31.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 305/6


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1418 ÓN gCOIMISIÚN

an 23 Meitheamh 2021

lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a mhéid a bhaineann le rialacha pionóis faoi scéimeanna cabhrach le haghaidh ainmhithe nó le bearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagail 63(4), 64(6) agus 77(7) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Foráiltear le hAirteagal 31(1) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún (2), arna leasú le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/841 ón gCoimisiún (3), gur cheart an méid iomlán cabhrach nó tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal a íoc bunaithe ar líon na n-ainmhithe arna gcinneadh i gcomhréir le hAirteagal 30(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014, ar choinníoll nach n-aimseofar níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe agus gur féidir na hainmhithe neamhchinntithe a shainaithint go leithleach trí bhíthin aon mhodh dá bhforáiltear sa chóras maidir le hainmhithe a shainaithint agus a chlárú mar a shainítear in Airteagal 2(1), pointe (7), den Rialachán sin. Mar sin féin, ní bhaineann sainaithint leithleach ainmhithe le speicis ainmhíocha seachas ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 31(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 nach gcuirfear an pionós riaracháin i bhfeidhm ach amháin i gcás ina bhfuil níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe, gan tagairt do chás ina bhfuil trí ainmhí neamhchinntithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair, nó níos lú ná sin, nach féidir a shainaithint go leithleach trí bhíthin aon mhodh dá bhforáiltear sa chóras chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú.

(2)

Mar thoradh air sin, leis an dara coinníoll in Airteagal 31(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 eisiatar ón maolú, a mhéid a bhaineann le pionóis riaracháin a chur i bhfeidhm, gach speiceas ainmhíoch seachas ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair atá le cumhdach le Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014.

(3)

Dá bhrí sin, is iomchuí Airteagal 31(1), pointe (b), de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a athfhoirmliú sa chaoi nach mbeidh feidhm ag an gceanglas maidir le sainaithint leithleach ach ar ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair.

(4)

I gcás nach féidir suas le trí ainmhí neamhchinntithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair a shainaithint go leithleach, ní fhoráiltear maidir le haon phionós in Airteagal 31(2) de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014, rud a chiallaíonn gur chaill na hainmhithe sin a sainiúlacht agus a n-inrianaitheacht ó cibé foinse de chuid an chórais chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú. Is é an toradh atá air sin cás ina mbeadh pionóis ann de bharr neamh-chomhlíonadh nach bhfuil chomh tromchúiseach sin, bunaithe ar líon na n-ainmhithe neamhchinntithe amháin, agus cás nach mbeadh aon iarmhairtí ann de bharr neamh-chomhlíonadh atá níos tromchúisí toisc go mbaineann sé le hainmhithe (de chineál buaibheach, caorach nó gabhair) nach bhféadfaí a shainaithint.

(5)

Dá bhrí sin, is iomchuí foráil a dhéanamh freisin maidir le pionóis riaracháin i leith neamh-chomhlíonadh níos tromchúisí i gcás nach féidir na hainmhithe neamhchinntithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair a shainaithint go leithleach trí bhíthin aon mhodh dá bhforáiltear sa chóras chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú, gan beann ar a líon.

(6)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a leasú dá réir sin.

(7)

Ar mhúnla Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/841, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le hiarratais ar chabhair, le hiarratais ar thacaíocht agus le héilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó le haghaidh tréimhsí préimhe dar tús an 1 Eanáir 2021,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Airteagal 31 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 mar a leanas:

(a)

i mír 1, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

“(b)

féadfar ainmhithe neamhchinntithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair a shainaithint go leithleach trí bhíthin aon mhodh dá bhforáiltear sa chóras chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú.”;

(b)

i mír 2, an chéad fhomhír, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na habairte tosaigh:

“I gcás ina bhfuil níos mó ná trí ainmhí neamhchinntithe ann nó i gcás ina bhfuil ainmhithe neamhchinntithe ann de chineál buaibheach, caorach nó gabhair nach féidir a shainaithint go leithleach trí bhíthin aon mhodh dá bhforáiltear sa chóras chun ainmhithe a shainaithint agus a chlárú, laghdófar mar a leanas an méid iomlán cabhrach nó tacaíochta a bhfuil an tairbhí ina theideal a fháil faoin scéim cabhrach nó faoin mbeart tacaíochta nó faoi chineál oibríochta faoin mbeart tacaíochta sin dá dtagraítear i mír 1 le haghaidh na bliana éilimh lena mbaineann:”.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige maidir le hiarratais ar chabhair, iarratais ar thacaíocht agus éilimh ar íocaíocht a chuirtear isteach le haghaidh blianta éilimh nó le haghaidh tréimhsí préimhe dar tús an 1 Eanáir 2021.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 23 Meitheamh 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus leis na cúinsí faoina ndiúltófar nó faoina n-aistarraingeofar íocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus le tras-chomhlíonadh (IO L 181, 20.6.2014, lch. 48).

(3)  Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/841 ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2021 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a mhéid a bhaineann leis na rialacha maidir le neamh-chomhlíonadh i ndáil leis an gcóras chun ainmhithe de chineál buaibheach, caorach nó gabhair a shainaithint agus a chlárú agus maidir le leibhéal na bpionós riaracháin a ríomh i ndáil le hainmhithe arna ndearbhú faoi scéimeanna cabhrach le haghaidh ainmhithe nó faoi bhearta tacaíochta a bhaineann le hainmhithe (IO L 186, 27.5.2021, lch. 12).