20.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 330/27


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1530 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Iúil 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda, lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda agus lena leasaítear agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2017/1601 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 480/2009 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 4(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 leagtar amach réimsí comhair le haghaidh cláir gheografacha.

(2)

Ba cheart cláir gheografacha a fhorbairt tuilleadh trí fhorálacha breise lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/947.

(3)

Bunaithe ar na réimsí comhair a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947, ba cheart cuspóirí sonracha agus réimsí tosaíochta comhair a leagan amach le haghaidh na réigiún seo a leanas: an Chomharsanacht Theas, an Chomharsanacht Thoir, an Afraic Thiar, an Afraic Thoir agus an Afraic Láir, Deisceart na hAfraice agus an tAigéan Indiach, an Meánoirthear, an Áise Láir, an Áise Theas, an Áise Thuaidh agus an Áise Thoir Theas, an tAigéan Ciúin, Críocha Mheiriceá, an Mhuir Chairib.

(4)

Ba cheart leithdháiltí táscacha airgeadais a leagan amach don Afraic Thiar, don Afraic Thoir agus don Afraic Láir, do Dheisceart na hAfraice agus d’fhoréigiúin an Aigéin Indiaigh, ar bhonn na bprionsabal clársceidealaithe le haghaidh cláir gheografacha a leagtar amach in Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2021/947. Ba cheart spriocanna téamacha a leagan amach le haghaidh na réigiún geografach a liostaítear i Rialachán (AE) 2021/947,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo na sainchuspóirí agus na réimsí tosaíochta comhair, bunaithe ar na réimsí comhair a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947, le haghaidh na réigiúin seo a leanas: an Chomharsanacht Theas, an Chomharsanacht Thoir, an Afraic Thiar, an Afraic Thoir agus an Afraic Láir, Deisceart na hAfraice agus an tAigéan Indiach, an Meánoirthear, an Áise Láir, an Áise Theas, an Áise Thuaidh agus an Áise Thoir Theas, an tAigéan Ciúin, Críocha Mheiriceá, an Mhuir Chairib.

Airteagal 2

Is iad seo a leanas na leithdháiltí táscacha airgeadais a bheidh ann don Afraic Thiar, don Afraic Thoir agus don Afraic Láir, do Dheisceart na hAfraice agus d’fhoréigiúin an Aigéin Indiaigh:

(a)

An Afraic Thiar EUR 11 672 000 000;

(b)

An Afraic Thoir agus an Afraic Láir EUR 11 381 000 000;

(c)

Deisceart na hAfraice agus foréigiúin an Aigéin Indiaigh EUR 6 128 000 000.

Airteagal 3

Is iad seo a leanas na spriocanna téamacha le haghaidh na réigiún geografach:

(a)

15 % ar a laghad i dtaca le cearta an duine, an daonlathas agus an dea-rialachas;

(b)

45 % ar a laghad i dtaca le fás ionchuimsitheach agus inbhuanaithe i ndáil le forbairt an duine.

Airteagal 4

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Is iad seo a leanas na sainchuspóirí agus na réimsí tosaíochta comhair de réir foréigiúin, bunaithe ar na réimsí comhair a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle:

I.   AN CHOMHARSANACHT THEAS

(1)   Tacú le forbairt an duine, dea-rialachas agus smacht reachta agus comhionannas inscne.

a)

Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint; an comhionannas agus cumhachtú na mban, an daonlathas, an smacht reachta, an dea-rialachas, an t-athchóiriú breithiúnach agus an comhrac in aghaidh an éillithe a chur chun cinn;

b)

Institiúidí poiblí agus córais rialachais a neartú; feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht; tacú le comhtháthú sóisialta; rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a chur chun cinn agus spás le haghaidh gníomhaithe sibhialta agus neamhstáit agus meáin neamhspleácha; tacú leis an gcomhrac in aghaidh na bréagaisnéise;

c)

Feabhas a chur ar rochtain ar oideachas agus cáilíocht an oideachais; an litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn; daoine óga a chumhachtú; córais cúraim sláinte a neartú;

d)

Tacú le bainistíocht thrédhearcach agus éifeachtach ar an airgeadas poiblí, ar shlógadh an ioncaim intíre agus ar an rialachas eacnamaíoch.

(2)   An athléimneacht a neartú, cur leis an rathúnas agus an claochlú digiteach a thapú

a)

Tacú le fiontraíocht agus le forbairt na hearnála príobháidí; rochtain ar mhaoiniú agus ar an digitiú gnó a fheabhsú; fostaíocht chuibhiúil a chur chun cinn;

b)

Tacú leis an trádáil agus an infheistíocht, slabhraí luacha inbhuanaithe, an nascacht, an comhtháthú eacnamaíoch agus an éagsúlú;

c)

Tacú le córais cosanta sláinte agus sóisialta nua-aimseartha agus chothromasacha a fhorbairt agus le fostaíocht chuibhiúil a chur chun cinn; tacú le hathléimneacht an phobail trí sheirbhísí poiblí inrochtana a fhorbairt;

d)

Tacú le himscaradh agus oibríochtú bonneagair chun nascacht dhigiteach inrochtana, inacmhainne, ionchuimsitheach agus slán a áirithiú, chomh maith le córais nua-aimseartha bhainistíochta agus cosanta sonraí a fhorbairt; tacú le rialachas digiteach feabhsaithe, forbairt ríomhsheirbhísí agus creataí agus ardán idir-inoibritheachta.

(3)   Tacú le haistriú glas, an athléimneacht aeráide, an t-aistriú agus an tslándáil fuinnimh a neartú, agus an comhshaol a chosaint

a)

Feabhas a chur ar oiriúnú don athrú aeráide agus ar inniúlacht mhaolaithe; cuidiú le cur chun cinn infheistíochtaí aeráid-díonacha agus beartas airgeadais inbhuanaithe chun aistriú i dtreo an fháis ghlais;

b)

Tacú leis an aistriú chuig samhlacha eacnamaíocha ciorclacha, íseal-astaíochtaí agus atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de, agus forbairt na táirgeachta inbhuanaithe agus na slabhraí luacha a chur chun cinn; geilleagar glas agus gorm inbhuanaithe a fhorbairt agus a neartú; an t-aistriú fuinnimh a chothú agus an tslándáil fuinnimh a chur chun cinn;

c)

An éifeachtúlacht acmhainní, an comhrac in aghaidh an truaillithe, caomhnú agus athchóiriú na bithéagsúlachta agus an t-aistriú chuig córais bhia inbhuanaithe a chur chun cinn, chomh maith le héiceachórais bhainistithe, ilfheidhmiúla, inbhuanaithe, a chur chun cinn i gcomhthéacs an oiriúnaithe don athrú aeráide agus na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide.

(4)   Comhar maidir le síocháin agus slándáil

a)

Tacú le hiarrachtaí um shíocháin, um chosc coinbhleachtaí agus um athmhuintearas agus iad a chur chun cinn;

b)

An comhar a mhéadú maidir le frithsceimhlitheoireacht, maoiniú na sceimhlitheoireachta agus an frithsciúradh airgid a chosc, an comhrac in aghaidh an radacaithe agus an antoisceachais fhoréignigh, an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe, an forfheidhmiú dlí agus aghaidh a thabhairt ar an gcibearshlándáil, ar an gcibearchoireacht agus ar bhagairtí hibrideacha;

c)

Tacú le hullmhacht i gcomhair tubaistí agus bainistíocht riosca;

d)

Feabhas a chur ar an tslándáil mhuirí.

