8.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 317/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1456 ÓN gCOIMISIÚN

an 2 Meitheamh 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na coinníollacha a shonrú faoina measfar na téarmaí tráchtála le haghaidh seirbhísí imréitigh do dhíorthaigh thar an gcuntar a bheith cothrom, réasúnach, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála (1), agus go háirithe an tríú fomhír d’Airteagal 4(3a) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leasaíodh Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 le Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2). Leis na leasuithe sin cuireadh d’oibleagáid inter alia ar chomhaltaí imréitigh agus cliaint a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil (“soláthraithe seirbhísí imréitigh”), go díreach nó go hindíreach, na seirbhísí sin a chur ar fáil ar théarmaí tráchtála atá cothrom, réasúnach, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach (“FRANDT”). Chun deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do sholáthraithe seirbhísí imréitigh agus dá gcliaint ionchasacha nó reatha, ní mór na coinníollacha a shonrú faoina measfar téarmaí tráchtála a bheith ina dtéarmaí FRANDT.

(2)

Agus é á chur san áireamh gurb é cuspóir Airteagal 4(3a) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 rochtain ar imréiteach a éascú le haghaidh cliaint a bhfuil méid gnó teoranta acu i margadh na ndíorthach thar an gcuntar agus a bhfuil deacrachtaí acu rochtain a fháil ar imréiteach lárnach, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá sé rochtain a fháil ar imréiteach lárnach do chontrapháirtithe atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012. Chun cothrom iomaíochta a áirithiú agus chun a áirithiú go dtairbhíonn cliaint san Aontas de théarmaí tráchtála FRANDT, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo i gcás ina gcuirtear na seirbhísí imréitigh sin ar fáil san Aontas.

(3)

Chun trédhearcacht a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí imréitigh cur síos a dhéanamh ar an bpróiseas as a dtiocfaidh comhaontú maidir le téarmaí conarthacha agus ar phróisis oibríochtúla a bhunú le haghaidh seirbhísí imréitigh (“próiseas ionduchtaithe”) agus foirm a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin le haghaidh iarraidh ar thogra. Ar an gcúis chéanna, ba cheart do gach soláthraí seirbhísí imréitigh faisnéis maidir le príomhthéarmaí tráchtála a nochtadh do chliaint ionchasacha.

(4)

Cé gur cheart go mbeadh soláthraithe seirbhísí imréitigh in ann rialú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil, ba cheart a áirithiú le measúnú riosca comhchuibhithe ar chliaint ionchasacha agus cliaint atá ann cheana go bhfuil téarmaí tráchtála cothrom agus neamh-idirdhealaitheach, ag féachaint do na costais agus na rioscaí. Tá oibleagáid ar roinnt soláthraithe seirbhísí imréitigh cheana measúnú a dhéanamh ar an riosca a bhaineann le cliaint i gcomhréir leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 25 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/589 ón gCoimisiún (3). Chun measúnú riosca comhchuibhithe ar chliaint a áirithiú, agus an t-ualach rialála ar sholáthraithe seirbhísí imréitigh á laghdú agus rialacha dúblacha agus codarsnacha á seachaint an tráth céanna, ba cheart do gach soláthraí seirbhísí imréitigh measúnú a dhéanamh ar chliaint ar bhonn na gcritéar a leagtar síos in Airteagal 25 den Rialachán Tarmligthe sin.

(5)

Chun a áirithiú go bhfuil téarmaí tráchtála réasúnach, lena n-áiritheofar socruithe conarthacha, táillí, praghsanna, agus lascainí neamhchlaonta réasúnacha, ba cheart iad a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla, lena n-áirítear méideanna arna n-imréiteach, patrúin imréitigh agus éilimh agus riachtanais cliaint. Chun struchtúir phraghsála neamhchothroma agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint, ba cheart táillí, praghsanna agus lascainí a cheapadh go cúramach. Le táillí lena ngearrtar costais ar chliaint ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na costais a bhaineann go díreach leis na seirbhísí imréitigh a chur ar fáil don chliant lena mbaineann agus na costais a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil go ginearálta, agus é sin a dhéanamh ar leithligh i gcás gach míre costais, lena n-áirítear costais TF, costais cheadúnúcháin agus costais a bhaineann le bainistíocht comhthaobhachtaí.

