13.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 321/12


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1465 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Iúil 2021

lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le sainmhíniú na dtagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha agus a n-úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha seachas na deochanna biotáilleacha dá dtagraítear

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/787 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair agus lipéadú deochanna biotáilleacha, úsáid ainmneacha deochanna biotáilleacha i gcur i láthair agus lipéadú táirgí eile bia, agus cosaint tásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha, úsáid alcól eitile agus driogáití de thionscnamh talmhaíochta i ndeochanna alcólacha, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 (1), agus go háirithe Airteagal 50(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2019/787, rinneadh an fhoclaíocht a shoiléiriú agus a athrú go substaintiúil i bhforálacha áirithe maidir le táirgeadh agus lipéadú a bhaineann le deochanna biotáilleacha agus earraí bia a tháirgtear trí dheochanna biotáilleacha a úsáid mar chomhábhair.

(2)

Go háirithe, le Rialachán (AE) 2019/787, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 agus a chuirtear ina ionad le héifeacht ón 25 Bealtaine 2021, rinneadh athbhreithniú ó bhonn ar an sainmhíniú agus na coinníollacha maidir le húsáid tagairtí d’ainm dlíthiúil ceann amháin nó níos mó de chatagóirí deochanna biotáilleacha nó do thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha mar a leagtar síos in Airteagal 10(1) de Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ón gComhairle (2) agus i bpointe (d) d’Airteagal 2 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún (3). Go deimhin, leis na forálacha comhfhreagracha nua in Airteagal 3(3) agus in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/787 ní cheadaítear tagairtí a úsáid ach amháin i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú earraí bia seachas deochanna biotáilleacha agus licéar. Dá bhrí sin, ní chumhdaítear aon tagairt i dtuairisc, i gcur i láthair ná i lipéadú deochanna biotáilleacha seachas licéir leis na forálacha nua maidir le tagairtí i Rialachán (AE) 2019/787. Rinneadh an rogha reachtach sin chun forluí a sheachaint idir tagairtí, arna rialú le hAirteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/787, agus meascáin, arna rialú le hAirteagal 13(3) agus (4) den Rialachán sin. Go deimhin, cáilíonn an teaglaim de dheoch bhiotáilleach amháin le deoch bhiotáilleach eile mar mheascán agus dá bhrí sin níor cheart í a lipéadú i gcomhréir leis na forálacha maidir le lipéadú le haghaidh tagairtí. Mar sin féin, cuireadh eisceacht isteach in Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/787 chun tagairtí do dheochanna biotáilleacha eile a cheadú ar licéir, d’fhonn lipéadú líon suntasach táirgí a mheasann tomhaltóirí a bheith traidisiúnta agus aitheanta go ginearálta a chaomhnú. Mar sin féin, níor cuireadh san áireamh sa sainmhíniú nua ná sna ceanglais nua maidir le tagairtí dhá chás breise de mhodhanna táirgthe traidisiúnta, nach bhfuil ceachtar acu incháilithe mar mheascán, ina ndéantar tagairt do dheochanna biotáilleacha arb iad an t-aon chomhábhar alcólach amháin i ndeoch bhiotáilleach eile iad ná do dheochanna biotáilleacha ar ina mbairillí a aibíodh deochanna biotáilleacha eile. Dá bhrí sin, mura rialaítear iad mar thagairtí, beidh na cásanna sin ina gcásanna neamhdhleathacha faoi Rialachán (AE) 2019/787.

(3)

De réir Airteagal 10(7) de Rialachán (AE) 2019/787, tá toirmeasc ar ainm dlíthiúil ar chatagóir dí biotáillí nó ar thásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a úsáid i dtuairisc, i gcur i láthair nó i lipéadú aon dí nach gcomhlíonann na ceanglais shonracha ach amháin i gcás comhthéarmaí, tagairtí agus liostaí comhábhar.

(4)

Mar thoradh air sin agus tar éis dul i gcomhairle le tionscal na ndeochanna biotáilleacha agus leis na Ballstáit, is léir anois gurb é an toradh a bhíonn ar fhoclaíocht na bhforálacha maidir le tagairtí a athrú go gcuirtear toirmeasc ar an bhféidearthacht tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi mhodhanna táirgthe traidisiúnta atá in úsáid chun deochanna biotáilleacha áirithe a tháirgeadh, nuair a bhaineann an fhaisnéis sin le hainm deochanna biotáilleacha eile. Is éard atá sna modhanna sin deoch bhiotáilleach a úsáid mar an t-aon bhonn alcólach, gan earraí bia eile a chur léi ná caolú le huisce faoin neart alcóil is gá le haghaidh tuilleadh próiseála le bheith ina deoch bhiotáilleach éagsúil, agus deochanna biotáilleacha áirithe a stóráil le haghaidh na tréimhse aibithe iomláine nó cuid di i mbairillí adhmaid a raibh deoch bhiotáilleach eile iontu roimhe sin. Sa chás deireanach sin, i gcás na gcatagóirí deochanna biotáilleacha sin nó tásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a bhfuil toirmeasc ar alcól a chur leo, ní mór a raibh sna bairillí roimhe sin a fholmhú sula gcuirtear an deoch bhiotáilleach atá le haibiú ina dhiaidh sin iontu.

