|
15.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 325/6 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1474 ÓN gCOIMISIÚN
an 14 Meán Fómhair 2021
lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384 agus Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chuig allmhairí scragall alúmanaim áirithe a choinsínítear ón Téalainn, cé acu a dhearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téalainne nó nach ndearbhaítear
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (1) (‘an bun-Rialachán’), agus go háirithe Airteagal 13 de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
1. NÓS IMEACHTA
1.1. Imscrúdú roimhe seo agus bearta atá ann cheana
|
(1) |
I mí Dheireadh Fómhair 2009, le Rialachán (CE) Uimh. 925/2009 ón gComhairle (2), d’fhorchuir an Chomhairle dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragall alúmanaim (‘rollaí ollmhóra’) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne, i measc tíortha eile, tar éis imscrúdú frithdhumpála (‘an t-imscrúdú bunaidh’). Dleacht ad valorem idir 6.4 % agus 30.0 % a bhí sna bearta. |
|
(2) |
I mí na Nollag 2015, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384, (3)rinne an Coimisiún Eorpach (‘an Coimisiún’) na bearta cinntitheacha (‘na bearta atá i bhfeidhm’) maidir le hallmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne a choinneáil ar bun, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) den bhun-Rialachán (‘an t-imscrúdú athbhreithniúcháin’). |
|
(3) |
I mí Feabhra 2017, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271, (4) rinne an Coimisiún na bearta atá i bhfeidhm a leathnú chuig allmhairí scragall alúmanaim áirithe atá modhnaithe beagán ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad, tar éis imscrúdú frith-imchéimniúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán (‘an t-imscrúdú frith-imchéimniúcháin rinneadh roimhe seo’). |
1.2. Iarraidh
|
(4) |
Fuair an Coimisiún iarraidh de bhun Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) den bhun-Rialachán imscrúdú a dhéanamh ar aon imchéimniúchán féideartha ar na bearta frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne ag allmhairí a choinsínítear ón Téalainn, cé acu a dhearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téalainne nó nach dearbhaítear, agus na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe. |
|
(5) |
Rinneadh an iarraidh a thaisceadh an 9 Samhain 2020. D’iarr an t-iarratasóir anaithnideacht ag céim an iarratais agus ar feadh an imscrúdaithe. Thug an t-iarratasóir bunús cuí lena iarraidh ar ghlac an Coimisiún léi toisc gur mheas sé go raibh forais leordhóthanacha ann chun a chéannacht a choinneáil rúnda. |
|
(6) |
Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh ar athrú ar an ngréasán trádála a bhaineann le honnmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Téalainn chuig an Aontas a rinneadh tar éis bearta a fhorchur ar rollaí ollmhóra. Is cosúil go n-eascraíonn an t-athrú seo as rollaí ollmhóra a choinsíniú tríd an Téalainn chuig an Aontas tar éis oibríochtaí cóimeála a dhéanamh sa Téalainn. Bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh freisin lena léirítear gur imchéimniúchán a bhí in oibríochtaí cóimeála den sórt sin toisc gurbh ionann páirteanna Síneacha agus 60 % de luach iomlán pháirteanna an táirge tar éis a chóimeáilte, agus bhí an breisluach le linn na n-oibríochtaí cóimeála níos lú ná 25 % den chostas monaraíochta. |
|
(7) |
Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach san iarraidh go raibh an cleachtas a thuairiscítear thuas ag baint an bhoinn ó éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart frithdhumpála atá ann cheana i dtéarmaí cainníochtaí agus praghsanna. Ina theannta sin, bhí fianaise leordhóthanach ann go ndearnadh praghsanna na rollaí ollmhóra a choinsínítear ón Téalainn a dhumpáil i ndáil leis an ngnáthluach a socraíodh roimhe sin le haghaidh rollaí ollmhóra. |
1.3. An táirge lena mbaineann agus an táirge atá faoi imscrúdú
|
(8) |
Is éard atá i gceist leis an táirge lena mbaineann scragall alúmanaim nach lú ná 0,008 mm agus nach mó ná 0,018 mm ar tiús, gan aon chúl air, agus gan aon saoirsiú thairis sin ná a bheith rollta, i rollaí nach mó ná 650 mm ar leithead agus nach mó ná 10 kg de réir meáchain, arna aicmiú ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384 faoi chód AC ex 7607 11 19 (cód TARIC 7607111910), scragall alúmanaim nach lú ná 0,007 mm agus nach mó ná 0,008 mm ar tiús, beag beann ar leithead na rollaí, bídís ainlithe nó ná bídís, arna aicmiú ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 faoi chód AC ex 7607 11 19 (cód TARIC 7607111930), scragall alúmanaim nach lú ná 0,008 mm agus nach mó ná 0,018 mm ar tiús i rollaí nach mó ná 650 mm ar leithead, bídís ainlithe nó ná bídís, arna aicmiú ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 ón gCoimisiún faoi chód AC ex 7607 11 19 (cód TARIC 7607111940), scragall alúmanaim is mó ná 0,018 mm agus is lú ná 0,021 mm ar tiús, beag beann ar leithead na rollaí, bídís ainlithe nó ná bídís, arna aicmiú ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 ón gCoimisiún faoi chód AC ex 7607 11 19 (cód TARIC 7607111950), agus/nó scragall alúmanaim nach lú ná 0,021 mm agus ná mó ná 0,045 mm ar tiús, nuair a chuirtear dhá shraith ar a laghad ann, beag beann ar leithead na rollaí, bídís ainlithe nó ná bídís, arna aicmiú ar dháta theacht i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 faoi chód AC ex 7607 11 90 (cóid TARIC 7607119045 agus 7607119080) de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (‘an táirge lena mbaineann’). Is é sin an táirge a bhfuil feidhm ag na bearta atá i bhfeidhm faoi láthair ina leith. |
|
(9) |
Is ionann an táirge atá faoi imscrúdú agus an táirge a shainmhínítear san aithris roimhe seo, ar táirge é a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 7607 11 19 (cóid TARIC 7607111910, 7607111930, 7607111940, 7607111950) agus ex 7607 11 90 (cóid TARIC 7607119044, 7607119046, 7607119071, 7607119072), ach a choinsínítear ón Téalainn, cé acu a dhearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téalainne nó nach dearbhaítear (cód breise TARIC C601), (‘an táirge faoi imscrúdú’). |
|
(10) |
Léiríodh san imscrúdú go bhfuil na buntréithe fisiceacha agus ceimiceacha céanna ag rollaí ollmhóra a onnmhairítear ó Dhaon-Phoblacht an Síne go dtí an tAontas agus ag rollaí ollmhóra a choinsínítear ón Téalainn, bíodh siad de thionscnamh na Téalainne nó ná bíodh, agus go bhfuil na húsáidí céanna acu, agus go meastar, dá bhrí sin, gur táirgí comhchosúla iad de réir bhrí Airteagal 1(4) den bhun-Rialachán. |
1.4. Tionscnamh
|
(11) |
Tar éis don Choimisiún a chinneadh, tar éis dó na Ballstáit a chur ar an eolas, go raibh go leor fianaise ann chun imscrúdú a thionscnamh de bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, thionscain sé imscrúdú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2162 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2020 (5) (‘an Rialachán tionscnaimh’) agus chuir sé allmhairí rollaí ollmhóra a choinsínítear ón Téalainn, cé acu a dearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téalainne nó nach ndearbhaítear, faoi réir a gcláraithe i gcomhréir le hAirteagal 14(5) den bhun-Rialachán. |
1.5. Barúlacha maidir le tionscnamh
|
(12) |
Tar éis an tionscnaimh, d’áitigh Dingheng New Materials Co, Ltd, Thai Ding Li New Materials Co., Ltd agus a gcuid cuideachtaí gaolmhara (ar a dtugtar le chéile ‘an Dingsheng Group’) nach raibh údar leis an imscrúdú a thionscnamh. (6) |
|
(13) |
De réir an Dingsheng Group, ní raibh an fhianaise prima facie riachtanach san iarraidh a raibh tionscnamh an imscrúdaithe mar thoradh uirthi. Mhaígh sé go raibh an fhaisnéis san iarraidh as dáta, ós rud é go raibh an fhaisnéis sin bunaithe ar thréimhse go dtí mí na Nollag 2019, cé gur tionscnaíodh an t-imscrúdú i mí na Nollag 2020. D’áitigh an Dingsheng Group go bhfuil sé sin ag teacht salach ar Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán, ina luaitear ‘go gcumhdóidh an tréimhse imscrúdaithe, de ghnáth, tréimhse nach lú ná sé mhí díreach roimh thionscnamh na n-imeachtaí’. |
|
(14) |
Ina theannta sin, mhaígh an Dingsheng Group go raibh na staitisticí onnmhairiúcháin a tuairiscíodh san iarraidh míchruinn agus neamhiontaofa. Bhí na staitisticí sin bunaithe ar chóid AC agus ar chóid HS (7), lena n-áirítear roinnt táirgí éagsúla seachas na táirgí sin atá ábhartha don imscrúdú agus, dá bhrí sin, ní féidir a mheas gur fianaise leordhóthanach iad na staitisticí sin. |
|
(15) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Maidir leis an tréimhse thagartha a úsáidtear san iarraidh, baineann Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán leis an tréimhse imscrúdaithe a úsáidfear le linn an imscrúdaithe, seachas leis an tréimhse ar a bhfuil an iarraidh bunaithe. Níor áitigh an Dingsheng Group go mbeadh conclúid dhifriúil maidir leis na cleachtais imchéimniúcháin líomhnaithe mar thoradh ar shonraí níos déanaí a úsáid. Maidir leis an staitisticí custaim ar a raibh an iarraidh bunaithe, sholáthair an t-iarratasóir na staitisticí sin a bhí ar fáil dó go réasúnta chun críoch na hiarrata, faoi mar a cheanglaítear le hAirteagal 5(2) den bhun-Rialachán. Ar aon chuma, agus anailís á déanamh ar an iarraidh, rinne an Coimisiún cros-seiceáil ar na sonraí a sholáthair an t-iarratasóir i gcomparáid le staitisticí ar leibhéal TARIC 10 ndigit agus lena n-áirítear sonraí go dtí mí Mheán Fómhair 2020. Dheimhnigh an anailís seo na líomhaintí san iarratas. |
|
(16) |
Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh an Dingsheng Group a mhaíomh go raibh an iarraidh bunaithe ar fhaisnéis atá as dáta agus go gceanglaítear le hAirteagal 6(1) i gcomhar le hAirteagal 13(3) den bhun-Rialachán ar an gCoimisiún scrúdú foriomlán a dhéanamh ar chruinneas na hiarrata, lena n-áirítear cibé an bhfuil an fhaisnéis atá ann cothrom le dáta. Dá bhrí sin, de réir an Dingsheng Group, ba cheart don Choimisiún a iarraidh ar an iarratasóir na figiúirí atá san iarraidh a thabhairt cothrom le dáta leis an bhfaisnéis is déanaí. Murach sin, ‘iarratasóirí a iarrann go ndéanfaí imscrúdú frith-imchéimniúcháin a thionscnamh, d’fhéadfadh siad an iarraidh sin a bhunú ar an tréimhse is fearr a oireann dóibh, gan aon teorainn’. |
|
(17) |
