|
22.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 334/1 |
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1691 ÓN gCOIMISIÚN
an 12 Iúil 2021
lena leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na ceanglais ar oibreoirí in earnáil an táirgthe orgánaigh maidir le taifid a choimeád
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 34(8) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, leagtar amach roinnt ceanglas chun taifid a choimeád ar rialacha sonracha táirgthe áirithe. D’fhéadfadh taifid a bheith ábhartha i dtaca le críocha inrianaitheachta, le rialú inmheánach cáilíochta agus le measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha mionsonraithe maidir le táirgeadh orgánach a leagtar amach san Iarscríbhinn sin. |
|
(2) |
D’ainneoin na bhforálacha maidir le taifid a choimeád a leagtar amach in Airteagal 9(10), pointe (c), Airteagal 34(5) agus Airteagal 39(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2018/848, is gá mionsonrú breise a dhéanamh ar na híoscheanglais maidir le taifid a choinneáil i ngach réimse den táirgeadh a chumhdaítear leis na codanna éagsúla d’Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán sin. |
|
(3) |
Is gá freisin gnéithe sonracha áirithe a thabhairt isteach lena áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht agus bonn comhchuibhithe le taifid a choimeád, rud a mheastar a bheith ríthábhachtach ionas go mbeidh oibreoirí in ann fianaise a sholáthar ar chur i bhfeidhm éifeachtach na rialacha maidir le táirgeadh orgánach. |
|
(4) |
Na leasuithe a dhéantar leis an Rialachán seo, is leasuithe iad atá gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád, ceanglais a leagtar amach i ngníomhartha eile de chuid an Aontais amhail na ceanglais a bhaineann le bia agus sábháilteacht bia, beatha agus sábháilteacht beatha, sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí, cosaint plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí. Dá bhrí sin, chun críocha Rialachán (AE) 2018/848, na hoibreoirí sin a chomhlíonann cheana na ceanglais maidir le taifid a choimeád faoi ghníomhartha eile de chuid an Aontais, ní bheidh orthu taifid a dhéanamh ach de na gnéithe comhlántacha lenar féidir fíorú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na rialacha maidir leis an táirgeadh orgánach, agus ní bheidh gá iad a dhúbailt. Mar sin féin, in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a leasaítear leis an Rialachán seo, déantar athrá ar cheanglais áirithe maidir le taifid a choimeád toisc go bhfuil siad ábhartha i dtaca le hoibreoirí i dtríú tíortha. |
|
(5) |
A mhéid a bhaineann le rialacha maidir le táirgeadh plandaí, chun taifead a dhéanamh de shonraí faoi úsáid leasachán agus oiriúntóirí ithreach, ní mór paraiméadair áirithe cur chun feidhme a chur san áireamh ós rud é go bhfuil úsáid leasachán sa táirgeadh orgánach faoi réir srianta cainníochtúla agus cáilíochtúla araon, srianta nach mór a chur san áireamh i gcásanna nach leor bearta agranamaíocha chun riachtanais chothaitheacha plandaí a chomhlíonadh. |
|
(6) |
Maidir le táirgí cosanta plandaí agus le táirgí glantacháin agus dífhabhtúcháin, amhail bithicídí agus glantaigh, tá a n-úsáid sin faoi réir srianta ar an táirgeadh orgánach agus tá sí teoranta do chásanna nár chuir bearta coisctheacha bac ar theagmhas ná ar scaipeadh lotnaidí agus galar agus tá sé teoranta i ngach cás do tháirgí agus do shubstaintí atá ceadaithe de bhun Airteagal 24 de Rialachán (AE) 2018/848. Gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 (2) agus Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 (3) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, is gá a cheangal ar oibreoirí taifead a dhéanamh de na coinníollacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm i gcás ina mbíonn orthu dul i muinín táirge cosanta plandaí, bithicídí nó glantaigh a úsáid, lena léiriú, i gcás inarb ábhartha, go gcomhlíontar na srianta is infheidhme agus go n-urramaítear an mhinicíocht a mholtar agus an tréimhse réamhbhuana. |
