16.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 292/20


RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2021/1342 ÓN gCOIMISIÚN

an 27 Bealtaine 2021

lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle le rialacha i dtaca leis an bhfaisnéis atá le seoladh ag tríú tíortha agus ag údaráis rialaithe agus ag comhlachtaí rialaithe chun críche maoirseachta ar a n-aitheantas faoi Airteagal 33(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgí orgánacha allmhairithe agus na bearta atá le déanamh i bhfeidhmiú na maoirseachta sin

(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 48(4) agus 57(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) 2018/848, rachaidh an t-aitheantas do thríú tíortha chun críocha coibhéise faoi Airteagal 33(2) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle (2) le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha isteach san Aontas in éag an 31 Nollaig 2026.

(2)

De bhun Airteagal 57(1) de Rialachán (AE) 2018/848, rachaidh an t-aitheantas a thugtar d’údaráis rialaithe agus do chomhlachtaí rialaithe chun críocha coibhéise faoi Airteagal 33(3) de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha isteach san Aontas in éag an 31 Nollaig 2024.

(3)

Nuair a chuirtear ar mhargadh an Aontais iad go dtí deireadh na n-idirthréimhsí sin, ní mór táirgí orgánacha a allmhairítear isteach san Aontas faoi na scéimeanna allmhairiúcháin sin a tháirgeadh i gcomhréir leis na rialacha maidir le táirgeadh agus faoi réir socruithe rialaithe atá coibhéiseach leo sin a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 chomh maith leis na rialacha gaolmhara cur chun feidhme a leagtar síos i Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 (3) agus (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún (4).

(4)

Dá bhrí sin, ag gach céim den táirgeadh, den ullmhúchán agus den dáileadh i dtríú tíortha, ba cheart d’oibreoirí leanúint dá ngníomhaíochtaí a chur faoi bhráid córas rialaithe tríú tír a aithnítear chun críocha coibhéise dá dtagraítear in Airteagal 48(1) de Rialachán (AE) 2018/848, nó faoi bhráid údarás rialaithe nó comhlacht rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1) den Rialachán sin.

(5)

D’fhonn a áirithiú go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na tríú tíortha sin nó ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe lena mbaineann, is gá rialacha a leagan síos maidir leis na nósanna imeachta chun athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a n-aitheantas le linn na n-idirthréimhsí. Chun na críche sin, ba cheart a shonrú sa Rialachán seo, go háirithe, an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag na tríú tíortha nó ag na húdaráis rialaithe agus ag na comhlachtaí rialaithe don Choimisiún chun an mhaoirseacht sin a fheidhmiú, lena n-áirítear trí bhíthin scrúdú ar an láthair. Ina theannta sin, ba cheart a leagan amach sa Rialachán seo na bearta atá le déanamh ag an gCoimisiún i bhfeidhmiú na maoirseachta sin, lena n-áirítear tríú tíortha aitheanta nó údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe aitheanta a chur ar fionraí nó a aistarraingt ó na liostaí a bhunaítear de bhun Airteagal 48(3) agus Airteagal 57(2) de Rialachán (AE) 2018/848.

(6)

Ar mhaithe le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ó dháta chur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2018/848 go dtí go rachaidh aitheantas na dtríú tíortha nó na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe in éag,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Maoirseacht ar thríú tíortha

1.   Áireofar an méid seo a leanas sa tuarascáil bhliantúil atá le seoladh chuig an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 48(2) de Rialachán (AE) 2018/848, faoin 31 Márta gach bliain, ag tríú tír dá dtagraítear in Airteagal 48(1) den Rialachán sin agus a áirítear ar an liosta arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 48(3) de Rialachán (AE) 2018/848 (“tríú tír”):

(a)

faisnéis maidir le forbairt an táirgthe orgánaigh sa tríú tír, lena n-áirítear na táirgí a tháirgtear, an limistéar arna shaothrú, na réigiúin táirgthe, líon na dtáirgeoirí, agus na gníomhaíochtaí próiseála bia;