Ina theannta sin, cé go ndearna an Coimisiún cros-seiceáil ar an bhfaisnéis a sholáthair an t-iarratasóir le sonraí níos déanaí ar an leibhéal TARIC, mhaígh an Dingsheng Group nach bhfuil aon rian sa chomhad maidir leis an gcros-seiceáil sin, ná nach luaitear é sa Rialachán tionscnaimh, agus nach dtagraíonn ann ach don fhianaise a soláthraíodh san iarraidh. De réir an Dingsheng Group, cé go mbeadh an chonclúid chéanna ann dá mbainfí úsáid as sonraí níos déanaí, níl baint aige sin maidir le cinneadh a dhéanamh cé acu a chomhlíon an iarraidh caighdeán na fianaise a iarraidh leis an dlí chun na himeachtaí a thionscnamh nó nár chomhlíon. |
|
(18) |
Mar a mhínítear in aithris (15) thuas, ní bhaineann an tagairt d’Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán leis na sonraí a úsáidtear san iarraidh, ós rud é go dtagraíonn sí don tréimhse a úsáideadh le linn an imscrúdaithe, agus ní don iarraidh. Thairis sin, ceanglaítear le hAirteagal 13(3) den bhun-Rialachán go mbeidh tionscnamh an imscrúdaithe bunaithe ar ‘fhianaise leordhóthanach’ , agus fágtar leibhéal áirithe discréide ag an gCoimisiún mar gheall ar chinneadh na fianaise sin. In aon chás, mar a mhínítear thuas in aithrisí (6)-(7), comhlíonadh an critéar sin. Le hAirteagal 5(2) den bhun-Rialachán, ceanglaítear ar iarratasóir an iarraidh a bhunú ar na staitisticí sin atá ar fáil go réasúnta don iarratasóir. Ní chiallaíonn sé sin gur féidir le hiarratasóirí an tréimhse is áisiúla a roghnú, mar a mhol an Dingsheng Group. Leis an gcros-seiceáil ar shonraí atá beagán níos déanaí agus ar shonraí sonracha a rinne an Coimisiún roimh an tionscnamh, léiríodh nach raibh aon chosúlacht ann go raibh an fhaisnéis a úsáideadh san iarraidh as dáta, ach a mhalairt a bhí i gceist toisc go léireofaí treochtaí comhchosúla trí na sonraí is déanaí a úsáid agus go mbeadh na conclúidí céanna mar thoradh air sin. Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin dá bhrí sin. |
|
(19) |
Mhaígh an Dingsheng Group freisin nár leor an fhianaise a bhí ar fáil chun a léiriú go raibh imchéimniú ann. Mar gheall ar neamhiontaofacht líomhnaithe na staitisticí a luaitear in aithris (14), mhaígh an Dingsheng Group nach fianaise iad na staitisticí sin ar an athrú ar an ngréasán trádála mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Ina theannta sin, áitíodh nár comhlíonadh an ceanglas go mbeadh díobháil ann i dtéarmaí cainníochtaí agus praghsanna araon a bhainfeadh an bonn d’éifeachtaí ceartaitheacha an imscrúdaithe frithdhumpála bunaidh ós rud é go raibh an bhunanailís bunaithe ar na sonraí thuasluaite a líomhnaítear a bheith neamhiontaofa agus, dá bhrí sin, níor baineadh aon tátal aisti. Ina theannta sin, ní raibh na ríomhanna san iarraidh bunaithe ach ar cheann amháin den dá chód AC ábhartha. Ar deireadh, an corrlach díobhála arna ríomh san iarraidh, bhí sé diomaibhseach, de réir an Dingsheng Group, agus, dá bhrí sin, ní raibh sé ina fhianaise inchreidte go raibh an bonn á bhaint d’éifeachtaí na mbeart atá i bhfeidhm. Maidir leis an bhfianaise bhreise a sholáthair an t-iarratasóir san iarratas, amhail meastacháin ó tháirgeoirí de chuid an Aontais, maíodh gur bonn neamhbhailí í an fhianaise sin le haghaidh na ríomhanna díobhála san iarraidh. |
|
(20) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Maidir le neamhiontaofacht líomhnaithe na sonraí a úsáideadh don anailís, bhunaigh an t-iarratasóir a anailís ar na sonraí a bhí ar fáil go réasúnta dó, mar a leagtar amach in aithris (15), agus measadh gur leor an fhianaise a cuireadh ar fáil chun an t-imscrúdú a thionscnamh. Cé nach raibh na ríomhanna bunaithe ach ar cheann amháin de na cóid AC (7607 11 19), níor baineadh an bonn de chruinneas na hiarrata. Mar a luaigh an t-iarratasóir san fhrisnéis maidir le haighneacht an Dingsheng Group, chinn an Chúirt Ghinearálta ‘nach n-éilíonn an bun-Rialachán, i gcás ina bhfuil roinnt cineálacha táirgí sa táirge lena mbaineann, mar atá sa chás seo, gur cheart don ghearán faisnéis a chur ar fáil maidir leis na cineálacha táirgí sin go léir’ (8). Níor chuir an Dingsheng Group ina choinne gur chumhdaigh an cód AC áirithe sin na cineálacha táirgí is ionadaíche. Go deimhin, léirigh sonraí allmhairiúcháin ó Comext ar leibhéal TARIC 10 ndigit nach ndearnadh aon cheann de na táirgí a thagann faoin gcód AC eile (7607 11 90) a allmhairiú le linn na tréimhse imscrúdaithe. Dá bhrí sin, ní athrófaí toradh na hanailíse san iarraidh dá gcuirfí an cód AC san áireamh. |
|
(21) |
Maidir le leibhéal an chorrlaigh díobhála, measadh go raibh an corrlach 3,2 % a fuair an t-iarratasóir leordhóthanach chun cinneadh a dhéanamh tráth an tionscnaimh go bhfuil an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta i dtéarmaí phraghsanna an táirge chomhchosúil. De réir mar a leag an t-iarratasóir amach ina bharúlacha ar an aighneacht ón Dingsheng Group, tá an táirge atá faoi imscrúdú an-íogair ó thaobh praghais de agus an iomaíocht bunaithe den chuid is mó ar an bpraghas. I gcomhthéacs den sórt sin, is féidir a mheas go mbaineann corrlach díobhála 3,2 % an bonn d’éifeacht cheartaitheach na ndleachtanna ó thaobh praghsanna de, go háirithe i gcás inar tháinig méadú suntasach ar chainníochtaí na n-allmhairí. |
|
(22) |
Maidir leis na sonraí a úsáideadh le haghaidh na ríomhanna sladghearrtha, bhunaigh an t-iarratasóir a ríomhanna ar an bhfaisnéis a bhí ar fáil go réasúnta dó, eadhon sa chás seo roinnt meastachán ó sholáthraithe i dteannta leis na praghsanna ar an Malartán Miotail Londain (‘LME’). Ina thíolacadh, níor chuir an Dingsheng Group modheolaíocht níos réasúnta chun cinn chun na ríomhanna a dhéanamh, modheolaíocht a d’fhéadfadh a bheith ar fáil don iarratasóir. Dá bhrí sin, mheas an Coimisiún go raibh an mhodheolaíocht a úsáideadh iontaofa go leor chun na ríomhanna riachtanacha a dhéanamh san iarraidh. |
|
(23) |
Tar éis an nochta, mhaígh an Dingsheng Group go ndearna an Coimisiún iarracht an dualgas cruthúnais a aistriú chuig na páirtithe leasmhara, trína chur in iúl ‘nár chuir an Dingsheng Group modheolaíocht níos réasúnta chun cinn chun na ríomhanna a dhéanamh’. In ionad scrúdú a dhéanamh ar chruinneas agus ar leordhóthanacht na faisnéise a chuir an t-iarratasóir ar fáil, ‘tá an chuma air gur ghlac an Coimisiún leis na sonraí a soláthraíodh san iarraidh ar aghaidhluach, gan aon scrúdú breise a dhéanamh orthu’. |
|
(24) |
Dhiúltaigh an Coimisiún do na maímh sin. Mar a bhí le gach iarraidh ar imscrúdú a thionscnamh, rinne an Coimisiún mionscrúdú ar na sonraí uile agus an fhianaise eile go léir a chuir an t-iarratasóir ar fáil agus mheas sé go raibh na sonraí a úsáideadh réasúnta agus cruinn go leor chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. Thairis sin, chuir an Coimisiún i gcoinne an tátail a rinne an Dingsheng Group go ndearna sé iarracht an dualgas cruthúnais a aistriú. Thug an Coimisiún dá aire nár chuir an Dingsheng Group modh malartach chun cinn mar bhunús lena mhaíomh go raibh an mhodheolaíocht a d’úsáid an t-iarratasóir ina modheolaíocht neamhiontaofa. |
|
(25) |
D’áitigh an Dingsheng Group freisin gur ríomhadh an gnáthluach trí úsáid a bhaint as gnáthluach an imscrúdaithe athbhreithniúcháin, agus, dá bhrí sin, níor cuireadh raon táirge leathnaithe an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin a bhí ann roimhe sin san áireamh. Ina theannta sin, luaigh sé go raibh an praghas onnmhairiúcháin a d’úsáid an t-iarratasóir san iarratas bunaithe ar staitisticí Eurostat le haghaidh cód AC, ar chód é a raibh baint aige le rollaí beaga, seachas le rollaí ollmhóra (9). Mar sin, mhaígh an Dingsheng Group go raibh an corrlach dumpála san iarratas neamhiontaofa toisc go raibh sé bunaithe ar fhigiúirí míchearta. |
|
(26) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Chun a chinneadh an ann don dumpáil, ceanglaítear le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán comparáid a dhéanamh leis an ngnáthluach a bunaíodh roimhe sin maidir leis an táirge comhchosúil. I gcomhréir leis an bhforáil seo, d’úsáid an t-iarratasóir an gnáthluach mar a socraíodh san imscrúdú athbhreithniúcháin. Thairis sin, dá n-áireofaí gnáthluachanna an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin roimhe sin chomh maith, ní bheadh ach méadú tagtha ar an gcorrlach dumpála, ós rud é go raibh na gnáthluachanna sin níos airde ná na luachanna a cuireadh i bhfeidhm san imscrúdú athbhreithniúcháin. Dá réir sin, mheas an Coimisiún gur meastachán coimeádach chun an corrlach dumpála a ríomh é úsáid an ghnáthluacha mar a leagadh síos san imscrúdú athbhreithniúcháin. |
|
(27) |
Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh an Dingsheng Group a mhaíomh gur cheart an raon táirge leathnaithe a chur san áireamh agus an gnáthluach san iarraidh á ríomh, ós rud é go gceanglaítear le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán na gnáthluachanna go léir a socraíodh roimhe sin, ní hamháin na gnáthluachanna san imscrúdú deireanach athbhreithniúcháin. Mar sin féin, in Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán tagraítear do‘na gnáthluachanna a bunaíodh roimhe sin maidir leis an táirge comhchosúil’. Níl aon cheanglas ann gur gá na gnáthluachanna uile ó gach imscrúdú roimhe sin a chur san áireamh. Ar aon chuma, mar a luaitear in aithris (26), bhí fianaise leordhóthanach ann bunaithe ar na gnáthluachanna ón imscrúdú athbhreithniúcháin amháin, arb ionann iad agus tromlach na n-allmhairí (féach aithris (20)), chun údar a thabhairt le tionscnamh an imscrúdaithe. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin. |
|
(28) |
Maidir leis an maíomh a rinne an Dingsheng Group gur baineadh úsáid as staitisticí Eurostat le haghaidh rollaí beaga chun praghas onnmhairiúcháin rollaí ollmhóra a ríomh, bhí sé mícheart de réir na bhfíoras. Go deimhin, rinne an t-iarratasóir tagairt, trí dhearmad, don chód AC le haghaidh rollaí beaga in Iarscríbhinn 10 a ghabhann leis an iarraidh, ach trí shúil níos géire a chaitheamh ar asbhaint Eurostat a bhí mar chuid den iarraidh in Iarscríbhinn 3, léiríodh go raibh an praghas onnmhairiúcháin a úsáideadh bunaithe go cuí ar an asbhaint le haghaidh cód AC 7607 11 19, ar cód é a bhaineann le rollaí ollmhóra. Mar a luaitear in aithris (20) thuas, áirítear sa chód sin na cineálacha táirgí is ionadaíche. |
|
(29) |
Bunaithe ar an réasúnaíocht a leagtar amach in aithrisí (12)-(28) thuas, dhiúltaigh an Coimisiún do na hargóintí a rinne an Dingsheng Group agus mheas sé go raibh fianaise leordhóthanach san iarraidh leis an imscrúdú a thionscnamh. |
1.6. Tréimhse imscrúdaithe agus tréimhse tuairiscithe
|
(30) |
