6.9.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 313/4


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1445 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meitheamh 2021

lena leasaítear Iarscríbhinní II agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (1), agus go háirithe Airteagail 5(3) agus 72(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Chun forbairtí teicniúla agus rialála a chur san áireamh, is gá tagairtí a thabhairt isteach agus a thabhairt cothrom le dáta i dtaca leis na gníomhartha rialála a liostaítear in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858, ar gníomhartha rialála iad ina bhfuil na ceanglais nach mór d’fheithiclí, córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh a chomhlíonadh.

(2)

Chun forbairtí teicniúla agus rialála a chur san áireamh, is gá an liosta de ghníomhartha rialála a leagtar síos in Iarscríbhinn VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 a thabhairt cothrom le dáta, ar gníomhartha rialála iad a bhféadfar monaróir a ainmniú mar sheirbhís theicniúil ina leith, mar aon leis na coinníollacha sonracha a bhfuil ainmniú féintástála le húsáid fúthu.

(3)

Dá bhrí sin, ba cheart Iarscríbhinní II agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 a leasú i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Iarscríbhinní II agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858 i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 151, 14.6.2018, lch. 1.


IARSCRÍBHINN

Leasuithe ar Iarscríbhinní II agus VII a ghabhann le Rialachán (AE) 2018/858

Leasaítear Rialachán (AE) 2018/858 mar a leanas:

(1)

in Iarscríbhinn II, Cuid I, leasaítear an tábla mar a leanas:

(a)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach roimh an iontráil d’ítim 1A:

“1

An leibhéal fuaime is incheadaithe

Treoir 70/157/CEE

X

X

X

X

X

X

 

 

 

 

X”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála d’ítim 41A:

“41A

Astaíochtaí (EURO VI) feithiclí tromshaothair

Rialachán (CE) Uimh. 595/2009

Rialachán (AE) Uimh. 582/2011

X(9)

X(9)

X

X(9)

X(9)

X

 

 

 

 

X”;

(c)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála d’ítim 41A:

“41B

Ceadúnas le haghaidh uirlis ionsamhlúcháin CO2 (feithiclí tromshaothair)

Rialachán (CE) Uimh. 595/2009

Rialachán (AE) 2017/2400

 

 

 

 

X(16)

X”;

 

 

 

 

 

(d)

cuirtear isteach an nóta míniúcháin 16 seo a leanas:

“(16)

I gcás feithiclí ar mó ná 7 500 kg a n-uasmhais ualaithe atá incheadaithe go teicniúil”.

(2)

in Iarscríbhinn II, Cuid I, Foscríbhinn 1, leasaítear Tábla 1 mar a leanas:

(a)

cuirtear an iontráil seo a leanas isteach roimh an iontráil d’ítim 1A:

“1

An leibhéal fuaime is incheadaithe

Treoir 70/157/CEE

 

A”;

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad nóta míniúcháin C:

“C

An gníomh rialála a chur i bhfeidhm mar a leanas:

(a)

is iad ceanglais theicniúla an ghnímh rialála, agus iad sin amháin, a chomhlíonfar;

(b)

ní bheidh deimhniú ar chineálcheadú ina cheangal;

(c)

is í an tseirbhís theicniúil nó an monaróir a dhéanfaidh na tástálacha agus na seiceálacha (féach na cinntí faoi ‘B’);

(d)

déanfar tuarascáil tástála a dhréachtú i gcomhréir le hIarscríbhinn III;

(e)

áiritheofar comhréireacht táirgeachta.”

(3)

in Iarscríbhinn II, Cuid I, Foscríbhinn 1, Tábla 2, cuirtear an iontráil seo a leanas isteach roimh an iontráil d’ítim 1A:

“1

An leibhéal fuaime is incheadaithe

Treoir 70/157/CEE

 

A”;

(4)

in Iarscríbhinn II, Cuid I, Foscríbhinn 2, pointe 4, sa tábla faoi bhun theideal Chuid I (Feithiclí ar cuid de chatagóir M1 iad), cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála d’ítim 16A:

“16A

Rialachán Uimh. 26 de chuid NA (Starráin sheachtracha)

(a)

Comhlíonfaidh dromchla seachtrach an chabhalra na coinníollacha ginearálta atá i mír 5 de Rialachán Uimh. 26 de chuid NA.

(b)

De lánrogha na seirbhíse teicniúla, seiceálfar na forálacha dá dtagraítear i míreanna 6.1, 6.5, 6.6, 6.7, 6.8 agus 6.11 de Rialachán Uimh. 26 de chuid NA.”.

(5)

leasaítear Iarscríbhinn II, Cuid II mar seo a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad mhíre faoi bhun an teidil:

“I gcás ina ndéanfar tagairt do Threoir nó do Rialachán ar leithligh sa tábla i gCuid I, measfar cineálcheadú a deonaíodh faoi na Rialacháin de chuid NA seo a leanas, nó Cineálcheadú Idirnáisiúnta Uilíoch Feithicle ina hIomláine a deonaíodh faoi Rialachán Uimh. 0 (*1) ina ndeonaítear cineálcheadú na hítime ábhartha faoi na Rialacháin de chuid NA seo a leanas, ar aontaigh an tAontas dóibh mar Pháirtí Conarthach do ‘Chomhaontú Leasaithe 1958’ de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip de bhua Chinneadh 97/836/CE ón gComhairle (*2), nó cinntí ón gComhairle ina dhiaidh sin dá dtagraítear in Airteagal 3(3) den Chinneadh sin, measfar é a bheith coibhéiseach le cineálcheadú AE arna dheonú faoin Treoir nó faoin Rialachán ábhartha ar leithligh.

(*1)   IO L 135, 31.5.2018, lch. 1."