(5)   Feabhas a chur ar chomhar maidir le gach gné den imirce, den tsoghluaisteacht agus den easáitiú éigeantach

a)

Feabhas a chur ar chomhar maidir le gach gné den imirce agus den easáitiú éigeantach; comhpháirtíochtaí áitiúla agus idirnáisiúnta a neartú maidir leis an imirce agus an t-easáitiú éigeantach ar phríomhbhealaí imirce;

b)

Gach gné den imirce agus den rialachas tearmainn a neartú; feabhas a chur ar an mbainistiú teorainneacha; an comhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine agus smuigleáil imirceach a neartú agus an comhar a chothú maidir le filleadh, athligean isteach agus ath-lánpháirtiú sábháilte, díniteach agus inbhuanaithe imirceach; chomh maith le haghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na himirce neamhrialta agus an easáitithe éigeantaigh;

c)

Tacú le cur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce dhleathach, agus inniúlachtaí na mBallstáit á n-urramú, agus soghluaisteacht;

d)

Rannchuidiú le cosaint agus tacaíocht idirnáisiúnta a sholáthar do dhídeanaithe, d’imircigh, do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin, do phobail óstacha agus do thíortha atá ag óstáil líon mór dídeanaithe nó daoine atá easáitithe.

(6)   Feabhas a chur ar chomhar réigiúnach, foréigiúnach idir-réigiúnach

a)

Tacú leis an Aontas don Réigiún Meánmhuirí;

b)

Comhar le gníomhaithe agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, réigiúnacha agus foréigiúnacha a mhéadú;

c)

An comhar idir an Afraic Thuaidh agus an Afraic Fho-Shahárach i limistéir áirithe a mhéadú.

II.   AN CHOMHARSANACHT THOIR

(1)   Infheistiú i ngeilleagair athléimneacha, inbhuanaithe agus chomhtháite agus i nascacht inbhuanaithe

a)

Trádáil idir tíortha comhpháirtíochta agus an tAontas Eorpach a mhéadú; comhtháthú breise i slabhraí luacha an Aontais Eorpaigh a chur chun cinn; fostaíocht chuibhiúil a chur chun cinn; forbairt na táirgeachta inbhuanaithe agus na slabhraí luacha a chur chun cinn;

b)

Cúinsí gnó a fheabhsú; an t-éiceachóras nua-thionscanta a neartú agus an rochtain a fhaigheann FBManna ar mhaoiniú a mhéadú/a éagsúlú;

c)

Iompar inbhuanaithe muirí agus bóthair a neartú; soghluaisteacht uirbeach chliste agus inbhuanaithe a chur chun cinn;

d)

oideachas ardcháilíochta ar gach leibhéal a chur chun cinn; inniúlacht taighde agus aistriú teicneolaíochta a neartú; feabhas a chur ar scileanna chun feabhas a chur ar an infhostaitheacht.

(2)   Infheistiú sa daonlathas, sa dea-rialachas, sa tsíocháin agus sa tslándáil, sa smacht reachta agus sa cheartas

a)

Tacú leis an daonlathas, an tsíocháin agus an dea-rialachas, le cearta an duine, an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus an tsaoirse comhlachais, saoirse agus neamhspleáchas na meán; córas ceartais neamhspleách, cuntasach agus éifeachtúil a chur chun cinn; comhar a mhéadú maidir le dul i ngleic le bagairtí hibrideacha agus bréagaisnéis, an chibearshlándáil a áirithiú agus cibearchoireanna a chomhrac;

b)

Tacú le hathchóiriú riaracháin phoiblí agus leis an ríomhrialachas; seirbhísí poiblí ar líne a chur chun cinn; éilliú a chomhrac;

c)

Tacú le forbairt chríochach chothromaithe agus le próisis athchóirithe díláraithe;

d)

Tacú le cothú na síochána, cosc agus réiteach díospóidí agus coinbhleachtaí trí iarrachtaí agus modhanna síochánta, chomh maith le córais luathrabhaidh a shocrú agus/nó a chur chun feidhme; feabhas a chur ar an tslándáil réigiúnach agus ar an tsábháilteacht agus an tslándáil muirí; an tslándáil a neartú trí choireacht eagraithe a chomhrac agus tríd an mbainistiú teorainneacha comhtháite a chur chun cinn.

(3)   Infheistiú san fhuinneamh inbhuanaithe, sa dícharbónú, san oiriúnú don athrú aeráide agus é a mhaolú, agus san athléimneacht chomhshaoil

a)

Infheistiú sa nascacht fuinnimh agus sa cheangal le naisc eangaí trasteorann agus idir-réigiúnacha níos láidre, fad a thacaítear leis an éifeachtúlacht fuinnimh, leis an athléimneacht agus leis an tslándáil, agus tuilleadh úsáide a bhaint as fuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn;

b)

Cáilíocht an aeir a fheabhsú, an comhrac in aghaidh an truaillithe a chur chun cinn, na ceantair uirbeacha a ghlasú agus an bhainistíocht dramhaíola a fheabhsú, fad a neartaítear an bhithéagsúlacht, rud lena dtacaítear le haistrithe i dtreo córais bhia inbhuanaithe agus lena ndéantar an soláthar uisce agus an tsláintíocht a nuachóiriú;

c)

Geilleagar ciorclach, íseal-astaíochtaí agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní a chur chun cinn; beartais aeráide a neartú; an geilleagar gorm a fhorbairt agus a neartú; infheistíochtaí glasa a mhéadú;

d)

Infheistiú san athléimneacht sláinte agus uasghrádú córas sláinte, chomh maith le tacú leis an ullmhacht i gcomhair tubaistí agus leis an mbainistíocht riosca, lena n-áirítear rioscaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus rioscaí a bhaineann le cúrsaí núicléacha a mhaolú.

(4)   Infheistiú i gclaochlú digiteach athléimneach

a)

Tacú le forbairt an bhonneagair dhigitigh agus ríomhsheirbhísí, trí rialachas digiteach níos fearr agus trí chreataí agus ardáin idir-inoibritheachta feabhsaithe;

b)

Scileanna digiteacha a neartú; an nuálaíocht dhigiteach agus gnólachtaí digiteacha nuathionscanta ardfheidhmíochta a spreagadh;

c)

An ríomhthráchtáil trasteorann agus conairí digiteacha idir tíortha comhpháirtíochta agus an tAontas a chur chun cinn;

d)

An chibear-athléimneacht a neartú.

(5)   Infheistiú i sochaithe athléimneacha, ionchuimsitheacha, atá éagsúil agus comhionann ó thaobh na hinscne de

a)

An inniúlacht a neartú agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chumhachtú ar leibhéal réigiúnach agus áitiúil, lena n-áirítear eagraíochtaí óige;

b)

Cearta an duine a chosaint; an comhionannas inscne i ngach réimse beartais a chur chun cinn;

c)

Rannpháirtíocht na saoránach in athchóirithe daonlathais agus eacnamaíocha a mhéadú, go háirithe i measc daoine óga; an fheasacht faoin gcomhshaol agus faoi chúrsaí digiteacha a chur chun cinn;

III.   AN AFRAIC THIAR

(1)   An chobhsaíocht, an tslándáil, an t-aistriú daonlathach, an dea-rialachas agus cearta an duine a chur chun cinn

a)

An chobhsaíocht, an tsíocháin agus an tslándáil ar talamh agus ar muir a chur chun cinn trí aistriú daonlathach, dea-rialachas, an tsaoirse ó phionóis a chomhrac agus an earnáil slándála a athchóiriú; cur leis an gcomhar maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, agus an radacú agus an t-antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac; an t-idirphlé, an cosc coinbhleachtaí, an t-athmhuintearas agus an cothú stáit a chur chun cinn;

b)

Tacú leis an rialachas daonlathach agus an smacht reachta, an trédhearcacht agus an comhrac in aghaidh an éillithe; an fhormhaoirseacht agus an chuntasacht a chur chun cinn, chomh maith le córas ceartais neamhspleách, cuntasach agus éifeachtúil;

c)

Institiúidí Stáit agus údarás áitiúil a neartú, agus a láithreacht éifeachtach ar fud na críche agus na sochaí sibhialta;

d)

Prionsabal an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn; meas ar chearta an duine agus ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a chur chun cinn.

