13.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 291/1


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1348 ÓN gCOIMISIÚN

an 6 Bealtaine 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le caighdeáin theicniúla rialála lena sonraítear na critéir faoina bhféadfaidh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athruithe ar an ráiteas comhlíontachta maidir le tagarmharcanna neamhshuntasacha

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/1011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas agus lena leasaítear Treoir 2008/48/CE agus Treoir 2014/17/AE agus Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 (1), agus go háirithe Airteagal 26(6) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

Leis na critéir faoina bhféadfaidh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athruithe ar an ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 26(3) den Rialachán sin, ba cheart cineál fhorálacha Rialachán (AE) 2016/1011 a chur san áireamh, ar forálacha iad a bhféadfaidh riarthóirí tagarmharcanna neamhshuntasacha, i gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Rialachán sin, a roghnú gan a chur i bhfeidhm. Ós rud é go mbaineann roinnt de na ceanglais a leagtar amach sna forálacha sin le struchtúr eagraíochtúil an riarthóra, agus cé go mbaineann cinn eile leis an tagarmharc nó leis an bhfine tagarmharcanna lena mbaineann, tá feidhm ag an idirdhealú céanna maidir leis na critéir faoina bhféadfaidh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athruithe ar an ráiteas comhlíontachta.

(2)

I ndáil le ceanglais a bhaineann le struchtúr eagraíochtúil an riarthóra, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann a cheangal go ndéanfar athruithe ar an ráiteas comhlíontachta maidir le tagarmharc neamhshuntasach i gcás ina measann siad go bhfuil an ráiteas comhlíontachta doiléir maidir leis an bhfáth ar cheart cead a bheith ag an riarthóir lena mbaineann gan na ceanglais a leagtar síos in Airteagail 4, 5 agus 6 de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh. Ba cheart an méid sin a bheith amhlaidh go háirithe i gcás ina bhfuil easpa soiléireachta ann maidir le struchtúr eagraíochtúil an riarthóra lena mbaineann, le sainaithint coinbhleachtaí leasa féideartha a fhéadfaidh eascairt idir na daoine a bhfuil baint acu le soláthar an tagarmhairc agus na fostaithe eile nó codanna d’eagraíocht an riarthóra, le próiseas formhaoirseachta sholáthar an tagarmhairc neamhshuntasaigh, nó leis an gcreat rialaithe chun an tagarmharc neamhshuntasach a sholáthar nó a fhoilsiú nó chun é a chur ar fáil.

(3)

I ndáil le ceanglais a bhaineann leis an tagarmharc nó leis an bhfine tagarmharcanna, ba cheart d’údaráis inniúla a bheith in ann a cheangal go ndéanfar athruithe ar an ráiteas comhlíontachta maidir le tagarmharc neamhshuntasach i gcás ina measann siad go bhfuil an ráiteas comhlíontachta doiléir maidir leis an bhfáth ar cheart cead a bheith ag an riarthóir lena mbaineann gan na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 11 agus in Airteagail 13 go 16 de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh. Ba cheart an méid sin a bheith amhlaidh go háirithe i gcás ina bhfuil easpa soiléireachta ann maidir leis an leibhéal rialaithe ar sholáthar na sonraí ionchuir, le trédhearcacht na nósanna imeachta chun comhairliúchán a dhéanamh ar aon athrú ábhartha ar mhodheolaíocht an tagarmhairc neamhshuntasaigh, leis an bpróiseas a bhaineann le cásanna cúblála nó iarrachtaí ar chúbláil ar an tagarmharc neamhshuntasach a thuairisciú, leis an gcód iompair i gcás ina bhfuil an tagarmharc neamhshuntasach bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, le hinniúlacht an riarthóra athbhreithniú a dhéanamh agus tuairisc a thabhairt ar a chomhlíontacht le modheolaíocht an tagarmhairc neamhshuntasaigh agus le Rialachán (AE) 2016/1011, agus, i gcás ina ndéanann rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht sonraí ionchuir a rannchuidiú, cibé acu an ndéantar sin le rialuithe iomchuí chun cruinneas, sláine agus iontaofacht na sonraí ionchuir a áirithiú.

(4)

Tá an Rialachán seo bunaithe ar na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála a chuir an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) faoi bhráid an Choimisiúin.

(5)

Reáchtáil ESMA comhairliúcháin phoiblí oscailte maidir leis na dréachtchaighdeáin theicniúla rialála ar a bhfuil an Rialachán seo bunaithe, rinne sé anailís ar na costais agus ar na tairbhí féideartha agus d’iarr sé comhairle ar an nGrúpa Geallsealbhóirí um Urrúis agus Margaí arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 37 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2).

