17.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 329/2


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1527 ÓN gCOIMISIÚN

an 31 Bealtaine 2021

lena bhforlíontar Treoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh aitheantas conarthach ar chumhachtaí díluachála agus comhshó

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Threoir 2014/59/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena mbunaítear creat um théarnamh agus réiteach institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta agus lena leasaítear Treoir 82/891/CEE ón gComhairle, agus Treoracha 2001/24/CE, 2002/47/CE, 2004/25/CE, 2005/56/CE, 2007/36/CE, 2011/35/AE, 2012/30/AE agus 2013/36/AE, agus Rialacháin (AE) Uimh. 1093/2010 agus (AE) Uimh. 648/2012, ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 55(6), an tríú fomhír, de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Éilítear in Airteagal 55(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE go n-áirithíonn na Ballstáit i gcás ina gcinneann institiúid nó eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) agus (d) den Treoir sin, go bhfuil sé neamhphraiticiúil ar chúiseanna dlíthiúla nó cúiseanna eile an téarma conarthach dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE (“an téarma conarthach”) a chur san áireamh sna forálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha, go dtabharfaidh an institiúid nó an t-eintiteas sin fógra don údarás réitigh faoina chinneadh.

(2)

Maidir leis na coinníollacha faoina mbeadh sé neamhphraiticiúil, go dlíthiúil nó ar chúiseanna eile d’institiúid nó d’eintiteas an téarma conarthach a chur san áireamh i gcatagóirí dliteanas áirithe, ba cheart na coinníollacha sin a shainiú ar bhealach a ligeann do leibhéal iomchuí cóineasaithe, agus a chuireann ar chumas údarás réitigh difríochtaí i margaí ábhartha a chur san áireamh an tráth céanna.

(3)

Níor cheart a éileamh ar institiúidí ná ar eintitis, sna forálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha, an téarma conarthach a chur san áireamh, i gcás ina mbeadh cuimsiú den sórt sin neamhdhleathach sa tríú tír ábhartha. D’fhéadfadh nach gceadaítear téarmaí den sórt sin sna dlíthe nó sna treoracha ó údaráis an tríú tír i gcásanna mar sin, mar shampla. Ba cheart a mheas freisin go bhfuil sé neamhphraiticiúil d’institiúid nó eintiteas an téarma conarthach a chur san áireamh i gcomhaontú nó in ionstraim i gcás nach bhfuil an institiúid ná an t-eintiteas sin in ann na forálacha conarthacha sin a leasú. Is minic is amhlaidh an cás ina dtugtar comhaontuithe nó ionstraimí i gcrích i gcomhréir le téarmaí nó prótacail chaighdeánaithe idirnáisiúnta lena leagtar amach téarmaí agus coinníollacha aonfhoirmeacha le haghaidh comhaontuithe nó ionstraimí den sórt sin. Is iondúil a eisítear táirgí maoinithe trádála, amhail ráthaíochtaí, frithráthaíochtaí, litreacha creidmheasa nó ionstraimí eile a úsáidtear i gcomhthéacs tacú le hidirbhearta trádála nó iad a chistiú faoi réir téarmaí nó rialacha caighdeánaithe a aithnítear go hidirnáisiúnta agus a shocraíonn eagraíocht tionscail a aithnítear go hidirnáisiúnta nó a forbraíodh bunaithe ar nósmhaireachtaí déthaobhacha caighdeánacha. D’fhéadfadh neamhphraiticiúlacht a theacht chun cinn freisin i gcás ina dtugann an institiúid nó an t-eintiteas conarthaí soláthair seirbhísí airgeadais i gcrích le comhlachtaí nach bhfuil san Aontas, lena n-áirítear soláthraithe seirbhíse airgeadais, ionaid trádála, bonneagar an mhargaidh airgeadais nó caomhnóirí a úsáideann téarmaí caighdeánacha nach féidir leis an institiúid ná an t-eintiteas a idirbheartú.

(4)

Ar aon chuma, níor cheart doicheall an chontrapháirtí amháin na téarmaí conarthacha a chur san áireamh ná méadú i bpraghas na hionstraime nó an chomhaontaithe amháin a mheas mar choinníoll de neamhphraiticiúlacht maidir le cuimsiú an téarma chonarthaigh.