(2)   Tacú le fás ionchuimsitheach agus inbhuanaithe, poist chuibhiúla a chur chun cinn agus leas a bhaint as an gclaochlú digiteach

a)

Forbairt na hearnála príobháidí a chur chun cinn; an timpeallacht ghnó, an aeráid infheistíochta agus an digitiú gnó a fheabhsú, chomh maith le trédhearcacht agus éifeachtacht airgeadais phoiblí; an rialachas digiteach agus forbairt ríomhsheirbhísí;

b)

Tacú leis an mbonneagar agus nascacht inbhuanaithe, leis an gcomhtháthú eacnamaíoch, le trádáil agus le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche; slabhraí luacha áitiúla agus réigiúnacha a neartú;

c)

Tacú le forbairt scileanna agus le fostaíocht chuibhiúil a chruthú, chomh maith leis an taighde agus an nuálaíocht; forbairt na táirgeachta inbhuanaithe agus na slabhraí luacha a chur chun cinn;

d)

An geilleagar glas agus digiteach a neartú.

(3)   Feabhas a chur ar chomhar maidir le gach gné den imirce, den tsoghluaisteacht agus den easáitiú éigeantach agus aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach

a)

Comhpháirtíochtaí áitiúla agus idirnáisiúnta a neartú maidir leis an imirce agus leis an easáitiú éigeantach ar phríomhbhealaí imirce;

b)

An rialachas imirce a neartú agus an bhainistíocht agus an comhar a chothú maidir le filleadh, athligean isteach agus ath-lánpháirtiú sábháilte, díniteach agus inbhuanaithe imirceach;

c)

Tacú le cur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce dhleathach, agus inniúlachtaí na mBallstát á n-urramú, agus an tsoghluaisteacht;

d)

Imircigh leochaileacha, dídeanaithe agus daoine atá easáitithe ina dtír féin a chosaint; an comhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine agus smuigleáil imirceach a neartú; cosaint agus urramú do chearta daonna imirceach, dídeanaithe agus daoine atá easáitithe go héigeantach a áirithiú; cosaint agus tacaíocht idirnáisiúnta a sholáthar do dhídeanaithe, d’imircigh, do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin, do phobail óstacha agus do thíortha atá ag óstáil líon mór dídeanaithe nó easáitithe.

(4)   An comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac

a)

Rochtain ar fhuinneamh inbhuanaithe agus ar éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn; rochtain ar sholáthar uisce sábháilte agus aeráid-díonach agus ar sheirbhísí sláintíochta a chur chun cinn;

b)

Tacú le bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus maidir le hullmhacht i gcomhair tubaistí agus laghdú rioscaí;

c)

Cur chuige comhtháite tírdhreacha a chur chun cinn le haghaidh talmhaíochta/slándáil bhia agus cothaithe chliste agus athléimneach, bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, iascaigh agus dobharshaothrú inbhuanaithe agus oiriúnú don athrú aeráide/an t-athrú aeráide a mhaolú;

d)

Cosaint an chomhshaoil, agus caomhnú na bithéagsúlachta agus an gheilleagair chiorclaigh a chur chun cinn, chomh maith le héiceachórais bhainistithe, ilfheidhmiúla, inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhthéacs an oiriúnaithe don athrú aeráide agus na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide.

(5)   Forbairt an duine agus an comhionannas inscne a chur chun cinn

a)

Tacú le tuilleadh rochtana ar sheirbhísí sláinte athléimneacha agus ar chothú agus cáilíocht fheabhsaithe na seirbhísí agus an chothaithe sin;

b)

Tacú le tuilleadh rochtana ar an oideachas ar leibhéil éagsúla agus le cáilíocht fheabhsaithe an oideachais sin; an litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn;

c)

An cuimsiú sóisialta, an chosaint shóisialta agus scéimeanna slándála sóisialta a chur chun cinn;

d)

Tacú le bearta chun comhionannas inscne a neartú agus chun cumhachtú na mban agus na gcailíní i ngach réimse beartais a chur chun cinn.

(6)   Comhpháirtíochtaí a neartú

a)

Lánpháirtiú, nascacht agus comhar réigiúnach a spreagadh;

b)

Idirphlé beartais le pobail eacnamaíocha réigiúnacha a chur chun cinn;

c)

Idirphlé idirchultúrtha agus cláir chomhair, nasctha, mhalartaithe agus cheannaireachta a chur chun cinn.

IV.   AN AFRAIC THOIR AGUS AN AFRAIC LÁIR

(1)   An comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac

a)

Bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, cosaint an chomhshaoil agus caomhnú na bithéagsúlachta a chur chun cinn laistigh de chur chuige tírdhreacha agus muirdhreacha;

b)

Tacú le bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin agus maidir le hullmhacht i gcomhair tubaistí agus bainistíocht riosca;

c)

Rochtain ar fhuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn, chomh maith le héiceachórais bhainistithe, ilfheidhmiúla, inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhthéacs an oiriúnaithe don athrú aeráide agus na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide; rochtain ar sholáthar uisce shábháilte agus aeráid-díonaigh agus ar sheirbhísí sláintíochta a chur chun cinn;

d)

Tacú leis an tslándáil bhia inbhuanaithe.

(2)   An chobhsaíocht, an tslándáil, an daonlathas agus aistrithe daonlathacha, an dea-rialachas agus cearta an duine a chur chun cinn

a)

An tsíocháin agus an tslándáil, an chobhsaíocht, an daonlathas, aistrithe daonlathacha síochánta, an smacht reachta, an t-athchóiriú ar an earnáil slándála, an t-athmhuintearas agus cosc coinbhleachtaí a chur chun cinn; comhar a mhéadú maidir le frithsceimhlitheoireacht, radacú agus antoisceachas foréigneach a chosc agus a chomhrac;

b)

Tacú leis an rialachas daonlathach, le trédhearcacht agus formhaoirseacht, agus leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe; córas ceartais neamhspleách, cuntasach agus éifeachtúil a chur chun cinn;

c)

Meas ar chearta an duine agus prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn.

(3)   Tacú le fás ionchuimsitheach agus inbhuanaithe, poist chuibhiúla a chur chun cinn agus leas a bhaint as an gclaochlú digiteach

a)

Forbairt na hearnála príobháidí a chur chun cinn; feabhas a chur ar an timpeallacht ghnó agus ar dhigitiú gnó chomh maith leis an timpeallacht infheistíochta; an rialachas digiteach agus forbairt ríomhsheirbhísí;

b)

Tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus le trádáil, lena n-áirítear bonneagar inbhuanaithe agus nascacht;

c)

Tacú le forbairt scileanna agus le fostaíocht chuibhiúil a chruthú, chomh maith le taighde agus nuálaíocht;

d)

An geilleagar glas agus digiteach a neartú.

(4)   Forbairt an duine agus an comhionannas inscne a chur chun cinn

a)

Tacú le tuilleadh rochtana ar sheirbhísí sláinte agus cosanta sóisialta athléimneacha agus ar chothú agus cáilíocht fheabhsaithe na seirbhísí agus an chothaithe sin;

b)

Tacú le tuilleadh rochtana ar an oideachas ar leibhéil éagsúla agus le cáilíocht an oideachais sin; an litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn;

c)

An cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus an neamhionannas a chomhrac;

d)

Tacú le bearta chun an comhionannas inscne a neartú agus chun cumhachtú na mban agus na gcailíní i ngach réimse beartais a chur chun cinn.

(5)   Feabhas a chur ar chomhar maidir le gach gné den imirce, den tsoghluaisteacht agus den easáitiú éigeantach agus aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach

a)

Comhpháirtíochtaí áitiúla agus idirnáisiúnta maidir le gnéithe difriúla den imirce agus den easáitiú éigeantach a neartú;

b)

An rialachas imirce a neartú agus an bhainistíocht agus an comhar a chothú maidir le filleadh, athligean isteach agus ath-lánpháirtiú sábháilte, díniteach agus inbhuanaithe imirceach;

c)

Tacú le cur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce dhleathach, agus inniúlachtaí na mBallstát á n-urramú, agus an tsoghluaisteacht;

d)

Imircigh leochaileacha, dídeanaithe agus daoine atá easáitithe ina dtír féin a chosaint; an comhrac in aghaidh na gáinneála ar dhaoine agus smuigleáil imirceach a neartú; cosaint agus urramú do chearta daonna imirceach, dídeanaithe agus daoine atá easáitithe go héigeantach a áirithiú; rannchuidiú le cosaint agus tacaíocht idirnáisiúnta a sholáthar do dhídeanaithe, d’imircigh, do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin, do phobail óstacha agus do thíortha atá ag óstáil líon mór dídeanaithe nó easáitithe.