Is tréimhse imscrúdaithe é seo a lena gcumhdaítear an tréimhse ón 1 Eanáir 2016 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (‘an tréimhse imscrúdaithe’ nó ‘IP’). Bailíodh sonraí le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe chun go ndéanfar imscrúdú, inter alia, ar an athrú líomhnaithe ar an ngréasán trádála tar éis na bearta a fhorchur ar an táirge lena mbaineann agus na bearta a leathnú chuig an táirge atá modhnaithe beagán le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271, agus cleachtas, próiseas nó obair a bheith ann nach raibh cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leo seachas forchur na dleachta. Bailíodh sonraí níos mionsonraithe le haghaidh na tréimhse ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 (‘an tréimhse tuairiscithe’ nó ‘RP’) d’fhonn scrúdú a dhéanamh lena fháil amach ar bhain allmhairí an bonn d’éifeacht cheartaitheach na mbeart atá i bhfeidhm i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí agus dumpáil a bheith ann. |
1.7. Imscrúdú
|
(31) |
Chuir an Coimisiún údaráis Dhaon-Phoblacht na Síne agus údaráis na Téalainne ar an eolas go hoifigiúil, chomh maith leis na táirgeoirí onnmhairiúcháin sna tíortha sin, na hallmhaireoirí san Aontas arb eol go bhfuil baint acu leis an imscrúdú agus tionscal an Aontais maidir le tionscnamh an imscrúdaithe. Cuireadh ceistneoirí/Foirmeacha Éilimh Díolúine ar fáil do na táirgeoirí/onnmhaireoirí sa Téalainn agus i nDaon-Phoblacht na Síne agus do na hallmhaireoirí san Aontas ar eol don Choimisiún iad nó a chuir iad féin in iúl laistigh de na spriocdhátaí a shonraítear in Airteagal 3 den Rialachán tionscnaimh. |
|
(32) |
Tugadh an deis do pháirtithe leasmhara a gcuid tuairimí a chur in iúl i scríbhinn agus éisteacht a iarraidh laistigh den teorainn ama a leagtar amach sa Rialachán tionscnaimh. Cuireadh na páirtithe uile ar an eolas go bhféadfadh cur i bhfeidhm Airteagal 18 den bhun-Rialachán a bheith mar thoradh ar neamh-thíolacadh na faisnéise ábhartha uile nó mar thoradh ar fhaisnéis neamhiomlán, bhréagach nó mhíthreorach a chur isteach agus go bhféadfaí torthaí a bheith bunaithe ar na fíorais atá ar fáil. |
|
(33) |
Chuir aon ghrúpa cuideachtaí amháin ón Téalainn, cúig allmhaireoir neamhghaolmhara san Aontas, allmhaireoir neamhghaolmhar amháin lasmuigh den Aontas agus An Comhlachas Eorpach um Scragall Alúmanaim iad féin in aithne. Níor tháinig aon táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach neamhghaolmhar chun cinn le linn an imscrúdaithe. |
|
(34) |
Na cuideachtaí seo a leanas, ar cuid den Dingsheng Group atá faoi úinéireacht na Síne iad, cuir siad foirm éilimh dhíolúine iomlán isteach:
|
|
(35) |
Na hallmhaireoirí neamhghaolmhara seo a leanas de chuid an Aontais, ar cuid den SPHERE Group iad, chuir siad freagraí iomlána ar na ceistneoirí isteach:
|
|
(36) |
I bhfianaise na ráige COVID-19 agus na mbeart gaibhniúcháin a chuir Ballstáit éagsúla chomh maith le tríú tíortha éagsúla i bhfeidhm, níor fhéad an Coimisiún cuairteanna fíorúcháin a dhéanamh de bhun Airteagal 16 den bhun-Rialachán ag áitribh na n-eintiteas dlíthiúil comhoibríoch. An fhaisnéis a chuir na páirtithe isteach, amhail freagraí ar cheistneoirí agus freagraí ar litreacha easnaimh, mheas an Coimisiún go raibh an fhaisnéis sin i gcomhréir leis an bhFógra an 16 Márta 2020 maidir le hiarmhairtí na ráige COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frith-fhóirdheontais (10). Measadh nach raibh gá cros-seiceáil cianda a dhéanamh ar an bhfaisnéis i bhfianaise na saincheisteanna a leagtar amach in aithris (75) thíos. |
|
(37) |
Dhá allmhaireoir neamhghaolmhara san Aontas, Cofresco Poland sp. z o.o. Manufacturing Sp. k. agus Cuki Cofresco Srl., chuir siad freagra an-easnamhach ar an gceistneoir ar fáil ann laistigh de na teorainneacha ama atá leagtha síos. Níor fhreagair ceachtar cuideachta ceisteanna breise ná litreacha maidir le heasnamh a seoladh chucu. Mar sin féin, tar éis an dá chuideachta a chur ar an eolas go ndéanfaí neamhshuim dá n-aighneachtaí neamhiomlána faoi Airteagal 18 den bhun-Rialachán, sholáthair na cuideachtaí freagraí iomlána ar an gceistneoir agus d’fhreagair siad ceisteanna leantacha gaolmhara. Mar sin féin, ós rud é nach bhfuarthas na freagraí sin go dtí roinnt míonna tar éis na sprioc-amanna tosaigh agus nárbh fhéidir leo tairbhe a bhaint as próiseas iomlán easnaimh nó as scrúdú cros-seiceála, níor cuireadh an fhaisnéis a soláthraíodh san áireamh san imscrúdú ach amháin sa mhéid gur measadh í a bheith iomlán agus iontaofa. |
|
(38) |
Allmhaireoir neamhghaolmhar amháin ón Eilvéis, Transparent Paper Ltd. (‘TPL’), chláraigh sé freisin mar pháirtí leasmhar agus chuir sé aighneachtaí ar fáil. Mhaígh an t-iarratasóir, áfach, nár cheart allmhaireoir neamhghaolmhar lasmuigh den Aontas a chlárú mar pháirtí leasmhar, agus gur cheart neamhshuim a dhéanamh d’aon bharúil a thug TPL ar dhá chúis. Ar an gcéad dul síos, mar gur mhaígh TPL gur scragall tiontaire alúmanaim a bhí á allmhairiú aige seachas an táirge lena mbaineann ná an táirge atá faoi imscrúdú. Ar an dara dul síos, mar nach dócha, de réir an iarratasóra, nár allmhairigh TPL an táirge lena mbaineann ná an táirge atá faoi imscrúdú ós rud é go bhfuil forluí suntasach idir na táirgí a allmhairíonn TPL agus an táirge atá faoi imscrúdú. Dá bhrí sin, de réir an iarratasóra, ba cheart do TPL a chuid ceannachán a thuairisciú. |
|
(39) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis sin. Tá leas dlisteanach ag TPL i dtoradh an cháis. San imscrúdú frith-imchéimniúcháin roimhe seo, leagadh síos gur minic gurb é an t-aon bhealach idirdhealú a dhéanamh idir scragall tiontaire alúmanaim (an táirge a allmhairíonn TPL) agus rollaí ollmhóra (an táirge atá faoi imscrúdú), é a n-úsáid deiridh i.e. chun críoch teaghlaigh nó úsáidí eile (amhail tiontú). Chuige sin, tá aon díolúine ón dleacht frithdhumpála chinntitheach ar rollaí ollmhóra faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i bhforálacha ábhartha custaim an Aontais maidir leis an nós imeachta úsáide deiridh, go háirithe Airteagal 254 de Chód Custaim an Aontais (11). Maidir leis na dleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair ar allmhairí rollaí ollmhóra ó Dhaon-Phoblacht na Síne a leathnú chuig allmhairí rollaí ollmhóra a choinsínítear ón Téalainn, déantar freisin cur i bhfeidhm an nós imeachta úsáide deiridh sin a leathnú (12). Aon allmhaireoir scragaill tiontaire ón Téalainn, lena n-áirítear TPL, a dtéann a chuid táirgí trí chustaim an Aontais, beidh air dul i muinín an nós imeachta úsáide deiridh nó na dleachtanna frithdhumpála leathnaithe a íoc ar shlí eile. |
|
(40) |
Mar allmhaireoir táirge nach é an táirge atá faoi imscrúdú é, ní raibh aon oibleagáid ar TPL an fhaisnéis dá dtagair an t-iarratasóir ina aighneacht a chur ar fáil, amhail aon scragall tiontaire a cheannaigh sé. Níor iarr an Coimisiún an fhaisnéis sin ar TPL ach oiread. Mar sin féin, bhí TPL i dteideal aighneachtaí a dhéanamh ina cháil mar pháirtí leasmhar. |
2. TORTHAÍ AN IMSCRÚDAITHE
2.1. Breithnithe ginearálta
|
(41) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart anailís a dhéanamh ar na gnéithe seo a leanas i ndiaidh a chéile chun aon imchéimniú féideartha a mheas:
|
|
(42) |
San imscrúdú seo, ós rud é gur tharraing an fhianaise a chuir na hiarratasóirí ar fáil san iarraidh aird ar oibríochtaí cóimeála sa Téalainn, rinne an Coimisiún anailís níos sonraí ar chomhlíonadh na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 13(2) den bhun-Rialachán, go háirithe:
|
2.2. An leibhéal comhair
|
(43) |
An grúpa cuideachtaí comhoibríoch sa Téalainn, an Dingsheng Group, is é an grúpa sin a tháirg níos mó ná 95 % d’onnmhairí a tháinig isteach chuig an Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe. Measadh, dá bhrí sin, go raibh ardleibhéal comhair ann. Ní raibh aon chomhoibriú ó tháirgeoirí onnmhairiúcháin i nDaon-Phoblacht na Síne, seachas na cuideachtaí sin i nDaon-Phoblacht na Síne a bhí mar chuid den Dingsheng Group. Dá bhrí sin, na torthaí maidir le rollaí ollmhóra a allmhairiú ón tSín isteach san Aontas agus maidir le honnmhairí ón tSín chuig an Téalainn, bhí siad bunaithe ar fhíorais a bhí ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 18 den bhun-Rialachán. Dá réir sin, an fhaisnéis a chuir an grúpa cuideachtaí comhoibríoch ar fáil, comhlánaíodh í le sonraí a baineadh as bunachair sonraí amhail bunachar sonraí 14(6), lena gcuirtear faisnéis ar fáil ar leibhéal cuideachta-shonrach, Global Trade Atlas (13), Eurostat agus faisnéis eile atá ar fáil go poiblí. |
2.3. Athrú ar an ngréasán trádála
|
(44) |
Léirítear i dTábla 1 thíos forbairt allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus ón Téalainn le linn na tréimhse imscrúdaithe (14). Tábla 1 Allmhairiú rollaí ollmhóra le linn na tréimhse imscrúdaithe (tonaí)
Foinse: Eurostat |
|
(45) |
Idir 2016 agus deireadh na tréimhse tuairiscithe, tháinig méadú mór ar allmhairí ón Téalainn, ó 18 dtona go 5 801 tona. An tráth céanna, mhéadaigh a sciar d’iomlán na n-allmhairí ó 0,03 % go 8,53 %. Tháinig méadú freisin ar allmhairí ó Dhaon-Phoblacht na Síne ach tháinig isteach i bhfad níos moille, ó 8 948 tona go 26 466 tona. Tháinig méadú ar sciar na Síne d’iomlán na n-allmhairí ó 16 % go 39 %. |
|
(46) |
Mar sin féin, trí bhreathnú níos géire ar bhunachar sonraí 14(6), léirítear gur táirgeoirí onnmhairiúcháin Síneacha a rinne formhór na n-allmhairí sin, táirgeoirí a bhí díolmhaithe ó na bearta san imscrúdú frith-imchéimniúcháin roimhe seo. Tráth an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin roimhe seo, cinneadh nár onnmhairigh na táirgeoirí onnmhairiúcháin sin scragall alúmanaim tí, ach gur onnmhairigh siad scragall tiontaire, nach é an táirge faoi imscrúdú é (15). |
|
(47) |
Nuair a dhéantar na figiúirí a scrúdú gan na hallmhairí ó na ceithre chuideachta sin, tá laghdú suntasach ar mhéideanna na n-allmhairí go 307 dtona le linn na tréimhse tuairiscithe. Dearbhaítear an méid sin freisin sna freagraí ó cheann de na hallmhaireoirí comhoibríocha neamhghaolmhara san Aontas, allmhaireoir a chuir faisnéis ar fáil lena léirítear gur cheannaigh sé rollaí ollmhóra i nDaon-Phoblacht na Síne roimh 2017. Ó 2019 ar aghaidh, áfach, is ón Téalainn a tháinig rollaí ollmhóra seachas ó Dhaon-Phoblacht na Síne. Thosaigh na hallmhaireoirí neamhghaolmhara eile ag allmhairiú ón Téalainn in 2019 agus 2020. |
|
(48) |
Léirítear i dTábla 2 forbairt na n-amhábhar is gá chun rollaí ollmhóra a tháirgeadh ó Dhaon-Phoblacht na Síne go dtí an Téalainn le linn na tréimhse imscrúdaithe. Tábla 2 Amhábhair a onnmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne go dtí an Téalainn le linn na tréimhse imscrúdaithe (16) (tonaí)
Foinse: Global Trade Atlas |
|
(49) |
Is é alúmanam príomhúil an príomh-amhábhar chun scragall alúmanaim tí a thairgeadh. Déantar an t-amhalúmanam a phróiseáil ansin chun stoc scragaill a tháirgeadh ar a ndéantar oibriú breise ina dhiaidh sin chun rollaí ollmhóra a dhéanamh. Leis an bhfianaise atá ar fáil don Choimisiún ón iarraidh agus leis an bhfianaise ón táirgeoir onnmhairiúcháin comhoibríoch ón Téalainn, léirítear gur ó stoc scragaill a tháirgtear na rollaí ollmhóra a onnmhairítear chuig an Aontas ón Téalainn. |
