|
24.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 339/56 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1706 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Iúil 2021
lena leasaítear agus lena gceartaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (1), agus go háirithe Airteagail 131(1), 135, 136(2), 140, 144(1), 147 agus 156(1) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Leagtar síos le Rialachán (AE) 2016/429 rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe atá in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine. Leagtar síos i gCuid IV, Teideal I, Caibidlí 3, 4 agus 5 den Rialachán sin na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún atá ar coimeád agus ainmhithe talún fiáine agus táirgí geirmeacha díobh laistigh den Aontas. |
|
(2) |
Le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún (2), déantar forlíonadh ar na rialacha maidir le cosc agus rialú galar ainmhithe is in-tarchurtha go hainmhithe nó go daoine a leagtar síos in Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2016/429 maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún atá ar cóiméad, ainmhithe talún fiáine agus uibheacha goir laistigh den Aontas. |
|
(3) |
I gCuid II, Caibidil 3, Roinn 1 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 leagtar síos na ceanglais maidir le gluaiseachtaí éanlaithe clóis táirgiúla, lena n-airítear an tréimhse chónaithe sa bhunaíocht tionscnaimh. Go háirithe, leagtar síos tréimhsí cónaithe sonracha maidir le héanlaith chlóis tháirgiúil le haghaidh táirgeadh feola nó uibheacha lena gcaitheamh agus maidir le héanlaith chlóis tháirgiúil le haghaidh athstocála soláthairtí éan géime, ach ní leagtar síos iad i gcás éanlaith chlóis tháirgiúil le haghaidh táirgeadh táirgí eile. Dá bhrí sin, ba cheart tréimhse chónaithe shonrach a leagan síos freisin maidir leis an gcatagóir éanlaithe clóis táirgiúla sin. |
|
(4) |
Leagtar amach le hAirteagal 36 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 na ceanglais maidir le gluaiseachtaí sicíní lae chuig Ballstát eile agus foráiltear le hAirteagal 37 de do mhaolú ar na ceanglais maidir le gluaiseachtaí éanlaithe clóis i gcás gluaiseachtaí is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh, lena n-áirítear sicíní lae, agus leagtar síos ceanglais shonracha i ndáil leis na gluaiseachtaí sin. Leagtar síos le hAirteagail 112 go 114 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún (3) na ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseacht agus láimhseáil éanlaithe ó uibheacha goir a tháinig isteach san Aontas ó thríú tír nó ó thríú críoch nó ó chrios díobh. Chun na ceanglais sin a chomhlíonadh foráiltear le hAirteagal 36 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, i gcás sicíní lae a goradh ó uibheacha goir a tháinig isteach san Aontas ó thríú tír, ó thríú críoch nó ó chrios díobh agus a aistrítear chuig Ballstát eile, gur cheart d’údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe atá beartaithe a chur ar an eolas faoi sin. Ní áirítear an ceanglas seo, áfach, in Airteagal 37 den Rialachán sin maidir le gluaiseachtaí is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh nuair a bhaineann an ghluaiseacht le sicíní lae. Ar mhaithe le comhsheasmhacht, an ceanglas faisnéise i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, ba cheart feidhm a bheith aige freisin le gluaiseachtaí is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh idir na Ballstáit. |
|
(5) |
An sainmhíniú ar “oibríocht tionóil” a leagtar síos in Airteagal 4, pointe (49) de Rialachán (AE) 2016/429, tagraíonn sé do thréimhse atá níos giorra ná an tréimhse chónaithe a shuitear don speiceas ainmhithe lena mbaineann chun ainmhithe talún atá ar coimeád ó níos mó ná bunaíocht amháin a thionól. Mar sin féin, ní leagtar síos le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 tréimhse chónaithe shonrach maidir le crúbaigh atá ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a mharú, cé is moite d’ainmhithe de chineál caorach agus gabhair a bhfuil sé beartaithe iad a mharú, nach sainaithnítear iad go leithleach i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún (4), a bhfuil tréimhse chónaithe leagtha síos ina leith in Airteagal 18 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688. Dá bhrí sin is gá an tréimhse chónaithe a shonrú maidir leis an sainmhíniú ar oibríocht tionóil i ndáil leis na crúbaigh sin atá ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a mharú agus nach bhfuil tréimhse chónaithe leagtha síos ina leith i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688. Níor cheart feidhm a bheith ag an méid sin ach amháin tar éis dóibh an bhunaíocht tionscnaimh a fhágáil. |