(5)

I gcomhréir le hAirteagal 55(2), an tríú fomhír, de Threoir 2014/59/AE, fiú in éagmais coinníollacha neamhphraiticiúlachta, féadfaidh údarás réitigh a chinneadh gan éileamh ar an institiúid ná ar an eintiteas ábhartha an téarma conarthach a chur san áireamh i gcás ina measann sé nach gá an cuimsiú sin chun inréiteacht na hinstitiúide nó an eintitis a áirithiú. Ba cheart do chonclúidí na hanailíse ar an tionchar ar inréiteacht chun críocha Airteagal 55 de Threoir 2014/59/AE, a bheith comhsheasmhach leo siúd faoin measúnú inréiteachta mar a leagtar síos i dTeideal II, Caibidil II, den Treoir sin. Chun críocha an mheasúnaithe ar an tionchar ar inréiteacht i gcomhréir le hAirteagal 55(2), an tríú fomhír, de Threoir 2014/59/AE, áfach, maidir le comhaontuithe nó ionstraimí lena gcruthaítear dliteanais ag a bhfuil aibíocht fhada nó luachanna arda ainmniúla, ba cheart iad a mheas mar nithe is gá chun inréiteacht a áirithiú. Níor cheart cuimsiú téarmaí conarthacha den sórt sin a tharscaoileadh, dá bhrí sin, nuair nach gcomhlíonann cuimsiú den sórt sin na coinníollacha neamhphraiticiúlachta. Maidir le comhaontuithe nó ionstraimí eile lena gcruthaítear dliteanais, nuair a dhéantar measúnú ar a dtionchar ar inréiteacht, ba cheart d’údaráis réitigh aird chuí a thabhairt ar roinnt gnéithe áirithe ach ba cheart iad a cheadú, de réir mar is iomchuí ag brath ar imthosca sonracha, chun measúnú a dhéanamh ar aon ghné bhreise eile a mheasann siad a bhfuil gá léi.

(6)

Tar éis fógra iomlán inréiteachta a fháil, ba cheart tréimhse réasúnta a bheith ag an údarás réitigh chun meastóireacht a dhéanamh air. Is éagsúil an chastacht a d’fhéadfadh a bheith i gceist sna fógraí. Is iomchuí dá bhrí sin go bhfuil cead ag údarás réitigh síneadh a chur leis an tréimhse chun cuimsiú an téarma chonarthaigh a éileamh ar feadh tréimhse réamhchinntithe a mhéid a bhaineann le fógraí casta. Ba cheart fógra cuí a thabhairt don institiúid nó don eintiteas ábhartha faoi shíneadh den sórt sin. I bhfianaise chineál nua an fhógra agus a mheasúnaithe, ba cheart go mbeadh cead ag údaráis réitigh síneadh 6 mhí bhreise a chur leis an tréimhse chun measúnú a dhéanamh ar fhógraí casta le linn na chéad bhliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Tar éis na tréimhse sin, ba cheart cead a bheith ag na húdaráis réitigh síneadh 3 mhí a chur leis an tréimhse measúnaithe le haghaidh fógraí casta.

(7)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Baincéireachta Eorpach faoi bhráid an Choimisiúin.

(8)

Rinne an tÚdarás Baincéireachta Eorpach comhairliúcháin phoiblí oscailte a reáchtáil maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leo ann agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí Baincéireachta arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2),

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na coinníollacha faoina mbeadh sé neamhphraiticiúil an téarma conarthach dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE a chur san áireamh i gcatagóirí áirithe dliteanas

1.   Is iad seo a leanas na coinníollacha faoina mbeadh sé neamhphraiticiúil, go dlíthiúil nó ar chúiseanna eile, d’institiúid nó d’eintiteas dá dtagraítear in Airteagal 1(1), pointí (b), (c) nó (d) de Threoir 2014/59/AE, an téarma conarthach dá dtagraítear in Airteagal 55(1) den Treoir sin a chur san áireamh sna forálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha:

(a)

bheadh cuimsiú an téarma chonarthaigh ina shárú ar dhlíthe, rialacháin nó forálacha riaracháin an tríú tír a rialaíonn an dliteanas;

(b)

bheadh cuimsiú an téarma chonarthaigh contrártha do threoir shainráite agus cheangailteach ó údarás tríú tír;

(c)

eascraíonn an dliteanas ó ionstraimí nó comhaontuithe a thugtar i gcrích i gcomhréir le téarmaí nó prótacail chaighdeánaithe idirnáisiúnta nach bhfuil an institiúid ná an t-eintiteas in ann iad a leasú;

(d)

tá an dliteanas á rialú ag téarmaí conarthacha nach mór don institiúid nó don eintiteas glacadh leo sular féidir leo a bheith rannpháirteach i gcomhlacht nach bhfuil san Aontas nó seirbhísí comhlachta nach bhfuil san Aontas a úsáid, agus nach bhfuil an institiúid ná an t-eintiteas in ann a leasú;

(e)

tá an dliteanas dlite do chreidiúnaí tráchtála nó trádála agus baineann sé le soláthar earraí nó seirbhísí nach bhfuil criticiúil, ach a úsáidtear le haghaidh fheidhmiú oibríochtúil laethúil na hinstitiúide nó an eintitis agus níl an institiúid ná an t-eintiteas in ann téarmaí an chomhaontaithe a leasú.

