6.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 313/9


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1446 ÓN gCOIMISIÚN

an 3 Meán Fómhair 2021

lena gceartaítear Rialacháin Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 agus (AE) Uimh. 563/2014 a mhéid a bhaineann le huimhir CAS na substainte bunúsaí hidreaclóiríd chiotósáin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2009 maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh agus lena n-aisghairtear Treoir 79/117/CEE agus Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 23(5) i gcomhar le hAirteagal 13(2) agus Airteagal 78(2) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 563/2014 ón gCoimisiún (2) formheasadh an tsubstaint bhunúsach hidreaclóiríd chiotósáin agus áiríodh í san Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (3).

(2)

Tar éis do Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 563/2014 teacht i bhfeidhm, tugadh earráid faoi deara maidir leis an uimhir CAS (Uimhir Achoimreachtaí Ceimiceán ó Chumann Ceimiceach Mheiriceá) a úsáidtear le haghaidh na substainte bunúsaí hidreaclóiríd chiotósáin sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 563/2014.

(3)

Is aitheantóir uathúil substaintí ceimiceacha an uimhir CAS, a úsáidtear freisin chun substaint ghníomhach atá in úsáid i gcosaint plandaí a shainaithint; úsáidtear í mar thagairt chun críche trádála agus gníomhaíochtaí rialála le haghaidh ceimiceán go domhanda ach níl sí teoranta do shubstaintí lotnaidicíde.

(4)

Sa cholún a bhaineann le gnáthainmneacha agus uimhreacha aitheantais luaitear “hidreaclóiríd chiotósáin uimh. CAS 9012-76-4”. Tá an uimhir CAS 9012-76-4 sannta don tsubstaint ciotósán, áfach, agus tá an uimhir CAS 70694-72-3 ag hidreaclóiríd chiotósáin. Dá bhrí sin, agus de bhrí go bhféadfadh mearbhall a bheith ann sa bhainistíocht ceimiceán agus sa trádáil maidir le céannacht na substainte, tá gá le ceartú ar an uimhir CAS a luaitear i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 563/2014 agus dá réir sin i Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011.

(5)

Ar mhaithe le soiléireacht, is iomchuí an Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 563/2014 agus an iontráil ábhartha i gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 a ionadú.

(6)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil d’oibreoirí eacnamaíocha agus d’údaráis forfheidhmiúcháin, ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne.

(7)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Ceartú ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 563/2014

Ceartaítear Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 563/2014 i gcomhréir le hIarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Leasuithe ar Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011

Ceartaítear an Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 i gcomhréir le hIarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 3 Meán Fómhair 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 309, 24.11.2009, lch. 1.

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 563/2014 ón gCoimisiún an 23 Bealtaine 2014 lena n-údaraítear an tsubstaint bhunúsach hidreaclóiríd chiotósáin i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le táirgí cosanta plandaí a chur ar an margadh, agus lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún (IO L 156, 24.5.2014, lch. 5).

(3)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011 ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2011 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le liosta na substaintí gníomhacha formheasta (IO L 153, 11.6.2011, lch. 1).


IARSCRÍBHINN I

Cuirtear an méid a leanas in ionad Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 563/2014:

“Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Forálacha sonracha

Hidreaclóiríd chiotósáin

Uimh. CAS: 70694-72-3

Neamhbhainteach

Pharmacopoeia Eorpach

Uaschion na miotal trom: 40 ppm

1 Iúil 2014

Comhlíonfaidh hidreaclóiríd chiotósáin Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus Rialachán (AE) Uimh. 142/2011 ón gCoimisiún (3).

Féadfar hidreaclóiríd chiotósáin a úsáid i gcomhréir le coinníollacha sonracha a áirítear i gconclúidí na tuarascála athbhreithnithe maidir le hidreaclóiríd chiotósáin (SANCO/12388/2013) agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis, mar a tugadh chun críche iad sa Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe an 20 Márta 2014.”


(1)  Tugtar sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú sonraí breise faoi chéannacht, faoi shonraíocht agus faoi mhodh úsáide substainte bunata.

(2)  IO L 300, 14.11.2009, lch. 1.

(3)  IO L 54, 26.2.2011, lch. 1.


IARSCRÍBHINN II

I gCuid C den Iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 540/2011, cuirtear an méid seo a leanas in ionad iontráil 2 ar hidreaclóiríd chiotósáin:

Uimh.

Gnáthainm, Uimhreacha Aitheantais

Ainm IUPAC

Íonacht (1)

Dáta formheasa

Forálacha sonracha

“2

Hidreaclóiríd chiotósáin

Uimh. CAS: 70694-72-3

Neamhbhainteach

Pharmacopoeia Eorpach

Uaschion na miotal trom: 40 ppm

1 Iúil 2014

Comhlíonfaidh hidreaclóiríd chiotósáin Rialachán (CE) Uimh. 1069/2009 agus Rialachán (AE) Uimh. 142/2011.

Féadfar hidreaclóiríd chiotósáin a úsáid i gcomhréir le coinníollacha sonracha a áirítear i gconclúidí na tuarascála athbhreithnithe maidir le hidreaclóiríd chiotósáin (SANCO/12388/2013) agus go háirithe Foscríbhinní I agus II a ghabhann leis, mar a tugadh chun críche iad sa Bhuanchoiste um an mBiashlabhra agus um Shláinte Ainmhithe an 20 Márta 2014.”


(1)  Tugtar sa tuarascáil maidir le hathbhreithniú sonraí breise faoi chéannacht, faoi shonraíocht agus faoi mhodh úsáide substainte bunata.