(6)   Comhpháirtíochtaí a neartú

a)

An comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach, an nascacht agus an comhar agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche a spreagadh;

b)

Idirphlé beartais le pobail eacnamaíocha réigiúnacha a chur chun cinn;

c)

Idirphlé idirchultúrtha agus cláir chomhair, nasctha, mhalartaithe agus cheannaireachta a chur chun cinn.

V.   DEISCEART NA hAFRAICE AGUS AN tAIGÉAN INDIACH

(1)   Tacú le fás ionchuimsitheach agus inbhuanaithe, poist chuibhiúla a chur chun cinn agus leas a bhaint as an gclaochlú digiteach

a)

Forbairt na hearnála príobháidí a chur chun cinn; an timpeallacht ghnó, an aeráid infheistíochta, digitiú gnó agus trédhearcacht airgeadais phoiblí a fheabhsú; an rialachas digiteach agus forbairt ríomhsheirbhísí;

b)

Tacú leis an mbonneagar agus nascacht inbhuanaithe, leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus le trádáil;

c)

Tacú le forbairt scileanna agus le fostaíocht chuibhiúil, chomh maith le taighde agus nuálaíocht;

d)

An geilleagar glas agus digiteach a neartú.

(2)   An dea-rialachas, an tsíocháin, an daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn

a)

An tsíocháin agus an tslándáil ar talamh agus ar muir, an chobhsaíocht, an daonlathas agus an smacht reachta a chur chun cinn; an t-athchóiriú ar an earnáil slándála, an cosc coinbhleachtaí, an t-athmhuintearas agus an comhrac in aghaidh na gáinneála idirnáisiúnta ar dhaoine;

b)

Tacú leis an rialachas daonlathach, le trédhearcacht agus formhaoirseacht, agus leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe; an clárú sibhialta a fheabhsú;

c)

Meas ar chearta an duine agus prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn;

d)

Tacú le ceartas; údaráis áitiúla agus an tsochaí shibhialta a neartú agus a chumhachtú.

(3)   An comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac

a)

Tacú le hoiriúnú don athrú aeráide agus é sin a mhaolú agus le hullmhacht i gcomhair tubaistí agus laghdú rioscaí;

b)

Rochtain ar fhuinneamh inbhuanaithe agus ar éifeachtúlacht fuinnimh a chur chun cinn; rochtain ar sholáthar uisce shábháilte agus aeráid-díonaigh agus ar sheirbhísí sláintíochta a chur chun cinn;

c)

Tacú leis an tslándáil bhia, leis an talmhaíocht chliste agus athléimneach, agus le hiascaigh agus le dobharshaothrú inbhuanaithe;

d)

Bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, cosaint an chomhshaoil, caomhnú na bithéagsúlachta agus an geilleagar ciorclach a chur chun cinn; éiceachórais bhainistithe, ilfheidhmiúla, inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhthéacs an oiriúnaithe don athrú aeráide agus na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide.

(4)   Forbairt an duine agus an comhionannas inscne a chur chun cinn

a)

Tacú le rochtain níos fearr ar sheirbhísí sláinte athléimneacha agus ar chothú agus cáilíocht fheabhsaithe na seirbhísí agus an chothaithe sin;

b)

Feabhas a chur ar an rochtain ar oideachas ar leibhéil éagsúla agus cáilíocht fheabhsaithe an oideachais sin; an litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn;

c)

An cuimsiú sóisialta agus scéimeanna slándála sóisialta a chur chun cinn;

d)

Tacú le bearta chun an comhionannas inscne a neartú agus chun cumhachtú na mban agus na gcailíní i ngach réimse beartais a chur chun cinn.

(5)   Comhpháirtíochtaí a neartú

a)

An comhtháthú agus an comhar eacnamaíoch réigiúnach agus cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche a spreagadh; tacú le comhar níos leithne maidir leis an Aigéan Indiach;

b)

Idirphlé beartais le pobail eacnamaíocha réigiúnacha a chur chun cinn;

c)

An t-idirphlé idirchultúrtha agus cláir chomhair, nasctha, mhalartaithe agus cheannaireachta a chur chun cinn.

VI.   AN MEÁNOIRTHEAR

(1)   Tacú le fás eacnamaíoch ionchuimsitheach agus inbhuanaithe agus leas a bhaint as an gclaochlú digiteach

a)

Tacú le fiontraíocht, le fostaíocht chuibhiúil agus infhostaitheacht, leis an timpeallacht ghnó a fheabhsú, le gnó a dhigitiú agus leis an aeráid infheistíochta;

b)

An t-éagsúlú eacnamaíoch, forbairt ar shlabhraí luacha bia agus bonneagar eacnamaíoch agus trádáil nach bhfuil bunaithe ar pheitriliam a chur chun cinn; forbairt na táirgeachta inbhuanaithe agus na slabhraí luacha a chur chun cinn;

c)

Tacú le hathléimneacht pobal áitiúil agus le hoidhreacht chultúrtha a chaomhnú;

d)

Tacú le himscaradh agus oibríochtú bonneagair chun nascacht dhigiteach inrochtana, inacmhainne, ionchuimsitheach agus slán a áirithiú; tacú le rialachas digiteach feabhsaithe, forbairt ríomhsheirbhísí agus creataí agus ardáin idir-inoibritheachta.

(2)   An comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac

a)

Rannchuidiú le hiarrachtaí comhpháirtithe a ngealltanais idirnáisiúnta maidir leis an athrú aeráide a shaothrú, leis an gcomhrac in aghaidh an truaillithe, le bainistíocht éiceachóras agus le caomhnú na bithéagsúlachta; a n-athléimneacht maidir le rioscaí aeráide agus le rioscaí eile a bhaineann le guaiseacha nádúrtha a mhéadú;

b)

An acmhainneacht a fhorbairt chun cuspóirí maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus athrú aeráide a phríomhshruthú i bpróisis forbartha, go háirithe i réimsí an gheilleagair, an fhuinnimh inbhuanaithe, na talmhaíochta, an iascaigh agus an dobharshaothraithe;

c)

Comhar maidir leis an acmhainneacht eolaíoch, theicniúil, dhaonna agus institiúide a fhorbairt le haghaidh na bainistíochta aeráide agus comhshaoil;

d)

Tacú le bearta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide;

(3)   Forbairt an duine, an cuimsiú sóisialta agus an tsláinte a chur chun cinn

a)

Feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chomhionannas córas oideachais; an litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn;

b)

Tacú le hathchóirithe cosanta sóisialta agus le rochtain fheabhsaithe ar sheirbhísí bunúsacha do ghrúpaí leochaileacha; comhordú mar fhreagra ar ghéarchéimeanna sláinte a chur chun cinn;

c)

Meas ar phrionsabal an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn; tacú leis an gceart maidir le saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin nó creidimh.

d)

Tacú le córais sláinte a neartú, le tuilleadh rochtana ar sheirbhísí sláinte agus le cáilíocht agus athléimneacht fheabhsaithe ina leith

(4)   Cearta an duine, an dea-rialachas, an tsaoránacht ionchuimsitheach agus sochaithe síochánta agus córa a chur chun cinn, chomh maith le feabhas a chur ar chomhar maidir le himirce agus soghluaisteacht

a)

Tacú le bainistíocht mhaicreacnamaíoch, le córais bhainistíochta an airgeadais phoiblí agus le cuntasacht institiúidí poiblí; ionchuimsitheacht i bpróisis rialachais agus chinnteoireachta a chothú; cosaint chearta an duine agus saoirsí bunúsacha a neartú; an comhrac in aghaidh an idirdhealaithe agus an tsochaí shibhialta a threisiú;

b)

Comhionannas inscne agus meas a chur chun cinn, cearta an duine do mhná agus do chailíní agus an tairbhe iomlán atá á baint acu as na cearta sin a chosaint, lena n-áirítear cearta eacnamaíocha, saothair agus sóisialta, agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a chur chun cinn.

c)

Feabhas a chur ar chomhar maidir le gach gné den imirce agus den easáitiú éigeantach, agus an bainistiú teorainneacha agus an comhrac in aghaidh smuigleáil imirceach a neartú; gach gné den rialachas maidir le himirce agus tearmann a neartú, comhar maidir le filleadh, athligean isteach agus ath-lánpháirtiú sábháilte, díniteach agus inbhuanaithe imirceach, agus aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach;

d)

Tacú le cur chuige cuimsitheach maidir leis an imirce dhleathach agus soghluaisteacht; rannchuidiú le tacaíocht a sholáthar do dhídeanaithe, d’imircigh, do dhaoine atá easáitithe ina dtír féin, do phobail óstacha agus do thíortha atá ag óstáil líon mór dídeanaithe nó easáitithe.

