14.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 324/1


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1472 ÓN gCOIMISIÚN

an 13 Meán Fómhair 2021

lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle an 7 Iúil 2003 maidir le srianta sonracha áirithe ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus airgeadais leis an Iaráic agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2465/96 (1), agus go háirithe Airteagal 11(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 liostaítear comhlachtaí poiblí, corparáidí agus gníomhaireachtaí agus daoine nádúrtha agus dlítheanacha, comhlachtaí agus eintitis de chuid rialtas na hIaráice a bhí ann roimhe sin, ar comhlachtaí agus eintitis iad a chumhdaítear le reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha a bhí lonnaithe lasmuigh den Iaráic an 22 Bealtaine 2003 faoin Rialachán sin.

(2)

An 8 Meán Fómhair 2021, chinn Coiste Smachtbhannaí Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe 28 n-eintiteas a bhaint de liosta na ndaoine agus na n-eintiteas ar cheart feidhm a bheith ag reo cistí agus acmhainní eacnamaíocha maidir leo.

(3)

Ba cheart, dá bhrí sin, Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 a leasú dá réir,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 13 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin,

Ar son an Uachtaráin,

An tArd-Stiúrthóir

Ard-Stiúrthóireacht um Chobhsaíocht Airgeadais, Seirbhísí Airgeadais agus Aontas na Margaí Caipitil


(1)  IO L 169, 8.7.2003, lch. 6.


IARSCRÍBHINN

In Iarscríbhinn III a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1210/2003 ón gComhairle, scriostar na hiontrálacha seo a leanas:

“16.

ARAB WOOD MANUFACTURING COMPANY. Seoladh: P.O. Box 293, Ninevah, Ninevah, Iraq.”

“17.

ATH THAWRA HOUSE FOR PRESS AND PUBLISHING. Seoladh: P.O. Box 2009, Uqba Bin Nafia Square, Baghdad, Iraq.”

“20.

BABYLON PROJECT. Seoladh: Hashmiya District, Babylon, Iraq.”

“23.

CENTRAL PETROLEUM ENTERPRISE. Seoladh: P.O. Box 5271, Khulafa Street, Khuilani Square, Baghdad, Iraq.”

“26.

DIRECTORATE-GENERAL OF CONTRACTS AND PURCHASING. Seoladh: P.O. Box 552, Baghdad, Iraq.”

“52.

GENERAL ORGANISATION FOR AGRICULTURAL PRODUCE TRADING. Seoladh: P.O. Box 1033, Al-Tahreer Square, South Gate, Baghdad, Iraq.”

“72.

IRAQI TRADING STATE COMPANY (alias IRAQI TRADING STATE ESTABLISHMENT). Seoladh: P.O. Box 17, Al Masbah, Baghdad, Iraq.”

“85.

MOSUL BUILDING MATERIALS STATE COMPANY. Seoladh: P.O. Box 13, Mosul, Iraq.”

“92.

NATIONAL COMPANY FOR FOOD INDUSTRIES. Seoladh: P.O. Box 3210 Baghdad, Za'faraniya, Baghdad, Iraq.”

“95.

NATIONAL HOUSE FOR PUBLISHING, DISTRIBUTING AND ADVERTISING. Seoladh: Al Jamhuria Street, Baghdad, Iraq.”

“99.

NENAWA GENERAL STATE ENTERPRISE. Seoladh: P.O. Box 13, Mosul, Iraq.”

“105.

RAFIDAIN STATE ORGANISATION FOR IRRIGATION PROJECTS. Seoladh: (a) P.O. Box 14186, Baghdad-Bab-Al-Mu'adham, near Engineering College, Baghdad, Iraq.”

“117.

STATE COMPANY FOR FAIRS AND COMMERCIAL SERVICES. Seoladh: Baghdad Al Nidal Street, P.O. Box 5642-5760, Baghdad, Iraq.”

“122.

STATE CONTRACTING INDUSTRIAL PROJECTS COMPANY. Seoladh: P.O. Box 5784, Baghdad, Iraq.”

“123.

STATE CONTRACTING PILING AND FOUNDATIONS COMPANY (alias STATE CONTRACTING COMPANY FOR PILING AND FOUNDATIONS). Seoladh: P.O. Box 22072, Al-Nahtha, near Sharki Baghdad Station, Baghdad, Iraq.”

“143.

STATE ENTERPRISE FOR MARKETING EQUIPMENT AND MAINTENANCE. Seoladh: Daura, P.O. Box 12014, Baghdad, Iraq.”

“150.

STATE ENTERPRISE FOR SALTS. Seoladh: P.O. Box 2330 Aiwiya, Unknown Soldier, Baghdad, Iraq.”

“157.

STATE ESTABLISHMENT FOR HOUSING IMPLEMENTATION OF SOUTHERN AREA. Seoladh: P.O. Box 16, Misan, Iraq.”

“158.

STATE ESTABLISHMENT FOR IRAQI STORES. Seoladh: P.O. Box 26, Rashid Street, Baghdad, Iraq.”

“161.

STATE ESTABLISHMENT FOR PREFABRICATED BUILDINGS. Seoladh: P.O. Box 9129, Taji/Kadimiya, Baghdad, Iraq.”

“162.

STATE ESTABLISHMENT FOR SLAUGHTERING HOUSES. Seoladh: Dora, Baghdad, Iraq.”

“163.

STATE ESTABLISHMENT FOR THE MANAGEMENT OF TOURIST UTILITIES. Seoladh: P.O. Box 1113, Khalid Ibn Al-Waleed St., Baghdad, Iraq.”

“166.

STATE ESTABLISHMENT OF HOUSING IMPLEMENTATION. Seoladh: P.O. Box 7021, Karadt Mariam, Baghdad, Iraq.”

“167.

STATE ESTABLISHMENT OF HOUSING IMPLEMENTATION IN RURAL AREAS. Seoladh: P.O. Box 7041, Uqba Bin Nafia Square, Baghdad, Iraq.”

“168.

STATE ESTABLISHMENT OF HOUSING IMPLEMENTATION OF NORTHERN AREA. Seoladh: P.O. Box 265, Majzarah, Kirkuk, Iraq.”

“193.

STATE TRADE ORGANISATION FOR CAPITAL GOODS, D. Seoltaí: (a) Al Ljtimai Building, Jumhuriya St. (Al Khullani Square), P.O. Box 5948, Baghdad, Iraq; (b) 235/306 Husam Aldin St., near Al-Fateh Square, Baghdad, Iraq.”

“194.

STATE TRADE ORGANISATION FOR CONSUMER GOODS. Seoltaí: (a) Al Masbah Area, Aqaba Ibn Nafaa Square, Baghdad, Iraq; (b) P.O. Box 322, Al-Masbah, Baghdad, Iraq.”

“198.

STATE TRADING ENTERPRISE FOR PRECISION INSTRUMENTS (alias STATE ESTABLISHMENT FOR PRECISION INSTRUMENTS). Seoladh: Saadoun St., P.O. Box 3164, Baghdad, Iraq.”