5.8.2021   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

L 282/3


RIALACHÁN CUR CHUN FEIDHME (AE) 2021/1295 ÓN gCOIMISIÚN

an 4 Lúnasa 2021

lena maolaítear i leith na bliana 2021 ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta forbartha tuaithe a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe

TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

Ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 352/78, (CE) Uimh. 165/94, (CE) Uimh. 2799/98, (CE) Uimh. 814/2000, (CE) Uimh. 1290/2005 agus (CE) Uimh. 485/2008 ón gComhairle (1), agus go háirithe Airteagal 75(3) de,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

De bhun Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ón 16 Deireadh Fómhair go dtí an 30 Samhain féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas go dtí 50 % a íoc le haghaidh íocaíochtaí díreacha faoi Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (2) agus roimh an 1 Nollaig féadfaidh siad réamhíocaíochtaí suas go dtí 75 % a íoc le haghaidh bearta tacaíochta a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (3).

(2)

De dheasca na géarchéime a d’eascair as paindéim COVID-19 sna Ballstáit, bhí deacrachtaí eisceachtúla eacnamaíocha agus airgeadais ag feirmeoirí. I bhfianaise leochaileacht shonrach na n-oibreoirí eacnamaíocha sin agus chun iarmhairtí airgeadais agus sreafaí airgid na géarchéime sin a mhaolú, le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/531 ón gCoimisiún (4) rinneadh foráil maidir le maolú ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 trí chead a thabhairt do na Ballstáit leibhéil is airde réamhíocaíochtaí a íoc leis na tairbhithe le haghaidh na bliana 2020. Ós rud é go bhfuil paindéim COVID-19 fós ann in 2021 agus go bhfuil suaitheadh eacnamaíoch roimh fheirmeoirí fós, ba cheart cead a thabhairt do na Ballstáit leanúint de réamhíocaíochtaí méadaithe a íoc i leith na bliana éilimh 2021.

(3)

Tá na bearta dá bhforáiltear sa Rialachán seo i gcomhréir leis an tuairim ón gCoiste um na Cistí Talmhaíochta, an Coiste um Íocaíochtaí Díreacha agus an Coiste um Fhorbairt Tuaithe,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

De mhaolú ar Airteagal 75(1), an tríú fomhír, de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013, i leith na bliana éilimh 2021 féadfaidh na Ballstáit réamhíocaíochtaí suas go dtí 70 % a íoc le haghaidh na n-íocaíochtaí díreacha a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 agus suas go dtí 85 % le haghaidh tacaíocht arna deonú faoi fhorbairt tuaithe dá dtagraítear in Airteagal 67(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an tríú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 4 Lúnasa 2021.

Thar ceann an Choimisiúin

An tUachtarán

Ursula VON DER LEYEN


(1)   IO L 347, 20.12.2013, lch. 549.

(2)  Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos rialacha maidir le híocaíochtaí díreacha le feirmeoirí faoi scéimeanna tacaíochta faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 637/2008 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 73/2009 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 608).

(3)  Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1698/2005 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 487).

(4)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/531 ón gCoimisiún an 16 Aibreán 2020 lena maolaítear i leith na bliana 2020 ar an tríú fomhír d’Airteagal 75(1) de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leibhéal na réamhíocaíochtaí le haghaidh íocaíochtaí díreacha agus bearta a bhaineann le limistéar agus le hainmhithe agus ar an gcéad fhomhír d’Airteagal 75(2) don Rialachán sin maidir le híocaíochtaí díreacha (IO L 119, 17.4.2020, lch. 1).