(b)

faisnéis maidir le cineál na dtáirgí talmhaíochta orgánacha agus na mbia-earraí a onnmhairítear chuig an Aontas;

(c)

tuairisc ar na gníomhaíochtaí faireacháin agus maoirseachta a rinne údarás inniúil an tríú tír an bhliain roimhe sin, ar na torthaí a fuarthas agus ar na bearta ceartaitheacha a rinneadh;

(d)

aon nuashonrú ar na caighdeáin táirgthe a chuirtear i bhfeidhm sa tríú tír a measadh a bheith coibhéiseach leis na rialacha maidir le táirgeadh dá dtagraítear i dTeidil III agus IV de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007;

(e)

aon nuashonrú ar na bearta rialaithe a chuirtear i bhfeidhm sa tríú tír, a measadh éifeachtacht choibhéiseach a bheith acu leo siúd dá dtagraítear i dTeideal V de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, agus dearbhú gur cuireadh na bearta rialaithe sin i bhfeidhm go buan agus go héifeachtach;

(f)

aon nuashonrú eile ar shainchomhad teicniúil an tríú tír;

(g)

an suíomh gréasáin Idirlín nó seoladh eile inar féidir teacht ar liosta atá cothrom le dáta de na hoibreoirí atá faoi réir an chórais rialaithe, mar aon le pointe teagmhála ina bhfuil faisnéis ar fáil go héasca faoina stádas deimhniúcháin agus faoi na catagóirí táirgí lena mbaineann;

(h)

aon fhaisnéis eile a mheasann an tríú tír a bheith ábhartha.

2.   Cuirfidh an tríú tír an Coimisiún ar an eolas gan mhoill, tríd an ardán leictreonach, Córas Faisnéise na Feirmeoireachta Orgánaí (OFIS), faoi aon athrú a dhéanfar ar na bearta atá i bhfeidhm sa tríú tír sin nó ar a gcur chun feidhme, agus go háirithe ar a córas rialaithe.

3.   Cuirfidh an tríú tír an Coimisiún ar an eolas gan mhoill, trí OFIS, faoi aon athrú a dhéanfar ar na sonraí riaracháin a áirítear ar an liosta arna bhunú le Rialachán Cur Chun Feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 48(3) de Rialachán (AE) 2018/848.

4.   Féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, aon fhaisnéis bhreise a iarraidh ar an tríú tír, lena n-áirítear ceann amháin nó níos mó de na tuarascálacha ar scrúdú ar an láthair arna mbunú ag saineolaithe neamhspleácha a thíolacadh.

5.   Féadfaidh an Coimisiún, bunaithe ar mheasúnú riosca nó i gcás neamhchomhlíonadh a bhfuil amhras ann ina leith, scrúdú ar an láthair a eagrú sa tríú tír ag saineolaithe a ainmneoidh sé.

6.   I gcás ina bhfuair an Coimisiún fógra ó Bhallstát lena gcuirtear ar an eolas é faoi amhras a bhfuil bunús leis faoi neamhrialtacht nó sárú a mhéid a bhaineann le táirgí orgánacha allmhairithe na ceanglais a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 a chomhlíonadh agus faoi chaighdeáin táirgthe agus bearta rialaithe a nglactar leo mar bhearta coibhéiseacha ar bhonn an mheasúnaithe a rinneadh, tabharfaidh sé fógra ina leith d’údarás inniúil an tríú tír. Déanfaidh an t-údarás inniúil sin imscrúdú ar thionscnamh na neamhrialtachta nó an tsáraithe a bhfuil amhras ann ina leith agus déanfaidh sé, laistigh de 30 lá féilire tar éis fógra an Choimisiúin, toradh an imscrúdaithe agus an beart a rinneadh a chur in iúl don Choimisiún agus don Bhallstát lena mbaineann.

