13.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/16


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1352 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Bealtaine 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na ceanglais a bhaineann lena áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht lena gcinntear tagarmharc i gcomhréir leis na ceanglais cháilíochta

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 12(4) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Ionas go mbeidh an mhodheolaíocht lena gcinntear tagarmharc láidir agus iontaofa, ba cheart a shonrú leis an modheolaíocht sin cineál na sonraí ionchuir arna úsáid agus aon chritéar atá le bheith infheidhme in imthosca ina dtiteann cainníocht nó cáilíocht na sonraí ionchuir faoi bhun na gcaighdeán is gá chun go ndéanfar an tagarmharc a chinneadh go cruinn agus go hiontaofa leis an modheolaíocht, ba cheart í a bheith faoi réir measúnú ar an gcaidreamh idir na príomhthoimhdí arna n-úsáid agus íogaireacht an tagarmhairc arna ríomh leis an modheolaíocht sin, ba cheart a bheith in ann léiriú a thabhairt léi ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch lena bhféachtar lena thomhas agus ba cheart fachtóirí a ionchorprú léi lena n-áirítear paraiméadair agus sonraí ionchuir is ábhartha chun an bunmhargadh a thomhas.

(2)

Ríomhtar tagarmharc trí úsáid a bhaint as foirmle nó as modheolaíocht ríofa eile bunaithe ar luachanna foluiteacha. Bíonn méid áirithe discréide ag riarthóirí maidir leis an bhfoirmle a chur le chéile, leis an ríomh is gá a dhéanamh agus leis na sonraí ionchuir a chinneadh. Cruthaítear riosca cúblála leis an méid discréide sin. Dá bhrí sin, ba cheart do riarthóirí a áirithiú go mbeidh córas rialaithe iomchuí i bhfeidhm nuair a úsáidtear an discréid sin. Le Rialachán (AE) 2016/1011 aithnítear go mb’fhéidir go leabófaí an discréid arna feidhmiú ag gach riarthóir, agus sin trí mhodheolaíocht tagarmhairc a chur le chéile. Tá sé tábhachtach go n-áireofar rialacha soiléire sa mhodheolaíocht lena sainaithnítear conas agus cathain a cheadaítear an discréid sin a fheidhmiú agus go háirithe cibé acu an bhfuil an discréid sin bunaithe ar algartam nó ar mhodheolaíocht réamhshainithe. Thairis sin, leis an modheolaíocht ba cheart soiléiriú a thabhairt ar na himthosca ina measfaí nár leordhóthanach sonraí idirbhirt sa bhunmhargadh.

(3)

Tá sé tábhachtach go mbeidh riarthóir in ann modheolaíocht tagarmhairc a chur le chéile atá athléimneach ó thaobh dálaí margaidh éagsúla de agus lena gceadaítear an tagarmharc a ríomh sa mhéid is leithne imthosca margaidh agus is féidir. Dá bhrí sin, ba cheart an mhodheolaíocht tagarmharc arna húsáid a bheith ag brath ar luachanna stairiúla leordhóthanacha agus iomchuí de chuid an tagarmhairc. Ar an gcúis chéanna, agus go háirithe chun ríomh an tagarmhairc a bhailíochtú agus chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmíocht na modheolaíochta ex post, ba cheart iarthástáil a dhéanamh ar an modheolaíocht tagarmhairc in aghaidh sonraí idirbhirt atá ar fáil. Ba cheart an iarthástáil sin a bheith ina cleachtas ex post lena n-úsáidtear sonraí breise atá ar fáil agus nár úsáideadh le haghaidh ríomh an tagarmhairc nó foinsí eile sonraí idirbhirt, nó lena n-atógtar luachanna stairiúla an tagarmhairc. Chun a áirithiú go bhféadfar bailíochtú a dhéanamh leis an modheolaíocht tagarmhairc, tá sé tábhachtach go ndéanfar iarthástáil tráth gach athbhreithnithe bhliantúil ar an modheolaíocht tagarmhairc agus, de réir chineál an tagarmhairc, tar éis gach athraithe ábhartha a dhéantar ar an modheolaíocht sin, ar bhonn leanúnach, nó nuair a sholáthraítear an tagarmharc den chéad uair. Ba cheart torthaí na hiarthástála a léiriú sa mhodheolaíocht.