2.   Chun críocha mhír 1, pointí (c), (d) agus (e), measfar nach féidir le hinstitiúid ná le heintiteas na hionstraimí, na comhaontuithe ná na téarmaí conarthacha a leasú i gcás nach féidir an ionstraim, an comhaontú ná na téarmaí conarthacha a thabhairt i gcrích ach faoi na téarmaí a leagann an contrapháirtí ná na contrapháirtithe síos nó faoi na téarmaí lena leagtar amach na téarmaí nó prótacail chaighdeánaithe is infheidhme.

Airteagal 2

Na coinníollacha faoinar féidir leis an údarás réitigh a éileamh go gcuirfear an téarma conarthach dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE san áireamh i gcatagóirí áirithe dliteanas

1.   Éileoidh an t-údarás réitigh cuimsiú an téarma chonarthaigh dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE sna forálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha i gcás ina gcinneann sé, ar bhonn fógra ón institiúid nó ón eintiteas, nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha neamhphraiticiúlachta ar tugadh fógra ina leith agus dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo agus ar choinníoll go gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha seo a leanas:

(a)

tá méid ainmniúil an dliteanais a cruthaíodh leis an gcomhaontú nó ionstraim ábhartha cothrom le nó níos mó ná EUR 20 milliún;

(b)

tá aibíocht iarmhair an chomhaontaithe nó na hionstraime cothrom le nó níos faide ná 6 mhí.

2.   I gcás ina bhfuil gá leis chun inréiteacht a áirithiú, féadfaidh an t-údarás réitigh cuimsiú an téarma chonarthaigh dá dtagraítear in Airteagal 55(1) de Threoir 2014/59/AE sna forálacha conarthacha lena rialaítear dliteanas ábhartha a éileamh i gcás ina gcinneann sé, ar bhonn fógra ón institiúid nó ón eintiteas, nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha neamhphraiticiúlachta a tugadh fógra ina leith agus dá dtagraítear in Airteagal 1 den Rialachán seo agus ar choinníoll nach gcomhlíontar aon cheann de na coinníollacha a liostaítear i mír 1, pointí (a) agus (b) den Airteagal seo.

Le linn measúnú a dhéanamh maidir le cibé acu atá nó nach bhfuil gá leis an téarma conarthach chun inréiteacht a áirithiú, i gcomhréir leis an gcéad fhomhír, tabharfaidh an t-údarás réitigh aird áirithe ar cheann amháin ar a laghad de na gnéithe seo a leanas:

(a)

méid agus cineál an chomhaontaithe nó na hionstraime;

(b)

féidearthacht uirlisí réitigh a úsáid;

(c)

an chreidiúnacht a bhaineann le huirlisí réitigh a úsáid ar bhealach a chomhlíonann na cuspóirí réitigh, agus tionchar féideartha ar chreidiúnaithe, ar chontrapháirtithe, ar chustaiméirí agus ar fhostaithe agus gníomhaíochtaí féideartha údarás tríú tír á gcur san áireamh;

(d)

rangú an dliteanais i ngnáthimeachtaí dócmhainneachta faoin dlí náisiúnta;

(e)

aibíocht an dliteanais agus cineál imrothlacha an chonartha.

Airteagal 3

An tréimhse réasúnta don údarás réitigh chun cuimsiú téarma chonarthaigh a éileamh

1.   Mairfidh an tréimhse réasúnta dá dtagraítear in Airteagal 55(2), an tríú fomhír, de Threoir 2014/59/AE 3 mhí ón lá a fhaigheann an t-údarás réitigh an fógra dá dtagraítear in Airteagal 55(2), an chéad fhomhír, den Treoir sin.

2.   I gcás ina bhfuil an fógra dá dtagraítear in Airteagal 55(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2014/59/AE neamhiomlán, cuirfidh an t-údarás réitigh an fhaisnéis atá ar iarraidh in iúl don institiúid nó don eintiteas a thugann an fógra. Tosóidh an tréimhse dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo nuair a chuirtear an fhaisnéis uile a bhí ar iarraidh isteach.

3.   Go dtí an 6 Deireadh Fómhair 2022, i gcás ina bhfuil an fógra casta, féadfaidh an t-údarás réitigh síneadh 6 mhí a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 1.

Ón 7 Deireadh Fómhair 2022, i gcás ina bhfuil an fógra casta, féadfaidh an t-údarás réitigh síneadh 3 mhí a chur leis an tréimhse dá dtagraítear i mír 1.

4.   Tabharfaidh an t-údarás réitigh fógra don institiúid nó don eintiteas a thugann fógra faoin síneadh agus na cúiseanna a bhí leis.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 31 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 173, 12.6.2014, lch. 190.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 12).