(6)

Chun comhsheasmhacht le dáta chur i bhfeidhm Airteagal 5 de Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3) a áirithiú, rud a thugtar isteach i Rialachán (AE) 2016/1011 Airteagal 26(6) leis an Rialachán sin, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón 1 Eanáir 2022,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Critéir ar leibhéal an riarthóra

Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athruithe ar an ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) 2016/1011 i gcás ina measann siad go bhfuil an ráiteas sin doiléir maidir leis an bhfáth ar cheart cead a bheith ag an riarthóir lena mbaineann gan ceann amháin nó níos mó de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh, agus go háirithe i gcás ina bhfuil easpa soiléireachta ann maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

struchtúr eagraíochtúil an riarthóra lena mbaineann agus na coinbhleachtaí leasa a fhéadfaidh eascairt de thoradh a struchtúir;

(b)

sainaithint agus bainistíocht coinbhleachtaí leasa i ndáil le fostaithe an riarthóra lena mbaineann, leis na daoine a bhfuil a seirbhísí curtha ar fáil dó nó faoina rialú agus leis na daoine a bhfuil baint dhíreach acu le soláthar an tagarmhairc neamhshuntasaigh;

(c)

próiseas formhaoirseachta sholáthar an tagarmhairc neamhshuntasaigh, agus leochaileacht an tagarmhairc lena mbaineann agus scála eagraíocht an riarthóra á gcur san áireamh;

(d)

an creat rialaithe chun an tagarmharc neamhshuntasach a sholáthar nó a fhoilsiú nó a chur ar fáil, lena n-áirítear neamhchosaint an riarthóra ar riosca oibríochtúil, ar riosca leanúnachais gnó nó ar an riosca a bhaineann le cur isteach ar phróiseas sholáthar an tagarmhairc.

Airteagal 2

Critéir ar leibhéal an tagarmhairc nó na fine tagarmharcanna

Féadfaidh údaráis inniúla a cheangal go ndéanfar athruithe ar an ráiteas comhlíontachta dá dtagraítear in Airteagal 26(3) de Rialachán (AE) 2016/1011 i gcás ina measann siad go bhfuil an ráiteas sin doiléir maidir leis an bhfáth nár cheart don riarthóir lena mbaineann ceann amháin ná níos mó de na ceanglais dá dtagraítear in Airteagal 26(1) de Rialachán (AE) 2016/1011 a chomhlíonadh, agus go háirithe i gcás ina bhfuil easpa soiléireachta ann maidir leis an méid seo a leanas:

(a)

an leibhéal rialaithe ar sholáthar na sonraí ionchuir agus cibé acu, agus cineál na sonraí ionchuir á chur san áireamh, an leor an leibhéal rialaithe sin chun cruinneas, sláine agus iontaofacht na sonraí ionchuir a áirithiú;

(b)

trédhearcacht na nósanna imeachta maidir le comhairliúchán a dhéanamh ar aon athrú ábhartha ar mhodheolaíocht an tagarmhairc neamhshuntasaigh, agus castacht na modheolaíochta sin agus cineál na sonraí ionchuir arna n-úsáid á gcur san áireamh;

(c)

an próiseas maidir le cásanna cúblála nó iarrachtaí cúblála ar an tagarmharc neamhshuntasach a thuairisciú, go háirithe i ndáil le faireachán a dhéanamh ar shonraí ionchuir agus rannchuiditheoirí;

(d)

i gcás ina bhfuil an tagarmharc neamhshuntasach bunaithe ar shonraí ionchuir ó rannchuiditheoirí, an cód iompair agus cibé acu, agus cineál na sonraí ionchuir á chur san áireamh, an áirítear coimircí ann le haghaidh shláine na sonraí ionchuir arna n-úsáid;

(e)

inniúlacht an riarthóra chun athbhreithniú a dhéanamh agus tuairisc a thabhairt ar a chomhlíontacht le modheolaíocht an tagarmhairc neamhshuntasaigh agus le Rialachán (AE) 2016/1011;

(f)

i gcás ina ndéanann rannchuiditheoir faoi mhaoirseacht sonraí ionchuir a rannchuidiú, cibé acu an ndéantar sin le rialuithe iomchuí chun cruinneas, sláine agus iontaofacht na sonraí ionchuir a áirithiú.

Airteagal 3

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 6 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)  IO L 171, 29.6.2016, lch. 1.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lch. 84).

(3)  Rialachán (AE) 2019/2175 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2019 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach); Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde); Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí); Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais; Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas; agus Rialachán (AE) 2015/847 maidir le faisnéis a ghabhann le haistrithe cistí (IO L 334, 27.12.2019, lch. 1).