|
(50) |
Léirítear i dTábla 2 go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar onnmhairí stoic scragaill ó Dhaon-Phoblacht na Síne go dtí an Téalainn ó 2016 i leith. I ndáil leis sin, thug an Coimisiún dá aire go bhféadfadh sé go raibh stoc scragaill in úsáid ní hamháin chun rollaí ollmhóra a tháirgeadh sa Téalainn, ach chun rollaí beaga a tháirgeadh freisin, cuir i gcás. Ina theannta sin, baintear úsáid as stoc scragaill mar amhábhar i roinnt tionscal eile, amhail tionscal na pacáistíochta nó chun críoch leithlisithe. Dá bhrí sin, ní bhaintear úsáid ach as cuid de na hallmhairí stoic scragaill i ndáiríre i bpróiseas táirgthe na rollaí ollmhóra. |
|
(51) |
Mar sin féin, léirigh an méadú suntasach ar mhéideanna allmhairí an stoic scragaill ó Dhaon-Phoblacht na Síne go dtí an Téalainn éileamh méadaitheach ar amhábhair den sórt sin sa Téalainn. Is féidir é sin a mhíniú, i bpáirt ar a laghad, leis an méadú ar tháirgeadh agus ar onnmhairí rollaí ollmhóra isteach sa Téalainn agus amach ón Téalainn. An fhaisnéis a sholáthair na cuideachtaí comhoibríocha sa Téalainn, comhthacaíonn sí leis an méid sin freisin. |
|
(52) |
Is é an Dingsheng Group a chuir amach allmhairí an táirge ar fad (níos mó ná 95 %) nach mór atá faoi imscrúdú ón Téalainn le linn na tréimhse tuairiscithe. Is éard atá i gceist leis na heintitis sa Téalainn táirgeoir onnmhairiúcháin amháin (Dingheng) agus trádálaí amháin (Thai Dingli) a mhaígh nach ndíolann siad leis an Aontas ach na táirgí a tháirg Dingheng. Is cuideachta é Dingheng atá faoi úinéireacht na Síne a bhunaigh saoráidí táirgthe sa Téalainn in 2018 agus a dhíol a chéad táirgí leis an Aontas sa chéad leath de 2019. Sa fhreagra ar an gceistneoir, luadh gur cheannaigh sé gach amhábhar (stoc scragaill) ó Dhaon-Phoblacht na Síne. |
|
(53) |
Maidir leis an méadú ar rollaí ollmhóra arna n-onnmhairiú ón Téalainn go dtí an tAontas, an laghdú comhthreomhar ar rollaí ollmhóra arna n-onnmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne go dtí an tAontas, agus an méadú ar onnmhairí stoic scragaill ó Dhaon-Phoblacht na Síne go dtí an Téalainn le linn na tréimhse céanna, is é atá iontu athrú ar an ngréasán trádála idir Daon-Phoblacht na Síne, an Téalainn agus an tAontas de réir bhrí Airteagal 13(1) den bhun-Rialachán. Is fíor sin go háirithe i gcás na gcuideachtaí comhoibríocha sa Téalainn a chuir tús le hamhábhair a allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne agus le rollaí ollmhóra a tháirgeadh agus a onnmhairiú chuig an Aontas den chéad uair tar éis leathnú na mbeart i ndiaidh an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin a rinneadh roimhe seo. |
2.4. Cineál na gcleachtas imchéimniúcháin nach raibh cúis chuí ná bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leo
|
(54) |
Ceanglaítear le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán go gcuirfear an t-athrú i bhfeidhm ar an ngréasán trádála ó chleachtas, próiseas nó obair nach bhfuil cúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach leis seachas forchur na dleachta. Áirítear coinsíneacht an táirge atá faoi réir na mbeart atá ann cheana trí thríú tíortha, agus cóimeáil páirteanna/oibríochtaí críochnaithe i dtríú tír i gcomhréir le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán sa chleachtas, sa phróiseas nó san obair. |
|
(55) |
Táirgeann Dingheng rollaí ollmhóra ó stoc scragaill. Is éard atá sa phróiseas táirgthe, de réir an iarrata ón gcuideachta ar dhíolúine, oibríochtaí amhail rollú, scoilteadh nó ainéaladh agus pacáistiú breise. Mheas an Coimisiún gur oibríochtaí sách beag iad na hoibríochtaí sin. |
|
(56) |
Mhaígh an Dingsheng Group nach mionoibríochtaí iad na hoibríochtaí thuasluaite, ós rud é go ndéantar próisis éagsúla ar an stoc scragaill a éilíonn meaisíní éagsúla sonracha agus d’áitigh sé gur tacaíodh a thuilleadh lena mhaíomh toisc gur féidir na táirgí a mhonaraigh an Dingheng a aicmiú faoi cheannteideal custaim difriúil i gcomparáid leis an ábhar ionchuir. |
|
(57) |
D’admhaigh an Coimisiún go gcuirtear roinnt próiseas i bhfeidhm ar an ábhar ionchuir sula ndíoltar é ina tháirge atá faoi imscrúdú ag an gcuideachta Dingheng. Ní féidir iad seo a mheas, áfach, ina móroibríochtaí. Ar a laghad, ní féidir nuair a chuirtear iad i gcomparáid leis an bpróiseas táirgthe a chuirtear i gcrích sula dtagann an t-ábhar ionchuir ar láithreán táirgthe na cuideachta Dingheng. Is éard atá i gceist leis an bpróiseas táirgthe stoc scragall alúmanaim ná leá tinní alúmanaim, teilgean, sábhadóireacht, feannadh, téamh, céimeanna éagsúla teorollta agus fuar-rollta agus ainéaladh. Dá bhrí sin, tá na céimeanna seo a leanas, ina raon feidhme féin, measartha beag i gcomparáid leis an méid sin chun stoc scragall a thiontú ina rollaí ollmhóra agus, mar a léirítear in aithris (82) thíos, tá luach measartha teoranta leis na céimeanna sin, arb é an critéar ábhartha é maidir leis seo. Ina theannta sin, ní féidir an t-athrú ar an gceannteideal custaim a mheas ina chruthúnas ar thionchar na n-oibríochtaí a chuirtear i gcrích ar an ábhar ionchuir. Go deimhin, luaitear go sainráite in Airteagal 13(1)(a) den bhun-Rialachán gur cleachtas imchéimniúcháin é ‘modhnú beag ar an táirge lena mbaineann ionas go bhfuil sé faoi réir cóid chustaim nach mbíonn faoi réir na mbeart de ghnáth’. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh a rinne an Dingsheng Group. |
|
(58) |
Mar a leagtar amach in aithris (34), is fochuideachta de chuideachta Shíneach í an Dingsheng Group, agus mar sin de, is cuid den Dingsheng Group faoi úinéireacht Shíneach í. Is iad atá sa ghrúpa sin, i measc cuideachtaí eile, cuideachtaí a tháirgeann scragall alúmanaim tí agus táirgí gaolmhara, a sholáthraíonn amhábhair don táirgeadh sin agus/nó a dhéanann na hamhábhair sin nó na táirgí críochnaithe sin a thrádáil. In imscrúduithe roimhe seo maidir le rollaí ollmhóra, fuarthas amach go raibh eintitis Shíneacha áirithe laistigh den Dingsheng Group ag onnmhairiú rollaí ollmhóra ar phraghsanna dumpáilte, (17) agus ag teacht timpeall ar na dleachtanna arna bhforchur leis na himscrúduithe bunaidh agus na himscrúduithe athbhreithniúcháin tríd an táirge a mhodhnú beagán (18). De réir an bhunachair sonraí 14(6), níor ghlac an táirgeoir onnmhairiúcháin Síneach ábhartha sa Dingsheng Group aon allmhairí ó rinneadh an t-imscrúdú frith-imchéimniúcháin roimhe sin, a tharla i gcomhthráth leis an uair a thosaigh an chuideachta Dingheng ag onnmhairiú chuig an Aontas ón Téalainn. Deimhníodh san fhaisnéis a chuir eintitis Shíneacha sa Dingsheng Group ar fáil nár chuir na cuideachtaí sin aon onnmhairí chuig an Aontas le linn na tréimhse sin. |
|
(59) |
Mhínigh an chuideachta Dingheng gurbh é an réasúnaíocht a bhí le tús a chur le táirgeadh rollaí ollmhóra sa Téalainn go mbeadh an Dingsheng Group i mbun gnó thar lear, i gcomhréir leis ‘its mission of globalization and transnational blueprint’[an misean atá aige maidir le domhandú agus le treoirphlean trasnáisiúnta]. Mar gheall ar liostú poiblí mháthairchuideachta Dingheng ar an stocmhalartán in 2018 cuireadh na cistí airgeadais riachtanacha ar fáil chun go raibh sí in ann leathnú isteach go dtí an Téalainn. Ina theannta sin, dá mbunófaí láithreán táirgthe sa Téalainn ligfeadh sé don ghrúpa rioscaí miotail a fhálú i margaí idirnáisiúnta, chun gur féidir amhábhair alúmanaim a cheannach ar phraghas LME seachas ar phraghas an mhargaidh Shanghai agus chun a ghnó a leathnú i margaí eile atá níos brabúsaí ná an i nDaon-Phoblacht na Síne. Mhínigh an chuideachta Dingheng freisin, cé go raibh rollaí ollmhóra ó stoc scragall alúmanaim á dtáirgeadh aige le linn na tréimhse imscrúdaithe, go raibh rún aige, de réir a phlean infheistíochta, líne theilgthe a bhunú a bheadh dírithe ar tháirgeadh ó thinní alúmanaim. A luaithe a bheadh an líne theilgthe i bhfeidhm, gheobhadh an chuideachta Dingheng foinse le haghaidh tinní alúmanaim ar fud an domhain agus chuirfeadh sé laghdú suntasach ar chéatadán na n-amhábhar Síneach, rud a mhaolódh an riosca do luaineacht amhábhar. |
|
(60) |
Thug an Coimisiún dá aire nár léirigh an staid rún na cuideachta mar a leagtar amach ina plean infheistíochta iad, an staid a bhí ann le linn na tréimhse tuairiscithe. Sa chleachtas, le linn na tréimhse tuairiscithe, d’aimsigh an chuideachta Dingheng a amhábhar go léir ó Dhaon-Phoblacht na Síne, agus tháirg sé na rollaí ollmhóra go léir ó stoc scragall alúmanaim allmhairithe. Thairis sin, chomhlánaigh an chuideachta Dingheng a tháirgeadh rollaí ollmhóra féin le rollaí ollmhóra a ceannaíodh óna chuideachtaí gaolmhara i nDaon-Phoblacht na Síne, toisc nár leor a tháirgeadh féin chun éileamh a chustaiméirí a shásamh le linn na tréimhse tuairiscithe. Cé gur sholáthair an chuideachta Dingheng cruthúnas a léiríonn go raibh an líne theilgthe bheartaithe á tógáil, níor críochnaíodh ná níor úsáideadh í le linn na tréimhse tuairiscithe. |
|
(61) |
Ina theannta sin, is tuarascáil staidéir indéantachta é plean infheistíochta na cuideachta i ndáiríre, ina ndearnadh anailís ar cé acu a bheadh nó nach mbeadh sé indéanta go heacnamaíoch acmhainneacht táirgeachta a chur le láithreán táirgthe na cuideachta Dingheng, trí líne theilgthe a chur leis, i measc rudaí eile. Is i Lúnasa 2019 a foilsíodh an tuarascáil, tar éis don chuideachta Dingheng tosú cheana féin ag táirgeadh rollaí ollmhóra ó stoc scragall alúmanaim allmhairithe. Ina theannta sin, luaitear sa tuarascáil go mbeadh amhábhair (tinní alúmanaim) á n-allmhairiú ó Dhaon-Phoblacht na Síne amach anseo freisin, rud a chuireann in aghaidh chás na cuideachta maidir le táirgeadh a bhunú lasmuigh de Dhaon-Phoblacht na Síne chun amhábhair a cheannach ar phraghas níos ísle. Go deimhin, cé go bhféadfadh an chuideachta tús a chur lena hamhábhair a cheannach lasmuigh de Dhaon-Phoblacht na Síne, ní raibh an Coimisiún in ann teacht ar chonclúidí maidir le staid anaithnid a bheadh ann amach anseo ar bhonn na bhfíoras atá ar fáil le linn na tréimhse tuairiscithe. |
|
(62) |