Airteagal 2

Maoirseacht ar údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe

1.   Ar bhonn tuarascálacha bliantúla agus i bhfianaise aon fhaisnéis eile a gheofar, áiritheoidh an Coimisiún go ndéanfar maoirseacht iomchuí ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe dá dtagraítear in Airteagal 57(1) de Rialachán (AE) 2018/848 agus a áirítear ar an liosta a bunaíodh le Rialachán Cur Chun Feidhme atá le glacadh de bhun Airteagal 57(2) de Rialachán (AE) 2018/848 (“údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe”) trí athbhreithniú rialta a dhéanamh ar a n-aitheantas. Chun na críche sin, féadfaidh an Coimisiún cúnamh a iarraidh ar na Ballstáit. Cinnfear cineál na maoirseachta a dhéanfar ar na húdaráis rialaithe agus ar na comhlachtaí rialaithe ar bhonn cur chuige rioscabhunaithe maidir le neamhchomhlíonadh, agus líon na dtáirgí deimhnithe agus a n-onnmhairí chuig an Aontas á gcur san áireamh go háirithe, chomh maith le torthaí na meastóireachta rialta ar an láthair, an fhaireachais agus an athmheasúnaithe ilbhliantúil ar a ngníomhaíochtaí ag comhlacht creidiúnaithe nó, de réir mar is iomchuí, ag údarás inniúil.

2.   Faoin 28 Feabhra gach bliain, cuirfidh na húdaráis rialaithe agus na comhlachtaí rialaithe tuarascáil bhliantúil chuig an gCoimisiún. Leis an tuarascáil bhliantúil, déanfar faisnéis an tsainchomhaid theicniúil a áirítear san iarratas tosaigh ar aitheantas, mar a modhnaíodh go deireanach é, a nuashonrú. Cuimseofar sa tuarascáil na nithe seo a leanas ar a laghad:

(a)

forbhreathnú ar ghníomhaíochtaí an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe sa tríú tír nó sna tríú tíortha ar aithníodh é ina leith, lena n-áirítear líon na n-oibreoirí agus na ngrúpaí oibreoirí lena mbaineann agus cineál na dtáirgí talmhaíochta agus na mbia-earraí, a sórtáiltear de réir catagóirí agus a ghrúpáiltear de réir cóid taraife;

(b)

aon nuashonrú ar na caighdeáin táirgthe a chuirtear i bhfeidhm sa tríú tír nó sna tríú tíortha agus a n-aithnítear an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ina leith, lena n-áirítear measúnú ar choibhéis na gcaighdeán sin leis na rialacha maidir le táirgeadh dá dtagraítear i dTeidil III agus IV de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007;

(c)

aon nuashonrú ar na bearta rialaithe a cuireadh i bhfeidhm sa tríú tír nó sna tríú tíortha agus a n-aithnítear an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe ina leith, lena n-áirítear measúnú ar an gcoibhéis leis na bearta dá dtagraítear i dTeideal V de Rialachán (CE) Uimh. 834/2007, agus dearbhú gur cuireadh na bearta rialaithe sin i bhfeidhm go buan agus go héifeachtach;

(d)

tuairisc ar na gníomhaíochtaí rialaithe a rinne an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an bhliain roimhe sin sa tríú tír nó sna tríú tíortha ar aithníodh é ina leith, na torthaí a fuarthas, na neamhrialtachtaí agus na sáruithe a tugadh faoi deara agus na bearta ceartaitheacha a rinneadh;

(e)

aon nuashonrú eile ar fhaisnéis an tsainchomhaid theicniúil a seoladh leis an iarratas tosaigh ar aitheantas agus aon nuashonrú eile air;