(4)

Ba cheart a bheith in ann modheolaíocht tagarmhairc atá athléimneach a úsáid chun an tagarmharc a ríomh sa mhéid is leithne imthosca agus is féidir, lena n-áirítear i ndálaí struis margaidh. Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach go ndéanfaidh riarthóirí measúnú ar thionchar dálaí margaidh éagsúla ar an modheolaíocht trí úsáid a bhaint as sonraí stairiúla ó dhálaí struis sa mhargadh a réadaíodh, agus i gcás tagarmharcanna criticiúla, go n-úsáidfear sonraí hipitéiseacha le haghaidh dálaí struis margaidh nár réadaíodh.

(5)

Le modheolaíocht tagarmhairc atá inrianaithe agus infhíoraithe ba cheart foráil a dhéanamh maidir le seiceáil agus rialú leanúnach ar gach ríomh a dhéantar ar an tagarmharc. Leis an inrianaitheacht ba cheart doiciméadacht ar na bearta éagsúla den mhodheolaíocht a áireamh agus ba cheart í a bheith mar bhunús le hinfhíoraitheacht rud a d’fhágfadh go bhféadfaí luachanna stairiúla an tagarmhairc a atógáil.

(6)

I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, maidir le riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha agus tagarmharcanna sonraí rialáilte, níor cheart dóibh a bheith faoi réir ualach riaracháin iomarcach. Dá bhrí sin, is iomchuí go mbeadh na riarthóirí sin in ann diúltú do cheanglais cháilíochta áirithe le haghaidh an dtagarmharcanna sin. Ina theannta sin, i gcás ina bhfuil údar leis i bhfianaise chineál, scála agus chastacht a ngníomhaíochtaí, na dóchúlachta go n-eascródh coinbhleacht leasa idir soláthar an tagarmhairc agus aon ghníomhaíocht eile de chuid an riarthóra, agus an leibhéal discréide a bhaineann le próiseas sholáthar an tagarmhairc, ba cheart do riarthóirí tagarmharcanna áirithe a bheith in ann diúltú do cheanglais áirithe maidir le hathléimneacht mhodheolaíocht an tagarmhairc.

(7)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ÚEUM) faoi bhráid an Choimisiúin.

(8)

Reáchtáil ÚEUM comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí gaolmhara féideartha agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(9)

Chun comhsheasmhacht le dáta chur i bhfeidhm Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a áirithiú, rud a thugtar isteach i Rialachán (AE) 2016/1011 Airteagal 12(4) leis an Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Na coinníollacha a bhaineann lena áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht tagarmhairc láidir agus iontaofa

1.   Maidir le modheolaíocht tagarmhairc dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/1011:

(a)

beifear in ann léiriú a thabhairt léi ar an mbunmhargadh nó ar an bhfíorchás eacnamaíoch lena bhféachtar lena thomhas agus déanfar fachtóirí a ionchorprú léi, lena n-áirítear paraiméadair agus sonraí ionchuir is ábhartha chun an bunmhargadh a thomhas;

(b)

beidh sí faoi réir measúnú ar an gcaidreamh idir na príomhthoimhdí arna n-úsáid agus íogaireacht an tagarmhairc arna ríomh leis an modheolaíocht sin;

(c)

sonrófar léi cineál na sonraí ionchuir arna n-úsáid sa mhodheolaíocht;

(d)

sonrófar léi aon chritéar atá le bheith infheidhme in imthosca ina dtiteann cainníocht nó cáilíocht na sonraí ionchuir faoi bhun na gcaighdeán is gá chun go ndéanfar an tagarmharc a chinneadh go cruinn agus go hiontaofa leis an modheolaíocht.

2.   Féadfaidh riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha a roghnú gan mír 1, pointe (b), a chur i bhfeidhm maidir leis na tagarmharcanna sin.

3.   Féadfaidh riarthóirí tagarmharcanna sonraí rialáilte a roghnú gan mír 1, pointí (b) agus (c), a chur i bhfeidhm maidir leis na tagarmharcanna sin.

Airteagal 2

Na coinníollacha a bhaineann lena áirithiú go mbeidh rialacha soiléire ag baint leis an modheolaíocht tagarmhairc lena sainaithnítear conas agus cathain a fhéadfar discréid a fheidhmiú agus an tagarmharc á chinneadh

Maidir le modheolaíocht tagarmhairc dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/1011 sonrófar na nithe uile seo a leanas:

(a)

céim ríofa an tagarmhairc ar a bhfeidhmítear discréid;

(b)

na critéir atá le húsáid agus an discréid á feidhmiú;

(c)

na sonraí ionchuir atá le cur san áireamh;

(d)

i gcás inarb infheidhme, liosta neamhchuimsitheach ar na coinníollacha faoinarb amhlaidh:

(i)

atá sonraí idirbhirt sa bhunmhargadh le meas mar shonraí neamh-leordhóthanacha agus is gá sonraí idirbhirt i margaí gaolmhara a úsáid;

(ii)

nach dtagann toradh as an modheolaíocht a chur i bhfeidhm agus is gá discréid a fheidhmiú agus an tagarmharc á chinneadh.

