13.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/120


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1355 ÓN gCOIMISIÚN

an 12 Lúnasa 2021

maidir le cláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla i ndáil le hiarmhair lotnaidicídí atá le leagan síos ag na Ballstáit

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh. 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (an Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (1), agus go háirithe Airteagal 19(3)(b) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Le Rialachán (AE) 2017/625 leagtar síos rialacha maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a dhéanann údaráis inniúla na mBallstát chun comhlíonadh reachtaíocht an Aontais inter alia a fhíorú i réimse na sábháilteachta bia ag gach céim den táirgeadh, den phróiseáil agus den dáileadh. Déantar foráil ann do rialacha sonracha maidir le rialuithe oifigiúla i ndáil le substaintí a bhféadfadh iarmhair i mbia agus i mbeatha a bheith mar thoradh ar a n-úsáid.

(2)

Le Rialachán (AE) 2017/625, scriostar Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2), ach is infheidhme don Airteagal fós áfach go dtí an 14 Nollaig 2022 ach amháin má shocraítear dáta is túisce ná sin le gníomh tarmligthe. Leagtar síos in Airteagal 30 ceanglais shonracha chun cláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla riosca-bhunaithe maidir le hiarmhair lotnaidicídí a bhunú agus an dá chuspóir atá leis na ceanglais sin, is é sin nochtadh na dtomhaltóirí agus comhlíonadh na reachtaíochta a mheasúnú.

(3)

Déantar foráil in Airteagal 110 de Rialachán (AE) 2017/625 maidir le híoscheanglais i ndáil le hinneachar na bpleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla. Mar sin féin, na socruithe sonracha praiticiúla is gá chun cláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla maidir le hiarmhair lotnaidicídí a ullmhú, is socruithe iad nach bhfuil san áireamh sna ceanglais sin.

(4)

Dá bhrí sin, is iomchuí ceanglais shonracha a leagan síos chun cláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla maidir le hiarmhair lotnaidicídí a ullmhú, ceanglais ar cheart iad a bheith ina gcuid de na pleananna rialaithe náisiúnta ilbhliantúla. Is sé tábhachtach, go háirithe, a áirithiú go gcuirfear san áireamh sa chóras rialaithe an cuspóir maidir le measúnú ar nochtadh na dtomhaltóirí agus comhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

(5)

Ós rud é nach mbeidh feidhm a thuilleadh ag Airteagal 30 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ón 15 Nollaig 2022, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón dáta sin.

(6)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón mBuanchoiste um Plandaí, Ainmhithe, Bia agus Beatha,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Cláir rialaithe ilbhliantúil náisiúnta maidir le hiarmhair lotnaidicídí

1.   Bunóidh na Ballstáit cláir rialaithe náisiúnta ilbhliantúla maidir le hiarmhair lotnaidicídí mar chuid dá bplean rialaithe náisiúnta ilbhliantúil féin. Déanfaidh siad a gclár ilbhliantúil a thabhairt cothrom le dáta gach bliain.

2.   Is cláir riosca-bhunaithe a bheidh iontu sin, iad dírithe ar nochtadh na dtomhaltóirí agus ar chomhlíonadh Rialachán (CE) Uimh. 396/2005. Sonróidh siad an méid seo a leanas, ar a laghad:

(a)

na táirgí atá le sampláil;

(b)

líon na samplaí agus na n-anailísí atá le déanamh;

(c)

na lotnaidicídí a bhfuil anailís le déanamh orthu;

(d)

na critéir a chuirtear i bhfeidhm agus cláir den sórt sin á dtarraingt suas; lena n-áirítear:

(i)

na teaglamaí táirgí lotnaidicíde atá le roghnú;

(ii)

líon na samplaí atá le tógáil i gcás táirgí intíre agus i gcás táirgí nach táirgí intíre iad faoi seach;

(iii)

tomhaltas na dtáirgí mar chion den réim bia náisiúnta;

(iv)

clár rialaithe an Aontais; agus

(v)

torthaí na gclár rialaithe náisiúnta ilbhliantúil a bhí ann roimhe seo.

3.   Beidh na Ballstáit rannpháirteach i gclár rialaithe ilbhliantúil an Aontais i gcomhréir le hAirteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 396/2005.

Airteagal 2

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 15 Nollaig 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 12 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 095, 7.4.2017, lch. 1

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Feabhra 2005 maidir le huasleibhéil iarmhar lotnaidicídí i mbia agus i mbeatha de bhunadh plandaí nó de bhunadh ainmhíoch nó ar bhia agus ar bheatha den chineál sin agus lena leasaítear Treoir 91/414/CEE ón gComhairle (IO L 70, 16.3.2005, lch. 1.)