(6)

Ba cheart a shonrú i dtéarmaí conarthacha na coinníollacha agus na critéir maidir le glacadh le hidirbhearta arna gcur isteach ag cliaint lena n-imréiteach agus maidir le ceart an tsoláthraí seirbhísí imréitigh seirbhísí imréitigh a chur ar fionraí agus suíomhanna cliant a leachtú nó a dhúnadh. Ba cheart maolú ar na coinníollacha agus na critéir sin a bheith indéanta i gcás ina bhfuil sé réasúnach agus ina bhfuil údar cuí leis, lena n-áirítear chun rialú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil.

(7)

Chun intuarthacht agus leanúnachas seirbhísí imréitigh a áirithiú, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí imréitigh tréimhse fógra nach lú ná 6 mhí a chur i bhfeidhm le haghaidh foirceannadh conarthaí nó athruithe a dhéanann difear ábhartha do na téarmaí agus coinníollacha comhaontaithe. Ba cheart tréimhse foirceanta níos giorra a bheith indéanta i gcás ina bhfuil sí réasúnach agus má tá údar cuí léi, lena n-áirítear chun rialú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil.

(8)

Ba cheart do chliaint ionchasacha agus cliaint atá ann cheana araon tairbhiú de théarmaí tráchtála FRANDT. Cé go dtairbheoidh cliaint ionchasacha de na coinníollacha nua ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, ba cheart dóthain ama a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí imréitigh agus do chliaint atá ann cheana athbhreithniú a dhéanamh ar na téarmaí tráchtála a comhaontaíodh roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus, i gcás inarb iomchuí, iad a oiriúnú.

(9)

Tháinig Airteagal 4(3a) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 i bhfeidhm cheana agus beidh feidhm aige ón 18 Meitheamh 2021. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú maidir leis na coinníollacha faoina measfar téarmaí tráchtála a bheith ina dtéarmaí FRANDT, ba cheart don Rialachán seo teacht i bhfeidhm mar ábhar práinne. Chun dóthain ama a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí imréitigh ullmhú do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, áfach, ba cheart a chur i bhfeidhm a chur siar,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Raon feidhme

Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le comhaltaí imréitigh agus cliaint a chuireann seirbhísí imréitigh ar fáil san Aontas, cibé acu go díreach nó go hindíreach a chuirtear na seirbhísí sin ar fáil (“soláthraithe seirbhísí imréitigh”), i gcás ina gcuirtear na seirbhísí sin ar fáil i ndáil le conarthaí díorthach thar an gcuntar atá faoi réir na hoibleagáide imréitigh de bhun Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012.

Airteagal 2

Téarmaí tráchtála cothroma, réasúnacha, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha

Measfar téarmaí tráchtála le haghaidh seirbhísí imréitigh arna gcur ar fáil ag soláthraithe seirbhísí imréitigh a bheith cothrom, réasúnach, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach i gcás ina gcomhlíonann siad na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn.

Airteagal 3

Foráil shealadach

Déanfar athbhreithniú ar na téarmaí tráchtála a comhaontaíodh le haghaidh seirbhísí imréitigh roimh an 9 Meán Fómhair 2021 agus, i gcás inar gá chun na ceanglais a leagtar síos san Iarscríbhinn a chomhlíonadh, déanfar iad a mhodhnú faoin 9 Meán Fómhair 2022.

Airteagal 4

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 9 Márta 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 2 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) 2019/834 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 648/2012, i dtaca leis an oibleagáid imréitigh, le fionraí na hoibleagáide imréitigh, leis na ceanglais tuairiscithe, le teicnící maolaithe riosca do chonarthaí díorthach thar an gcuntar nach n-imréitíonn contrapháirtí lárnach, le clárú agus le maoirseacht stórtha trádála agus leis na ceanglais ar stórtha trádála (IO L 141, 28.5.2019, lch. 42).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/589 ón gCoimisiún an 19 Iúil 2016 lena bhforlíontar Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais eagrúcháin atá ar ghnólachtaí infheistíochta i mbun trádáil algartamach (IO L 87, 31.3.2017, lch. 417).


IARSCRÍBHINN

1.   Trédhearcacht an phróisis ionduchtaithe

1.1.