(f)

cóip den tuarascáil mheasúnaithe is déanaí a d’eisigh an comhlacht creidiúnaithe nó, i gcás inarb iomchuí, údarás inniúil, ina mbeidh torthaí na meastóireachta rialta ar an láthair, an fhaireachais agus an athmheasúnaithe ilbhliantúil ar ghníomhaíochtaí an údaráis rialaithe nó an chomhlachta rialaithe sa tríú tír nó sna tríú tíortha ar aithníodh é ina leith. Deimhneofar sa tuarascáil mheasúnaithe sin go ndearnadh measúnú sásúil ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe maidir lena chumas na coinníollacha is infheidhme maidir lena aithint ag an gCoimisiún a chomhlíonadh agus go bhfuil a ghníomhaíochtaí curtha chun feidhme go héifeachtach aige i gcomhréir leis na coinníollacha sin. Ina theannta sin, léireofar agus deimhneofar sa tuarascáil mheasúnaithe coibhéis na gcaighdeán táirgthe agus na mbeart rialaithe dá dtagraítear i bpointí (b) agus (c);

(g)

an suíomh gréasáin Idirlín ar a bhfuil liosta na n-oibreoirí atá faoi réir an chórais rialaithe ar fáil i dteanga oifigiúil de chuid an Aontais, chomh maith le pointe teagmhála ina bhfuil faisnéis ar fáil go héasca maidir lena stádas deimhniúcháin, na catagóirí táirgí lena mbaineann, chomh maith le hoibreoirí agus táirgí atá curtha ar fionraí agus an deimhniú bainte díobh;

(h)

aon fhaisnéis eile a mheasann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe a bheith ábhartha

Cuirfear an tuarascáil bhliantúil agus aon fhaisnéis bhreise arna hiarraidh ag an gCoimisiún maidir leis an tuarascáil bhliantúil ar fáil trí OFIS.

3.   Féadfaidh an Coimisiún aon fhaisnéis bhreise a bhaineann leis an tuarascáil bhliantúil a iarraidh. Cuirfear an fhaisnéis bhreise sin ar fáil i bhfoirm leictreonach.

Airteagal 3

Athbhreithniú ar aitheantas a thabhairt do thríú tíortha

Faoi chuimsiú an athbhreithnithe rialta a dhéanann sé ar aitheantas do thríú tíortha de bhun Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) 2018/848, cuirfidh an Coimisiún na rialacha seo a leanas i bhfeidhm agus leasóidh sé liosta na dtríú tíortha dá réir sin de bhun Airteagal 48(3) den Rialachán sin:

(a)

féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, na sonraíochtaí atá ar an liosta a leasú ar bhonn na faisnéise a fhaightear;

(b)

féadfaidh an Coimisiún iontráil tríú tír ón liosta a chur ar fionraí ar bhonn na faisnéise a fuarthas, nó i gcás nár thug tríú tír faisnéis leordhóthanach de réir mar a cheanglaítear nó nár aontaigh sí le scrúdú ar an láthair;

(c)

déanfaidh an Coimisiún iontráil tríú tír ón liosta a chur ar fionraí más rud é, tar éis di iarraidh a fháil ón gCoimisiún, nach ndéanann an tríú tír gníomhaíocht cheartaitheach thráthúil iomchuí laistigh de thréimhse arna cinneadh ag an gCoimisiún de réir a thromchúisí atá an fhadhb, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 30 lá;

(d)

déanfaidh an Coimisiún iontráil tríú tír ón liosta a aistarraingt sna cásanna seo a leanas:

(i)

nach seolann an tríú tír an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 1(1) den Rialachán seo in am;

(ii)

go bhfuil an fhaisnéis a áirítear sa tuarascáil bhliantúil sin neamhiomlán;

(iii)

tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún laistigh de thréimhse arna cinneadh ag an gCoimisiún de réir a thromchúisí atá an fhadhb, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 30 lá, ní choinníonn an tríú tír an fhaisnéis ar fáil ná ní chuireann sí an fhaisnéis go léir a bhaineann lena sainchomhad teicniúil nó lena córas rialaithe in iúl; nó

(iv)

tar éis iarraidh a fháil ón gCoimisiún, nach n-aontaíonn an tríú tír le scrúdú ar an láthair.