(*2)   IO L 346, 17.12.1997, lch. 78.”;"

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad an tábla:

Ábhar

Rialacháin de chuid NA

Sraith leasuithe

1 (1)

An leibhéal fuaime is incheadaithe

51

59

02

01

1a

An leibhéal fuaime is incheadaithe (ní chumhdaítear AVAS agus tostóirí athsholáthair)

51

03

Córas Fuaimiúil Foláirimh d’Fheithicil (AVAS)

138

01

Córais tosta athsholáthair

59

02

58

Cosaint coisithe (ní chumhdaítear cúnamh coscáin ná córais cosanta tosaigh)

127

00

 

Córais cúnaimh coscáin

139

00

59 (2)

In-athchúrsáilteacht

133

00

62 (3)

Córais stórála hidrigine

134

00

65

Ardchórais coscánaithe éigeandála

131

01

66

Córas rabhaidh imeachta ó lána

130

00

N.B.:

Beidh feidhm ag na ceanglais suiteála atá i dtreoir nó i rialachán ar leithligh freisin maidir le comhpháirteanna agus le haonaid theicniúla ar leithligh atá ceadaithe i gcomhréir leis na rialacháin de chuid NA.

(6)

leasaítear Iarscríbhinn II, Cuid III mar a leanas:

(a)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ítim 12A d’Fhoscríbhinn 1:

“12A

Feistis inmheánacha

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009

Rialachán Uimh. 21 de chuid NA

C

G (18) + C”;

 

 

(b)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ítim 15A d’Fhoscríbhinn 1:

“15A

Suíocháin, a n-ancaireachtaí agus aon cheannbhaic

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009

Rialachán Uimh. 17 de chuid NA

D

G (18) + D

G + D (4B)

G + D (4B)”;

(c)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad na hiontrála a bhaineann le Ceanglais bhreise maidir le hotharcharanna:

“Ceanglais bhreise maidir le hotharcharranna

Comhlíonfaidh an urrann othar in otharcharranna na ceanglais in EN 1789:2007 +A1:2010 +A2:2014 maidir le feithiclí leighis agus a dtrealamh — Otharcharranna, cé is moite de roinn 6.5, liosta trealaimh. Is le tuarascáil tástála ón tseirbhís theicniúil a sholáthrófar cruthúnas ar chomhlíonadh, cruthúnas is féidir a bhunú ar mheasúnú a rinne fochonraitheoirí nó fochuideachtaí na seirbhíse teicniúla i gcomhréir le forálacha Airteagal 71. Má tá sé beartaithe spás do chathaoir rothaí a bheith ann, beidh feidhm ag na ceanglais i bhFoscríbhinn 3 maidir le córais ancaireachta cathaoireach rothaí agus srianta an úsáideora.”

(d)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ítim 12A d’Fhoscríbhinn 3:

“12A

Feistis inmheánacha

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009

Rialachán Uimh. 21 de chuid NA

G (18) + C”;

(e)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad ítim 15A d’Fhoscríbhinn 3:

“15A

Suíocháin, a n-ancaireachtaí agus aon cheannbhaic

Rialachán (CE) Uimh. 661/2009

Rialachán Uimh. 17 de chuid NA

G (18) + W3”.

(f)

leasaítear na Nótaí Míniúcháin mar a leanas:

(i)

cuirtear an méid seo a leanas in ionad nóta míniúcháin 1:

“(1)

I gcás feithiclí nach mó ná 2 610 kg a mais tagartha. Arna iarraidh sin don mhonaróir, féadfaidh feidhm a bheith ag Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le feithiclí nach mó ná 2 840 kg a mais tagartha nó freisin ar mó ná 2 840 kg a mais tagartha más feithiclí sainchuspóireacha den chód SB a bhaineann le feithiclí armúrtha atá sna feithiclí sin. Maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi pháirteanna eile (e.g. urrann cónaithe) nach cuid den bhonnfheithicil iad, is leor go dtabharfaidh an monaróir rochtain éasca agus phras ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil na feithicle.”

(ii)

cuirtear isteach nóta míniúcháin 18:

“(18)

Is féidir nóta G a chur i bhfeidhm maidir leis na feistis sin laistigh den fheithicil nach ndéanann an modhnú difear mór dóibh, ach comhlíonfaidh aon fheisteas a chuirtear isteach nó a mhodhnaítear laistigh den fheithicil na ceanglais is infheidhme i gcás chatagóir feithiclí M1.”

(7)

in Iarscríbhinn VII, pointe 3, cuirtear an líne seo a leanas isteach i ndiaidh na hiontrála d’ítim 46A:

“46B

Friotaíocht rollach a chinneadh

Rialachán (AE) 2017/2400, Iarscríbhinn X”.


(*1)   IO L 135, 31.5.2018, lch. 1.

(*2)   IO L 346, 17.12.1997, lch. 78.”;”


(1)  Is éard atá in uimhriú na n-iontrálacha sa tábla seo ná tagairt don uimhriú a úsáidtear sa tábla i gCuid I.

(2)  Beidh feidhm ag na ceanglais a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Treoir 2005/64/CE.

(3)  An cineálcheadú comhpháirte, dá bhforáiltear sa Rialachán de chuid NA, ar chórais stórála hidrigine, comhlaí stoptha uathoibríocha, comhlaí coiscthe nó neamhchúlaithe agus feistí teirmea-ghníomhachtaithe faoisimh brú, tá sé éigeantach. Ina theannta sin, ní chumhdaítear sa Rialachán de chuid NA an cháilíocht ábhair éigeantach i leith gach comhpháirte atá cumhdaithe ag Airteagal 2(2) de Rialachán (CE) Uimh. 79/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.”