Ina theannta sin, ní fhéadfadh an chuideachta aon fhianaise a sholáthar maidir le cúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch le rollaí ollmhóra a onnmhairiú ón Téalainn chuig an Aontas seachas na pleananna nó na rúin réamhluaite le haghaidh infheistíochtaí nó táirgthe amach anseo. Is tar éis bhunú an láithreáin táirgthe sa Téalainn a cuireadh an tuarascáil indéantachta i láthair ina plean infheistíochta, agus ní féidir, dá bhrí sin, í a chur i láthair mar fhianaise ar bhonn cirt eacnamaíoch le rollaí ollmhóra a onnmhairiú ón Téalainn chuig an Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe. Ina theannta sin, léiríodh ó chuardach idirlín gur bhain an chuideachta Dingheng úsáid as seachaint íoca dleachtanna frithdhumpála chun cás a dhéanamh d’fhonn custaiméirí a mhealladh, a luaitear ar suíomh gréasáin amháin ‘We can provide you alu foil from our Thailand or Italy factory to avoid anti-dumping tax’ [Is féidir linn scragall alúmanaim ón monarcha sa Téalainn nó san Iodáil a sholáthar chun cáin frithdhumpála a sheachaint] (19). |
|
(63) |
Tar éis an nochta, chuir an Dingsheng Group tuarascáil ó 2018 (‘tuarascáil 2018’) isteach, inar maíodh gurbh é a bhí ann leagan tosaigh de thuarascáil staidéir indéantachta 2019 (‘tuarascáil 2019’). Chuir an Dingsheng Group in iúl go han-soiléir freisin gurb amhlaidh, cé gur tugadh tuarascáil staidéir indéantachta uirthi agus nár phlean infheistíochta í, go ndearna Bord Stiúrthóirí Phríomh-Scairshealbhóir an Dingsheng Group anailís air i gcomhthéacs infheistíocht na Téalainne a fhormheas. |
|
(64) |
Scrúdaigh an Coimisiún tuarascáil 2018 agus fuair sé amach, cé go bhfuil sí an-chosúil le tuarascáil 2019, go bhfuil sí i bhfad níos teoranta ó thaobh raon feidhme na ngníomhaíochtaí atá beartaithe. Cé nach luaitear i dtuarascáil 2018 ach muileann rollta agus go liostaítear inti trealamh réamh-mheasta lena n-áirítear innealra atá beartaithe le haghaidh rollta, tochraiste, scoilte agus ainéalta, agus lena n-aghaidh sin amháin, ar an taobh eile luaitear líne rollta agus theilgthe i dtuarascáil 2019. Is ríthábhachtach an líne theilgthe ós rud é, de réir na faisnéise a chuir an chuideachta isteach níos luaithe, go gcuirfeadh a bunú deireadh leis an ngá atá le stoc scragall a fháil ón tSín mar go mbeifí in ann stoic scragall a tháirgeadh sa Téalainn trí úsáid a bhaint as amhábhar (tinní alúmanaim) a gheofar ar fud an domhain (féach freisin aithris (59) thuas). |
|
(65) |
Mar a mhínítear in aithris (61) thuas, is tar éis bhunú láithreán táirgthe na cuideachta Dingheng a foilsíodh tuarascáil 2019. Mhaígh an Dingsheng Group, áfach, gurbh é a bhí i gceist le tuarascáil 2019 ‘nothing else than an integration and a revision of the First Plan which was prepared in 2018 and which could not be implemented by the Dingsheng Group’ [gurbh é a bhí i gceist le tuarascáil 2019 comhtháthú agus fís an Chéad Phlean, agus iad sin amháin, a ullmhaíodh in 2018 agus nárbh fhéidir leis an Dingsheng Group é a chur i bhfeidhm]. Ina theannta sin, mhaígh an Dingsheng Group gur moladh i dtuarascáil 2019 go laghdófaí an tionscadal tosaigh, lenar beartaíodh acmhainneacht táirgeachta de [40 000-60 000] tona in aghaidh na bliana seachas [50 000-70 000] tona in aghaidh na bliana. Mheas an Coimisiún, áfach, go raibh an maíomh sin mícheart ó thaobh fíoras de ós rud é go luaitear go sainráite i dtuarascáil 2019 i roinnt cásanna gurb é cuspóir na tuarascála acmhainneacht táirgthe bhreise [40 000-60 000] tona a sholáthar chun aschur bliantúil [90 000-130 000] tona a bhaint amach. Go deimhin, is é teideal na tuarascála ‘Add [40 000 – 60 000] tons of aluminum foil production capacity project’ [An Tionscadal chun acmhainneacht táirgeachta scragall alúmanaim bhreise [40 000 – 60 000] a chur ar fáil]. |
|
(66) |
Níor chuir an Dingsheng Group aon fhaisnéis ar fáil a léiríonn go raibh, tráth a foilsíodh tuarascáil 2018 agus a rinneadh an cinneadh infheistíochta, aon rún láithreán táirgthe a bhunú sa Téalainn nach dteastódh uaidh stoc scragall alúmanaim a allmhairiú ón tSín. Os a choinne sin, léiríonn an fhaisnéis a cuireadh ar fáil go raibh rún aige saoráid a bhunú chun rollaí ollmhóra a tháirgeadh ó stoc scragall allmhairithe trí mhionoibríochtaí a dhéanamh, agus tríd sin amháin. Go deimhin, léiríodh le linn na tréimhse tuairiscithe an staid maidir leis an tsaoráid táirgthe mar a bhí beartaithe i dtuarascáil 2018. Is in 2019 a foilsíodh an t-aon doiciméad a cuireadh ar fáil agus ina luaitear go bhféadfaí líne theilgthe a bhunú, agus bunaíodh saoráid táirgeachta na cuideachta Dingheng roimh 2019. |
|
(67) |
Mhaígh an Dingsheng Group freisin go luaitear i dTuarascáil 2019 nach féidir an tuiscint a bhaint as allmhairiú amhábhar (tinní alúmanaim) ón tSín, mar a luaitear in aithris (61) thuas), go bhfuil an bonn cirt eacnamaíoch ar iarraidh chun oibríochtaí a bhunú sa Téalainn. Sa chomhthéacs sin, rinne an Dingsheng Group tagairt d’fhaisnéis a cuireadh ar fáil don Choimisiún i bhfreagra maidir le heasnamh nuair a mhaígh sé go mbeadh sé ‘neamhloighciúil ó thaobh na heacnamaíochta de’ amhábhar a allmhairiú ón tSín, ós rud é go dtoibhítear cáin onnmhairiúcháin 30 % ar thinní alúmanaim ón tSín. Mhaígh an Dingsheng Group mar sin go bhfaighfí an t-amhábhar sin ó thíortha eile. Ina theannta sin, d’áitigh an Grúpa nuair a thabharfaí isteach an líne theilgthe atá beartaithe go gcuirfeadh sé deireadh leis an ngá le stoc scragall a cheannach ón tSín. |
|
(68) |
Mar sin féin, i dtuarascálacha 2018 agus 2019 araon luaitear aimsiú amhábhar ón tSín, cibé acu a bhaineann sé le stoc scragall nó a bhaineann sé le tinní. Níor luadh an cháin onnmhairiúcháin 30 % ar thinní ón tSín áit ar bith sa tuarascáil, cé go raibh cáin (nó cáin dá samhail) ann cheana féin, más fíor, tráth na staidéar sin. Ina theannta sin, ní leor an táirgeadh stoic scragall alúmanaim atá beartaithe laistigh de láithreán táirgthe na cuideachta Dingheng chun an táirgeadh scragall alúmanaim atá beartaithe a chumhdach. Go deimhin, deirtear i dtuarascáil 2019 ‘The annual production of aluminum foil blanks requires [70 000 – 90 000]t, part of which is produced by the newly-built casting and rolling workshop, and the rest is imported from China.’ [Éilíonn an táirgeadh crotán scragall alúmanaim [70 000-90 000]t, ar táirgtear cuid díobh sin sa cheárta nuathógtha le haghaidh teilgthe agus rollta, agus allmhairítear an chuid eile ón tSín.] |
|
(69) |
Cibé acu a sholáthróidh an chuideachta Dingheng amhábhar ón tSín amach anseo nó ó thíortha eile amach anseo agus cibé acu a bheadh na roghanna sin loighciúil nó nach mbeadh ó thaobh na heacnamaíochta de, níl sé ríthábhachtach don imscrúdú seo i gcás ar bith. Ní mór don Choimisiún a chonclúidí a bhunú ar na fíorais agus ar na figiúirí a bhaineann leis an tréimhse imscrúdaithe. Mar a luaitear cheana in aithris (61) thuas, ní féidir teacht ar chonclúidí maidir le staid anaithnid amach anseo bunaithe ar na fíorais atá ar fáil le linn na tréimhse tuairiscithe. |
|
(70) |
D’áitigh an Dingsheng Group freisin go ndéantar fógrán ina luaitear seachaint dleachtanna frithdhumpála chun custaiméirí a mhealladh (féach aithris (62) thuas), fógrán ann féin, ‘subsequent to corporate business decisions’ [tar éis cinntí maidir le gnó corparáideach] agus ‘a mere statement of facts’ [ráiteas simplí faoi fhíorais]. Ní féidir leis, dá bhrí sin, ‘shed any light in relation to the alleged lack of economic justification’ [léargas ar bith a thabhairt ar an easnamh boinn cirt eacnamaíoch a líomhnaítear atá ann]. Tá an ceart ag an Dingsheng Group á rá nach féidir breathnú ar an bhfógrán ann féin mar chruthúnas cinntitheach don chúis ar bunaíodh saoráid táirgthe sa Téalainn. Tugann sé le fios, áfach, go raibh ról ag seachaint dleachtanna frithdhumpála sna cinntí eacnamaíocha (margaíocht) a rinne an Dingsheng Group. Cinntí, mar shampla, maidir le conas a áirithiú go gceannóidh cliaint a d’fhéadfadh a bheith ann táirgí de chuid an Dingsheng Group ó aon cheann dá láithreáin táirgthe. Ní dhearnadh aon chás eile maidir le cliaint a roghnóidh an láithreán táirgthe Téalannach ina sholáthróir dóibh féin, agus cáilíocht nó praghas an táirge á gcur san áireamh, seachas na láithreáin táirgthe eile. Níor luadh san fhógrán, a baineadh den suíomh gréasáin tar éis an nochta, seachaint na ndleachtanna frithdhumpála, agus sin amháin. |
|
(71) |
Ina theannta sin, rinne an Dingsheng Group cás láidir maidir le cúis chuí nó bonn cirt eacnamaíoch lena chuid oibríochtaí a leathnú ón tSín go dtí an Téalainn in 2018. Ar na fáthanna sin bhí an cumas chun cur leis an acmhainneacht táirgeachta, rialacháin bhoga na Téalainne maidir leis an gcomhshaol, an gá atá le láithreacht a bhunú ar mhargaí eile ó tharla go bhfuil margadh scragall na Síne plúchta, agus an gá le teacht slán as luaineachtaí a bhí ann le déanaí i margaí todhchaíochtaí alúmanaim. Mar sin féin, mar a d’admhaigh an Dingsheng Group féin, ní mhíníonn an cás sin staid reatha na táirgeachta agus d’fhéadfadh sé a bheith ábhartha don staid amach anseo amháin, nuair a thosóidh an chuideachta Dingheng, más fíor, ag táirgeadh rollaí ollmhóra ó thinní alúmanaim a fuarthas ar fud an domhain. |
|
(72) |
Ar deireadh, mhaígh an Dingsheng Group nár cheart don Choimisiún a anailís a bhunú ar staid shealadach ach an staid a bheidh ann amach anseo a chur san áireamh freisin. Mar sin féin, mar a luaitear cheana in aithris (69) thuas, tá oibleagáid dlíthiúil ar an gCoimisiún a anailís a bhunú ar fhíorais agus ar fhigiúirí a bhaineann leis an tréimhse imscrúdaithe. Léiríodh leis na fíorais sin gur tháirg an chuideachta Dingheng rollaí ollmhóra ó stoc scragall a allmhairíodh ón tSín agus gur dhíol siad iad sin le custaiméirí idirnáisiúnta den chuid is mó. Go dtí 2019, tar éis bhunú an láithreáin táirgthe, ba é an chéad uair a luadh go n-athrófaí an próiseas táirgthe sa Téalainn agus líne theilgthe a chur leis an láithreán táirgthe. Dá bhrí sin, tá an chuid is mó de na cúiseanna réamhluaite le láithreacht a bhunú lasmuigh den tSín fós le teacht i gcrích agus ní féidir glacadh leo mar bhonn cirt eacnamaíoch leis an láithreán táirgthe atá ann faoi láthair sa Téalainn a bhunú. |
|
(73) |
I bhfianaise an mhéid thuas, diúltaíodh do na maímh a chuir an Dingsheng Group ar aghaidh. Níor léiríodh san imscrúdú cúis chuí leordhóthanach nó bonn cirt eacnamaíoch le láithreán táirgthe a bhunú sa Téalainn mar a thuairiscítear thuas, seachas chun íoc na ndleachtanna frithdhumpála atá i bhfeidhm faoi láthair a sheachaint. (20) |
2.5. Oibríochtaí a thosú nó a mhéadú go substaintiúil
|
(74) |
Ceanglaítear le hAirteagal 13(2) den bhun-Rialachán an oibríocht chóimeála a bheith tosaithe nó méadú substaintiúil a bheith tagtha uirthi ón tráth a cuireadh tús leis an imscrúdú frithdhumpála, nó go díreach roimhe, agus is ón tír atá faoi réir na mbeart frithdhumpála na páirteanna ábhartha. |
|
(75) |
Cé nach raibh an fhaisnéis a chuir na cuideachtaí ar fáil foirfe ar gach slí, an fhaisnéis san iarraidh ar dhíolúine agus sa dá fhreagra ina dhiaidh sin ar litreacha maidir le heasnamh, mheas an Coimisiún gur leor an fhaisnéis chun a chinneadh ar comhlíonadh critéir Airteagal 13. |