(5)   Tacú leis an tsíocháin, an tslándáil agus an cosc coinbhleachtaí

a)

Tacú le cothú na síochána, idirghabháil, idirphlé agus athmhuintearas; córais luathrabhaidh a bhunú; tacú le cosc coinbhleachtaí agus lonnú;

b)

Tacú le hathchóiriú san earnáil slándála agus an comhrac in aghaidh na coireachta eagraithe;

c)

An radacú a bhfuil an t-antoisceachas foréigneach mar thoradh air a chosc agus a chomhrac, agus daoine aonair a chosaint ó bhagairtí den sórt sin;

d)

Feabhas a chur ar shlándáil réigiúnach agus ar shábháilteacht agus slándáil muirí; rioscaí ceimiceacha, bitheolaíocha, raideolaíocha agus rioscaí a bhaineann le cúrsaí núicléacha a mhaolú.

(6)   Comhpháirtíochtaí a neartú

a)

Dea-chaidreamh comharsanachta, comhar agus idirphlé ionchuimsitheach agus cuiditheach a spreagadh;

b)

Comhar triantánach le gníomhaireachtaí forbartha déthaobhacha agus réigiúnacha agus institiúidí maoinithe a chur chun cinn;

c)

Dul i mbun caidrimh le páirtithe leasmhara i dtíortha tionsclaíocha agus i dtíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh agus trí thaidhleoireacht phoiblí.

VII.   AN ÁISE LÁIR

(1)   Síocháin, cobhsaíocht, dea-rialachas, cearta an duine agus forbairt an duine a chur chun cinn, agus dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus le heasáitiú éigeantach

a)

Rannchuidiú le síocháin, le lonnú polaitiúil mar thoradh ar an gcoinbhleacht a chosc nó é a dhéanamh ionchuimsitheach, agus le cobhsaíocht trí athléimneacht stát, sochaithe agus daoine aonair a thógáil; tacú le hidirphlé sóisialta;

b)

An daonlathas agus próisis daonlathais a neartú agus a chur chun cinn; tacú le hinstitiúidí éifeachtacha agus cuntasacha agus leis an gcomhrac in aghaidh an éillithe, na gáinneála drugaí agus na coiriúlachta eagraithe; an smacht reachta agus breithiúnacht neamhspleách a neartú;

c)

Tacú le cearta agus saoirsí bunúsacha an duine, ról na sochaí sibhialta i ngach gné a bhaineann le próisis pholaitiúla agus athchóirithe agus sa saol poiblí, agus tacú le neartú agus le hathléimneacht seirbhísí poiblí i réimse na sláinte agus an oideachais; tacú le bearta chun comhionannas inscne a neartú agus chun cumhachtú na mban agus na gcailíní i ngach réimse beartais a chur chun cinn.

d)

Dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach; imirce agus soghluaisteacht atá ordúil, sábháilte, rialta agus freagrach a éascú; an rialachas agus an bhainistíocht imirce a fheabhsú agus cosaint teorann agus comhar a neartú maidir le filleadh, athligean isteach agus ath-lánpháirtiú sábháilte, díniteach agus inbhuanaithe agus imirce dhleathach.

(2)   An comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac

a)

Bainistíocht acmhainní uisce ar bhealach comhtháite, inbhuanaithe, rannpháirteach agus coinbhleacht-íogair agus comhar uisce trasteorann a chur chun cinn;

b)

Tacú le bearta maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus maolú an athraithe aeráide;

c)

Caomhnú, bainistíocht agus úsáid inbhuanaithe éiceachóras sláintiúil agus córas agrai-bhia a chur chun cinn; stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta; tacú le hiarrachtaí na dtíortha comhpháirtíochta maidir le hullmhacht i gcomhair tubaistí agus laghdú rioscaí, chomh maith le rochtain ar fhuinneamh inbhuanaithe agus comhar maidir le fuinneamh inbhuanaithe a mhéadú;

d)

An geilleagar glas inbhuanaithe agus an geilleagar ciorclach a fhorbairt agus a neartú;

(3)   Tacú le fás eacnamaíoch ionchuimsitheach agus inbhuanaithe, fostaíocht chuibhiúil agus leas a bhaint as an gclaochlú digiteach

a)

Tacú le fás geilleagar atá athléimneach agus inbhuanaithe; tacú le comhar agus caighdeánú rialála; tacú le himscaradh agus oibríochtú bonneagair chun nascacht dhigiteach inrochtana, inacmhainne, ionchuimsitheach agus slán a áirithiú;

b)

Tacú le táirgiúlacht fheabhsaithe agus fostaíocht chuibhiúil ach an geilleagar a chur ar bhonn foirmiúil, mar aon le tacaíocht le haghaidh chur i bhfeidhm caighdeán saothair idirnáisiúnta;

c)

Tacú le gairmoideachas agus gairmoiliúint theicniúil agus le deiseanna oiliúna; an litearthacht dhigiteach agus scileanna digiteacha a chur chun cinn;

d)

An trádáil trasteorann agus idir-réigiúnach agus comhtháthú réigiúnach feabhsaithe a éascú, mar bhealach chun an tsíocháin a bhaint amach sa réigiún iomlán.

(4)   Comhpháirtíochtaí a neartú

a)

Comhtháthú agus comhar réigiúnach a thacaíonn le rath agus slándáil choiteann a spreagadh;

b)

Tacú le taidhleoireacht eacnamaíoch, chultúrtha agus phoiblí chun dul i dteagmháil leis an bpobal, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, bardais agus pobail áitiúla, an earnáil phríobháideach, na meáin, lucht léinn agus meithleacha machnaimh;

c)

Cur chuige réigiúnach atá aontaithe maidir le comhtháthú na hAfganastáine san Áise Láir a chur chun cinn agus tacú leis.

VIII.   AN ÁISE THEAS

(1)   Dea-rialachas, forbairt an duine agus an comhionannas inscne a chur chun cinn, agus dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus le heasáitiú éigeantach

a)

Daonlathas, an smacht reachta, córas ceartais neamhspleách, cuntasach agus éifeachtúil, rialachas agus maoirseacht, agus cearta an duine a neartú agus a chur chun cinn; sochaí shibhialta rathúil a chumhachtú agus clárúcháin shibhialta a éascú; tacú le bearta chun comhionannas inscne a neartú agus chun cumhachtú na mban agus na gcailíní i ngach réimse beartais a chur chun cinn.

b)

Institiúidí poiblí ar leibhéal náisiúnta agus fo-náisiúnta, seirbhísí poiblí i gcomhair sláinte, cothú, oideachais agus na cosanta sóisialta a neartú; ag tacú le dílárú;

c)

Aghaidh a thabhairt ar bhagairtí sláinte poiblí; vacsaíní, cógais agus cóireálacha sábháilte, éifeachtacha agus inacmhainne a fhorbairt chun dul i ngleic le galair atá bainteach leis an mbochtaineacht agus galair a bhfuil siléig déanta iontu; freagairtí ar dhúshláin sláinte a fheabhsú;

d)

Dul i ngleic leis na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach; imirce agus soghluaisteacht atá ordúil, sábháilte, rialta agus freagrach a éascú; an rialachas agus an bhainistíocht imirce a fheabhsú agus cosaint teorann agus comhar a neartú maidir le filleadh, athligean isteach agus ath-lánpháirtiú sábháilte, díniteach agus inbhuanaithe agus imirce dhleathach.

