|
11.8.2021 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
L 288/21 |
RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1325 ÓN gCOIMISIÚN
an 10 Lúnasa 2021
lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a mhéid a bhaineann le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach i ndáil le rialuithe ar tháirgeadh táirgí orgánacha
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle an 28 Meitheamh 2007 maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 2092/91 (1), agus go háirithe Airteagal 28(6), Airteagal 30(2), an tríú fomhír, agus Airteagal 38, pointí (c), (d) agus (e), de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
|
(1) |
Dúshlán eisceachtúil do na Ballstáit agus d’oibreoirí nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe is ea paindéim COVID-19 agus na srianta fairsinge ar an ngluaiseacht a cuireadh i bhfeidhm sna Ballstáit agus i dtríú tíortha i bhfoirm bearta náisiúnta i ndáil le rialuithe a dhéanamh mar a shonraítear i Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 agus i Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 (2) agus (CE) Uimh. 1235/2008 (3) ón gCoimisiún. |
|
(2) |
D’fhonn aghaidh a thabhairt ar na himthosca sonracha i ngeall ar an ngéarchéim leanúnach a bhaineann le paindéim COVID-19, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 (4) ón gCoimisiún ceadaítear do na Ballstáit bearta sealadacha a chur i bhfeidhm lena maolaítear ar Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 agus (CE) Uimh. 1235/2008 i ndáil leis an gcóras rialaithe maidir le táirgeadh táirgí orgánacha agus nósanna imeachta áirithe dá bhforáiltear sa Chóras um Rialú Trádála agus um Shaineolaithe (TRACES). |
|
(3) |
Ina theannta sin, a mhéid a bhaineann le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile a thagann faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (5), le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 (6) ón gCoimisiún, ceadaítear do na Ballstáit bearta sealadacha a chur i bhfeidhm chun rioscaí tromchúiseacha sláinte d’fhoireann na n-údarás inniúil a sheachaint, i bhfianaise na ndeacrachtaí maidir leis na rialuithe agus na gníomhaíochtaí sin a dhéanamh agus a mhéid is gá chun bristeacha tromchúiseacha gaolmhara i bhfeidhmiú chórais rialaithe na mBallstát a bhainistiú. Cuireadh síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm an Rialacháin sin go dtí an 1 Iúil 2021 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/83 (7) ón gCoimisiún. Dá bhrí sin, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/772 (8) ón gCoimisiún, cuireadh síneadh le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 go dtí an 1 Iúil 2021. |
|
(4) |
Chuir na Ballstáit in iúl don Choimisiún, i bhfianaise na géarchéime a bhaineann le paindéim COVID-19, go mbeidh bristeacha tromchúiseacha áirithe ann fós i bhfeidhmiú a gcóras rialaithe san earnáil orgánach tar éis an 1 Iúil 2021. |
|
(5) |
De dheasca mharthanacht na géarchéime agus na mbristeacha lena mbaineann, tá fad á chur le tréimhse chur i bhfeidhm Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 go dtí an 1 Meán Fómhair 2021 le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/984 (9) ón gCoimisiún. |
|
(6) |
Oibrítear an córas rialaithe san earnáil orgánach, áfach, ar bhonn na bliana féilire, go háirithe maidir le cigireachtaí agus sampláil. Dá bhrí sin, is gá Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a chur i bhfeidhm tar éis an 1 Meán Fómhair 2021 agus síneadh a chur lena thréimhse cur i bhfeidhm go dtí deireadh 2021 d’fhonn cur chun feidhme ceart na rialuithe a áirithiú. |
|
(7) |
Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a leasú dá réir. |
|
(8) |
Is gá gan cur isteach ar chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977, a leathnaítear leis an Rialachán seo. Is iomchuí, dá bhrí sin, foráil a dhéanamh maidir le cur i bhfeidhm cúlghabhálach an Rialacháin seo ón 1 Iúil 2021. |
|
(9) |
Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um Tháirgeadh Orgánach, |
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 mar a leanas:
|
(1) |
in Airteagal 1(7), cuirtear ‘an 31 Nollaig 2021’ in ionad an dáta ‘an 1 Iúil 2021’; |
|
(2) |
in Airteagal 3, sa dara, sa tríú, sa cheathrú agus sa chúigiú mír, cuirtear ‘an 31 Nollaig 2021’ in ionad an dáta ‘an 1 Iúil 2021’. |
Airteagal 2
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 10 Lúnasa 2021.