(e)

an cineál margaí gaolmhara atá le meas mar mhargaí iomchuí chun críocha phointe (d)(i).

Airteagal 3

Na coinníollacha a bhaineann lena áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht tagarmhairc dian, leanúnach agus inbhailíochtaithe lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí iarthástáil a dhéanamh in aghaidh sonraí idirbhirt atá ar fáil

1.   Maidir le modheolaíocht tagarmhairc dá dtagraítear in Airteagal 12(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/1011 beidh na nithe uile seo a leanas inti:

(a)

measúnú ar a leordhóthanaí agus ar a iomchuí atá luachanna stairiúla an tagarmhairc a tháirgtear leis an modheolaíocht sin;

(b)

sonraí ionchuir iontaofa, lena n-áirítear méid iomchuí na samplaí sonraí, más ann;

2.   Áiritheoidh riarthóirí tagarmhairc go ndéanfar aon iarthástáil, a bhfuil an mhodheolaíocht tagarmhairc faoina réir, ex post agus go dtagrófar do thréimhse ama iomchuí léi.

Déanfar iarthástáil ar a laghad tráth gach athbhreithnithe bhliantúil ar an modheolaíocht tagarmhairc agus tar éis aon athrú ábhartha ar an modheolaíocht sin. Maidir le tagarmharcanna sonraí rialáilte, déanfar iarthástáil nuair a sholáthraítear an tagarmharc den chéad uair. Maidir le tagarmharcanna criticiúla, déanfar iarthástáil mhíosúil.

Áireofar leis an modheolaíocht tagarmhairc measúnú ar na torthaí iarthástála, lena n-áirítear próisis chun a áirithiú go ndéanfar aimhrialtachtaí córasacha, a chuirtear i dtábhacht le hiarthástáil, a shainaithint agus go rachfar i ngleic leo mar is iomchuí.

Airteagal 4

Na coinníollacha a bhaineann lena áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht tagarmhairc athléimneach agus go n-áireofar léi gur féidir an tagarmharc a ríomh sa mhéid is leithne imthosca agus is féidir, gan cur isteach ar a shláine

1.   Déanfaidh riarthóirí measúnú ar thionchar dálaí margaidh éagsúla ar an modheolaíocht trí úsáid a bhaint as sonraí stairiúla ó dhálaí struis sa mhargadh. I gcás nach mbeidh aon sonra stairiúil iomchuí ar fáil, úsáidfidh riarthóirí tagarmharcanna criticiúla sonraí hipitéiseacha lena léirítear dálaí struis sa mhargadh.

2.   Úsáidfidh riarthóirí paraiméadair agus toimhdí sa mhodheolaíocht chun éagsúlacht dálaí stairiúla nó, i gcás riarthóirí tagarmharcanna criticiúla, éagsúlacht dálaí hipitéiseacha a ghabháil, lena n-áirítear na tréimhsí is luainí sna margaí agus éagsúlacht hipitéisí maidir le comhghaol idir bunsócmhainní á cur san áireamh.

3.   Féadfaidh riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha agus tagarmharcanna sonraí rialáilte a roghnú gan mír 2 a chur i bhfeidhm maidir leis na tagarmharcanna sin.

4.   Féadfaidh riarthóirí a roghnú gan aon cheann de na ceanglais a leagtar síos i míreanna 1 agus 2 a chur i bhfeidhm, ag féachaint do na hábhair seo a leanas:

(a)

cineál, scála agus castacht sholáthar an tagarmhairc;

(b)

an dóchúlacht go n-eascródh coinbhleacht leasa agus na tagarmharcanna á soláthar;

(c)

an leibhéal discréide a bhaineann le próiseas soláthair tagarmharcanna.

Airteagal 5

Na coinníollacha a bhaineann lena áirithiú go mbeidh an mhodheolaíocht tagarmhairc inrianaithe agus infhíoraithe

Coimeádfaidh riarthóirí tagarmharcanna rian iniúchta doiciméadaithe ar ríomh an tagarmhairc, lena n-áirítear aon mheasúnú ar athléimneacht na modheolaíochta agus na torthaí iarthástála.

Airteagal 6

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 171, 29.6.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(3)  Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1).