Airteagal 4

Athbhreithniú ar aithint údarás rialaithe agus comhlachtaí rialaithe

1.   Faoi chuimsiú an athbhreithnithe rialta a dhéanann sé ar aitheantas d’údaráis rialaithe agus comhlachtaí rialaithe de bhun Airteagal 2(1) den Rialachán seo, cuirfidh an Coimisiún na rialacha seo a leanas i bhfeidhm agus leasóidh sé liosta na n-údarás rialaithe agus na gcomhlachtaí rialaithe dá réir sin de bhun Airteagal 57(2) de Rialachán (AE) 2018/848:

(a)

féadfaidh an Coimisiún, tráth ar bith, na sonraíochtaí a bhaineann le húdarás rialaithe nó le comhlacht rialaithe atá ar an liosta a leasú ar bhonn na faisnéise a fuarthas;

(b)

féadfaidh an Coimisiún iontráil údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe ón liosta a chur ar fionraí ar bhonn na faisnéise a fuarthas, nó i gcás nár thug an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe faisnéis leordhóthanach de réir mar a cheanglaítear nó nár aontaigh sé le scrúdú ar an láthair;

(c)

déanfaidh an Coimisiún iontráil údaráis rialaithe nó comhlachta rialaithe ón liosta a chur ar fionraí más rud é, tar éis dó iarraidh a fháil ón gCoimisiún, nach ndéanann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe gníomhaíocht cheartaitheach thráthúil iomchuí laistigh de thréimhse arna cinneadh ag an gCoimisiún de réir a thromchúisí atá an fhadhb, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 30 lá;

(d)

déanfaidh an Coimisiún iontráil tríú tír ar an liosta a aistarraingt sna cásanna seo a leanas:

(i)

nach seolann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an tuarascáil bhliantúil dá dtagraítear in Airteagal 2(2) den Rialachán seo in am;

(ii)

go bhfuil an fhaisnéis a áirítear sa tuarascáil bhliantúil neamhiomlán;

(iii)

nach gcoinníonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe an fhaisnéis ar fad a bhaineann lena shainchomhad teicniúil nó lena chóras rialaithe ar fáil nó ní chuireann sé in iúl an fhaisnéis sin;

(iv)

nach gcoinníonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe faisnéis ar fáil a bhaineann leis na himscrúduithe ar neamhchomhlíonadh;

(v)

nach ndéanann an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe bearta ceartaitheacha leordhóthanacha mar fhreagairt ar an neamhchomhlíonadh agus ar na sáruithe a tugadh faoi deara;

(vi)

nach n- aontaíonn an t-údarás rialaithe nó an comhlacht rialaithe le scrúdú ar an láthair a theastaíonn ón gCoimisiún, nó sa chás go mbíonn toradh diúltach ann ar scrúdú ar an láthair de bharr mhífheidhmiú córasach na mbeart rialaithe; nó

(vii)

in aon chás eile, go bhfuil baol ann go gcuirfí an tomhaltóir amú maidir le fíorchineál na dtáirgí arna ndeimhniú ag an údarás rialaithe nó ag an gcomhlacht rialaithe.

2.   Sula ndéanfar aistarraingt i gcomhréir le pointe (d) de mhír 1, iarrfaidh an Coimisiún ar an údarás rialaithe nó ar an gcomhlacht rialaithe na staideanna dá dtagraítear sa phointe sin a leigheas laistigh de thréimhse arna cinneadh ag an gCoimisiún de réir a thromchúisí atá an fhadhb, ar tréimhse í nach mbeidh níos giorra ná 30 lá.

Airteagal 5

Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2022.

Beidh feidhm ag Airteagail 1 agus 3 ón 31 Nollaig 2026.

Beidh feidhm ag Airteagail 2 agus 4 ón 31 Nollaig 2024.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27 Bealtaine 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 150, 14.6.2018, lch. 1.

(2)  Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (IO L 189, 20.7.2007, lch. 1).

(3)  Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).

(4)  Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334, 12.12.2008, lch. 25).