|
(76) |
Mar a léirítear i dTábla 2, bhí líon diomaibhseach rollaí ollmhóra ón Téalainn in 2016 agus 2017. Tar éis na dleachtanna frithdhumpála a leathnú chuig an táirge atá modhnaithe beagán ó Dhaon-Phoblacht na Síne san imscrúdú frith-imchéimniúcháin a rinneadh roimhe seo in 2017, thosaigh allmhairí ón Téalainn ag méadú go suntasach in 2018 agus tháinig méadú faoi dhó ar an méid gach bliain ó shin. Mar a luaitear thuas, tháinig níos mó ná 95 % de na hallmhairí rollaí ollmhóra go léir le linn na tréimhse tuairiscithe ón gcuideachta Dingheng agus Thai Dingli, a bunaíodh in 2018. |
|
(77) |
Tar éis an nochta, mhaígh an Dingsheng Group go raibh an Coimisiún mícheart ó thaobh fíoras de a dhearbhú gur tháinig méadú ar allmhairí ón Téalainn in 2018, agus gur ón gcuideachta Dingheng agus ó Thai Dingli a tháinig breis agus 95 % de na hallmhairí rollaí ollmhór go léir le linn na tréimhse tuairiscithe. De réir an Dingsheng Group, níor chuir an chuideachta Dingheng tús le táirgeadh tráchtála ach in 2019 agus ní féidir leis a bheith freagrach as 95 % de na hallmhairí in 2018. |
|
(78) |
Thug an Coimisiún dá aire go raibh an maíomh a rinne an Dingsheng Group bunaithe ar léirmhíniú mícheart ar an méid a luaitear thuas in aithris (76). Is iad an chuideachta Dingheng agus Thai Dingli a rinne 95 % de na hallmhairí le linn na tréimhse tuairiscithe, is é sin ón 1 Iúil 2019 go dtí an 30 Meitheamh 2020 seachas in 2018. Le linn na tréimhse tuairiscithe, mar a léiríodh san iarraidh ar dhíolúine agus mar a dhearbhaigh an Dingsheng Group ina aighneacht, d’onnmhairigh an chuideachta Dingheng agus Thai Dingli rollaí ollmhóra chuig an Aontas. Léirigh na sonraí atá ar fáil don Choimisiún ón iarraidh, ó na bunachair sonraí staitisticiúla agus ón bhfaisnéis arna soláthar ag an Dingsheng Group féin, nach féidir le cuideachtaí eile a bheith freagrach as níos mó ná 5 % d’allmhairí a thabhairt isteach san Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe. Diúltaíodh, dá bhrí sin, don mhaíomh. |
|
(79) |
Fiú nuair a bhítear ag glacadh leis gur onnmhairíodh rollaí ollmhóra a tháirg an chuideachta Dingheng féin, agus iad sin amháin, chuig an Aontas le linn na tréimhse tuairiscithe (seachas na rollaí ollmhór a ceannaíodh ó Dhaon-Phoblacht na Síne), de réir na faisnéise a chuir an chuideachta Dingheng ar fáil, ceannaíodh 100 % de na hamhábhair go léir (stoc scragall alúmanaim) ó chuideachtaí Síneacha (gaolmhara agus neamhghaolmhara). Dá brí sin, mheas an Coimisiún sa deireadh gur cuireadh tús leis an oibríocht chóimeála ó thionscnamh an imscrúdaithe frithdhumpála, agus is ón tír atá faoi réir na mbeart na páirteanna ábhartha; |
2.6. Luach na bpáirteanna agus an breisluach
|
(80) |
Luaitear in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán, a mhéid a bhaineann le hoibríochtaí cóimeála, coinníoll eile maidir le himchéimniúchán a bhunú, is é sin an choinníoll go gcuimsíonn na páirteanna (de thionscnamh na Síne, sa chás seo) 60 % nó níos mó de luach iomlán pháirteanna an táirge chóimeáilte agus gur lú breisluach na bpáirteanna sin a tugadh isteach, le linn na hoibríochta cóimeála nó cur i gcrích, ná 25 % den chostas monaraíochta. |
|
(81) |
Mar a luaitear in aithris (79), tháirg an chuideachta Dingheng rollaí ollmhóra a díoladh leis an Aontas ó amhábhair a ceannaíodh 100 % i nDaon-Phoblacht na Síne, rud a bhí i bhfad os cionn tairseach 60 % de luach iomlán na bpáirteanna. Dá bhrí sin, measadh sa deireadh gur comhlíonadh an chéad chritéar a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán. |
|
(82) |
Chun an tástáil maidir le 25 % a chur i gcrích, cinneadh gurb é an luach a cuireadh leis na páirteanna a tugadh isteach suim na gcostas saothair agus na bhforchostas monarchan arna dtabhú ag an gcóimeálaí i ndáil leis na páirteanna sin. Níor cuireadh costais díola, costais ghinearálta agus costais riaracháin, chomh maith le brabús, san áireamh chun críoch an ríomha seo. Sloinneadh an breisluach a bunaíodh ar an gcaoi sin mar chéatadán den chostas monaraíochta arb é luach na bpáirteanna go léir é, bunaithe ar phraghsanna na bpáirteanna sin atá ar neamhthuilleamaí lena gcuimsítear seachadadh na bpáirteanna chuig an monarcha, móide an luach a chuirtear leis na páirteanna le linn na hoibríochta cóimeála nó cur i gcrích. Fuarthas amach go raibh an meánluach a cuireadh leis na páirteanna a bunaíodh ar an gcaoi sin le linn na tréimhse tuairiscithe go mór faoi bhun na tairsí 25 % a leagtar síos in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán. Dá bhrí sin, measadh sa deireadh gur comhlíonadh an dara critéar freisin a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) den bhun-Rialachán. |
2.7. An bonn a bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta
|
(83) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún ar bhain allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú, i dtéarmaí cainníochtaí agus praghsanna araon, an bonn ó éifeachtaí ceartaitheacha na mbeart atá i bhfeidhm faoi láthair. |
|
(84) |
Tháinig méadú suntasach ar líon na rollaí ollmhóra ón Téalainn, mar a mhínítear in aithrisí (44) agus (45) thuas. Tháinig méadú ar na hallmhairí sin ó mhéid níos lú ná 1 % de mhéid iomlán allmhairí na rollaí ollmhóra in 2016 go beagnach 9 % le linn na tréimhse tuairiscithe. I gcomparáid leis sin, tháinig laghdú ar na hallmhairí ó chuideachtaí Síneacha nár díolmhaíodh le linn an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin deiridh, ó 13 % in 2016 go dtí méid níos lú ná 1 % le linn na tréimhse tuairiscithe. |
|
(85) |
Maidir le praghsanna, rinne an Coimisiún comparáid idir an meánphraghas neamhdhíobhálach mar a socraíodh san athbhreithniú éaga (21) roimhe sin agus na meánphraghsanna ualaithe CAL onnmhairiúcháin arna gcinneadh ar bhonn na faisnéise arna soláthar ag an táirgeoir comhoibríoch, arna gcoigeartú mar is cuí chun dleachtanna custaim traidisiúnta agus costais iar-imréitigh a chur san áireamh. Léirigh an chomparáid praghsanna sin gurb ann do ghanndíol 49 % agus sladghearradh 40 %. |
|
(86) |
Tháinig an Coimisiún ar an gconclúid gur baineadh an bonn de na bearta atá ann cheana i dtéarmaí cainníochtaí agus praghsanna mar gheall ar na hallmhairí ón Téalainn a bhí faoi réir an imscrúdaithe seo. |
|
(87) |
Tar éis an nochta, d’áitigh an Dingsheng Group nár cuireadh dóthain faisnéise ar fáil dó chun cruinneas na ríomhanna a fhíorú, ós rud é nár nochtadh an praghas neamhdhíobhálach agus an spriocleibhéal brabúis chun leibhéil ghearrdíola agus shladghearrtha a ríomh. |
|
(88) |
Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin agus mheas sé gur leor an fhaisnéis a nochtadh don Dingsheng Group chun go bhféadfadh sé barúil éifeachtach a thabhairt ar thorthaí an Choimisiúin mar a leagtar amach iad sna doiciméid maidir le nochtadh. Maidir leis sin, thug an Coimisiún dá aire go bhfuil an anailís a rinneadh in imscrúduithe frith-imchéimniúcháin teoranta chun a chruthú an bhfuil an bonn á bhaint d’éifeachtaí ceartaitheacha na dleachta i dtéarmaí praghsanna agus/nó cainníochtaí. Déantar an anailís sin trí úsáid a bhaint as an bhfaisnéis ar an leibhéal praghsanna neamh-dhíobhálacha ón imscrúdú roimhe sin, in casu an t-imscrúdú athbhreithniúcháin. Cuireadh an leibhéal praghsanna neamh-dhíobhálacha ar fáil don Dingsheng Group i nochtadh sonrach an 24 Meitheamh 2021, agus ba de réir raonta a cuireadh i láthair é. Ón bhfaisnéis a cuireadh ar fáil sa nochtadh sonrach, d’fhéadfaí a chinneadh go héasca freisin gurbh é 6 % an spriocbhrabús a úsáideadh. Measadh, dá bhrí sin, gur leor an fhaisnéis a cuireadh ar fáil chun cruinneas agus leordhóthanacht ríomhanna an Choimisiúin a fhíorú. Ina theannta sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil cuideachta chomhoibritheach amháin san imscrúdú athbhreithniúcháin ina cuid den Dingsheng Group freisin, agus dá bhrí sin cuireadh níos mó sonraí ar fáil don Group ag an bpointe sin. Dá bhrí sin, diúltaíodh do na maímh sin. |
2.8. Fianaise ar dhumpáil
|
(89) |
I gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, scrúdaigh an Coimisiún freisin féachaint an raibh fianaise ar dhumpáil ann i ndáil leis na gnáthluachanna a bunaíodh roimhe sin le haghaidh an táirge chomhchosúil. |
|
(90) |
Chuige sin, cinneadh praghsanna onnmhairiúcháin an táirgeora onnmhairiúcháin chomhoibrithigh mar a thuairiscítear in aithris (85) thuas agus i gcomparáid leis na gnáthluachanna a bunaíodh le linn an athbhreithnithe éaga dheireanaigh (le haghaidh an táirge chomhchosúil bunaidh) agus leis an imscrúdú frith-imchéimniúcháin (le haghaidh an táirge atá modhnaithe beagán), agus arna gcoigeartú go cuí do luaineachtaí Mhalartán Miotail Londan (LME). I gcomhréir leis na ríomhanna a rinneadh san athbhreithniú éaga deireanach agus san imscrúdú frith-imchéimniúcháin a rinneadh roimhe seo, níor mhór an coigeartú sin a dhéanamh toisc go dtagraíonn praghsanna táirgí alúmanaim do luaineachtaí praghsanna an amhábhair bhunúsaigh, alúmanam príomhúil. Meastar gurb iad praghsanna LME an tagarmharc domhanda le haghaidh alúmanam príomhúil. |
|
(91) |
Tar éis an nochta, mhaígh an Dingsheng Group go raibh an coigeartú LME mícheart. De réir an choigeartaithe sin, ba cheart an coigeartú suas a bheith ina choigeartú anuas, ós rud é gur tháinig laghdú ar an bpraghas LME idir an t-imscrúdú athbhreithniúcháin agus an tréimhse tuairiscithe. |
|
(92) |
Mar a cheanglaítear le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, bunaíodh na ríomhanna ar na gnáthluachanna a bunaíodh roimhe sin le haghaidh an táirge chomhchosúil. Áirítear leis sin na luachanna LME a úsáideadh tráth na n-imscrúduithe sin. Níl na luachanna LME le haghaidh na tréimhse imscrúdaithe athbhreithnithe atá luaite ag an Dingsheng Group ina n-aighneacht ag teacht leis na luachanna arna n-úsáid in imscrúduithe roimhe seo agus dá bhrí sin ní féidir iad a úsáid mar bhonn comparáide. Trí na luachanna a bunaíodh sna himscrúduithe roimhe seo a úsáid agus iad a chur i gcomparáid leis na sonraí LME ón bhfoinse sonraí chéanna a úsáideadh ar dtús (Bloomberg) le haghaidh na tréimhse tuairiscithe i.e. an mhodheolaíocht chéanna a úsáideadh sna himscrúduithe roimhe seo a chur i bhfeidhm, léiríodh leis sin go raibh an coigeartú suas a rinne an Coimisiún cruinn. Dhiúltaigh an Coimisiún don mhaíomh sin dá bhrí sin. |
|
(93) |