|
(6) |
Sainmhínítear “ionad tionóil madraí, cat agus firéad” in Airteagal 2, pointe (7) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 agus leagtar síos na ceanglais maidir le formheas a dheonú in Airteagal 10 den Rialachán sin. Mar sin féin, ní dhéantar foráil i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 maidir le gluaiseachtaí madraí, cat agus firéad chuig Ballstát eile ó na hionaid tionóil sin. Chun ionad feidhmiúil a dhéanamh den ionad tionóil madraí, cat agus firéad, is gá ceanglais a leagan síos maidir le gluaiseacht madraí, cat agus firéad chuig Ballstáit eile i gcás ina gcuirtear ainmhithe ó níos mó ná bunaíocht amháin le chéile tar éis dóibh an bhunaíocht tionscnaimh a fhágáil. |
|
(7) |
Foráiltear le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 go gcomhlíonfaidh colúir rásaíochta a aistrítear chuig imeachtaí spóirt i mBallstát eile na ceanglais maidir le gluaiseacht éan i mbraighdeanas, lena n-áirítear an tréimhse chónaithe, agus go mbeidh deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leo. Mar sin féin, cuireann na hoibleagáidí sin teorainn leis an deis a bheidh ag na hainmhithe sin traenáil le haghaidh imeachtaí spóirt agus páirt a ghlacadh iontu. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú chun colúir rásaíochta a aistrítear chuig imeachtaí spóirt i mBallstát eile a eisiamh ó na ceanglais maidir le tréimhse chónaithe agus le deimhniú sláinte ainmhithe a bheith ag gabháil leo. |
|
(8) |
Leagtar síos le hAirteagal 101 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ceanglais maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún fiáine óna ngnáthóg chuig gnáthóg nó bunaíocht i mBallstát eile. Tá feidhm ag na rialacha san Airteagal sin maidir le gach speiceas ainmhithe talún. Mar sin féin, na ceanglais sláinte ainmhithe a shuitear in Airteagal 101(4), pointe (c), agus in Airteagal 101(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688, tá siad níos sonraí agus níl siad ábhartha ach amháin maidir le speiceas áirithe ainmhithe, agus dá bhrí sin, níor cheart feidhm a bheith acu ach amháin maidir leis na hainmhithe sin. Dá bhrí sin, is gá Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú agus a shoiléiriú nach bhfuil feidhm ag Airteagal 101(4), pointe (c) agus Airteagal 101(5) den Rialachán Tarmligthe sin ach amháin maidir le hainmhithe fiáine den speiceas a liostaítear i ndáil le gach galar sonrach i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún (5). |
|
(9) |
Leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 na ceanglais íosta roimh ghluaiseacht a mhéid a bhaineann le hionfhabhtú le coimpléasc Mycobacterium tuberculosis (M. bovis, M. caprae agus M. tuberculosis) in ainmhithe de chineál gabhair, ainmhithe de chineál camaill agus ainmhithe de chineál fia. Mar sin féin, an córas tástála a shuitear i gcás ainmhithe de chineál gabhair agus ainmhithe de chineál camaill a choimeádtar ar bhunaíochtaí inar tuairiscíodh an galar, tá an córas sin níos sriantaí ná an córas le haghaidh ainmhithe de chineál fia. Níl gá leis an difríocht sin ná níl údar maith léi, agus ba cheart na córais tástála le haghaidh ainmhithe de chineál gabhair agus ainmhithe de chineál camaill in Iarscríbhinn II de Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a cheartú, dá bhrí sin, chun foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht chéanna chun tástálacha a dhéanamh freisin ar ainmhithe de chineál gabhair agus camaill i dtaca leis an ngalar áirithe sin. |
|
(10) |
Thairis sin, foráiltear le Cuid 1, pointe 2, d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 maidir le maolú ón gceanglas i ndáil le tástáil bhliantúil a dhéanamh ar gach ainmhí de chineál gabhair a choimeádtar ar an mbunaíocht chun críoch pórúcháin, faoi choinníollacha sonracha. Is gá Cuid 1, pointe 2(a), d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 a leasú chun a shoiléiriú cé acu forálacha Chuid 1, pointe 1 den Iarscríbhinn sin ba cheart a chomhlíonadh i gcás maolú den sórt sin. |
|
(11) |
Tá tagairtí áirithe i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 do Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún (6) nach bhfuil cruinn agus ba cheart iad a cheartú dá bhrí sin. |
|
(12) |