(5)

Baineadh úsáid as na modhanna sin go traidisiúnta ar feadh i bhfad in earnáil na ndeochanna biotáilleacha agus ba cheart iad a chumhdach le Rialachán (AE) 2019/787. Go deimhin, nuair a úsáidtear modhanna táirgthe traidisiúnta den sórt sin, cuirtear faisnéis thábhachtach úsáideach ar fáil do thomhaltóirí faoin táirge a roghnaíonn siad a cheannach agus a thomhailt agus déantar dealú leo idir brandaí éagsúla laistigh de chatagóirí nuair a thugtar le fios iad i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú na ndeochanna biotáilleacha comhfhreagracha. Go háirithe, tá sé ríthábhachtach a bheith ar an eolas faoi chineál na mbairillí a ndearnadh an deoch bhiotáilleach a aibiú iontu chun cuidiú le cuid d’ilchastacht na dí biotáillí sin a mhíniú.

(6)

Chun an fhéidearthacht a chaomhnú go bhféadfaidh táirgeoirí faisnéis a sholáthar maidir le modhanna táirgthe traidisiúnta, is iomchuí Airteagal 3(3) agus Airteagal 12 de Rialachán (AE) 2019/787 a leasú chun tagairtí d’ainmneacha dlíthiúla deochanna biotáilleacha nó do thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha a cheadú i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú deochanna biotáilleacha eile a tháirgtear agus úsáid á baint as na modhanna traidisiúnta sin.

(7)

Thairis sin, i gcás tagairtí do dheochanna biotáilleacha a bhí i mbairillí roimhe sin a úsáideadh chun deochanna biotáilleacha eile a aibiú ina dhiaidh sin, leis an bhforáil maidir le lipéadú a tugadh isteach le pointe (b) d’Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2019/787, lena gceanglaítear go bhfuil an tagairt le bheith i gclómhéid nach mó ná leath na clómhéide a úsáidtear le haghaidh ainm na dí alcólaí agus aon chomhthéarma, chuirfí ualach díréireach ar thionscal na mbiotáillí, lena gceanglófaí go n-athrófaí na mílte lipéad agus cartán agus go ndéanfaí athrú gan ghá ar leagan amach lipéadaithe a bhfuil taithí na mblianta ag tomhaltóirí air. Ina theannta sin, in a lán cásanna d’fhágfadh ceanglas den sórt sin gur ar éigean a bheadh an tagairt infheicthe ag an tsúil mura méadófaí go mór ar chlómhéid an ainm dhlíthiúil, rud nár cheart a bheith riachtanach nuair is tagairt shimplí shoiléir do cheann de na catagóirí a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán sin nó d’ainm táisc gheografaigh le haghaidh deochanna biotáilleacha é an t-ainm dlíthiúil i gcás nach bhféadfadh mearbhall a bheith ann. Dá bhrí sin, is iomchuí maolú ar an gceanglas lipéadaithe sin agus a cheangal, ina ionad sin, go mbeadh tagairtí i gclómhéid nach mó ná nach feiceálaí ná ainm dlíthiúil na dí biotáillí agus, i gcás ina n-úsáidtear iad, ná aon chomhthéarma.

(8)

Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2019/787 a leasú dá réir.

(9)

Ba cheart idirthréimhse a chur ar fáil chun na ceanglais maidir le lipéadú a leagtar síos le haghaidh tagairtí le Rialachán (AE) 2019/787 a chur i bhfeidhm ar dheochanna biotáilleacha seachas licéir. Ba cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin ón 31 Nollaig 2022 ionas go bhféadfaí leanúint de dheochanna biotáilleacha lena mbaineann a lipéadaíodh roimh an dáta sin i gcomhréir le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 a chur ar an margadh gan gá iad a athlipéadú.