Ar a shuíomh gréasáin, foilsíonn an soláthraí seirbhísí imréitigh tuairisc ar an bpróiseas as a dtagann an comhaontú maidir le téarmaí conarthacha agus bunú próisis oibriúcháin le haghaidh seirbhísí imréitigh (“próiseas ionduchtaithe”). Áirítear an méid seo a leanas sa tuairisc:

(a)

na céimeanna éagsúla sa phróiseas sin;

(b)

an amlíne mheasta chun céimeanna éagsúla an phróisis sin a thabhairt chun críche;

(c)

foirm chun togra a iarraidh ar an soláthraí seirbhísí imréitigh le bheith ina chliant (“foirm chun togra a iarraidh”), mar a leagtar amach i bpointe 2;

(d)

an doiciméadacht phríomha is gá don chliant ionchasach a chur faoi bhráid an tsoláthraí seirbhísí imréitigh mar aon leis an bhfoirm chun togra a iarraidh.

1.2.

Tá rogha ag cliaint ionchasacha an fhoirm chun togra a iarraidh a leagtar amach i bpointe 2 a úsáid nó gan í a úsáid, nó aon fhoirm eile chun togra a iarraidh.

1.3.

Soláthraí seirbhísí imréitigh a chinneann gan togra a dhéanamh mar fhreagra ar an iarraidh ar thogra, cuirfidh sé an cliant ionchasach ar an eolas faoi sin gan moill mhíchuí.

2.   Foirm chun togra a iarraidh

2.1.

Áirítear an méid seo a leanas san fhoirm le haghaidh iarraidh ar thogra:

(a)

faisnéis faoin gcliant ionchasach:

(i)

ainm dlíthiúil;

(ii)

aitheantóir eintitis dhlítheanaigh (LEI);

(iii)

má tá an cliant ionchasach ina chontrapháirtí airgeadais nó ina chontrapháirtí neamhairgeadais agus má tá sé faoi réir oibleagáid imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 4a nó Airteagal 10 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(iv)

earnáil na gníomhaíochta;

(b)

faisnéis faoin doiciméadacht a chuirfidh an cliant ionchasach faoi bhráid an tsoláthraí seirbhísí imréitigh mar chuid den phróiseas ionduchtaithe;

(c)

faisnéis faoi na conarthaí díorthach thar an gcuntar lena mbaineann, lena n-áirítear faisnéis faoi na conarthaí sin a bheith nó gan a bheith faoi réir na hoibleagáide imréitigh i gcomhréir le hAirteagal 4 de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(d)

aon fhaisnéis nó doiciméadacht atá le soláthar ag an gcliant ionchasach don soláthraí seirbhísí imréitigh chun é a chur ar a chumas don soláthraí seirbhísí imréitigh togra eolach mionsonraithe a dhéanamh maidir leis an méid seo a leanas:

(i)

raon feidhme aon seirbhíse imréitigh i dtéarmaí conarthaí díorthach thar an gcuntar;

(ii)

na táillí, na costais agus na lascainí;

(iii)

toradh an mheasúnaithe dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/589;

(iv)

na téarmaí conarthacha agus na coinníollacha;

(v)

an chomhthaobhacht a glacadh;

(vi)

na caolchorrlaigh is infheidhme;

(vii)

na critéir maidir le glacadh le horduithe;

(viii)

na coinníollacha maidir le seirbhísí imréitigh ar bith a chur ar fionraí nó suíomhanna ar bith a leachtú nó a dhúnadh;

(ix)

na coinníollacha maidir le foirceannadh an chomhaontaithe maidir le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil;

(x)

ceanglais TF.

3.   Téarmaí tráchtála a nochtadh

3.1.

Áirítear an méid seo a leanas, ar bhealach soiléir struchtúrtha, ar thogra a dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí imréitigh mar fhreagra ar iarraidh iomlán ar thogra:

(a)

an fhaisnéis dá dtagraítear sna forálacha seo a leanas:

(i)

Airteagal 38(1) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(ii)

Airteagal 39(7) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;

(b)

na téarmaí agus na coinníollacha faoina dtairgeann an soláthraí seirbhíse imréitigh a sheirbhísí imréitigh, lena n-áirítear téarmaí agus coinníollacha a bhaineann go sonrach leis an gcliant ionchasach;

(c)

an chomhthaobhacht a ghlactar;

(d)

na caolchorrlaigh is infheidhme;

(e)

na critéir maidir le glacadh le horduithe;

(f)

na coinníollacha maidir le seirbhísí imréitigh ar bith a chur ar fionraí nó suíomhanna ar bith a leachtú nó a dhúnadh;

(g)

na coinníollacha maidir le foirceannadh an chomhaontaithe maidir le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil;

(h)

aon réiteach agus ceanglas TF is infheidhme.