|
(7) |
Toisc gur féidir saintréithe éagsúla a bheith i ndáileachtaí talún agus go mbíonn barra éagsúla iontu, is féidir le dálaí agranamaíocha a bheith éagsúil. Tugann sé sin le tuiscint gur úsáid éagsúil a bhaintear as ionchuir sheachtracha, ag brath ar an dáileacht atá i gceist, nuair a chuirtear i bhfeidhm iad. Dá bhrí sin, ba cheart taifead a dhéanamh ar ionchuir sheachtracha i ndáil leis an dáileacht ina n-úsáidtear an t-ionchur chun gur féidir le hoibreoirí faireachán a dhéanamh ar an éifeachtúlacht agus chun taifid iomchuí a chur ar fáil chun críocha inrianaitheachta agus, i gcás inarb ábhartha, fianaise dhoiciméadach a chur ar fáil, fianaise a bhaineann le haon mhaolú ar rialacha táirgthe plandaí a fuarthas i gcomhréir le pointe 1.8.5 de Chuid I d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. |
|
(8) |
Agus plandaí fiáine agus a dtáirgí á mbailiú, is gá ceangal a chur ar oibreoirí taifid a choimeád ar na speicis lena mbaineann agus ar chainníochtaí agus ar thréimhsí bailiúcháin i ngnáthóg nádúrtha ar leith ionas go mbeidh inrianaitheacht ann agus go ndéanfar comhlíonadh na gcoinníollacha gnáthóige nádúrtha a fhíorú. |
|
(9) |
Maidir le rialacha maidir le táirgeadh beostoic, i bhfianaise na maoluithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha sin a deonaíodh faoi phointí 1.3.4.3, 1.3.4.4, 1.7.5, 1.7.8, 1.9.3.1(c) agus 1.9.4.2(c) de Chuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart d’oibreoirí fianaise dhoiciméadach a bhaineann leis na maoluithe sin a choimeád ar fáil chun go bhféadfar inrianaitheacht a cheadú agus rialú a dhéanamh ar chomhlíonadh na gcoinníollacha is infheidhme. |
|
(10) |
Gan dochar do cheanglais Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (4), ba cheart d’oibreoirí taifid mhionsonraithe a choimeád ar thionscnamh ainmhithe a thugtar isteach sa ghabháltas agus ar a n-iarthaifid tréidliachta ábhartha chun inrianaitheacht a áirithiú agus chun go léireofar comhlíontacht leis na coinníollacha sonracha a leagtar amach i gCodanna II agus III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848. |
|
(11) |
Ina theannta sin, chun taifead a dhéanamh ar chomhlíontacht le riachtanais chothaitheacha atá sonrach ó thaobh speicis agus leis na rialacha ábhartha maidir le cothú a leagtar amach i dtaca leis na grúpaí éagsúla ainmhithe i gCuid II d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart d’oibreoirí taifid mhionsonraithe a choimeád ar an gcóras beathaithe agus ar na tréimhsí innilte. |
|
(12) |
Gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád agus le sainaithint a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 agus i Rialachán (AE) 2016/429, i Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5) agus i dTreoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (6), i bhfianaise na dteorainneacha sonracha arna leagan síos faoi na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, is iomchuí roinnt ceanglas sonrach a leagan síos maidir le taifid a choimeád ar chóireálacha tréidliachta agus le foirgneamh, le suiteálacha agus le hainmhithe a ghlanadh agus a dhíghalrú, chun gur féidir le hoibreoirí a léiriú don údarás inniúil nó don chomhlacht rialúcháin go bhfuil na ceanglais ábhartha á gcomhlíonadh agus ag an am céanna gur féidir éifeachtúlacht agus urramú tréimhsí sonracha aistarraingthe a fhíorú. |
|
(13) |
Gan dochar do na ceanglais inrianaitheachta a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (7), ionas go mbeidh inrianaitheacht ann agus go bhféadfar comhlíontacht le rialacha maidir le táirgeadh orgánach a fhíorú, lena n-áirítear na rialacha maidir le tréimhsí tiontaithe do na speicis éagsúla, is gá go gcoimeádfadh oibreoirí taifid mhionsonraithe ar aon ainmhí a thagann chuig an ngabháltas nó a fhágann é. |
|
(14) |