(10)

I gcomhréir le hAirteagal 51(3) de Rialachán (AE) 2019/787 agus chun folús rialála d’aon sórt a sheachaint, ba cheart feidhm chúlghabhálach a bheith ag an Rialachán seo ón 25 Bealtaine 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2019/787 mar a leanas:

(1)

in Airteagal 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe 3:

“(3)

ciallaíonn ‘tagairt’ tagairt dhíreach nó indíreach do cheann amháin nó níos mó de na hainmneacha dlíthiúla dá bhforáiltear sna catagóirí deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó do cheann amháin nó níos mó de thásca geografacha le haghaidh deochanna biotáilleacha, seachas tagairt i gcomhthéarma nó ar liosta comhábhar dá dtagraítear in Airteagal 13(2) go (4) i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú na nithe seo a leanas:

(a)

earra bia seachas deoch bhiotáilleach,

(b)

deoch bhiotáilleach a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I, nó

(c)

deoch bhiotáilleach a chomhlíonann na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 12(3a);”

(2)

Leasaítear Airteagal 12 mar a leanas:

(a)

cuirtear isteach mír 3a seo a leanas:

“3a.   De mhaolú ar mhír 1, i dtuairisc, i gcur i láthair agus i lipéadú dí biotáillí seachas deochanna biotáilleacha a chomhlíonann ceanglais chatagóirí 33 go 40 d’Iarscríbhinn I ceadófar an tagairt d’ainm dlíthiúil dá bhforáiltear i gcatagóir deochanna biotáilleacha a leagtar amach san Iarscríbhinn sin nó do thásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha ar choinníoll:

(a)

maidir leis an deoch bhiotáilleach dá dtagraítear sa tagairt:

(i)

gur úsáideadh í mar an t-aon bhonn alcólach amháin chun an deoch bhiotáilleach dheiridh a tháirgeadh, a chomhlíonfaidh na ceanglais le haghaidh catagóir deochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I,

(ii)

nár cumascadh í le haon earraí bia seachas na hearraí bia a úsáideadh lena táirgeadh nó le táirgeadh na dí biotáillí deiridh i gcomhréir le hIarscríbhinn I nó leis an tsonraíocht táirge ábhartha, agus

(iii)

nár caolaíodh í trí uisce a chur léi sa chaoi go mbeadh a neart alcóil faoi bhun an nirt íosta dá bhforáiltear faoi chatagóir na ndeochanna biotáilleacha a leagtar amach in Iarscríbhinn I nó leis an tsonraíocht táirge le haghaidh an táisc gheografaigh lena mbaineann an deoch bhiotáilleach dá dtagraítear sa tagairt; nó

(b)

gur stóráladh an deoch bhiotáilleach ar feadh na tréimhse aibithe iomláine nó cuid di i mbairille adhmaid a úsáideadh roimhe sin chun an deoch bhiotáilleach dá dtagraítear sa tagairt a aibiú, ar choinníoll:

(i)

gur folmhaíodh a raibh ann roimhe sin ón mbairille adhmaid i gcás na gcatagóirí sin de dheochanna biotáilleacha nó na dtásc geografach le haghaidh deochanna biotáilleacha a bhfuil toirmeasc ar alcól a chur leo, bíodh sé caolaithe nó ná bíodh,

(ii)

go ndéantar an tagairt laistigh den tuairisc ar an mbairille a úsáidtear chun an deoch bhiotáilleach a eascraíonn as a aibiú,

(iii)

nach bhfuil an tagairt chomh feiceálach céanna le hainm dlíthiúil na dí biotáillí nó aon chomhthéarma a úsáidtear, agus

(iv)

de mhaolú ar phointe (b) de mhír 4, go léirítear an tagairt i gclómhéid nach mó ná an chlómhéid a úsáidtear le haghaidh ainm dlíthiúil na dí biotáillí nó aon chomhthéarma a úsáidtear.”;

(b)

i mír 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad an fhrása réamhráitigh:

“4.   Maidir leis na tagairtí dá dtagraítear i mír 2, mír 3 agus mír 3a:”.

Airteagal 2

Deochanna biotáilleacha dá dtagraítear in Airteagal 12(3a) de Rialachán (AE) 2019/787 nach gcomhlíonann na ceanglais maidir le lipéadú a leagtar síos san Airteagal sin agus in Airteagal 12(4) de Rialachán (AE) 2019/787 arna leasú leis an Rialachán seo ach a chomhlíonann ceanglais Airteagal 4 de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 agus a lipéadaíodh roimh an 31 Nollaig 2022, féadfar leanúint dá gcur ar an margadh go dtí go mbeidh na stoic ídithe.

Airteagal 3

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 25 Bealtaine 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Iúil 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 130, 17.5.2019, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Eanáir 2008 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha deochanna biotáilleacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1576/89 ón gComhairle (IO L 39, 13.2.2008, lch. 16).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 716/2013 ón gCoimisiún an 25 Iúil 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (CE) Uimh. 110/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach deochanna biotáilleacha (IO L 201, 26.7.2013, lch. 21).