4.   Measúnú ar rialú riosca

4.1.

Déanann an soláthraí seirbhísí imréitigh measúnú ar an gcliant ionchasach nó ar an gcliant i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/589.

4.2.

Cuireann an soláthraí seirbhísí imréitigh an cliant ionchasach nó an cliant ar an eolas faoi thoradh an mheasúnaithe dá dtagraítear i bpointe 4.1.

I gcás ina bhfuil an toradh sin diúltach, cuireann an soláthraí seirbhíse imréitigh an cliant ionchasach nó an cliant ar an eolas, arna iarraidh sin, faoi na príomhchúiseanna leis an measúnú diúltach agus leis na critéir a leagtar síos in Airteagal 25(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/589 nár comhlíonadh.

5.   Téarmaí tráchtála

5.1.

Na téarmaí tráchtála maidir le seirbhísí imréitigh a chomhaontaítear idir an soláthraí seirbhísí imréitigh agus an cliant, leagtar síos i scríbhinn iad, tá siad soiléir agus iomlán, agus cumhdaítear leo na téarmaí agus na coinníollacha riachtanacha go léir maidir leis na seirbhísí imréitigh a chur ar fáil.

6.   Táillí agus costais a chuirtear ar aghaidh

6.1.

Tá táillí, praghsanna agus lascainí trédhearcach agus bunaithe ar chritéir oibiachtúla.

6.2.

Soláthraítear faisnéis sna téarmaí tráchtála faoi aon táillí a mhuirearaítear ar an gcliant lena gcuirtear costais ar aghaidh a bhaineann le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil (“costais a chuirtear ar aghaidh”).

6.3.

Déantar na táillí, na praghsanna, na lascainí agus na costais a chuirtear ar aghaidh ar fad, a chomhaontaítear idir an soláthraí seirbhíse imréitigh agus an cliant, a shonrú go soiléir sna téarmaí tráchtála.

7.   Orduithe imréitigh a dhiúltú, suíomhanna cliaint a chur ar fionraí, a leachtú nó a dhúnadh agus tréimhsí fógra

7.1.

Ní féidir leis an soláthraí seirbhíse imréitigh diúltú d’iarraidh ón gcliant, a chomhlíonann na coinníollacha agus na critéir chomhaontaithe maidir le glacadh le horduithe mar sin, maidir le conradh díorthach thar an gcuntar a imréiteach (“ordú imréitigh”) ach amháin i gcás ina bhfuil an diúltú sin réasúnach agus ina bhfuil údar cuí leis, agus sa chás sin cuirfidh an soláthraí seirbhíse imréitigh na cúiseanna leis an diúltú in iúl i scríbhinn don chliant, arna iarraidh sin.

7.2.

Ní féidir leis an soláthraí seirbhísí imréitigh seirbhísí imréitigh a chur ar fionraí nó suíomhanna cliaint a leachtú nó a dhúnadh i gcás ina gcomhlíontar na coinníollacha agus na critéir chomhaontaithe maidir le fionraí, leachtú nó dúnadh den sórt sin, ach amháin i gcás ina bhfuil an fionraí, an leachtú nó an dúnadh sin réasúnach agus ina bhfuil údar cuí leis, agus sa chás sin cuirfidh an soláthraí seirbhísí imréitigh na cúiseanna leis in iúl don chliant i scríbhinn, arna iarraidh sin.

7.3.

Cuirtear an cliant ar an eolas, ar a laghad 6 mhí roimh ré, mura bhfuil tréimhse fógra níos giorra réasúnach agus údar cuí léi, maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

foirceannadh an chomhaontaithe maidir le seirbhísí imréitigh a chur ar fáil;

(b)

aon athrú ábhartha ar na téarmaí agus na coinníollacha faoina gcuirtear an tseirbhís imréitigh ar fáil.