Tar éis an nochta, d’iarr dhá allmhaireoir neamhghaolmhara de chuid an Aontais ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh an bhfuil rollaí ollmhóra á ndumpáil fós, agus ar choinníoll go mbeadh roinnt faisnéise ann maidir le praghsanna reatha allmhairí rollaí ollmhóra ó Dhaon-Phoblacht na Síne atá á n-allmhairiú isteach sa Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, bhí anailís an Choimisiúin teoranta don fhaisnéis a bhain leis na tréimhsí imscrúdaithe agus tuairiscithe, seachas teoranta d’fhaisnéis a bhaineann le tréimhse ina dhiaidh sin, mar is léir ó Airteagal 6(1) den bhun-Rialachán. Ina theannta sin, an fhaisnéis a chuir na hallmhaireoirí neamhghaolmhara ar fáil, baineann sí le praghsanna reatha allmhairiúcháin ó Dhaon-Phoblacht na Síne, nach í an tír lena mbaineann í, de tháirgí atá á n-allmhairiú isteach sa Ríocht Aontaithe, nach Ballstát den Aontas í. Dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh sin dá bhrí sin. |
|
(94) |
Léiríonn an chomparáid idir gnáthluachanna agus praghsanna onnmhairiúcháin ar leibhéal an chineáil táirge gur allmhairigh na cuideachtaí comhoibríocha rollaí ollmhóra ar phraghsanna dumpáilte le linn na tréimhse tuairiscithe. |
3. IARRATAÍ AR DHÍOLÚINTÍ
|
(95) |
D’iarr táirgeoir onnmhairiúcháin amháin sa Téalainn díolúine ó na bearta a d’fhéadfaí a leathnú i gcomhréir le hAirteagal 13(4) den bhun-Rialachán agus chuir sé freagra ar cheistneoir isteach. |
|
(96) |
Mar a leagtar amach thuas, áfach, deimhníodh san imscrúdú go ndeachaigh an táirgeoir sin timpeall ar na bearta atá i bhfeidhm. Dá bhrí sin, rinneadh cinneadh diúltú don iarraidh. |
4. BEARTA
|
(97) |
Ar bhonn na dtorthaí thuas, mheas an Coimisiún ar deireadh go bhfuiltear ag dul timpeall ar an dleacht frithdhumpála a fhorchuirtear ar allmhairí rollaí ollmhóra de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne trí allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú a choinsínítear ón Téalainn. Ós rud é gur mó ná 95 % d’allmhairí iomlána an táirge atá faoi imscrúdú onnmhairí na cuideachta comhoibríche agus ós rud é nár chomhoibrigh aon táirgeoir onnmhairiúcháin eile, baineann an chonclúid sin leis an tír ar fad. |
|
(98) |
Dá bhrí sin, i gcomhréir le hAirteagal 13(1) den bhun-Rialachán, ba cheart na bearta frithdhumpála atá i bhfeidhm a leathnú chuig allmhairí an táirge atá faoi imscrúdú. |
|
(99) |
De bhun Airteagal 13(1), an dara mír den bhun-Rialachán, ba cheart an beart atá le leathnú a bheith ina bheart arna bhunú in Airteagal 1(2) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384 i gcomhair ‘gach cuideachta eile’ agus ar fadaíodh é roimhe sin le hAirteagal 1 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271, ar dleacht frithdhumpála chinntitheach í de 30 % is infheidhme maidir leis an nglanphraghas, saor ag teorainn an Aontais, roimh an dleacht chustaim. |
|
(100) |
De bhun Airteagal 13(3) den bhun-Rialachán, lena bhforáiltear gur cheart feidhm a bheith ag aon bheart leathnaithe maidir le hallmhairí a tháinig isteach san Aontas faoi chlárú arna bhforchur ag an Rialachán tionscnaimh, tá dleachtanna le bailiú i leith na n-allmhairí cláraithe sin den táirge atá faoi imscrúdú. |
|
(101) |
Mar a mhínítear in aithris (39) thuas, san imscrúdú frith-imchéimniúcháin a rinneadh roimhe seo leagadh síos sásra úsáide deiridh a raibh de chuspóir aige an deis a thabhairt d’fhíor-allmhaireoirí scragaill tiontaire alúmanaim díolúine a iarraidh ó na dleachtanna frithdhumpála a íoc. D’áitigh TPL, allmhaireoir neamhghaolmhar scragaill tiontaire alúmanaim, dá gcuirfí de cheangal ar fhíor-allmhaireoirí scragaill tiontaire alúmanaim san imscrúdú seo an nós imeachta úsáide deiridh sin a chomhlíonadh go gcuirfeadh sin na hallmhaireoirí sin faoi mhíbhuntáiste pionóis, allmhaireoirí táirge a thiteann lasmuigh de raon feidhme an imscrúdaithe. I ndáil leis sin, léirigh TPL gur cruthaíodh le déanaí cóid shonracha TARIC le haghaidh scragall tiontaire, a cruthaíodh tar éis an imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin a rinneadh roimhe seo. |
|
(102) |
Mar sin féin, cinneadh faoi nós imeachta úsáide deiridh a bheith i bhfeidhm chun rollaí ollmhóra a allmhairiú ón Téalainn, ní thagann sé faoi raon an imscrúdaithe seo. Is é is cuspóir don imscrúdú frith-imchéimniúcháin seo a chinneadh an ndéanfar nó nach ndéanfar na bearta atá i bhfeidhm a leathnú chun allmhairí an táirge chomhchosúil ón Téalainn a chur san áireamh. Ní féidir leis an imscrúdú leibhéal ná foirm na mbeart a athrú, agus dá bhrí sin ní féidir leis athrú a dhéanamh ar an nós imeachta úsáide deiridh a bheith ann. |
|
(103) |
Ar aon chuma, an fhéidearthacht idirdhealú a dhéanamh idir scragall tiontaire agus scragall tí, tá sin ag brath fós ar an dearbhú maidir lena úsáid deiridh ag an allmhaireoir lena mbaineann, fiú má tá cóid TARIC shonracha ann faoi láthair le haghaidh scragall tiontaire. Sa tuairisc ar chód TARIC 7607111960, mar shampla, áirítear an fhoclaíocht ‘le haghaidh úsáidí eile seachas scragall alúmanaim tí’. Maidir le hallmhairí faoin gcód sin, a cruthaíodh go sonrach chun scragall tiontaire a áireamh, tá siad faoi réir forálacha úsáide deiridh ionas gur féidir na hallmhairí a dhearbhú faoin gcód sin. Dá bhrí sin, nuair a cruthaíodh cóid shonracha le haghaidh scragall tiontaire agus scragall tí, níor cuireadh deireadh leis an ngá atá leis an nós imeachta úsáide deiridh. Is cosúil, mar sin, go bhfuil gá fós leis na nósanna imeachta úsáide deiridh atá ann cheana. |
|
(104) |
Tar éis an nochta, d’athdhearbhaigh TPL a iarraidh gan an nós imeachta úsáide deiridh a bunaíodh san imscrúdú frith-imchéimniúcháin a bhí ann roimhe seo a leathnú. De réir TPL, ní gá an nós imeachta úsáide deiridh ós rud é nár bunaíodh é ach chun a áirithiú go raibh allmhaireoirí scragaill tiontaire ag allmhairiú fíorscragall tiontaire agus nach raibh siad ag allmhairiú scragall tí alúmanaim a bhí modhnaithe beagán. D’áitigh TPL nach gá an t-idirdhealú sin a dhéanamh san imscrúdú seo, ós rud é gurb é an cheist atá idir lámha anois an cinneadh maidir le cé acu de thionscnamh na Téalainne nó de thionscnamh na Síne atá an táirge á onnmhairiú ón Téalainn. |
|
(105) |
Níor chomhaontaigh an Coimisiún leis an áitiú sin. Chun na bearta frithdhumpála a leathnú, is minic a bhíonn síneadh á chur leis an nós imeachta úsáide deiridh a bunaíodh roimhe seo freisin. Ós rud é nach beart é an nós imeachta úsáide deiridh ach nós imeachta speisialta custaim, mar a áitíonn TPL, ní bhaineann sé sin an bonn den fíoras go ndearnadh cur i bhfeidhm na mbeart san imscrúdú frith-imchéimniúcháin roimhe seo a chomhcheangal go sainráite leis an nós imeachta úsáide deiridh sin. Ina theannta sin, ós rud é go raibh an táirge a bhí modhnaithe beagán á chur san áireamh san imscrúdú seo, tá an difreáil idir scragall tiontaire agus scragall tí ábhartha i gcónaí, agus maidir le táirgí a allmhairítear ón Téalainn freisin. Mar a mhínítear in aithris (103), braitheann an difríocht idir an dá chineál táirge fós ar an úsáid deiridh atá dearbhaithe ag an allmhaireoir. Is fíor-riachtanach an ghné é an dearbhú sin chun a chinneadh an féidir an táirge a allmhairiú faoin gcód TARIC sonrach le haghaidh scragall tiontaire, nó faoi cheann de chóid TARIC le haghaidh scragall tí alúmanaim. Dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh a rinne TPL dá bhrí sin. |
|
(106) |
Tar éis an nochta, chuir dhá allmhaireoir neamhghaolmhara de chuid an Aontais fianaise ar fáil maidir le méadú a tháinig le déanaí ar chostas na n-amhábhar agus na gcostas comhshó a bhíonn ar mhonaróirí scragaill tí san Aontas, agus d’iarr siad go ndéanfaí leas táirgeoirí rollaí ollmhóra san Aontas a gcur i gcothromaíocht le leas táirgeoirí an Aontais a tháirgeann scragall tí agus custaiméirí deiridh san Aontas. Mar sin féin, bhain na sonraí a sholáthair na hallmhaireoirí sin de chuid an Aontais leis an tréimhse tar éis thréimhse imscrúdaithe an imscrúdaithe seo agus níor cuireadh san áireamh iad dá bhrí sin. Ina theannta sin, ní thagann anailís ar éifeacht na mbeart faoi raon feidhme imscrúdaithe frith-imchéimniúcháin, atá teoranta do chinneadh an bhfuil an bonn á bhaint d’éifeacht cheartaitheach na mbeart bunaidh ag na cleachtais imchéimniúcháin. Féadfar anailís iomlán, lena n-áirítear éifeacht na mbeart ar leas an Aontais, a dhéanamh i gcineálacha eile imscrúduithe, mar sin féin, amhail athbhreithnithe eatramhacha nó athbhreithnithe éaga (22). Dhiúltaigh an Coimisiún don iarraidh sin dá bhrí sin. |
5. NOCHTADH
|
(107) |
An 24 Meitheamh 2021, chuir an Coimisiún na fíorais agus na breithnithe fíor-riachtanacha as ar eascair na conclúidí thuas in iúl do na páirtithe leasmhara uile agus d’iarr sé orthu a mbarúlacha a thabhairt. Fuarthas barúlacha ón táirgeoir comhoibríoch sa Téalainn, dhá allmhaireoir neamhghaolmhara san Aontas agus allmhaireoir neamhghaolmhar amháin san Eilvéis, TPL. Cuireadh san áireamh na barúlacha i scríbhinn a chuir na páirtithe isteach i gcás inarb iomchuí mar a thuairiscítear sa mhéid sin roimhe seo. |
|
(108) |
Na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo, tá siad i gcomhréir le tuairim an Choiste arna bunú le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2016/1036. |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
1. Déantar an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena gcuirtear deireadh leis na himeachtaí maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh na Brasaíle tar éis athbhreithniú éaga faoi Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle, agus arna leathnú ag Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 an 16 Feabhra 2017 ón gCoimisiún chuig allmhairí scragall alúmanaim áirithe atá modhnaithe beagán, a leathnú go dtí na hallmhairí seo:
|
— |
scragall alúmanaim nach lú ná 0,008 mm agus nach mó ná 0,018 mm ar tiús, gan aon chúl air sin, agus gan aon saoirsiú thairis sin ná rollta, i rollaí nach mó ná 650 mm ar leithead agus ar mó a meáchan ná 10 kg. |
|
— |
scragall alúmanaim nach lú ná 0,007 mm agus ar lú ná 0,008 mm ar tiús, beag beann ar leithead na rollaí, bídís ainlithe nó ná bídís. |
|
— |
scragall alúmanaim nach lú ná 0,008 mm agus nach mó ná 0,018 mm ar tiús agus i rollaí ar mó ná 650 mm ar leithead, bídís ainlithe nó ná bídís. |
|
— |
scragall alúmanaim ar mó ná 0,018 mm agus ar lú é ná 0,021 mm ar tiús, beag beann ar leithead na rollaí, bídís ainlithe nó ná bídís. |
|
— |
scragall alúmanaim nach lú ná 0,021 mm agus nach mó ná 0,045 mm ar tiús, nuair a chuirtear dhá shraith ar a laghad ann, beag beann ar leithead na rollaí, bídís ainlithe nó ná bídís. |
táirgí a thagann faoi láthair faoi chóid AC ex 7607 11 19 (cóid TARIC 7607111910, 7607111930, 7607111940, 7607111950) agus ex 7607 11 90 (cóid TARIC 7607119044, 7607119046, 7607119071, 7607119072) agus a choinsínítear ón Téalainn, cé acu a dhearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téalainne nó nach dearbhaítear (cód breise TARIC C601).