Ar mhaithe le simplíocht agus trédhearcacht, agus chun cur i bhfeidhm na rialacha a éascú agus dúbláil a sheachaint, ba cheart na rialacha seo a leagan síos in aon ghníomh amháin seachas i roinnt gníomhartha ar leithligh lena mbaineann go leor crostagairtí. Tá an cur chuige sin i gcomhréir freisin leis an gcur chuige a glacadh i Rialachán (AE) 2016/429, Rialachán atá i bhfabhar rialacha an Aontais a chuíchóiriú chun a gcur i bhfeidhm a éascú agus chun an t-ualach riaracháin a laghdú, cur chuige a glacadh i Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 freisin, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 mar a leanas:
|
1. |
in Airteagal 34, leasaítear mír 1 mar a leanas:
|
|
2. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 37: “Airteagal 37 Maolú maidir le gluaiseachtaí is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh 1. De mhaolú ar na ceanglais a leagtar amach in Airteagail 34, 35 agus 36, féadfaidh oibreoirí líon is lú ná 20 cloigeann d’éanlaith chlóis cé is moite de raitítigh a aistriú chuig Ballstát eile má chomhlíontar na ceanglais seo a leanas:
2. I gcás sicíní lae a goradh ó uibheacha goir a tháinig isteach san Aontas ó thríú tír, ó thríú críoch nó ó chrios díobh, cuirfidh údarás inniúil Bhallstát tionscnaimh na sicíní lae sin in iúl d’údarás inniúil an Bhallstáit cinn scríbe atá beartaithe gur tháinig na huibheacha goir isteach san Aontas ó thríú tír.”; |
|
3. |
in Airteagal 43, cuirtear an mhír (4) seo a leanas leis: “4. I gcás crúbaigh atá ar coimeád a bhfuil sé beartaithe iad a mharú, cé is moite d’ainmhithe de chineál caorach agus gabhair nach sainaithnítear iad go leithleach i gcomhréir le hAirteagal 45 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035, measfar gur oibríocht tionóil í tionóil ainmhithe ó níos mó na bunaíocht amháin ar feadh tréimhse is lú ná 20 lá, tar éis dóibh an bhunaíocht tionscnaimh a fhágáil.”; |
|
4. |
in Airteagal 53, cuirtear an pointe seo a leanas leis:
|
|
5. |
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 68: “Airteagal 68 Ceanglais shonracha maidir le gluaiseachtaí colúr rásaíochta chuig imeachtaí spóirt i mBallstát eile Ní aistreoidh oibreoirí colúir rásaíochta chuig imeachtaí spóirt i mBallstát eile ach amháin má chomhlíonann na hainmhithe sin na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 59, cé is moite den tréimhse chónaithe a leagtar síos in Airteagal 59(1), pointe (a).”; |
|
6. |
in Airteagal 71, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: “1. Ní aistreoidh oibreoirí ach éin i mbraighdeanas cé is moite de cholúir rásaíochta chuig imeachtaí spóirt, bumbóga cé is moite de bhumbóga ó bhunaíochtaí táirgthe ar leithlis ón gcomhshaol seachtrach atá formheasta, príomhaigh, madraí, cait, firéid nó carnabhóirí eile chuig Ballstát eile má tá deimhniú sláinte ainmhithe ag gabháil leo a d’eisigh údarás inniúil an Bhallstáit tionscnaimh.”; |
|
7. |
Leasaítear Airteagal 81 mar a leanas:
|
|
8. |
Leasaítear Airteagal 101 mar a leanas:
|
Airteagal 2
Ceartaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 84, 31.3.2016, lch. 1.
(2) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a bhaineann le ceanglais sláinte ainmhithe maidir le gluaiseachtaí ainmhithe talún agus uibheacha goir laistigh den Aontas (IO L 174, 3.6.2020, lch. 140).
(3) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/692 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2020 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le coinsíneachtaí ainmhithe áirithe, táirgí geirmeacha agus táirgí de bhunadh ainmhíoch a thabhairt isteach san Aontas, agus maidir lena ngluaiseacht agus lena láimhseáil tar éis iad a thabhairt isteach (IO L 174, 3.6.2020, lch. 379).
(4) Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/2035 ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le bunaíochtaí ina gcoimeádtar ainmhithe talún agus gorlanna, agus a mhéid a bhaineann le hinrianaitheacht ainmhithe talún áirithe atá ar coimeád agus uibheacha goir (IO L 314, 5.12.2019, lch. 115).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1882 ón gCoimisiún an 3 Nollaig 2018 i dtaca le rialacha áirithe coisctheacha agus rialaithe maidir le rialú a chur i bhfeidhm ar chatagóirí galar liostaithe agus lena mbunaítear liosta speiceas agus grúpaí speiceas a bhfuil riosca suntasach ag baint leo maidir le leathadh na ngalar liostaithe sin (IO L 308, 4.12.2018, lch. 21).
(6) Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/689 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le faireachas, cláir dhíothaithe agus stádas saor ó ghalair i gcás galair áirithe atá liostaithe agus galair áirithe atá ag teacht chun cinn (IO L 174, 3.6.2020, lch. 211).
IARSCRÍBHINN
Ceartaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2020/688 mar a leanas:
|
1. |
Ceartaítear Cuid 1 mar a leanas:
|
|
2. |
i gCuid 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:
|