I measc na gceanglas tithíochta agus feirmeoireachta maidir le héanlaith chlóis, tá ceanglais shonracha ann a bhaineann le córais tógála áirithe a mhéid a bhaineann le tréimhse téarnaimh a urramú. Ba cheart an fhianaise dhoiciméadach ábhartha a choimeád chun go bhféadfar faireachán ceart a dhéanamh. |
|
(15) |
I bhfianaise ábharthacht shuíomh na mbeachlann i limistéir inar cheart a áirithiú go mbeadh neachtar agus pailin a thagann ó bharra a táirgeadh go horgánach ar fáil, nó ó limistéir neamhéillithe nádúrtha nó ó bharra faoi mhodhanna ar beag a dtionchar ar an gcomhshaol, chun aon éilliú ar bheachlanna a sheachaint, ní mór d’oibreoirí léarscáil de na limistéir a úsáidtear a choimeád chomh maith le taifid ar aon ionchur seachtrach a úsáideadh agus ar aon oibríocht a dhéantar ar na coirceoga beach. |
|
(16) |
A mhéid a bhaineann le rialacha táirgthe maidir le hainmhithe dobharshaothraithe, i bhfianaise na maoluithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar na rialacha sin a deonaíodh faoi phointí 3.1.2.1(d) agus (e) de Chuid III d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848, ba cheart d’oibreoirí fianaise dhoiciméadach a choimeád a bhaineann leis na maoluithe sin chun go bhféadfar inrianaitheacht a cheadú agus rialú a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na coinníollacha is infheidhme. |
|
(17) |
Go háirithe, tá úsáid na n-ionchur seachtrach faoi réir srianta faoi Rialachán (AE) 2018/848 agus tá sé le taifeadadh mar atá i gcás leasacháin nó cothaithigh a úsáidtear i dtáirgeadh orgánach algaí, nach féidir a úsáid ach amháin nuair a údaraítear iad de bhun Airteagal 24 den Rialachán sin agus atá teoranta do shaoráidí laistigh agus atá le cur i bhfeidhm faoi choinníollacha áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart d’oibreoirí na húsáidí sin a thaifeadadh chun a léiriú go gcomhlíontar na coinníollacha is infheidhme. |
|
(18) |
Is gá freisin ceanglais a shocrú maidir le taifid a choimeád i ndáil leis na forálacha sonracha maidir le hógánaigh chun críocha pórúcháin nó tuilleadh fáis, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an am beacht ina dtarlaíonn siad le linn thimthriall an táirgthe ainmhithe agus tréimhse thosaigh tiontaithe. |
|
(19) |
Tá córais bheathaithe na n-ainmhithe dobharshaothraithe beartaithe chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha chothaitheacha gach speicis ag na céimeanna éagsúla forbartha. Dá bhrí sin, agus na forálacha mionsonraithe maidir le hábhair bheatha údaraithe á gcur san áireamh, lena n-áirítear nuair is de thionscnamh neamhorgánach iad, ba cheart taifid a choimeád ar an gcóras beathaithe i gcás gach speicis lena mbaineann, le sonraí i gcomhair na gcéimeanna éagsúla forbartha. |
|
(20) |
Tá cúram sláinte ainmhithe dobharshaothraithe bunaithe ar chosc agus ar fhaireachán a dhéanamh ar fholláine na n-ainmhithe. Dá bhrí sin, is gá taifid a choimeád ar na gníomhaíochtaí éagsúla a cuireadh i bhfeidhm ionas go gcuirfear teorainn, a mhéid is féidir, leis an úsáid is féidir a bhaint as cóireálacha tréidliachta, cóireálacha a thagann faoi réir srianta diana ó thaobh a minicíochta mar aon leis an líon díobh a bhíonn ann, ag brath ar fhad shaolré an speicis lena mbaineann. Is gá na ceanglais chomhfhreagracha maidir le taifid a choimeád a leagan síos. |
|
(21) |
Is le cleachtais feirmeoireachta cearta a chinntear dea-bhail na n-ainmhithe. I gcomhthéacs an dobharshaothraithe, baineann ríthábhacht le cáilíocht an uisce agus le teorannacha an dlúis stoc agus le paraiméadair ábhartha cheimiceacha-fhisiceacha chun leas na n-ainmhithe a dhéanamh. Dá bhrí sin, is gá taifid de na sonraí sin a bheith ann mar aon le cineál na n-idirghabhálacha agus le tráth a ndéanta, ar idirghabhálacha iad a rinneadh chun faireachán a dhéanamh ar chothabháil na gcoinníollacha is fearr le haghaidh ainmhithe dobharshaothraithe agus ar na bearta a rinneadh chun rialacha maidir le táirgeadh orgánach a urramú sna céimeanna éagsúla a bhaineann le forbairt na n-ainmhithe sin. Sa dobharshaothrú orgánach, is féidir úsáid a bhaint as aerú, ach tá úsáid na hocsaigine teoranta do chásanna sonracha. Dá bhrí sin, ba cheart taifid a choimeád ar na cineálacha idirghabhála sin. |