2. Déanfar an táirge a thuairiscítear i mír 1 den Airteagal seo a dhíolmhú ón dleacht frithdhumpála chinntitheach más rud é gur le haghaidh úsáidí eile seachas scragall tí a allmhairítear é. Beidh díolúine faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos i bhforálacha custaim an Aontais maidir leis an nós imeachta úsáide deiridh, go háirithe Airteagal 254 de Chód Custaim an Aontais.
3. Déanfar an dleacht a leathnaítear le mír 1 den Airteagal seo a bhailiú ar allmhairí a choinsínítear ón Téalainn, cé acu a dhearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téalainne nó nach dearbhaítear, agus iad cláraithe i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2162 agus Airteagal 13(3) agus Airteagal 14(5) de Rialachán (AE) 2016/1036, le díolúine uathu siúd ar féidir leo a léiriú gur úsáideadh iad le haghaidh úsáidí eile seachas scragall tí i gcomhréir le mír 2.
4. Is é méid na ndleachtanna frithdhumpála atá le bailiú go cúlghabhálach an méid a thagann as an dleacht frithdhumpála 30,0 % is infheidhme maidir le ‘gach cuideachta eile’ a chur i bhfeidhm.
5. Mura sonraítear a mhalairt, beidh feidhm ag na forálacha atá i bhfeidhm maidir le dleachtanna custaim.
Airteagal 2
Ordaítear leis seo do na húdaráis chustaim scor de chlárú na n-allmhairí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2162.
Airteagal 3
Diúltaítear don iarraidh ar dhíolúine a chuir Dingheng New Materials Co., Ltd. isteach.
Airteagal 4
1. Déanfar iarrataí ar dhíolúine ón dleacht arna leathnú le hAirteagal 1 i scríbhinn i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus ní mór do dhuine atá údaraithe chun ionadaíocht a dhéanamh ar an eintiteas atá ag iarraidh na díolúine na hiarrataí a shíniú. Ní mór an iarraidh a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:
|
Commission européenne/Europese Commissie |
|
Direction générale du commerce/Directoraat-generaal Handel |
|
Direction/Directoraat G: |
|
CHAR 04/39 |
|
1049 Bruxelles/Brussel |
|
BELGIQUE/BELGIË |
2. I gcomhréir le hAirteagal 13(4) de Rialachán (AE) 2016/1036, féadfaidh an Coimisiún, trí chinneadh, díolúine allmhairí ó chuideachtaí nach dtéann timpeall ar na bearta frithdhumpála arna bhforchur le Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384 agus (AE) 2017/271, a údarú ón dleacht a leathnaítear le hAirteagal 1.
Airteagal 5
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 14 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 176, 30.6.2016, lch. 21.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 925/2009 ón gComhairle an 24 Meán Fómhair 2009 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh na hAirméine, na Brasaíle agus Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 262, 6.10.2009, lch. 1).
(3) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne agus lena gcuirtear deireadh leis na himeachtaí maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe ar de thionscnamh na Brasaíle iad, tar éis athbhreithniú éaga a dhéanamh de bhun Airteagal 11(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1225/2009 ón gComhairle (IO L 332, 18.12.2015, lch. 63).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 ón gCoimisiún an 16 Feabhra 2017 lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 925/2009 ón gComhairle maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne chuig allmhairí scragall alúmanaim áirithe atá modhnaithe beagán, (IO L 40, 17.2.2017, lch. 51), agus arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/2213 ón gCoimisiún an 30 Samhain 2017 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 ón gCoimisiún lena leathnaítear an dleacht frithdhumpála chinntitheach a fhorchuirtear le Rialachán (CE) Uimh. 925/2009 ón gComhairle maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Daon-Phoblacht na Síne chuig allmhairí scragall alúmanaim áirithe atá modhnaithe beagán (IO L 316, 1.12.2017, lch. 17).
(5) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2162 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena dtionscnaítear imscrúdú i dtaca le himchéimniúchán féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384 agus le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe a choinsínítear ón Téalainn, cé acu a dearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téalainne nó nach ndearbhaítear, agus na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe (IO L 431, 21.12.2020, lch. 48).
(6) An 15 Márta 2021, rinne an Dingsheng Group iarratas a chomhdú freisin le Cúirt Ghinearálta an Aontais chun an Rialachán tionscnaimh a neamhniú, rud atá bunaithe i bpáirt ar an réasúnaíocht chéanna a leagtar amach i roinn 1.5 den Rialachán reatha. Bhí an cás cúirte sin fós ar feitheamh le linn an imscrúdaithe seo.
(7) Is éard atá i gceist le cóid HS (Córas Comhchuibhithe), cóid arna bhforbairt ag an Eagraíocht Dhomhanda Chustaim, aicmithe idirnáisiúnta caighdeánaithe táirgí atá á gcur i bhfeidhm ag breis agus 200 tír ar domhan. Is ionann na chéad sé dhigit d’uimhir tharaife choiteann (cód an tráchtearra) i ngach ceann de na tíortha sin. Is iad cóid AC (Ainmníocht Choiteann) na cóid tráchtearraí a úsáideann an tAontas chun táirgí a aicmiú. Ocht ndigit ar fad atá sna cóid sin, arb ionann na chéad sé dhigit agus cóid HS. Tá cód TARIC bunaithe ar an gcód AC, agus cuirtear dhá dhigit bhreise leis chun faisnéis a nochtadh maidir le dleachtanna frithdhumpála agus dleachtanna eile nó cuótaí.
(8) Breithiúnas an 15 Nollaig 2016 i gCás RENV, Gul Ahmed Textile Mills v an Chomhairle, T-199/04, mír 100.
(9) Is éard atá i gceist le rollaí beaga scragall alúmanaim atá 0,007 mm nó níos mó ach níos lú ná 0,021 mm ar tiús, gan aon chúl air, agus gan aon saoirsiú thairis sin ná a bheith rollta, bíodh sé cabhartha nó ná bíodh, i rollaí ísealmheáchain nach mó ná 10 kg de réir meáchain. Tá allmhairí rollaí beaga ó Dhaon-Phoblacht na Síne faoi réir bearta frithdhumpála (bearta a forchuireadh an chéad lá le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 217/2013 ón gComhairle an 11 Márta 2013 lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí scragall alúmanaim áirithe de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne (IO L 69, 13.3.2013, lch. 11). Tá allmhairí rollaí beaga ón Téalainn faoi réir imscrúdú frith-imchéimniúcháin chomh maith (Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/2161 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2020 lena dtionscnaítear imscrúdú i dtaca le himchéimniúchán féideartha na mbeart frithdhumpála a fhorchuirtear le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/915 maidir le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe i rollaí ar de thionscnamh Dhaon-Phoblacht na Síne iad le hallmhairí scragall alúmanaim áirithe i rollaí a choinsínítear ón Téalainn, cé acu a dearbhaítear iad a bheith de thionscnamh na Téalainne nó nach ndearbhaítear, agus na hallmhairí sin a chur faoi réir a gcláraithe (IO L 431, 21.12.2020, lch. 42).
(10) Fógra maidir le hiarmhairtí na ráige COVID-19 ar imscrúduithe frithdhumpála agus frithchúitimh (IO C 86, 16.3.2020, lgh. 6).
(11) Aithris (72) agus Airteagal 1(4) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 (IO L 40, 17.2.2017, lch. 51).
(12) Maidir leis an nós imeachta úsáide deiridh a chur i bhfeidhm i ndáil le hallmhairí ón Téalainn, féach freisin aithrisí (76)-(78) thíos.
(13) https://www.gtis.com/gta/.
(14) Na sonraí allmhairiúcháin a chuirtear i láthair sa Rialachán seo, ní féidir iad a chur i gcomparáid leis na sonraí a foilsíodh sna rialacháin tar éis na n-imscrúduithe bunaidh nó na n-imscrúduithe athbhreithniúcháin. San imscrúdú roimhe seo, baineadh úsáid as sonraí a bhain le AE28, lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, ach ní áirítear san imscrúdú atá ann faoi láthair ach AE27 tar éis tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas in 2020.
(15) Aithrisí 73 – 80 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 (IO L 40, 17.2.2017, lch. 51). Féach freisin aithris (33) thuas.
(16) Cuireadh cainníochtaí na stoc scragaill in oiriúint, a mhéid is féidir, chun stoc scragaill a léiriú ar féidir úsáid a bhaint as i ndáiríre chun scragall alúmanaim tí a tháirgeadh, agus nach mbainfear úsáid as, mar shampla, sa tionscal clódóireachta, bunaithe ar na tuairiscí sonracha ar tháirgí in Global Trade Atlas.
(17) Roinn 4.4 de Rialachán (CE) Uimh. 925/2009 (IO L 262, 6.10.2009, lch. 1), agus aithrisí 80-82 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2384 (IO L 332, 18.12.2015, lch. 63).
(18) Aithrisí 46-49 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/271 (IO L 40, 17.2.2017, lch. 51).
(19) Féach https://www.europages.co.uk/DING-HENG-NEW-MATERIALS-COLTD/00000005395623-719214001.html (arna rochtain go deireanach an 26 Aibreán 2021).
(20) Ina theannta sin, chuir TPL roinnt argóintí ar fáil chun a mhíniú cén fáth a gcreideann sé gur cheart a sholáthróir Téalannach (faoi rún) a dhíolmhú ó raon feidhme na mbeart, lena gcuirfear ar fáil, i dtuairim TPL, bonn cirt eacnamaíoch leordhóthanach le táirgeadh a chur ar bun sa Téalainn. Ní allmhaireoir den táirge atá faoi imscrúdú é TPL, áfach, ach is allmhaireoir scragaill tiontaire é, agus ní féidir leis cás a dhéanamh maidir le díolúine thar ceann a sholáthróra. Thairis sin, bhí na ráitis ábhartha bunaithe ar ‘an t-eolas is fearr agus an fhaisnéis faoin margadh’ ó TPL, agus níor cuireadh aon chruthúnas breise ar fáil chun tacú leis na hargóintí. Mar sin féin, tá na hargóintí a chuir TPL chun tosaigh nó cuid acu cosúil leis na hargóintí a d’úsáid an chuideachta Dingheng, agus tugtar aghaidh orthu sa Rialachán seo.
(21) Arna nuashonrú le haghaidh na tréimhse tuairiscithe chun luaineachtaí LME a léiriú.
(22) Tionscnaíodh imscrúdú athbhreithnithe éaga ar na bearta frithdhumpála atá ann cheana maidir le hallmhairí rollaí ollmhóra ón tSín an 17 Nollaig 2020 (IO C 436, 17.12.2020, lch. 10).