(2)   An comhshaol a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac

a)

Tacú le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide; inniúlacht le haghaidh bainistíocht chomhshaoil a neartú;

b)

Geilleagar glas agus gorm inbhuanaithe agus an comhrac in aghaidh an truaillithe a fhorbairt agus a neartú;

c)

Céimniú amach seirbhísí breoslaí iontaise agus rochtain ar sheirbhísí fuinnimh inbhuanaithe a chur chun cinn; rialachas na n-aigéan a fheabhsú;

d)

Tacú le rialachas feabhsaithe agus forbairt acmhainneachta le haghaidh bainistíocht inbhuanaithe acmhainní nádúrtha, chomh maith le héiceachórais bhainistithe, ilfheidhmiúla, inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhthéacs an oiriúnaithe don athrú aeráide agus na hathléimneachta in aghaidh tubaistí nádúrtha a bhaineann le guaiseacha.

(3)   Tacú le fás eacnamaíoch ionchuimsitheach agus inbhuanaithe, fostaíocht chuibhiúil agus leas a bhaint as an gclaochlú digiteach

a)

Tacú le fiontraíocht, digitiú gnó, forbairt scileanna agus cur i bhfeidhm caighdeán saothair idirnáisiúnta; córais cosanta sóisialta inbhuanaithe a neartú;

b)

An timpeallacht ghnó agus an timpeallacht infheistíochta a fheabhsú; trádáil a éascú; líonraí agus seirbhísí iompair réigiúnacha ilmhódacha a fheabhsú; tacú leis an mbonneagar agus nascacht inbhuanaithe;

c)

Rochtain uilíoch ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa agus inbhuanaithe a chothú; geilleagar ciorclach, íseal-astaíochtaí, aeráid-díonach agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní a chur chun cinn;

d)

Tacú le comhar agus caighdeánú rialála; tacú le himscaradh agus oibríochtú bonneagair chun nascacht dhigiteach inrochtana, inacmhainne, ionchuimsitheach agus slán a áirithiú;

(4)   An tsíocháin, an tslándáil agus an chobhsaíocht a chur chun cinn agus an choinbhleacht a chosc

a)

Tacú le cosc coinbhleachtaí, luathrabhadh; cothú síochána, bainistíocht ghéarchéime, cobhsú, athmhuintearas agus atógáil iarchoinbhleachta, agus slándáil mhuirí a fheabhsú;

b)

Dul i ngleic leis an idirdhealú agus an neamhionannas; rannpháirtíocht chórasach na mban agus daoine óga a chur chun cinn;

c)

Gach cineál foréigin ghnéis agus inscnebhunaithe a chosc;

d)

An radacú, an t-antoisceachas foréigneach agus sceimhlitheoireacht a chosc agus a chomhrac.

(5)   Comhpháirtíochtaí a neartú

a)

Úinéireacht tíre, comhpháirtíochtaí agus idirphlé cuiditheach, lena n-áirítear leis an tsochaí shibhialta, a fheabhsú;

b)

Iltaobhachas, comhtháthú réigiúnach agus nascacht fheabhsaithe a chur chun cinn;

c)

Dul i mbun caidrimh le páirtithe leasmhara i dtíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh agus trí thaidhleoireacht phoiblí.

IX.   AN ÁISE THUAIDH AGUS AN ÁISE THOIR THEAS

(1)   Dea-rialachas, forbairt an duine agus an comhionannas inscne a chur chun cinn

a)

Daonlathas agus próisis ionchuimsitheacha daonlathais, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha, an smacht reachta, an bhreithiúnacht neamhspleách, an rialachas agus an mhaoirseacht agus an comhrac in aghaidh an éillithe a chur chun cinn;

b)

Tacú le sochaí shibhialta rathúil, í a neartú agus a chumhachtú; spás oscailte agus cumasaithe a chur chun cinn le haghaidh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus saoránach sa saol polaitiúil;

c)

An neamhionannas agus an t-idirdhealú a chomhrac; forbairt an duine agus cearta an duine do mhná agus do chailíní, daoine óga agus leanaí, agus daoine atá faoi mhíchumas, agus tairbhe iomlán á baint acu as na cearta sin a chur chun cinn;

d)

Tacú le córais sláinte a neartú, le tuilleadh rochtana ar sheirbhísí sláinte agus le cáilíocht agus athléimneacht fheabhsaithe ina leith; dul i ngleic le bagairtí sláinte poiblí; vacsaíní, cógais agus cóireálacha sábháilte, éifeachtacha agus inacmhainne a fhorbairt chun dul i ngleic le galair atá bainteach leis an mbochtaineacht agus galair a bhfuil siléig déanta iontu; freagairtí ar dhúshláin sláinte a fheabhsú.

(2)   Tacú le síocháin, cobhsaíocht, slándáil agus cosc coinbhleachtaí

a)

Tacú le cosc coinbhleachtaí, luathrabhadh agus cothú síochána trí idirghabháil agus idirphlé, bainistíocht ghéarchéime, agus cobhsú, athmhuintearas agus atógáil iarchoinbhleachta agus slándáil mhuirí a fheabhsú;

b)

Tacú le tionscnaimh áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta lena rannchuidítear le cobhsaíocht, slándáil agus síocháin; comhar trasteorann réigiúnach maidir le hacmhainní nádúrtha comhroinnte a chur chun cinn.

(3)   An comhshaol a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac

a)

Acmhainneacht eolaíoch, dhaonna agus institiúide a fhorbairt le haghaidh na bainistíochta aeráide agus comhshaoil; rialachas aeráide agus comhshaoil réigiúnach, náisiúnta agus áitiúil a neartú;

b)

Tacú le bearta maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin i gcomhair tubaistí agus laghdú rioscaí;

c)

Rochtain ar fhuinneamh inbhuanaithe agus ar chéimniú amach na bhfóirdheontas maidir le breoslaí iontaise atá díobhálach don chomhshaol a chur chun cinn; geilleagar glas agus gorm inbhuanaithe agus an comhrac in aghaidh an truaillithe, an geilleagar ciorclach agus uirbiú inbhuanaithe a fhorbairt agus a neartú; rialachas na n-aigéan a fheabhsú;

d)

Foraoisí agus forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil a chur chun cinn; tacú le rialachas na n-aigéan.

(4)   Tacú le fás eacnamaíoch ionchuimsitheach agus inbhuanaithe agus leas a bhaint as an gclaochlú digiteach

a)

An timpeallacht ghnó agus an timpeallacht infheistíochta a fheabhsú; tacú le gnó a dhigitiú agus le timpeallacht rialála chumasúcháin a chruthú le haghaidh forbairt eacnamaíoch inti;

b)

Tacú le comhtháthú, trádáil, infheistíocht agus nascacht réigiúnach; tacú le himscaradh agus oibríochtú bonneagair chun nascacht dhigiteach inrochtana, inacmhainne, ionchuimsitheach agus slán a áirithiú; tacú le rialachas digiteach feabhsaithe, forbairt ríomhsheirbhísí agus creataí agus ardáin idir-inoibritheachta;

c)

Tacú le talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaigh inbhuanaithe agus le slándáil bhia; bainistíocht inbhuanaithe ar acmhainní nádúrtha a chur chun cinn chomh maith le hathléimneacht shóisialta agus éiceachórais shláintiúla;

d)

Tacú le héagsúlú eacnamaíoch inbhuanaithe, breisluach áitiúil i slabhraí soláthair, trádáil inbhuanaithe agus forbairt na hearnála príobháidí; forbairt na táirgeachta inbhuanaithe agus na slabhraí luacha a chur chun cinn;

(5)   Aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna atá leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach; agus imirce agus soghluaisteacht atá ordúil, sábháilte agus dlíthiúil a éascú

a)

Coinníollacha chun imirce dhleathach a éascú agus soghluaisteacht dhea-bhainistithe agus teagmhálaithe duine le duine a chur chun cinn;

b)

Cosaint agus urramú do chearta daonna imirceach, dídeanaithe agus daoine atá easáitithe go héigeantach a áirithiú; tacú le réitigh atá dírithe ar fhorbairt dóibh, chomh maith le filleadh, athligean isteach agus ath-lánpháirtiú sábháilte, díniteach agus inbhuanaithe;

c)

Leochaileachtaí a laghdú i gcomhthéacs imirce, lena n-áirítear iad siúd arb é gáinneáil ar dhaoine agus smuigleáil daoine is cúis leo.