|
(22) |
Gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád faoi Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, ba cheart d’oibreoirí a tháirgeann bia próiseáilte orgánach agus/nó beatha phróiseáilte orgánach taifid mhionsonraithe a choimeád chun comhlíontacht a léiriú leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach, go háirithe maidir leis na bearta réamhchúraim a cuireadh i bhfeidhm ionas go n-áiritheofar sláine na dtáirgí orgánacha, na gcoinníollacha sonracha maidir le hionchuir sheachtracha a úsáid agus na dtáirgí glantacháin agus dífhabhtúcháin a úsáid. Thairis sin, ionas gur féidir an chothromaíocht iomchuí ionchuir agus aschuir a fhíorú, ba cheart d’oibreoirí na sonraí atá ar fáil a choimeád maidir leis an ionchur a úsáidtear agus i gcás táirgí ilchodacha, ba cheart dóibh na hoidis/na foirmlí ina n-iomláine chomh maith le fianaise dhoiciméadach a choimeád, i gcás inarb infheidhme, maidir le húdaruithe le haghaidh úsáid comhábhair talmhaíochta neamhorgánacha i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) 2018/848. |
|
(23) |
Gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád faoi Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, ba cheart d’oibreoirí a tháirgeann fíon orgánach taifid mhionsonraithe a choimeád chun comhlíontacht leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a léiriú, go háirithe i dtaca le haon táirge seachtrach agus le haon substaint sheachtrach a úsáidtear i dtáirgeadh fíona agus i ndáil le glanadh agus le dífhabhtú. |
|
(24) |
Gan dochar do na ceanglais maidir le taifid a choimeád faoi Rialachán (CE) Uimh. 852/2004, ba cheart d’oibreoirí a tháirgeann giosta orgánach taifid mhionsonraithe a choimeád chun comhlíontacht leis na rialacha maidir le táirgeadh orgánach a léiriú, go háirithe i dtaca leis na táirgí agus na substaintí a úsáidtear i dtáirgeadh giosta agus le glanadh agus dífhabhtú. |
|
(25) |
Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 a leasú dá réir. |
|
(26) |
Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 309, 24.11.2009, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 852/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le sláinteachas earraí bia (IO L 139, 30.4.2004, lch. 1).
(4) Rialachán (AE) 2016/429 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le galair in-tarchurtha ainmhithe agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear gníomhartha áirithe i réimse na sláinte ainmhithe (“an Dlí maidir le Sláinte Ainmhithe”) (IO L 84, 31.3.2016, lch. 1).
(5) Rialachán (CE) Uimh. 1760/2000 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Iúil 2000 lena mbunaítear córais chun bó-ainmhithe a shainaithint agus a chlárú agus maidir le mairteoil agus táirgí mairteola a lipéadú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 820/97 ón gComhairle (IO L 204, 11.8.2000, lch. 1).
(6) Treoir 2001/82/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte tréidliachta (IO L 311, 28.11.2001, lch. 1).
(7) Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Eanáir 2002 lena leagtar síos prionsabail ghinearálta agus ceanglais ghinearálta dhlí an bhia, lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia agus lena leagtar síos nósanna imeachta in ábhair a bhaineann le sábháilteacht bia (IO L 31, 1.2.2002, lch. 1).
IARSCRÍBHINN
Leasaítear Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/848 mar a leanas:
|
1. |
Leasaítear Cuid I mar a leanas:
|
|
2. |
Leasaítear Cuid II mar a leanas:
|
|
3. |
Leasaítear Cuid III mar a leanas:
|
|
4. |
Leasaítear Cuid IV mar a leanas:
|
|
5. |
Leasaítear Cuid V mar a leanas:
|
|
6. |
i gCuid VI, cuirtear isteach an pointe 2.3 seo a leanas:
|
|
7. |
i gCuid VII, cuirtear isteach an pointe 1.5 seo a leanas:
|