6.9.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 313/28 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1451 ÓN gCOIMISIÚN
an 3 Meán Fómhair 2021
maidir le neamh-fhormheas suilfíde démheitile mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoracha 79/117/CEE agus 91/414/CEE (1) ón gComhairle, agus go háirithe Airteagal 13(2) i gcomhar le hAirteagal 23(5) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) |
An 17 Eanáir 2019, fuair an Coimisiún iarratas ón gcuideachta Probodelt S. L. ar fhormheas suilfíde démheitile mar shubstaint bhunúsach a úsáidfear mar ábhar meallta neamh-mharfach don chiaróg strufal (Leiodes cinnamomeus). Fuarthas iarratais athbhreithnithe an 24 Iúil 2019 agus an 25 Samhain 2019, iarratais a raibh faisnéis ag gabháil leo, is é sin an fhaisnéis a cheanglaítear faoin dara fomhír d’Airteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(2) |
Bhí dhá mheastóireacht ábhartha ar fáil, agus iad déanta i gcomhréir le reachtaíocht eile de chuid an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 23(2) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009, eadhon meastóireacht ó Phainéal FEEDAP EFSA (2) agus ceann ó Phainéal CEF EFSA (3). Chuir EFSA agus an Coimisiún araon toradh na meastóireachtaí sin san áireamh. |
(3) |
D’iarr an Coimisiún cúnamh eolaíoch ar an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia (“an tÚdarás”). Chuir an tÚdarás tuarascáil theicniúil ar fáil don Choimisiún maidir le suilfíd démheitile an 17 Iúil 2020 (4). Tháinig an tÚdarás ar an gconclúid nár chuir an t-iarratasóir an fhaisnéis atá ar fáil maidir le suilfíd démheitile san áireamh mar ba cheart. Léiríonn an fhaisnéis fhoilsithe atá ar fáil gur greannaitheoir don chraiceann, do na súile agus don chonair riospráide agus íogrú craicinn atá sa tsuilfíd démheitile. Dúirt an tÚdarás go bhfuil mionsonraí maidir le géarthocsaineacht, greannú, íogrú craicinn agus ionálú gearrthéarmach ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Gníomhaireachta Eorpaí Ceimiceán (ECHA) agus gur cheart iad a chomhtháthú san iarratas chun forbhreathnú iomlán a fháil ar an tsubstaint bhunúsach. Tá sonraí tocsaineolaíocha ar dhá mheitibilít suilfíde démheitile ar fáil go poiblí freisin ar shuíomh gréasáin ECHA, ach níor comhtháthaíodh iad mar ba cheart san iarratas. |
(4) |
Thug an tÚdarás dá aire freisin nár soláthraíodh údar eolaíoch maidir leis an easpa imní faoin tocsaineacht agus faoin gcarcanaigineacht fadtéarmach, i bhfianaise phróifíl ghinearálta tocsaineachta na substainte. |
(5) |
Ina theannta sin, cé go meastar go mbeidh an líon fuíoll sna barra íseal i ngeall ar an gcineál úsáide atá ann (táirge scaoilte gaile i ngaiste) tháinig an tÚdarás ar an gconclúid gur cheart tuilleadh sonraí a sholáthar chun a léiriú nach bhfuil aon chúis imní ann do thomhaltóirí trí ionghabháil chothaithe. |
(6) |
Chuir an Coimisiún an tuarascáil athbhreithnithe agus dréacht-Rialachán faoi bhráid an Bhuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha an 25 Márta 2021. |
(7) |
D’iarr an Coimisiún ar an iarratasóir a bharúil féin a chur isteach i leith thuarascáil theicniúil an Údaráis agus i leith dhréacht-tuarascáil athbhreithnithe an Choimisiúin. Chuir an t-iarratasóir a bharúlacha isteach, agus rinneadh scrúdú cúramach orthu. |
(8) |
Mar sin féin, ainneoin na n-argóintí a rinne an t-iarratasóir, ní féidir an t-ábhar imní a bhaineann leis an tsubstaint a chur as an áireamh. |
(9) |
Dá thoradh sin, ní rud é a suíodh go bhfuil na coinníollacha a leagtar síos in Airteagal 23 de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 comhlíonta. Dá bhrí sin, is iomchuí gan a fhormheas gur substaint bhunúsach atá sa tsuilfíd démheitile. |
(10) |
Leis an Rialachán seo, ní chuirtear cosc ar iarratas eile a chur isteach ar shuilfíd démheitile a fhormheas mar shubstaint bhunúsach i gcomhréir le hAirteagal 23(3) de Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009. |
(11) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
An tsubstaint suilfíd démheitile, ní fhormheastar í mar shubstaint bhunúsach.
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meán Fómhair 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.
(2) Painéal FEEDAP EFSA (Painéal EFSA um Breiseáin agus Táirgí nó Substaintí a úsáidtear i mBeatha Ainmhithe), 2013. Tuairim Eolaíoch maidir le sábháilteacht agus éifeachtacht aontiól agus déthiól alafatach agus aramatach agus aonsuilfídí, déshuilfídí, tríshuilfídí agus polasuilfídí a bhfuil nó nach bhfuil feidhmghrúpaí ocsaiginithe breise (grúpa ceimiceach 20) iontu nuair a úsáidtear iad mar bhlastáin le haghaidh gach speicis ainmhíoch. Iris EFSA 2013;11(5):3208, 34 lch. doi:10.2903/j.efsa.2013.3208.
(3) Painéal CEF EFSA (Painéal EFSA maidir le Painéal EFSA ar Ábhair a bhíonn i dTadhall le Bia, Einsímí, Blastáin agus Áiseanna Próiseála), 2013. Tuairim Eolaíoch maidir le Meastóireacht ar Ghrúpa Blastán 74, Athbhreithniú 4 (FGE.74Rev4): Measúnú ar shuilfídí alafatacha agus ar thióil a ndearna JECFA meastóireacht orthu (53ú agus 61ú cruinniú) atá gaolmhar ó thaobh struchtúir de d'aonsuilfídí, déshuilfídí, tríshuilfídí agus polasuilfídí alafatacha agus ailichiogacha le nó gan feidhmghrúpaí ocsaiginithe breise ó ghrúpa ceimiceach 20 a ndearna EFSA meastóireacht orthu in FGE.08Rev5. Iris EFSA 2018;16(3):5167, 58 lch. https://doi.org/10.2903/j.efsa.2018.5167.
(4) EFSA (an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia), 2020. Tuarascáil theicniúil ar thoradh an chomhairliúcháin leis na Ballstáit agus le EFSA i ndáil leis an iarratas maidir le substaint bhunúsach atá le formheas a dhéanamh i leith suilfíd démheitile a úsáid i gcosaint na bplandaí mar ábhar meallta neamh-mharfach don chiaróg strufal. Foilseachán tacaíochta EFSA 2020:EN-1911. 54 lch. doi:10.2903/sp.efsa.2020.EN-1911.