(6)   Comhpháirtíochtaí a neartú

a)

Idirphlé polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a dhaingniú idir an tAontas agus tíortha comhpháirtíochta; tacú le cur chun feidhme gealltanas déthaobhach agus idirnáisiúnta;

b)

Comhpháirtíochtaí a thógáil leis an earnáil phríobháideach chun poist a chruthú agus slite beatha a fheabhsú;

c)

Dul i mbun caidrimh le páirtithe leasmhara i dtíortha tionsclaíocha agus i dtíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh agus trí thaidhleoireacht phoiblí.

X.   AN tAIGÉAN CIÚIN

(1)   An comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac

a)

Geilleagar glas agus gorm inbhuanaithe, an geilleagar ciorclach agus an comhrac in aghaidh an truaillithe a fhorbairt agus a neartú; rochtain ar fhuinneamh inbhuanaithe a chur chun cinn;

b)

Tacú le hiarrachtaí comhpháirtithe lena ngealltanais maidir leis an athrú aeráide, ullmhacht i gcomhair tubaistí agus laghdú rioscaí, caomhnú éiceachóras agus bithéagsúlachta, chomh maith le rialachas na n-aigéan;

c)

Cleachtais talmhaíochta atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a chur chun cinn; maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide a fheabhsú; athléimneacht shóisialta agus éiceachórais shláintiúla a chur chun cinn;

d)

Tacú le héagsúlú eacnamaíoch inbhuanaithe, iomaíochas, breisluach áitiúil i slabhraí soláthair, trádáil inbhuanaithe agus forbairt na hearnála príobháidí.

(2)   Tacú le fás eacnamaíoch ionchuimsitheach agus inbhuanaithe agus fostaíocht chuibhiúil

a)

Tacú le fiontraíocht inbhuanaithe, fostaíocht chuibhiúil agus an infhostaitheacht; an timpeallacht ghnó agus an timpeallacht infheistíochta a fheabhsú; deiseanna a chruthú; tacú leis an ngeilleagar digiteach agus an nascacht dhigiteach;

b)

An timpeallacht ghnó agus an timpeallacht infheistíochta a fheabhsú; timpeallacht rialála chumasúcháin a chruthú le haghaidh forbairt eacnamaíoch; tacú le méadú cuideachtaí agus cruthú post;

c)

Borradh a chur faoi shlabhraí luacha talmhaíochta agus bia atá inbhuanaithe agus ionchuimsitheach agus iad a éagsúlú; slándáil bhia agus éagsúlú eacnamaíoch, breisiú luacha, lánpháirtiú réigiúnach, iomaíochas agus trádáil chóir a chur chun cinn; tacú le nuálaíochtaí inbhuanaithe, íseal-astaíochtaí atá athléimneach ó thaobh an athraithe aeráide de; tacú le bonneagar inbhuanaithe;

d)

Tacú le bainistíocht iascaigh inbhuanaithe agus dobharshaothrú inbhuanaithe agus iad a chur chun cinn;

(3)   An dea-rialachas, an tsíocháin agus an tslándáil, an smacht reachta agus cearta an duine, lena n-áirítear an comhionannas inscne a chur chun cinn

a)

Síocháin, meas ar chearta an duine, daonlathas agus próisis ionchuimsitheacha daonlathais, an smacht reachta, an bhreithiúnacht neamhspleách, an cosc coinbhleachtaí, an cothú síochána agus an t-athmhuintearas, an rialachas agus an mhaoirseacht, an bhainistíocht airgeadais phoiblí fhónta agus an comhrac in aghaidh an éillithe a chur chun cinn;

b)

An t-idirdhealú a chomhrac; prionsabal an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn;

c)

Cur le hathléimneacht stát, sochaithe, comhphobal agus daoine aonair maidir le brú agus turraing pholaitiúil, eacnamaíoch, chomhshaoil, bhia, dhéimeagrafach agus shochaíoch, tubaistí nádúrtha agus de dhéanamh an duine agus géarchéimeanna sláinte, lena n-áirítear paindéimí;

d)

Tacú le sochaí shibhialta rathúil, í a neartú agus a chumhachtú; spás oscailte agus cumasaithe a chur chun cinn le haghaidh rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus saoránach sa saol polaitiúil agus i gcinntí a scrúdú; tacú le rannpháirtíocht an phobail go léir sna próisis pholaitiúla agus sa saol poiblí agus an rannpháirtíocht sin a chur chun cinn.

(4)   Forbairt an duine a chur chun cinn

a)

Iarrachtaí a mhéadú chun beartais a ghlacadh agus infheistíocht iomchuí a ghineadh chun cearta na mban agus na gcailíní, cearta daoine óga agus leanaí, a chosaint agus a chomhall;

b)

Tacú le talmhaíocht, iascaigh agus dobharshaothrú inbhuanaithe chun slándáil bhia a mhéadú; deiseanna eacnamaíocha agus poist chuibhiúla a chruthú;

c)

Tacú le rochtain uilíoch ar shláintíocht uisce óil atá sábháilte agus leordhóthanach, agus sláintíocht, agus bainistíocht uisce chomhtháite inbhuanaithe.

d)

Tacú le córais sláinte a neartú, le tuilleadh rochtana ar sheirbhísí sláinte agus le cáilíocht agus athléimneacht fheabhsaithe ina leith

(5)   Comhpháirtíochtaí a neartú

a)

An t-idirphlé polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a dhaingniú; tacú le cur chun feidhme gealltanas déthaobhach agus idirnáisiúnta; tacú le comhar níos leithne san Aigéan Ciúin;

b)

Dul i mbun caidrimh le páirtithe leasmhara i dtíortha tionsclaíocha agus i dtíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh agus trí thaidhleoireacht phoiblí.

XI.   CRÍOCHA MHEIRICEÁ

(1)   An comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint agus an t-athrú aeráide a chomhrac

a)

Tacú le iarrachtaí comhpháirtithe le hoiriúnú don athrú aeráide agus é sin a mhaolú agus rioscaí tubaiste a laghdú;

b)

Caomhnú, bainistíocht inbhuanaithe agus athchóiriú éiceachóras agus na bithéagsúlachta a chur chun cinn; fiadhúlra a chosaint agus stop a chur le caillteanas bithéagsúlachta;

c)

An bhainistíocht inbhuanaithe maidir le húsáid talún, athrú ar úsáid talún agus foraoiseacht a chur chun cinn; díghrádú foraoisí a chomhrac agus forfheidhmiú an dlí i dtaca le foraoisí, rialachas agus trádáil a chur chun cinn, chomh maithe le rialachas na n-aigéan a neartú;

d)

An éifeachtúlacht acmhainní agus tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe a chur chun cinn san aistriú chuig geilleagar ciorclach, truailliú nialasach agus fuinneamh glas le béim ar leith ar éifeachtúlacht fuinnimh: tacú le nuachóiriú córas uisce agus soláthair sláintíochta.