Thar ceann an Choimisiúin
An tUachtarán
Ursula VON DER LEYEN
(1) IO L 189, 20.7.2007, lch. 1.
(2) Rialachán (CE) Uimh. 889/2008 ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle maidir le táirgeadh orgánach agus lipéadú táirgí orgánacha i dtaca le táirgeadh, lipéadú agus rialú orgánach (IO L 250, 18.9.2008, lch. 1).
(3) Rialachán (CE) Uimh. 1235/2008 ón gCoimisiún an 8 Nollaig 2008 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme Rialachán (CE) Uimh. 834/2007 ón gComhairle a mhéid a bhaineann leis na socruithe le haghaidh allmhairí táirgí orgánacha ó thríú tíortha (IO L 334, 12.12.2008, lch. 25).
(4) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 ón gCoimisiún an 7 Iúil 2020 lena maolaítear ar Rialacháin (CE) Uimh. 889/2008 agus (CE) Uimh. 1235/2008 maidir le rialuithe ar tháirgeadh táirgí orgánacha de bharr phaindéim COVID-19 (IO L 217, 8.7.2020, lch. 1).
(5) Rialachán (AE) 2017/625 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir le rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile arna ndéanamh lena n-áirithiú go gcuirtear i bhfeidhm dlí an bhia agus na beatha, rialacha maidir le sláinte agus leas ainmhithe, sláinte plandaí agus táirgí cosanta plandaí, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 999/2001, (CE) Uimh. 396/2005, (CE) Uimh. 1069/2009, (CE) Uimh. 1107/2009, (AE) Uimh. 1151/2012, (AE) Uimh 652/2014, (AE) 2016/429 agus (AE) 2016/2031 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialacháin (CE) Uimh. 1/2005 agus (CE) Uimh. 1099/2009 ón gComhairle agus Treoracha 98/58/CE, 1999/74/CE, 2007/43/CE, 2008/119/CE agus 2008/120/CE ón gComhairle, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 854/2004 agus (CE) Uimh. 882/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 89/608/CEE, 89/662/CEE, 90/425/CEE, 91/496/CEE, 96/23/CE, 96/93/CE agus 97/78/CE ón gComhairle agus Cinneadh 92/438/CEE ón gComhairle (Rialachán maidir le Rialuithe Oifigiúla) (IO L 95, 7.4.2017, lch. 1).
(6) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 ón gCoimisiún an 30 Márta 2020 maidir le bearta sealadacha chun rioscaí do shláinte an duine, ainmhithe agus plandaí agus do leas ainmhithe a shrianadh le linn bristeacha tromchúiseacha i gcórais rialaithe na mBallstát de bharr ghalar an choróinvíris (COVID-19) (IO L 98, 31.3.2020, lch. 30).
(7) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/83 ón gCoimisiún an 27 Eanáir 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le feidhmiú rialuithe oifigiúla agus gníomhaíochtaí oifigiúla eile ag daoine nádúrtha atá údaraithe go sonrach agus le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach (IO L 29, 28.1.2021, lch. 23).
(8) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/772 ón gCoimisiún an 10 Bealtaine 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/977 a mhéid a bhaineann leis na bearta sealadacha i ndáil le rialuithe ar tháirgeadh táirgí orgánacha, go háirithe an tréimhse ina gcuirfear i bhfeidhm iad (IO L 165, 11.5.2021, lch. 28).
(9) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/984 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2021 lena leasaítear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/466 a mhéid a bhaineann le tréimhse chur i bhfeidhm na mbeart sealadach (IO L 216, 18.6.2021, lch. 202).