |
AN DÁTA AIBÍOCHTA DEIRIDH |
IN-ATHNUAITE? |
MINICÍOCHT NA hATHNUACHANA |
CONRADH/IONSTRAIM |
DOFHEIDHMITHEACHT |
CONTRAPHÁIRTÍ |
|||||||||||||
|
TUAIRISC |
AN CINEÁL DLITEANAIS |
AN DLÍ RIALAITHE |
RANGÚ DÓCHMHAINNEACHTA FAOI DHLÍ TRÍÚ TÍR |
RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA I mBALLSTÁT AN CHORPAITHE |
AN MÉID AINMNIÚIL SA PHRÍOMHAIRGEADRA BUNAIDH |
PRÍOMHAIRGEADRA BUNAIDH |
AN MÉID AINMNIÚIL SAN AIRGEADRA ÁITIÚIL |
COINNÍOLLACHA |
CATAGÓIR |
CÚISEANNA LEIS NA COINNÍOLLACHA A CHOMHLÍONADH |
TUAIRIM DHLÍTHÚIL? |
AINM |
CÓD |
AN CINEÁL CÓID |
CÓD NÁISIÚNTA |
|||||
|
0010 |
0020 |
0030 |
0040 |
0050 |
0060 |
0070 |
0080 |
0090 |
0100 |
0110 |
0120 |
0130 |
0140 |
0150 |
0160 |
0170 |
0180 |
0190 |
0200 |
0210 |
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
N 01.02 – Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir catagóire |
|
|
|
|
|
|
|
CATAGÓIR |
LUACH IOMLÁN NA nDLITEANAS SAN AIRGEADRA ÁITIÚIL SA CHATAGÓIR |
CÚISEANNA LEIS NA CATAGÓIRÍ/NA COINNÍOLLACHA A CHOMHLÍONADH |
RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA |
LÍON NA nDLITEANAS FOLUITEACH |
|
0010 |
0020 |
0030 |
0040 |
0050 |
|
|
|
|
|
|
|
N 02.00 – Aicmí Dócmhainneachta Dliteanais |
|
RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA |
|
|
MÉID AINMIÚIL IOMLÁN NA nDLITEANAS ATÁ FÓGARTHA FAOI LÁTHAIR DON ÚDARÁS RÉITIGH |
|||
|
MÉID GAN ÍOC IOMLÁN NA nDLITEANAS SA RANGÚ |
|
|
AR A bhFUIL: DLITEANAIS FAOI RIALÚ DLÍ TRÍÚ TÍR |
|||
|
AR A bhFUIL: DLITEANAIS A EISIATAR ÓN TARRTHÁIL INMHEÁNACH |
AR A bhFUIL: DLITEANAIS GAN AITHEANTAS CONARTHACH SAN ÁIREAMH |
AR A bhFUIL: DLITEANAIS ATÁ FÓGARTHA FAOI LÁTHAIR DON ÚDARÁS RÉITIGH |
||||
|
0010 |
0020 |
0030 |
0040 |
0050 |
0060 |
0070 |
|
|
|
|
|
|
|
|
IARSCRÍBHINN II
Treoracha maidir leis an bhfógra faoi chinneadh dhofheidhmitheacht aitheantas conarthach na gcumhachtaí díluachála agus comhshó
CUID I: TREORACHA GINEARÁLTA
San Iarscríbhinn seo tugtar treoracha maidir le fógra a thabhairt ag institiúid nó ag eintiteas maidir le dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na gcumhachtaí díluachála agus comhshó.
D’fhéadfadh gach fógra tagairt do roinnt conarthaí/ionstraimí agus/nó roinnt catagóirí dliteanas (más infheidhme) a chomhlíonann coinníollacha dhofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí, mar a leagtar síos in Airteagal 55(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE.
Is féidir le hinstitiúid nó le heintiteas doiciméadacht tacaíochta bhreise a sholáthar, lena n-áirítear tuairim dhlíthiúil nó cóip den chonradh, i gcás ina meastar gurb iomchuí sin. Is é an t-údarás réitigh ábhartha a chinnfidh an chaoi a soláthrófar an doiciméadacht bhreise sin.
I gcás nach bhfuil réimse faisnéise a liostaítear san Iarscríbhinn seo infheidhme maidir le cineál áirithe conartha agus ina léiríonn an institiúid nó an t-eintiteas é sin don údarás réitigh, ní gá don institiúid nó don eintiteas an fhaisnéis a liostaítear sa réimse sin a sholáthar.
1. Struchtúr an fhógra
Soláthrófar an fhaisnéis san fhógra trí na teimpléid seo a leanas a leagtar amach in Iarscríbhinn I a úsáid:
|
(a) |
“Aitheantas an Fhógra” (N00.01), atá le húsáid agus faisnéis á soláthar chun an fógra féin agus an institiúid nó an t-eintiteas a thugann fógra don údarás réitigh a shainaithint; |
|
(b) |
“Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir conartha/ionstraime” (N01.01), a úsáidtear chun faisnéis a sholáthar faoi dhliteanais a chomhlíonann na coinníollacha maidir le dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí, mar a leagtar síos in Airteagal 55(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE; |
|
(c) |
“Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir catagóire” (N01.02), a úsáidtear chun faisnéis a sholáthar faoi chatagóirí dliteanas a chomhlíonann na coinníollacha maidir le dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí, má mheasann an t-údarás réitigh ábhartha gur gá na catagóirí dliteanas a shonrú dá bhforáiltear in Airteagal 55(7) de Threoir 2014/59/AE; |
|
(d) |
“Aicmí dócmhainneachta dliteanais” (N02.00), atá le húsáid chun faisnéis a sholáthar faoi rangú dliteanas de réir an dlí dócmhainneachta náisiúnta chun críocha Airteagal 55(2), an cúigiú fomhír, de Threoir 2014/59/AE. |
2. Raon feidhme an chomhdhlúthaithe
Seolfaidh institiúidí agus eintitis an fógra ar bhonn aonair.
CUID II: TREORACHA SONRACHA DE RÉIR AN TEIMPLÉID
3. N00.01 – Aitheantas an fhógra
3.1 Treoracha a bhaineann le rónna sonracha
|
Rónna |
Treoracha |
||||||
|
0010 |
Uimhir aitheantais an fhógra Beidh uimhir aitheantais uathúil ag gach fógra a sholáthróidh an institiúid nó an t-eintiteas a thugann fógra. Is de réir an fhógra atá uimhir aitheantais an fhógra [tíolacadh], ní de réir dliteanais ná de réir catagóire. San fhógra is féidir aon líon dliteanas nó catagóirí mar is ábhartha tráth an fhógra a áireamh. Soláthróidh an institiúid nó an t-eintiteas uimhir aitheantais an fhógra, a bheidh uathúil i gcás gach fógra. |
||||||
|
0020 |
An dáta a ndéantar an fógra Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl an dáta a seoltar an fógra chuig an údarás réitigh. |
||||||
|
0030 |
An cineál fógra (1) Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl cineál na n-earraí atá á bhfógairt sa tíolacadh lena mbaineann, mar a leanas:
|
||||||
|
0040 |
Dáta tagartha le haghaidh theimpléid N01.01 agus N01.02 Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl an dáta tagartha le haghaidh na faisnéise i bhfógraí theimpléad N01.01 agus theimpléad N01.02. |
||||||
|
0050 |
Dáta tagartha le haghaidh theimpléad N02.00 Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl an dáta tagartha le haghaidh na faisnéise in iúl i dteimpléad N02.00. |
||||||
|
0060 |
An t-airgeadra is infheidhme Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl an t-airgeadra tagartha le haghaidh na méideanna i dteimpléad N01.01, colún 0130; teimpléad N01.02, colún 0020; agus teimpléad N02.00. Tagraíonn an luach sin d’airgeadra oifigiúil an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid a thugann fógra corpraithe. Beidh an luach i gcomhréir leis an gcód aibítreach ISO 4217. |
||||||
|
0070 |
Ainm na hinstitiúide nó an eintitis Ainm na hinstitiúide nó an eintitis a thugann an fógra. |
||||||
|
0080 |
Cód Cód na hinstitiúide nó an eintitis a thugann an fógra. I dtaca le hinstitiúidí, is é an cód Aitheantóra Eintitis Dhlítheanaigh alfa-uimhriúil (LEI), ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear. I dtaca le heintitis eile, is é an cód alfa-uimhriúil LEI ina bhfuil 20 digit, an cód a úsáidfear, nó, mura bhfuil sin ar fáil, cód faoi chódú aonfhoirmeach atá infheidhme san Aontas, nó, mura bhfuil sin ar fáil, cód náisiúnta. Beidh an cód comhsheasmhach leis an gcód arna thuairisciú le haghaidh na hinstitiúide céanna faoi Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún (2). Beidh luach ag réimse an chóid i gcónaí. |
||||||
|
0090 |
An cineál cóid Sonróidh an institiúid nó an t-eintiteas an cineál cóid a chuirtear in iúl i gcolún 0080 mar “cód LEI” nó “cód neamh-LEI”. Beidh ceann amháin den dá luach ag an gcineál cóid i gcónaí. |
||||||
|
0100 |
Teagmhálaí Cuirfidh institiúidí agus eintitis ainm an duine a bhfuil teagmháil le déanamh leis in iúl má theastaíonn soiléiriú ón údarás réitigh maidir leis an bhfógra. |
||||||
|
0110 |
Ríomhphost Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl ríomhphost an duine dá dtagraítear i ró 0100, “Duine teagmhála”. |
||||||
|
0120 |
Teileafón Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl uimhir theileafóin an duine dá dtagraítear i ró 0100, “Duine teagmhála”. |
4. N01.01 – Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir conartha/ionstraime
4.1 Barúlacha ginearálta
Úsáidfear teimpléad N01.01 le haghaidh tíolacthaí maidir le fógraí conarthaí ar bhonn aonair. Le Teimpléad N01.01 is féidir conarthaí iomadúla a bheith san áireamh san fhógra céanna i dtíolacadh. Úsáidfear an teimpléad seo chun na nithe seo a leanas a fhógairt:
|
(a) |
conarthaí/ionstraimí lena gcruthaítear dliteanais nua: conarthaí/ionstraimí nár fógraíodh don údarás réitigh roimhe sin; |
|
(b) |
conarthaí/ionstraimí lena leasaítear dliteanais atá ann cheana: más rud é gur fógraíodh an conradh nó an ionstraim maidir leis an dliteanas atá ann cheana don údarás réitigh roimhe sin agus gur measadh gur chomhlíon an conradh nó an ionstraim sin coinníoll maidir le dofheidhmitheacht, beidh an uimhir aitheantais dhliteanais chéanna (colún 0010) ag na conarthaí nó na hionstraimí leasaithe mar a fógraíodh roimhe sin, agus ní líonfar isteach na colúin a bheidh fágtha ach amháin má bhíonn na colúin sin faoi réir athruithe. Go háirithe, colún 0020, “Leasú ábhartha?” líonfar isteach é, más ábhartha, i gcás conarthaí lena leasaítear dliteanais atá ann cheana amháin; |
|
(c) |
míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe: soláthróidh institiúidí agus eintitis rangú dócmhainneachta an dliteanais a bheadh ann ar ghníomhú na míre lasmuigh den chlár comhardaithe. |
Mura bhfuil sonraí ar fáil nó mura bhfuil siad infheidhme, ní líonfaidh institiúidí agus eintitis na colúin seo a leanas isteach: 0020, 0030, 0050, 0090, 0130, 0150 agus 0210.
4.2 Treoracha a bhaineann le colúin shonracha
|
Colúin |
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha |
||||||||||||||
|
0010 |
UIMHIR AITHEANTAIS AN DLITEANAIS Is aitheantóir uathúil arna ghiniúint ag an institiúid nó an t-eintiteas a thugann fógra atá in uimhir aitheantais an dliteanais a úsáidfear sna fógraí uile chun gach dliteanas a shainaithint. Féadfaidh an institiúid nó an t-eintiteas cód inmheánach an dliteanais a úsáid. |
||||||||||||||
|
0020 |
LEASÚ ÁBHARTHA? Níl an réimse seo le líonadh isteach ach amháin i gcás conarthaí/ionstraimí lena leasaítear dliteanais atá ann cheana. Cuirfidh an institiúid nó an t-eintiteas a thabharfaidh an fógra é in iúl má mheastar go bhfuil na leasuithe ar an dliteanas atá ann cheana ábhartha. Úsáidfidh institiúidí ceann de na luachanna seo a leanas:
|
||||||||||||||
|
0030 |
AN DÁTA AIBÍOCHTA DEIRIDH An dáta ar mór príomhshuim uile agus ús uile an dliteanais a bheith aisíoctha (bunaithe ar dhoiciméadacht chonarthach an idirbhirt). Soláthrófar lá, mí agus bliain an dáta aibíochta deiridh. Soláthrófar an lá áirithe i gcás ina bhfuil an fhaisnéis sin ar fáil, seachas sin is é an chéad lá den mhí a úsáidfear. |
||||||||||||||
|
0040 |
IN-ATHNUAITE? Úsáidfidh institiúidí ceann de na luachanna seo a leanas:
Líonfar an colún seo isteach le “Tá” má áirítear sa chonradh foráil shainráite maidir lena in-athnuaiteacht. |
||||||||||||||
|
0050 |
MINICÍOCHT NA hATHNUACHANA Má líontar isteach colún 0040 le “Tá”, sonróidh institiúidí agus eintitis minicíocht na hathnuachana aibíochta i míonna. |
||||||||||||||
|
0060–0130 |
CONRADH/IONSTRAIM |
||||||||||||||
|
0060 |
TUAIRISC Soláthróidh institiúidí agus eintitis tuairisc ar chonradh/ar ionstraim nach mó ná 300 carachtar. Beidh príomh-shaintréithe an chonartha/na hionstraime nach bhfuil faoi scáth réimsí eile an fhógra seo (amhail an cúis leis an dliteanas/bunús an dliteanais, cé acu is féidir nó nach féidir an ionstraim a tharrtháil go hinmheánach faoin dlí tríú tír rialaithe). |
||||||||||||||
|
0070 |
AN CINEÁL DLITEANAIS Sainaithneoidh institiúidí agus eintitis an conradh/an ionstraim mar cheann de na cineálacha seo a leanas:
Más infheidhme níos mó ná cineál amháin, roghnófar an ceann arb é an tuairisc is fearr ar chuspóir an chonartha /na hionstraime é. |
||||||||||||||
|
0080 |
AN DLÍ RIALAITHE Soláthróidh institiúidí agus eintitis ISO 3166-1 cód aibítreach trí litir na tíre a rialaítear an conradh/ionstraim lena dlí. |
||||||||||||||
|
0090 |
RANGÚ DÓCHMHAINNEACHTA FAOI DHLÍ TRÍÚ TÍR Líonfaidh institiúidí agus eintitis an luach a chomhfhreagraíonn do rangú an dliteanais ar scála ó 1 go x, inarb é 1 an aicme is fo-ordaithe agus x an aicme is sinsearaí, mar a shainmhínítear sa dlí tríú tír rialaithe ábhartha is infheidhme. Déanfaidh an institiúid iarracht an rangú sin a fháil ón údarás réitigh tríú tír ábhartha nó, mura bhfuil ann do rangú oifigiúil den sórt sin, cinnfidh an institiúid í féin an luach (ar scála ó 1 go x) bunaithe ar an rangú dliteanais de réir dlí an tríú tír ábhartha. |
||||||||||||||
|
0100 |
RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA I mBALLSTÁT AN CHORPAITHE Líonfaidh institiúidí agus eintitis an luach a chomhfhreagraíonn do rangú an dliteanais ar scála ó 1 go x, inarb é 1 an aicme is fo-ordaithe agus x an aicme is sinsearaí, mar a shainmhínítear sa dlí ábhartha is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas a thugann fógra corpraithe. |
||||||||||||||
|
0110 |
AN MÉID AINMNIÚIL SA PHRÍOMHAIRGEADRA BUNAIDH Soláthróidh institiúidí agus eintitis méid ainmniúil an dliteanais mar a leagtar síos sa chonradh/san ionstraim. I gcás creat-chomhaontuithe, ba cheart don institiúid nó don eintiteas an t-uasmhéid a mheasann an institiúid nó an t-eintiteas a bhainfear amach faoin gcreat-chomhaontú sin nó an t-uasmhéid a cheadaítear faoin gcreat-chomhaontú a chur in iúl. Má tá níos mó ná airgeadra amháin ag an gconradh/ag an ionstraim, tuairisceoidh institiúidí agus eintitis an méid ainmniúil san airgeadra atá i réim sa chonradh. |
||||||||||||||
|
0120 |
PRÍOMHAIRGEADRA BUNAIDH Sannfaidh institiúidí agus eintitis cód airgeadra ISO a chomhfhreagróidh d’ainmníocht an dliteanais faoin gconradh. Úsáidfear an cód aonaid airgeadra trí litir de réir ISO 4217. Má tá níos mó ná airgeadra amháin ag an gconradh, tuairisceoidh institiúidí agus eintitis an t-airgeadra atá i réim sa chonradh. |
||||||||||||||
|
0130 |
AN MÉID AINMNIÚIL SAN AIRGEADRA ÁITIÚIL Líonfaidh institiúidí agus eintitis an colún seo isteach murab ionann an t-airgeadra a úsáidtear i gcolún 0110 agus an t-airgeadra áitiúil san áit a bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas corpraithe. Úsáidfidh institiúidí agus eintitis an ráta malairte eachtraí is infheidhme ar dháta an fhógra. |
||||||||||||||
|
0140-0190 |
DOFHEIDHMITHEACHT |
||||||||||||||
|
0140 |
COINNÍOLLACHA Sainaithneoidh institiúidí agus eintitis an coinníoll/na coinníollacha faoina measann siad go bhfuil sé dofheidhmitheach go dlíthiúil nó dofheidhmitheach ar bhealach eile an téarma conarthach a áireamh, mar a shonraítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1527 ón gCoimisiún (3). Soláthróidh institiúidí agus eintitis teaglaim de na coinníollacha is infheidhme (is féidir leo ceann amháin a shainaithint nó suas leis na cúig cinn uile a shainaithint):
Fógrófar na coinníollacha uile is infheidhme. |
||||||||||||||
|
0150 |
CATAGÓIR Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl catagóirí na ndliteanas a shonraíonn an t-údarás réitigh ábhartha faoi Airteagal 55(7) de Threoir 2014/59/AE, más infheidhme. |
||||||||||||||
|
0160 |
CÚISEANNA LEIS NA COINNÍOLLACHA A CHOMHLÍONADH Tabharfaidh institiúidí agus eintitis tuairisc shoiléir maidir lena gcúiseanna le dofheidhmitheacht a eascraíonn as na coinníollacha a thuairiscítear i gcolún 0140 a chinneadh. Tá an fhaisnéis a iontráiltear sa réimse seo ábhartha chun a chinneadh an gcomhlíonann an conradh fógartha/an ionstraim fhógartha na coinníollacha dofheidhmitheachta agus dá bhrí sin beidh sí mar bhunús le haghaidh mheasúnú an údaráis réitigh ar chinneadh na hinstitiúide. Seachnóidh institiúidí agus eintitis réasúnuithe atá ró-ghearr amhail “Ní féidir an táirge a úsáid” nó “Caillteanas iomaíochais” agus cuirfidh siad réasúnuithe níos doimhne i láthair chun a chur ar chumas an údaráis réitigh cinneadh eolasach a dhéanamh. |
||||||||||||||
|
0170 |
TUAIRIM DHLÍTHÚIL? Cuirfidh institiúidí agus eintitis an t-údarás réitigh ar an eolas faoi má tá tuairim dhlíthiúil ann maidir le dofheidhmitheacht fhógartha an dliteanais sin. Cuirfidh institiúidí in iúl ceann de na nithe seo a leanas:
Má chuireann institiúidí nó eintitis “Tá” in iúl, tarchuirfidh siad an tuairim dhlíthiúil chuig an údarás réitigh trí mhodh arna shonrú ag an údarás réitigh. |
||||||||||||||
|
0180-0210 |
CONTRAPHÁIRTÍ Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl aitheantas chontrapháirtí an dliteanais sin. |
||||||||||||||
|
0180 |
AINM Is é an t-ainm a chuirfear in iúl ainm an chontrapháirtí aonair. I gcás conarthaí ilpháirtí, cuirfidh an institiúid an príomh-chontrapháirtí in iúl nó úsáidfidh sí an luach “conradh ilpháirtí”. |
||||||||||||||
|
0190 |
CÓD Ní mór an cód atá ina chuid d’aitheantóir ró a bheith uathúil i gcás gach eintitis ar tugadh fógra dó. I gcás institiúidí, is é an cód LEI a bheidh sa chód. I gcás eintitis eile, is é an cód LEI a bheidh sa chód, nó mura bhfuil sé ar fáil, cód náisiúnta. Beidh an cód uathúil agus úsáidfear é go comhsheasmhach ar fud na dteimpléad agus thar am. Beidh luach ag réimse an chóid i gcónaí. |
||||||||||||||
|
0200 |
AN CINEÁL CÓID Sainaithneoidh na hinstitiúidí nó na heintitis an cineál cóid a líontar isteach i gcolún 0190 mar “cód LEI” nó mar “Cód náisiúnta”. |
||||||||||||||
|
0210 |
CÓD NÁISIÚNTA Féadfaidh institiúidí nó eintitis cód náisiúnta a sholáthar chomh maith má úsáideann siad an cód LEI mar an t-aitheantóir i gcolún 0190 “Cód”. |
5. N01.02 – Dofheidhmitheacht aitheantas conarthach na tarrthála inmheánaí de réir catagóire
5.1 Barúlacha ginearálta
Úsáidfear teimpléad N01.02 le haghaidh tíolacthaí a bhaineann le fógra chatagóirí na ndliteanas nuair a mheasann an t-údarás réitigh, i gcomhréir le hAirteagal 55(7) de Threoir 2014/59/AE, gur gá catagóirí na ndliteanas a shonrú ar féidir teacht ar chinneadh dofheidhmitheachta ina leith, lena n-áirítear an téarma aitheantais conartha.
5.2 Treoracha a bhaineann le colúin shonracha
|
Colúin |
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha |
|
0010 |
CATAGÓIR Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl catagóir na ndliteanas, mar a shonraíonn an t-údarás réitigh ábhartha i gcomhréir le hAirteagal 55(7) de Threoir 2014/59/AE, a dtíolacfaidh siad fógra ina leith. Is féidir a áireamh i bhfógra a úsáideann teimpléad N01.02 an oiread catagóirí dliteanas is gá. |
|
0020 |
LUACH IOMLÁN NA nDLITEANAS SAN AIRGEADRA ÁITIÚIL SA CHATAGÓIR Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl méid iomlán na ndliteanas a bhfuil coinne leis i gcás gach ceann de na catagóirí a chuirtear in iúl i gcolún 0010. Is éard a bheidh sa mhéid uasmhéid measta atá le baint amach faoin gcatagóir sonraithe ar feadh tréimhse 6 mhí ó dháta an fhógra. Sloinnfear an méid in airgeadra an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas corpraithe. Má chinneann an institiúid nó an t-eintiteas go bhfuil méadú 10 % den mhéid a fógraíodh nó níos mó tagtha ar luach na ndliteanas sa chatagóir le linn na tréimhse 6 mhí tar éis an fhógra, cuirfidh an institiúid nó an t-eintiteas fógra eile faoi bhráid an údaráis réitigh. |
|
0030 |
CÚISEANNA LEIS NA CATAGÓIRÍ/NA COINNÍOLLACHA A CHOMHLÍONADH Míneoidh institiúidí agus eintitis an chúis ar tugadh fógra i leith chatagóir na ndliteanas. Beidh an réasúnaíocht mar bhunús le haghaidh an údaráis réitigh chun measúnú a dhéanamh ar an bhfógra dofheidhmitheachta. |
|
0040 |
RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA Líonfaidh institiúidí agus eintitis isteach na luachanna a chomhfhreagraíonn do rangú na ndliteanas i ngach catagóir i gcolún 0010, ar scála ó 1 go x, inarb é 1 an aicme is fo-ordaithe agus x an aicme is sinsearaí, mar a shainmhínítear sa dlí ábhartha is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas a thugann fógra corpraithe. |
|
0050 |
LÍON NA nDLITEANAS FOLUITEACH Cuirfidh institiúidí agus eintitis in iúl uaslíon measta na gconarthaí/na n-ionstraimí atá le sealbhú faoi chatagóir na ndliteanas lena mbaineann ar feadh tréimhse 6 mhí ó dháta an fhógra. |
6. N02.00 – Aicmí dócmhainneachta dliteanais
6.1 Barúlacha ginearálta
Líonfaidh institiúidí nó eintitis teimpléad N02.00 isteach agus tagairt á déanamh do ráithe dheireanach a bhfuil sonraí ar fáil ina leith (4), seachas le haghaidh na luachanna i gcolún 0070.
Trí réamhshocrú, méideanna gan íoc a bheidh sna méideanna a fhógrófar sa teimpléad seo, seachas i gcás cholún 0070. Is éard atá i méid gan íoc éilimh nó ionstraim suim phríomh-mhéid an éilimh nó na hionstraime agus an úis fhabhraithe ar an éileamh nó ar an ionstraim. Tá an méid gan íoc dlite cothrom le luach an éilimh a d’fhéadfadh an creidiúnaí a chomhdú faoi imeachtaí dócmhainneachta. Ba cheart go léireofaí i gcolún 0070 an méid iomlán a fhógraítear i dteimpléid N01.01 agus N01.02 agus dá bhrí sin, is éard is ceart a bheith iontu an t-uasluach a mheastar a bhainfear amach faoi na conarthaí/ionstraimí atá fógartha faoi láthair agus/nó catagóirí.
I gcás míreanna lasmuigh den chlár comhardaithe, soláthróidh institiúidí agus eintitis rangú dócmhainneachta an dliteanais a bheadh ann ar ghníomhú na míre lasmuigh den chlár comhardaithe sin.
Soláthrófar na luachanna uile sa teimpléad seo in airgeadra áitiúil an Bhallstáit ina bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas corpraithe.
6.2 Treoracha a bhaineann le colúin shonracha
|
Colúin |
Tagairtí dlíthiúla agus treoracha |
||||||||||
|
0010 |
RANGÚ DÓCMHAINNEACHTA Líonfaidh an institiúid nó an t-eintiteas isteach an luach a chomhfhreagraíonn do rangú an dliteanais ar scála ó 1 go x, inarb é 1 an aicme is fo-ordaithe agus x an aicme is sinsearaí, mar a shainmhínítear sa dlí náisiúnta is infheidhme sa Bhallstát ina bhfuil an institiúid nó an t-eintiteas corpraithe. Áireofar i dteimpléad N02.00 líne le haghaidh gach rangaithe dócmhainneachta a chuirtear in iúl i dteimpléad N01.01, colún 0100, agus i dteimpléad N01.02, colún 0040. |
||||||||||
|
0020 |
MÉID GAN ÍOC IOMLÁN NA nDLITEANAS SA RANGÚ Méid iomlán gan íoc na ndliteanas uile le haghaidh an rangaithe dócmhainneachta a sholáthraítear i gcolún 0010. |
||||||||||
|
0030 |
AR A BHFUIL: DLITEANAIS FAOI RIALÚ DLÍ TRÍÚ TÍR Sa cholún seo áireofar méid gan íoc na ndliteanas faoi rialú dlí tríú tír. |
||||||||||
|
0040 |
AR A BHFUIL: DLITEANAIS GAN AITHEANTAS CONARTHACH SAN ÁIREAMH Sa cholún seo áireofar méid gan íoc na ndliteanas uile atá faoi rialú dlí tríú tír nach n-áirítear leo aitheantas conarthach an chlásail tarrthála inmhéanaí mar a cheanglaítear le hAirteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE. Is éard a bheidh sa luach an méid gan íoc. Ríomhtar an luach mar shuim na ndliteanas uile a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:
|
||||||||||
|
0050 |
AR A BHFUIL: DLITEANAIS ATÁ FÓGARTHA FAOI LÁTHAIR DON ÚDARÁS RÉITIGH Áireofar sa cholún seo méideanna gan íoc na ndliteanas uile agus/nó na ndliteanas a fógraíodh i dteimpléid N01.01 agus N01.02 den fhógra seo. |
||||||||||
|
0060 |
AR A BHFUIL: DLITEANAIS A EISIATAR ÓN TARRTHÁIL INMHEÁNACH Sa cholún seo áireofar dliteanais a eisiatar ó chur i bhfeidhm na huirlise tarrthála inmheánaí i gcomhréir le hAirteagal 44(2) de Threoir 2014/59/AE nó a thagann faoi aon choinníoll in Airteagal 44(3) den Treoir sin. |
||||||||||
|
0070 |
MÉID AINMIÚIL IOMLÁN NA nDLITEANAS ATÁ FÓGARTHA FAOI LÁTHAIR DON ÚDARÁS RÉITIGH Sa cholún seo léireofar iomlán (suim) mhéideanna ainmniúla agus/nó uasmhéideanna na ndliteanas agus/nó na gcatagóirí dliteanas a bhfuil coinne leo a fhógraítear i dteimpléid N01.01 agus N01.02 den fhógra seo. |
(1) Tá teimpléad N02.00 le tíolacadh i ngach cás a thuairiscítear i bpointe (a), pointe (b) agus pointe (c).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1624 ón gCoimisiún an 23 Deireadh Fómhair 2018 lena leagtar síos caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha agus teimpléid chaighdeánacha le haghaidh soláthar faisnéise chun críocha pleananna réitigh le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta de bhun Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1066 ón gCoimisiún (IO L 277, 7.11.2018, lch. 1).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1527 ón gCoimisiún an 31 Bealtaine 2021 lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh aitheantas conarthach ar chumhachtaí díluachála agus comhshó (IO L 329, 17.9.2021, lch. 2).
(4) Beidh an ráithe dheiridh a bhfuil sonraí ar fáil ina leith i gcomhréir leis na dátaí íocaíochta le haghaidh tuairisciú ráithiúil: An 12 Bealtaine (le haghaidh an dáta tagartha an 31 Márta), an 11 Lúnasa (le haghaidh an dáta tagartha an 30 Meitheamh), an 11 Samhain (le haghaidh an dáta tagartha an 30 Meán Fómhair) agus 11 Feabhra (le haghaidh an dáta tagartha 31 Nollaig).
IARSCRÍBHINN III
Samhail pointe sonraí aonair
Na míreanna sonraí ar fad a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo, déanfar samhail pointe sonraí aonair díobh, ar bunús í le haghaidh chórais aonfhoirmeacha TF na n-institiúidí agus na n-údarás réitigh.
Comhlíonfaidh an tsamhail pointe sonraí aonair na critéir seo a leanas:
|
(a) |
soláthróidh sí léiriú struchtúrtha ar na míreanna sonraí ar fad a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(b) |
sainaithneoidh sí na coincheapa gnó uile a leagtar amach sna hIarscríbhinní a ghabhann leis an Rialachán seo; |
|
(c) |
soláthróidh sí foclóir sonraí lena sainaithneofar lipéid táblaí, lipéid ordanáidí, lipéid aise, lipéid fearann, lipéid toisí agus lipéid bhall; |
|
(d) |
soláthróidh sí méadrachtaí lena saineofar an mhaoin nó líon na bpointí sonraí; |
|
(e) |
soláthróidh sí sainmhínithe ar phointe sonraí a shloinnfear mar chomhdhéanamh de na saintréithe lena sainaithneofar an coincheap airgeadais gan aon débhrí; |
|
(f) |
beidh na sonraíochtaí teicniúla ábhartha uile is gá inti chun réitigh tuairiscithe TF a fhorbairt lena soláthrófar sonraí réitigh aonfhoirmeacha. |
IARSCRÍBHINN IV
Rialacha bailíochtúcháin
Na míreanna sonraí a leagtar amach in Iarscríbhinn I, beidh siad faoi réir rialacha bailíochtúcháin lena n-áiritheofar cáilíocht agus comhsheasmhacht sonraí. Leis na rialacha bailíochtúcháin, comhlíonfar na critéir seo a leanas:
|
(a) |
saineofar na caidrimh loighciúla idir pointí sonraí ábhartha; |
|
(b) |
áireofar scagairí agus réamhchoinníollacha lena saineofar tacar sonraí a mbeidh feidhm ag riail bhailíochtúcháin maidir leis; |
|
(c) |
seiceálfar comhsheasmhacht na sonraí tarchurtha; |
|
(d) |
seiceálfar cruinneas na sonraí tarchurtha; |
|
(e) |
leagfar síos luachanna réamhshocraithe a chuirfear i bhfeidhm i gcás nár tarchuireadh an fhaisnéis ábhartha. |