(2)   An claochlú digiteach agus an nuálaíocht

a)

Tacú le caighdeánú agus comhar beartais a thugann aghaidh ar an gcibearshlándáil, cosaint sonraí, intleacht shaorga agus saincheisteanna rialála eile a bhaineann leis an gclaochlú digiteach; oideachas, litearthacht agus scileanna digiteacha a chur chun cinn; cearta digiteacha a neartú;

b)

Nascacht dhigiteach inrochtana, inacmhainne, chuimsitheach, agus shlán a fhorbairt agus a chur chun cinn; malartú eolais agus sonraí a fheabhsú; comhar dé-réigiúnach eolaíoch a neartú;

c)

An geilleagar digiteach, lena n-áirítear fiontraíocht dhigiteach a chothú; comhar i réimsí na heolaíochta, an aistrithe teicneolaíochta agus an taighde, an digitithe agus na nuálaíochta a chur chun cinn; tacú le forbairt agus úsáid leathan táirgí atá cumasaithe go digiteach, riarachán digiteach agus ríomhsheirbhísí;

d)

Tacú le hardáin chomhoibríocha chun infheistíochtaí digiteacha agus malartuithe an Aontais a chothú.

(3)   Tacú le téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe agus ionchuimsitheach

a)

Borradh a chur faoi shlabhraí luacha inbhuanaithe agus ionchuimsitheacha, slándáil bhia agus éagsúlú eacnamaíoch a chur chun cinn, mar aon le speisialtóireacht chliste, breisiú luacha, comhtháthú agus nascacht réigiúnach, iomaíochas, trádáil agus nuálaíocht chóir agus chothrom;

b)

Tacú leis an gclár comhtháthaithe réigiúnach agus le beartais trádála le haghaidh na forbartha inbhuanaithe agus cur chun feidhme comhaontuithe trádála; iltaobhachas agus comhlíontacht le rialacha agus caighdeáin idirnáisiúnta a chur chun cinn agus a neartú;

c)

An timpeallacht ghnó agus an timpeallacht infheistíochta a fheabhsú agus timpeallacht rialála chumasúcháin le haghaidh forbairt eacnamaíoch;

d)

Inbhuaine shóisialta agus chomhshaoil a neartú, cumhachtú eacnamaíoch na mban, daoine óga agus grúpaí leochaileacha, freagracht shóisialta chorparáideach agus iompar gnó freagrach; caighdeáin agus prionsabail chearta an duine ar fud an tslabhra luacha ina iomlán a urramú agus a chur chun cinn; tacú le breisiú luacha agus coinníollacha córa trádála.

(4)   An dea-rialachas, an tsíocháin agus an tslándáil a chur chun cinn, agus dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus leis an easáitiú éigeantach

a)

An tsíocháin, an cosc coinbhleachtaí, an daonlathas, an smacht reachta, an bhreithiúnacht neamhspleách, an comhrac in aghaidh an éillithe, an rialachas agus an mhaoirseacht, lena n-áirítear institiúidí trédhearcacha, cuntasacha, éifeachtacha agus ionchuimsitheacha ar gach leibhéal a neartú agus a chur chun cinn;

b)

Dul i ngleic leis an imirce neamhrialta agus le heasáitiú éigeantach; leochaileachtaí a laghdú i gcomhthéacs imirce, lena n-áirítear bearta chun íospartaigh an dúshaothraithe agus na mí-úsáide a chosaint; comhar a mhéadú maidir leis an mbainistiú comhtháite teorainneacha;

c)

Tacú le réitigh atá dírithe ar fhorbairt a chothú le haghaidh daoine atá easáitithe go héigeantach, do dhaoine easáitithe ina dtír féin agus dá gcomhphobail óstacha;

d)

An comhrac in aghaidh an fhoréigin, na coireachta eagraithe, na gáinneála ar dhaoine, na gáinneála ar dhrugaí, smuigléireacht agus sciúradh airgid d’aon chineál.

(5)   Comhtháthú sóisialta a chur chun cinn, an neamhionannais a chomhrac agus forbairt an duine a chur chun cinn

a)

Tacú le glacadh agus cur chun feidhme éifeachtach beartas poiblí chun neamhionannas a laghdú agus cur chuige comhtháite i ndáil le rialachas agus beartais shóisialta;

b)

Feabhas a chur ar an rochtain uilíoch ar riachtanais bhunúsacha agus ar sheirbhísí bunúsacha; tacú le neartú na gcóras oideachais;

c)

Cearta grúpaí leochaileacha a chur chun cinn, a chosaint agus a chomhlíonadh agus comhionannas inscne a chur chun tosaigh; an inniúlacht le haghaidh ceapadh beartas a fhreagraíonn do chúrsaí inscne a neartú;

d)

Idirphlé maidir le comhtháthú sóisialta agus an comhrac in aghaidh an neamhionannais a dhaingniú le tíortha comhpháirtíochta, eagraíochtaí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, an earnáil phríobháideach agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

e)

Tacú le córais sláinte a neartú, le tuilleadh rochtana ar sheirbhísí sláinte agus le cáilíocht agus athléimneacht fheabhsaithe ina leith

(6)   Comhpháirtíochtaí a neartú

a)

Dul i mbun caidrimh le páirtithe leasmhara i dtíortha tionsclaíocha agus i dtíortha i mbéal forbartha atá céim chun tosaigh agus trí thaidhleoireacht phoiblí;

b)

Feabhas a chur ar chomhar réigiúnach, foréigiúnach agus idir-réigiúnach.

XII.   AN MHUIR CHAIRIB

(1)   Athléimneacht i dtaca leis an aeráid agus le tubaistí a neartú, lena n-áirítear an t-aistriú glas

a)

Tacú le hoiriúnú don aeráid agus é sin a mhaolú agus le hullmhacht i gcomhair tubaistí agus laghdú rioscaí tubaiste;

b)

Cosaint agus bainistíocht an chomhshaoil a chur chun cinn, chomh maith le héiceachórais bhainistithe, ilfheidhmiúla, inbhuanaithe a chur chun cinn, i gcomhthéacs an oiriúnaithe don athrú aeráide agus na hathléimneachta in aghaidh an athraithe aeráide;

c)

Córais bhia inbhuanaithe a neartú;

d)

Tacú leis an aistriú glas, an geilleagar ciorclach, an comhrac in aghaidh an truaillithe agus tógáil athléimneachta.

(2)   Fás agus poist inbhuanaithe a chur chun cinn

a)

Tacú leis an éagsúlú eacnamaíoch agus an speisialtóireacht chliste; tacú leis an ngeilleagar digiteach agus an nascacht dhigiteach;

b)

Díriú ar ghníomhaithe nua fáis, lena n-áirítear an geilleagar glas/gorm/ciorclach, an turasóireacht inbhuanaithe agus an claochlú digiteach; forbairt na táirgeachta inbhuanaithe agus na slabhraí luacha a chur chun cinn;

c)

Tacú le rochtain ar mhaoiniú, cuimsiú sóisialta, forbairt na hearnála príobháidí, tráchtáil gnólacht le gnólacht, gairmoideachas agus forbairt scileanna.

(3)   Tacú leis an gcomhtháthú réigiúnach, an trádáil, agus an comhar trasnáisiúnta

a)

Tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch réigiúnach agus le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche;

b)

Tacú le tógáil institiúidí agus malartuithe cultúrtha, lena n-áirítear le tíortha agus críocha in imchuach Mhuir Chairib.

(4)   An rialachas, an tsíocháin, an tslándáil agus forbairt an duine a neartú

a)

Rialachas, síocháin, daonlathas, an tsochaí shibhialta, an comhrac in aghaidh an neamhionannais agus slándáil na saoránach a neartú;

b)

An comhrac in aghaidh na gáinneála neamhdhleathaí, in aghaidh an mhaoinithe neamhdhleathaigh agus in aghaidh na coireachta eagraithe; an bainistiú teorainneacha, atreorú agus cosc na coireachta a neartú;

c)

Tacú le bearta comhtháthaithe shóisialta agus creata cosanta, lena n-áirítear tuilleadh rochtana ar sheirbhísí cúraim sláinte agus cáilíocht agus athléimneacht fheabhsaithe ina leith;

d)

Caighdeáin idirnáisiúnta rialachais agus maoinithe phoiblí a chur chun cinn;

(5)   Tacú le cearta an duine agus an comhionannas inscne

a)

Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint;

b)

An comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn.